Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0372

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/372 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le taifid i scríbhinn ar rialuiDthe oifigiúla arna ndéanamh ar shoithí beostoic a thaifeadadh, a stóráil agus a chomhroinnt, rialacha maidir le pleananna teagmhasacha le haghaidh soithí beostoic i gcás éigeandálaí, maidir le soithí beostoic a fhormheas agus maidir leis na híoscheanglais is infheidhme maidir le pointí imeachta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/801

    IO L 51, 20.2.2023, p. 32–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/372/oj

    20.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 51/32


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/372 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Feabhra 2023

    lena leagtar síos rialacha maidir le taifid i scríbhinn ar rialuiDthe oifigiúla arna ndéanamh ar shoithí beostoic a thaifeadadh, a stóráil agus a chomhroinnt, rialacha maidir le pleananna teagmhasacha le haghaidh soithí beostoic i gcás éigeandálaí, maidir le soithí beostoic a fhormheas agus maidir leis na híoscheanglais is infheidhme maidir le pointí imeachta

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE agus Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (1), agus go háirithe Airteagal 30(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 cuirtear de cheangal ar údaráis inniúla na mBallstát cigireacht a dhéanamh ar shoithí beostoic sula ndéanfar aon ainmhithe clóis a luchtú. Go háirithe, ní mór do na húdaráis inniúla a fhíorú go bhfuil soithí tógtha agus feistithe le haghaidh líon agus chineál na n-ainmhithe atá le hiompar agus go bhfuil an trealamh dá dtagraítear i gCaibidil IV d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin fós in ord maith oibre.

    (2)

    Faoi láthair, déanann údaráis inniúla na mBallstát na deimhniúcháin maidir le formheas feithiclí beostoic a thaifeadadh ina mbunachair sonraí leictreonacha féin, bunachair nach bhfuil rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát eile orthu. Cé nach féidir seiceáil dhoiciméadach a chur in ionad na cigireachta fisicí ar an soitheach féin, is féidir le scrúdú, mar chuid de rialú oifigiúil, ar na sonraí deimhniúcháin a choimeádtar i ndeimhniú um fhormheas an tsoithigh, roinnt faisnéise a sholáthar maidir leis an soitheach a bheith ag comhlíonadh cheanglais Chaibidil IV, Roinn 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005. Dá bhrí sin, má dhéantar na deimhnithe um fhormheas mar aon le haon sonraí deimhniúcháin a stóráil agus a uaslódáil i mbunachar sonraí leictreonach comhchoiteann, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus chun a gcuid oibre a éascú agus rialú oifigiúil á dhéanamh acu.

    (3)

    Sna mionsonraithe deimhniúcháin a thaifeadann údaráis inniúla na mBallstát sa bhunachar sonraí aonair, ba cheart dáta éaga na ndeimhnithe, faisnéis maidir leis an achar dromchla uasta atá ar fáil do na hainmhithe, agus na cineálacha ainmhithe is féidir leis na soithí a iompar a bheith ann. Leis sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a dhéanann rialuithe oifigiúla a bheith in ann a mheas an bhfuil an formheas bailí tráth an rialaithe agus an bhfuil an soitheach oiriúnach chun na hainmhithe atá i gceist a iompar.

    (4)

    Le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), comhtháthaítear i gcreat reachtach aonair na rialacha is infheidhme maidir le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia a fhíorú.

    (5)

    Faoi Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2017/625 cuirtear de cheangal ar údaráis inniúla taifid a tharraingt suas, ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, i gcás gach rialaithe oifigiúil a dhéantar. Liostaítear ann freisin an fhaisnéis atá le cur san áireamh sna taifid sin. Dá bhrí sin, maidir leis na cigireachtaí a cheanglaítear faoi Airteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 roimh eachainmhithe clóis agus ainmhithe clóis de speiceas buaibheach, caorach, gabhair nó mucach a luchtú ar shoithí beostoic, ba cheart iad sin a thaifeadadh.

    (6)

    Faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2017/625, cuirtear de cheangal ar údaráis inniúla rialuithe oifigiúla a dhéanamh, ag cur san áireamh, i measc nithe eile, stair na n-oibreoirí a mhéid a bhaineann le torthaí rialuithe oifigiúla agus é a bheith ag comhlíonadh rialacha an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1/2005. Níl rochtain ag údaráis inniúla ar thoradh rialuithe oifigiúla a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát eile. Tá gá leis na taifid sin, áfach, chun cinntí feasacha a dhéanamh agus cigireachtaí á ndéanamh chun críocha Airteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005. Dá bhrí sin, chun Airteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 a chur chun feidhme go cuí, is gá bunachar sonraí leictreonach comhchoiteann a bhunú, ar bunachar sonraí é ina mbaileofar agus ina gcomhroinnfear sonraí dheimhnithe um fhormheas na soithí beostoic agus an toradh a bhí ar a stair chigireachta. Leis sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann rochtain thapa a fháil ar an bhfaisnéis sin, an t-ualach riaracháin a laghdú agus a gcuid oibre a éascú agus rialú oifigiúil á dhéanamh acu.

    (7)

    De bhun Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá na Ballstáit uile a bhfuil calafoirt mhuirí acu chun cigireachtaí maidir le rialú Stáit ar chalafoirt a dhéanamh ar longa a thugann cuairt ar a gcalafoirt. Tá torthaí na gcigireachtaí maidir le rialú Stáit ar chalafoirt oibiachtúil agus infhíoraithe agus d’fhéadfaidís a bheith ábhartha do na cigireachtaí a cheanglaítear le hAirteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, amhail easnaimh a braitheadh a bhaineann le huiscedhíonacht, aeráil, snámhacht, nó trealamh comhraic dóiteáin. Dá bhrí sin, is gá torthaí ábhartha na gcigireachtaí maidir le rialú Stáit ar chalafoirt atá ar fáil go poiblí a áireamh sa bhunachar sonraí leictreonach comhchoiteann.

    (8)

    Tá sraith iniúchtaí déanta ag an gCoimisiún ar chórais rialaithe na mBallstát chun leas ainmhithe a chosaint le linn a n-iompair ar muir chuig tríú tíortha ar shoithí beostoic. Tar éis laigí a bhrath i gcórais rialuithe oifigiúla na mBallstát maidir le húdarú iompróirí farraige de thoradh na n-iniúchtaí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go ndéanfar na pleananna teagmhasacha arna gcur isteach ag iompróirí de bhun Airteagal 11(1), pointe (b)(iv), de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 a oiriúnú chun na príomhéigeandálaí a d’fhéadfadh a bheith rompu le linn an turais lena mbaineann a láimhseáil.

    (9)

    Chun am leordhóthanach a bheith aige chun measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sna doiciméid a fuarthas ó iarratasóir ar dheimhniú um fhormheas dá bhforáiltear in Airteagal 19(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, chun ullmhú do chigireacht fhisiceach chríochnúil ar shoitheach beostoic agus chun a sheiceáil an gcomhlíonann soitheach beostoic na ceanglais maidir le deimhniú um fhormheas a dheonú, ba cheart don iarratasóir an t-iarratas ar fhormheas a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil 20 lá ar a laghad roimh dháta na cigireachta ar an soitheach beostoic.

    (10)

    Ar bhonn na taithí atá acu ar ainmhithe a iompar ar shoithí beostoic, d’fhorbair saineolaithe na mBallstát, lena n-áirítear pointí teagmhála náisiúnta um ainmhithe a chosaint agus iad á n-iompar, doiciméad líonra in 2014 (4), chun treoraíocht a thabhairt maidir le rialuithe oifigiúla ar leas ainmhithe le linn a n-onnmhairiú ar shoithí beostoic, mar a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 (“an doiciméad líonra”). Tugadh na treoirlínte sa doiciméad líonra cothrom le dáta i mí Eanáir 2020 i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an doiciméad líonra á chur i bhfeidhm agus iniúchtaí an Choimisiúin.

    (11)

    Is tréidlianna oifigiúla den chuid is mó iad na cigirí ó na húdaráis inniúla a dhéanann na cigireachtaí ar shoithí beostoic. Ní leor inniúlacht tréidliachta amháin chun seiceáil a dhéanamh ar fheidhmiú chórais mheicniúla agus bhainistíochta na soithí beostoic a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar leas na n-ainmhithe atá á n-iompar. Mar a mholtar sa doiciméad líonra, na foirne a dhéanann cigireachtaí chun deimhniú um fhormheas a dheonú, dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, ba cheart do na foirne sin a bheith comhdhéanta de thréidlianna oifigiúla agus saineolaithe muirí ag a bhfuil an saineolas iomchuí ar na córais mheicniúla agus bhainistíochta sin agus taithí phraiticiúil ar oibriú soithí beostoic.

    (12)

    Ba cheart an formheas ar shoitheach beostoic dá bhforáiltear in Airteagal 19(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 nó athnuachan an fhormheasa sin a bheith faoi réir torthaí cigireachta arna déanamh ag tréidlia oifigiúil ar bord ar an gcéad turas le coinsíneachtaí ainmhithe chun a sheiceáil nach bhfuil córais mheicniúla agus bhainistíochta an tsoithigh beostoic díobhálach do leas na n-ainmhithe atá ar bord le linn an turais.

    (13)

    Chun a áirithiú gur féidir ainmhithe a iompraítear ó Bhallstáit eile nó ar thurais fhada de bhóthar óna n-áit imeachta go dtí pointí imeachta ag calafoirt a dhíluchtú go sábháilte agus iad a bheathú, uisce a thabhairt dóibh agus scíth a thabhairt dóibh, ba cheart post rialaithe amháin ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle (5) a bheith ar fáil ag na pointí imeachta ag calafoirt, nó laistigh d’achar dhá uair an chloig de bhóthar ón bpointe imeachta lena mbaineann.

    (14)

    Chun gur féidir leis na Ballstáit an fhoireann agus na hacmhainní a leithdháileadh maidir leis na cúraimí agus na hoibleagáidí nua a leagtar síos sa Rialachán seo, chun oiriúnú rianúil do na rialacha nua a áirithiú, agus chun a áirithiú go mbeidh am leordhóthanach ag na Ballstáit poist rialaithe a thógáil ag pointí imeachta, más gá, ní bheidh feidhm ag Airteagal 10 den Rialachán seo maidir le tréidlia a bheith ar bord, ná ag Airteagal 11 den Rialachán seo maidir leis na poist rialaithe ag pointí imeachta ach ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh.

    (15)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Leis an Rialachán seo:

    (a)

    leagtar amach na rialacha mionsonraithe is gá chun na cigireachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 a dhéanamh;

    (b)

    sonraítear ábhar na bpleananna teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b)(iv), de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 nuair a thagraíonn siad sin do shoithí beostoic;

    (c)

    sonraítear na híoscheanglais le haghaidh pointí imeachta nuair is calafoirt iad sin.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “cigireacht maidir le rialú Stáit ar chalafoirt” cigireacht arna déanamh ag údaráis inniúla Stát an chalafoirt i gcomhréir le Treoir 2009/16/CE.

    Airteagal 3

    Bunachar sonraí leictreonach

    1.   Déanfaidh an Coimisiún feidhmiú, cothabháil, tacaíocht agus aon nuashonrú nó forbairt bhreise is gá ar bhunachar sonraí leictreonach a fhorbairt agus a áirithiú.

    2.   Sa bhunachar sonraí leictreonach beidh an fhaisnéis is gá do na cigireachtaí a cheanglaítear le hAirteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, lena n-áirítear:

    (a)

    na mionsonraí deimhniúcháin a ghabhann le deimhnithe um fhormheas na soithí beostoic ar bhealach a chuirfidh ar a gcumas d’údaráis inniúla na mBallstát na soithí beostoic a shainaithint go tapa;

    (b)

    taifid ar chigireachtaí a rinne údaráis inniúla na mBallstát ar shoithí beostoic roimhe seo chun críocha Airteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005;

    (c)

    faisnéis atá ar fáil go poiblí faoi thoradh na gcigireachtaí maidir le rialú Stáit ar chalafoirt.

    3.   Tabharfaidh an Coimisiún rochtain d’údaráis inniúla na mBallstát ar an mbunachar sonraí leictreonach chun críocha Airteagail 4, 5 agus 6.

    4.   Ainmneoidh údaráis inniúla na mBallstát riarthóir náisiúnta amháin ar a laghad agus cuirfidh siad an t-ainmniú sin agus a shonraí teagmhála in iúl don Choimisiún. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon athrú maidir le riarthóirí náisiúnta.

    5.   Beidh údaráis inniúla na mBallstát freagrach as na sonraí agus na doiciméid a chuireann siad isteach nó a ghineann siad sa bhunachar sonraí.

    Airteagal 4

    Deimhniúcháin fhormheas na soithí beostoic a taifeadadh

    1.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát deimhniúcháin fhormheas na soithí beostoic dá dtagraítear in Airteagal 19(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 a thaifeadadh sa bhunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo.

    2.   Sna deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 beidh dáta éaga na ndeimhnithe, faisnéis maidir leis an achar dromchla uasta atá ar fáil do gach ainmhí in aghaidh na deice, agus na cineálacha ainmhithe is féidir leis na soithí a iompar.

    Airteagal 5

    Cigireachtaí a thaifeadadh

    1.   Tar éis cigireacht a dhéanamh, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, gan moill mhíchuí, an chigireacht a rinneadh ar na soithí beostoic de bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 a thaifeadadh sa bhunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo.

    2.   Sa taifid ar na cigireachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, luafar na nithe a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2017/625.

    Airteagal 6

    Rochtain ar dheimhnithe um fhormheas na soithí beostoic agus ar thaifid ar chigireachtaí roimhe seo

    1.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear in ann, leis an mbunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, aon sonraí ábhartha arna dtaifeadadh ag údaráis inniúla na mBallstát a aisghabháil chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005.

    2.   Beidh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát ar an bhfaisnéis uile atá taifeadta sa bhunachar sonraí leictreonach a bhfuil gá leis chun:

    (a)

    a fhíorú go bhfuil deimhniú bailí um fhormheas ag soithí beostoic;

    (b)

    cinntí feasacha a dhéanamh agus cigireacht á déanamh ar shoithí beostoic le linn an luchtaithe chun críocha Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005.

    Airteagal 7

    Pleananna teagmhasacha i gcás éigeandálaí le haghaidh soithí beostoic

    Sna pleananna teagmhasacha i gcás éigeandálaí, arna gcur isteach ag iompróirí a bhfuil sé beartaithe acu ainmhithe a iompar ar muir trí bhíthin soithí beostoic de bhun Airteagal 11(1), pointe (b)(iv), de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, beidh anailís riosca ar na guaiseacha leasa ainmhithe is dóchúla a bhaineann le turais den sórt sin.

    Airteagal 8

    Iarratas ar fhormheas soithí beostoic

    Déanfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas ar an deimhniú um fhormheas le haghaidh soitheach beostoic a sheoladh chuig na húdaráis inniúla ábhartha nó chuig an gcomhlacht arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, 20 lá oibre ar a laghad roimh dháta na cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (c), den Rialachán sin.

    Airteagal 9

    Foirne cigirí le haghaidh soithí beostoic

    1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla gur foireann cigirí a dhéanfaidh na cigireachtaí chun deimhniú um fhormheas a dheonú, dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005.

    2.   Ar an bhfoireann cigirí beidh, ar a laghad:

    (a)

    tréidlia oifigiúil; agus

    (b)

    saineolaí muirí arna údarú ag údaráis mhuirí an Bhallstáit.

    3.   Comhlíonfaidh an saineolaí muirí dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), ceann amháin de na ceanglais seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    cáilíochtaí iomchuí a bheith aige ó institiúid mhuirí nó loingseoireachta atá aitheanta ag na Ballstáit agus taithí ábhartha mhuirghabhála mar oifigeach loinge faoi dheimhniú ag a bhfuil deimhniú inniúlachta bailí STCW II/2 nó III/2 dá bhforáiltear sa Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe (STCW) agus nach bhfuil teoranta a mhéid a bhaineann leis an limistéar oibríochta, leis an gcumhacht tiomána nó leis an tonnáiste;

    (b)

    scrúdú a bheith déanta aige mar ailtire cabhlaigh, innealtóir meicniúil nó innealtóir a bhaineann leis an réimse muirí, ar scrúdú é atá aitheanta ag na húdaráis mhuirí fhreagracha, agus obair sa cháil sin a bheith curtha de ar feadh cúig bliana ar a laghad; nó

    (c)

    céim ollscoile ábhartha nó céim chomhionann ó institiúid threasach a bheith aige laistigh de réimse ábhartha innealtóireachta nó eolaíochta, agus atá aitheanta ag an mBallstát.

    Airteagal 10

    Rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag tréidlia oifigiúil ar bord soithí beostoic

    1.   Is tréidlia oifigiúil a dhéanfaidh rialuithe oifigiúla ar bord soitheach beostoic le linn chéad turas iomlán an tsoithigh le coinsíneachtaí ainmhithe ar bord tar éis an soitheach beostoic a fhormheas, dá bhforáiltear in Airteagal 19(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, agus sula ndéanfar an formheas sin a athnuachan.

    2.   Cuirfear formheas an tsoithigh beostoic ar fionraí ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    léireofar leis na rialuithe dá dtagraítear i mír 1 nach ndéanann tógáil agus trealamh an tsoithigh beostoic dochar do leas na n-ainmhithe atá ar bord; agus

    (b)

    déanfaidh an t-iompróir bearta ceartaitheacha éifeachtacha má shainaithnítear i dtorthaí na rialuithe dá dtagraítear i mír 1 aon easnamh eile.

    3.   Chun na rialuithe dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, líonfaidh an tréidlia oifigiúil amach tuarascáil ar na rialuithe a rinneadh ar bord le linn an turais, i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach san Iarscríbhinn.

    Airteagal 11

    Na híoscheanglais maidir le poist rialaithe ag na pointí imeachta ag calafoirt

    Nuair a bhaineann oibríochtaí le hainmhithe a iompar de bhóthar ó Bhallstáit eile, nó le turais fhada de bhóthar ón áit imeachta go dtí calafoirt, áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh poist rialaithe arna bhformheas le haghaidh na gcatagóirí ábhartha ainmhithe, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1255/97, ar fáil ag pointí imeachta ag calafoirt nó go mbeidh siad laistigh de thuras dhá uair an chloig de bhóthar ón bpointe imeachta lena mbaineann.

    Airteagal 12

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Airteagail 10 agus 11 ón 1 Eanáir 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 3, 5.1.2005, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

    (3)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

    (4)  Doiciméad Líonra maidir le Soithí Beostoic, le fáil ar https://circabc.europa.eu/ui/group/f41c4e1d-22a1-4e7b-aa31-cd16f126037d/library/d1bdd5a7-2e73-4f9a-97e2-c0975fc713a1/details.

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1997 maidir le critéir Chomhphobail le haghaidh poist rialaithe agus lena leasaítear an plean bealaigh dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 91/628/CEE (IO L 174, 2.7.1997, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    TUARASCÁIL AR SHEICEÁLACHA FISICEACHA AR BORD LE LINN AN TURAIS

    (dá dtagraítear in Airteagal 10)

    1.

    Faisnéis Ghinearálta

    Ainm an tSoithigh

    Uimhir IMO an tsoithigh

    Tír an fhormheasa/tír athnuachan an fhormheasa

    Dáta an fhormheasa/dáta athnuachan an fhormheasa

    Ainm an chaptaein

    Uimhir an deimhniú um fhormheas

    2.

    An cineál turais

    An chéad turas tar éis an fhormheasa

    An chéad turas tar éis an athfhormheasa

    3.

    Imeacht agus Cinn Scríbe

    3.1.

    Pointe imeachta agus tír an IMEACHTA

    3.2.

    Áit agus tír an CHINN SCRÍBE

    3.1.1.

    Dáta

    3.1.2.

    An t-am

    3.2.1.

    Dáta

    3.2.2.

    An t-am

    3.1.3.

    Speicis agus catagóirí

    3.1.4.

    An líon ainmhithe de réir a speicis

    3.1.5.

    Meáchan iomlán measta na coinsíneachta (in kg):

    4.

    Dálaí ar bord na ndeiceanna le haghaidh na n-ainmhithe le linn an turais

    4.1.

    An teocht is airde a cláraíodh

    4.2.

    An bhogthaise choibhneasta is airde a cláraíodh

    4.3.

    An leibhéal amóinia is airde a cláraíodh

    5.

    Feidhmiú na gcóras a dhéanann difear do leas na n-ainmhithe

    5.1.

    Aeráil

    Is ann di

    Ní ann di

    Na haimhrialtachtaí a braitheadh:

    Bearta ceartaitheacha (más infheidhme):

    5.2.

    Draenáil

    Is ann di

    Ní ann di

    Na haimhrialtachtaí a braitheadh:

    Bearta ceartaitheacha (más infheidhme):

    5.3.

    An leor an soilsiú chun cigireacht a dhéanamh ar na hainmhithe

    Is leor é

    Ní leor é

    Na haimhrialtachtaí a braitheadh:

    Bearta ceartaitheacha (más infheidhme):

    5.4.

    Táirgeadh fionnuisce, más infheidhme:

    Is ann dó

    Ní ann dó

    Na haimhrialtachtaí a braitheadh:

    Bearta ceartaitheacha (más infheidhme):

    5.5.

    Beatha agus uisce

    Is ann dóibh

    Ní ann dóibh

    Na haimhrialtachtaí a braitheadh:

    Bearta ceartaitheacha (más infheidhme):

    5.6.

    An líon ainmhithe a bhí tinn/a gortaíodh le linn an turais

    Na haimhrialtachtaí a braitheadh:

    Bearta ceartaitheacha (más infheidhme):

    5.7.

    An líon ainmhithe a fuair bás le linn an turais agus an líon ainmhithe a maraíodh trí eotanáis

    Na haimhrialtachtaí a braitheadh:

    Bearta ceartaitheacha (más infheidhme):

    5.8.

    Eile

    Na haimhrialtachtaí a braitheadh:

    Bearta ceartaitheacha (más infheidhme):

    6.

    An tÚdarás a Eisíonn an Tuarascáil

    6.1.

    Ainm an Údaráis

    6.2.

    Seoladh an Údaráis

    6.3.

    Uimhir theileafóin an Údaráis

    6.4.

    Seoladh ríomhphoist an Údaráis

    6.5.

    Dáta

    6.6.

    Áit

    6.7.

    Ainm agus síniú an tréidlia oifigiúil

    6.8.

    Stampa


    Top