EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0441

Rialachán (AE) 2023/441 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le 2-hiodrocsa-4-meatocsaibeansaildéad a chur le liosta an Aontais de bhlastáin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/1285

IO L 64, 1.3.2023, p. 9–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/441/oj

1.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 64/9


RIALACHÁN (AE) 2023/441 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Feabhra 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le 2-hiodrocsa-4-meatocsaibeansaildéad a chur le liosta an Aontais de bhlastáin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, leagtar síos liosta Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a fhormheastar lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún (3) glacadh an liosta de shubstaintí blaistithe agus tugadh isteach an liosta sin in Iarscríbhinn I, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.

(3)

Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(4)

An 17 Nollaig 2019, cuireadh iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húdarú 2-hiodrocsa-4-meatocsaibeansaildéid, (FL Uimh: 05.229) mar shubstaint bhlaistithe le húsáid i mbianna éagsúla a thagann faoi roinnt catagóirí bia dá dtagraítear i liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair. Tugadh fógra don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) maidir leis an iarratas agus iarradh tuairim uaidh ina leith. Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit freisin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(5)

Sa tuairim uaidh a glacadh an 29 Meán Fómhair 2021 (4), rinne an tÚdarás meastóireacht ar shábháilteacht na substainte FL Uimh. 05.229 nuair a úsáidtear í mar shubstaint bhlaistithe agus tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil ábhar imní ann ar an leibhéal teagmhála cothúcháin a mheastar a bheith ann arna ríomh leis an teicníc teagmhála le suim na sciartha (APET) ar bhonn na n-úsáidí atá beartaithe agus na leibhéal úsáide. Shoiléirigh an tÚdarás nach bhfuil feidhm ag an measúnú ach amháin má leithlisítear an blastán bia ón bplanda Periploca sepium trí úsáid a bhaint as modheolaíochtaí lena bhfaightear táirge deiridh ag a bhfuil an íonacht agus na leibhéil iarmhar a thuairiscítear sa tuairim. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach ábhar imní é an teagmháil carnach le FL Uimh. 05.229 ná an teagmháil leis na trí shubstaint atá gaolmhar ó thaobh struchtúir de.

(6)

De réir na faisnéise atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) (5), chuir cláraí 2-hiodrocsa-4-meatocsaibeansaildéid in iúl gur féidir 1-meitil-2-pioróladón (Uimh. CE 212-828-1, Uimh. CAS 872-50-4) a bheith ann mar chobhsaitheoir. Aicmítear 1-meitil-2-pioróladón (ar a dtugtar N-meitil-2-pioróladón (NMP) freisin) mar thocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Dá bhrí sin, d’iarr an tÚdarás ar an iarratasóir a dheimhniú nach n-úsáidtear 1-meitil-2-pioróladón i monarú 2-hiodrocsa-4-meatocsaibeansaildéid a bheartaítear a úsáid mar bhlastán bia. Ina fhreagairt, dheimhnigh an t-iarratasóir nach n-úsáidtear 1-meitil-2-pioróladón sa phróiseas eastósctha mar thuaslagóir, mar áis phróiseála, mar chobhsaitheoir ná ar aon bhealach eile i dtáirgeadh na substainte sin. Dá bhrí sin, mheas an tÚdarás nach mbeidh 1-meitil-2-pioróladón ann sna tuaslagóirí a úsáidtear sa phróiseas monaraíochta a thuairiscítear sa sainchomhad iarratais. Ina theannta sin, thug an tÚdarás dá aire, de réir na tuairime ón gCoiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí (CEST) maidir le NMP (7), nach ann d’aon fhoinse nádúrtha de NMP atá ar eolas. Dá bhrí sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil aon chomhartha ann go bhfuil 1-meitil-2-pioróladón ann sa tsubstaint bhlaistithe 2-hiodrocsa-4-meatocsaibeansaildéad nuair a tháirgtear í de réir an phróisis a thuairiscítear sa tuairim eolaíoch.

(7)

Ós rud é nach bhfuil úsáid na substainte FL Uimh. 05.229 mar shubstaint bhlaistithe ina hábhar imní sábháilteachta faoi na coinníollacha sonraithe úsáide agus nach meastar go gcuirfear an tomhaltóir amú, is iomchuí an úsáid sin a údarú i bhfianaise na tuairime ón Údarás.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a leasú dá réir sin chun 2-hiodrocsa-4-meatocsaibeansaildéad a chur le liosta an Aontais de bhlastáin.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.

(2)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar an liosta de shubstaintí blaistithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún (IO L 267, 2.10.2012, lch. 1).

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(11):6883.

(5)  https://echa.europa.eu/it/registration-dossier/-/registered-dossier/23928/2/1

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(7)  CEST (an Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí), 2011, OPINION ON N-Methyl-2-pyrrolidone (NMP) [Tuairim maidir le N-Meitil-2-pioróladón], an 22 Márta 2011.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I, Cuid A, Roinn 2, Tábla 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach faoin iontráil maidir le FL Uimh. 05.226:

“05.229

2-hiodrocsa-4-meatocsaibeansaildéad

673-22-3

 

 

Leithlisithe ó Periploca sepium

 

EFSA”


Top