EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0335

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/335 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin “Robiola di Roccaverano” (STFC)

C/2023/889

IO L 47, 15.2.2023, p. 46–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/335/oj

15.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 47/46


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/335 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Feabhra 2023

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin “Robiola di Roccaverano” (STFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, i gcomhar le hAirteagal 53(1), an chéad fhomhír, de, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Fraince ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Robiola di Roccaverano” atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1263/96 ón gCoimisiún (2) arna leasú ag Rialachán (AE) 217/2011 ón gCoimisiún (3) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 855/2014 ón gCoimisiún (4) San áireamh sa leasú sin tá leasú ar an ainm “Robiola di Roccaverano” go “Robiola di Roccaverano/Roccaverano”.

(2)

Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin.

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra réasúnaithe faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Robiola di Roccaverano” (STFC), is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1263/96 ón gCoimisiún an 1 Iúil 1996, lena bhforlíontar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 163, 2.7.1996, lch. 19).

(3)  Rialachán (UE) Uimh. 217/2011 ón gCoimisiún an 1 Márta 2011 lena bhformheastar leasuithe nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Robiola di Roccaverano (STFC)] (IO L 59, 4.3.2011, lch. 19).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 855/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 lena bhformheastar mionleasú ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Robiola di Roccaverano (STFC)] (IO L 234, 7.8.2014, lch. 1).

(5)  IO C 397, 17.10.2022, lch. 26.


Top