EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0156

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/156 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

ST/5061/2023/INIT

IO L 22, 24.1.2023, p. 8–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/156/oj

24.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 22/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/156 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Eanáir 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle an 4 Feabhra 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Feabhra 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 101/2011.

(2)

Ar bhonn athbhreithnithe, ba cheart an fhaisnéis atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin maidir leis na ráitis ar chúiseanna agus an fhaisnéis aitheantais a leasú le haghaidh cúigir, agus ba cheart an fhaisnéis aitheantais a nuashonrú do cheathrar eile.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. (AE) 101/2011 a leasú dá réir ,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 31, 5.2.2011, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011, cuirtear na hiontrálacha thíos in ionad na n-iontrálacha seo a leanas i roinn ‘A. Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Forais

“3.

Moncef Ben Mohamed Ben Rhouma TRABELSI

Náisiúntacht: Túinéiseach

Áit bhreithe: Tunis, Tunisia

Dáta breithe: an 4 Márta 1944

Uimhir Aitheantais: 05000799

Tír eisiúna: Tunisia

Inscne: fireann

Faisnéis eile: éagtha, stiúrthóir bainistíochta, mac le Saida DHERIF, pósta le Yamina SOUIEI

Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile.

9.

Mohamed Naceur Ben Mohamed Ben Rhouma TRABELSI

Náisiúntacht: Túinéiseach

Áit bhreithe: Tunis, Tunisia

Dáta breithe: an 24 Meitheamh 1948

An seoladh deiridh is eol dúinn: 20 rue El Achfat — Carthage — Tunis, Tunisia

Uimhir Aitheantais: 00104253

Tír eisiúna: Tunisia

Inscne: fireann

Faisnéis eile: éagtha, stiúrthóir gníomhach gnóthais talmhaíochta, mac le Saida DHERIF, pósta le Nadia MAKNI

Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile.

12.

Mohamed Adel Ben Mohamed Ben Rehouma TRABELSI

Náisiúntacht: Túinéiseach

Áit bhreithe: Tunis, Tunisia

Dáta breithe: an 26 Aibreán 1950

Uimhir Aitheantais: 00178522

Tír eisiúna: Tunisia

Inscne: fireann

Faisnéis eile: éagtha, stiúrthóir bainistíochta, mac le Saida DHERIF, pósta le Souad BEN JEMIA

Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile.

13.

Mohamed Mourad Ben Mohamed Ben Rehouma TRABELSI

Náisiúntacht: Túinéiseach

Áit bhreithe: Tunis, Tunisia

Dáta breithe: an 25 Meán Fómhair 1955

An seoladh deiridh is eol dúinn: 20 rue Ibn Chabat — Salammbô — Carthage -Tunis, Tunisia

Uimhir Aitheantais: 05150331

Tír eisiúna: Tunisia

Inscne: fireann

Faisnéis eile: éagtha, POF, mac le Saida DHERIF, pósta le Hela BELHAJ

Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile.

21.

Houssem Ben Mohamed Naceur Ben Mohamed TRABELSI

Náisiúntacht: Túinéiseach

Dáta breithe: an 18 Meán Fómhair 1976

Uimhir Aitheantais: 05412560

Tír eisiúna: Tunisia

Inscne: fireann

Faisnéis eile: POF, mac le Najia JERIDI

Duine atá faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile.

35.

Slaheddine Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen BEN ALI

Náisiúntacht: Túinéiseach

Dáta breithe: an 28 Deireadh Fómhair 1938

Uimhir Aitheantais: 02810614

Tír eisiúna: Tunisia

Inscne: fireann

Faisnéis eile: éagtha, mac le Selma HASSEN, pósta le Selma MANSOUR nach maireann

Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile.

42.

Ghazoua Bent Hamed Ben Taher BOUAOUINA

Náisiúntacht: Túinéiseach

Áit bhreithe: Monastir

Dáta breithe: an 30 Lúnasa 1982

Uimhir Aitheantais: 08434380

Tír eisiúna: Tunisia

Inscne: baineann

Faisnéis eile: iníon le Hayet BEN ALI, pósta le Badreddine BENNOUR

Duine atá faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile, agus baint aici le Hayet Ben Ali (Uimh. 33).

46.

Mehdi Ben Tijani Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen BEN ALI

Náisiúntacht: Túinéiseach, Francach

Áit bhreithe: Paris, France

Dáta breithe: an 27 Deireadh Fómhair 1966

Uimhir Aitheantais: 05515496

Tír eisiúna: Tunisia

Inscne: fireann

Faisnéis eile: éagtha, stiúrthóir cuideachta, mac le Paulette HAZAT

Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí (iar-Uachtarán Ben Ali) chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile.

48.

Sofiene Ben Habib Ben Haj Hamda BEN ALI

Náisiúntacht: Túinéiseach

Áit bhreithe: Tunis, Tunisia

Dáta breithe: an 28 Lúnasa 1974

An seoladh deiridh is eol dúinn: 23 rue Ali Zlitni, El Manar 2-Tunis, Tunisia

Uimhir Aitheantais: 04622472

Tír eisiúna: Tunisia

Inscne: fireann

Faisnéis eile: éagtha, stiúrthóir díolacháin, mac le Leila DEROUICHE

Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile.”


Top