This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0154
Council Regulation (EU) 2023/154 of 23 January 2023 amending Regulation (EC) No 147/2003 concerning certain restrictive measures in respect of Somalia
Rialachán (AE) 2023/154 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 a bhaineann le bearta sriantacha áirithe i ndáil leis an tSomáil
Rialachán (AE) 2023/154 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 a bhaineann le bearta sriantacha áirithe i ndáil leis an tSomáil
ST/14257/2022/INIT
IO L 22, 24.1.2023, p. 1–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
24.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 22/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/154 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Eanáir 2023
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 a bhaineann le bearta sriantacha áirithe i ndáil leis an tSomáil
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 ón gComhairle (2), cuirtear srian le soláthar maoinithe, cúnaimh airgeadais agus cúnaimh theicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht atá san áireamh i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh d’aon duine, eintiteas nó comhlacht sa tSomáil. |
(2) |
An 17 Samhain 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2662 (2022). Leis an Rún sin, leathnaítear, go háirithe, raon feidhme na ndíolúintí ón trádbhac arm agus an maoiniú, cúnamh airgeadais agus cúnamh teicniúil lena mbaineann atá beartaithe le haghaidh faighteoirí áirithe sa tSomáil. |
(3) |
An 23 Eanáir 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/160 (3), lena leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES i gcomhréir le Rún 2662 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. |
(4) |
Tagann roinnt de na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go sonrach d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha na leasuithe sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 mar a leanas:
(1) |
scriostar Airteagal 2a. |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: “Airteagal 3 1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1 maidir le soláthar maoinithe, cúnaimh airgeadais ná cúnaimh theicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht atá san áireamh i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh atá beartaithe le haghaidh na nithe seo a leanas, agus na nithe sin amháin:
2. De mhaolú ar mhír 1, pointe (d), beidh soláthar maoinithe nó cúnaimh airgeadais nó cúnaimh theicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata chun institiúidí slándála agus póilíneachta na Somáile a fhorbairt faoi réir an mhéid seo a leanas:
3. Áireofar an méid seo a leanas sna fógraí ón Aontas Eorpach nó ó na Ballstáit faoi mhír 2, pointí (a) agus (b) den Airteagal seo:
4. Déanfaidh an tAontas Eorpach nó an Ballstát soláthair atá ag seachadadh cúnaimh i bhfoirm maoinithe, cúnaimh airgeadais nó cúnaimh theicniúil i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht atá san áireamh i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis sheachadadh arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál, fógra iarsheachadta a chur faoi bhráid an Choiste Smachtbhannaí i bhfoirm dearbhú i scríbhinn maidir le comhlánú aon seachadta, lena n-áirítear na sraithuimhreacha le haghaidh na n-arm agus an ábhair ghaolmhair a seachadadh, faisnéis loingseoireachta, bille luchta, lastliostaí nó liostaí pacála agus an áit shonrach stórála. 5. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1 maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(3) |
Cuirtear Iarscríbhinn IV isteach mar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(4) |
Cuirtear Iarscríbhinn V isteach mar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 105, 27.4.2010, lch. 17.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 a bhaineann le bearta sriantacha áirithe i ndáil leis an tSomáil (IO L 24, 29.1.2003, lch. 2).
(3) Cinneadh (CBES) 2023/160 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 lena leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile (Féach leathanach 22 den Iris Oifigiúil seo).
IARSCRÍBHINN I
Cuirtear isteach an Iarscríbhinn seo a leanas:
“IARSCRÍBHINN IV
LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(2), POINTE (a)
1.
Diúracáin dromchla go haer, lena n-áirítear Córais Aerchosanta Iniompartha (MANPADS).
2.
Airm a bhfuil cailibre níos mó ná 14,7 mm acu, agus comhpháirteanna atá saindeartha dóibh sin, agus an t-armlón a ghabhann leo. (Ní áirítear leis sin teilgeoirí roicéad fritancanna a scaoiltear ón ngualainn amhail gránáidí roicéadtiomána (RPGanna), airm éadroma fritancanna (LAWanna), gránáidí raidhfil nó teilgeoirí gránáide.)
3.
Moirtéir a bhfuil cailibre níos mó ná 82 mm acu, agus an t-armlón a ghabhann leo.
4.
Airm threoraithe fritancanna, lena n-áirítear diúracáin threoraithe fritancanna (ATGManna) agus armlón agus comhpháirteanna atá saindeartha do na hearraí sin.
5.
Lánáin agus gléasanna atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata; mianaigh agus ábhar gaolmhar.
6.
Treoracha airm ag a bhfuil cumas físe oíche níos airde ná glúin 2.
7.
Aerárthaí sciatháin dhobhogtha, fiarsciatháin, claonrótair nó sciatháin chlaonta atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata.
8.
‘Soithí’ agus feithiclí amfaibiacha atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata. (Áirítear le “soitheach” aon long, feithicil a bhfuil éifeachtaí dromchlacha aici, soitheach a bhfuil limistéar beag plána uisce nó duillárthach aige, agus cabhail nó cuid de chabhail soithigh.)
9.
Aerárthaí comhraic gan foireann (arna liostáil faoi Chatagóir IV i gClár na Náisiún Aontaithe um Ghnáth-Arm).
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear isteach an Iarscríbhinn seo a leanas:
“IARSCRÍBHINN V
LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(2), POINTE (b)
1.
Gach cineál arm a bhfuil cailibre suas le 14,7 mm aige, agus an t-armlón a ghabhann leo.
2.
RPG-7 agus gunnaí neamh-athchasta, agus an t-armlón a ghabhann leo.
3.
Treoracha airm ag a bhfuil cumas físe oíche de ghlúin 2 nó níos ísle.
4.
Rótarárthaí nó héileacaptair atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata.
5.
Plátaí armúir colainne crua a thugann cosaint bhalaistíoch atá ar leibhéal III (NIJ 0101.06 Iúil 2008), nó atá níos airde ná an leibhéal sin, nó coibhéisí náisiúnta.
6.
Feithiclí talún atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata.
7.
Trealamh cumarsáide atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata.