EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0180
Council Implementing Regulation (EU) 2023/180 of 27 January 2023 implementing Regulation (EU) 2022/2474 amending Regulation (EU) No 833/2014 concerning restrictive measures in view of Russia’s actions destabilising the situation in Ukraine
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/180 ón gComhairle an 27 Eanáir 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2474 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/180 ón gComhairle an 27 Eanáir 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2474 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
ST/5316/2023/INIT
IO L 26, 30.1.2023, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 26/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/180 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Eanáir 2023
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2474 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2474 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 1(19) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 16 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/2474, lenar leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2) ón gComhairle agus lenar tugadh isteach tuilleadh beart sriantach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí - gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2474. De bhun Airteagal 1, pointe (19), de Rialachán (AE) 2022/2474, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir ghlacadh gníomhartha cur chun feidhme ón gComhairle. |
(2) |
Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 1 Feabhra 2023 i leith na n-eintiteas uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2474, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 1 Feabhra 2023 i leith na n-eintiteas uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2474.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) IO L 322I, 16.12.2022, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).