Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023L2661

Treoir (AE) 2023/2661 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Treoir 2010/40/AE maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a chur chun úsáide i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/35/2023/REV/1

IO L, 2023/2661, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2661/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2661/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2661

30.11.2023

TREOIR (AE) 2023/2661 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Samhain 2023

lena leasaítear Treoir 2010/40/AE maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a chur chun úsáide i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dTeachtaireacht an 9 Nollaig 2020 ón gCoimisiún dar teideal ‘an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí’(‘an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste’), sainaithnítear cur chun úsáide córas cliste iompair (‘CCInna’) mar ghníomhaíocht lárnach chun an tsoghluaisteacht ilmhódach uathoibrithe nasctha a bhaint amach, agus dá bhrí sin rannchuidítear le haistriú an chórais iompair Eorpaigh chun cuspóir na soghluaisteachta éifeachtúla, sábháilte, inbhuanaithe, cliste, athléimní a bhaint amach. Comhlánaíonn sé sin na gníomhaíochtaí a fógraíodh faoin straitéis shuaitheanta maidir le glasú an iompair lastais chun an lóistíocht ilmhódach a chothú. Fógraíodh sa Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste go ndéanfaí athbhreithniú in 2022 ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún (3) chun inrochtaineacht shainordaitheach na dtacar sonraí dinimiciúil a chuimsiú, agus go ndéanfaí measúnú ar an ngá le gníomhaíocht rialála maidir le cearta agus dualgais sholáthraithe na seirbhísí digiteacha ilmhódacha, mar aon le tionscnamh maidir leis an ticéadú, lena n-áirítear an ticéadú iarnróid. Ba cheart a áirithiú leis an Treoir seo go gcumasófar le feidhmchláir CCInna i réimse an iompair de bhóthar comhtháthú rianúil le modhanna eile iompair, amhail soghluaisteacht d’iarnród nó soghluaisteacht ghníomhach, agus ar an gcaoi sin aistriú chuig na modhanna sin a éascú nuair is féidir, chun éifeachtúlacht agus inrochtaineacht a fheabhsú.

(2)

Sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, deimhnítear an chuspóir líon na marbh ó na modhanna iompair uile san Aontas a laghdú gar do nialas faoi 2050. Le roinnt gníomhaíochtaí i raon feidhme Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) rannchuidítear le sábháilteacht úsáideoirí na mbóithre, amhail eCall, seirbhísí faisnéise tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, agus seirbhísí faisnéise a bhaineann le háiteanna páirceála slána sábháilte le haghaidh trucailí agus feithiclí tráchtála, arna ndeimhniú i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012 ón gCoimisiún (5).

(3)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ cuirtear i dtábhacht an fás atá ag teacht ar ról na soghluaisteachta ilmhódaí uathoibrithe nasctha, mar aon le córais bhainistíochta tráchta cliste atá indéanta de bhua an digitithe, agus leis an gcuspóir tacaíocht a thabhairt do sheirbhísí iompair agus soghluaisteachta atá nua agus inbhuanaithe a fhéadfaidh an tsoghluaisteacht a fheabhsú agus a fhéadfaidh an brú tráchta agus an truailliú a laghdú, sna limistéir uirbeacha go háirithe, agus an t-aistriú chuig modhanna iompair níos glaine a chothú trí aistriú módúil agus bainistiú tráchta níos fearr a chur chun cinn. Chun tacú leis an dul chun cinn sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh údar cuí le critéir scagtha theicniúla iomchuí a chur san áireamh faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (dá ngáirtear freisin, an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht) chun tacú le hinfheistíochtaí in CCInna.

(4)

Mar gheall ar an ngá méadaitheach atá ann úsáid níos fearr a bhaint as na sonraí chun cur le hinbhuanaitheacht, slándáil, éifeachtúlacht agus athléimneacht na slabhraí iompair, tá comhordú feabhsaithe ag teastáil idir an creat CCInna agus tionscnaimh eile arb aidhm dóibh roinnt na sonraí in earnálacha na soghluaisteachta, an iompair agus na lóistíochta a chomhchuibhiú agus a éascú ó dhearcadh ilmhódach amhail an spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta agus a chomhpháirteanna, Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus an obair atá á saothrú ag an bhFóram Digiteach Iompair agus Lóistíochta (DTLF), agus rialacha maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas á gcur san áireamh.

(5)

I bhfianaise an ghá atá ann leis an iompar de bhóthar a dhigitiú, an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus an brú tráchta a laghdú, ba cheart cur chun úsáide agus úsáid na gcóras agus na seirbhísí cliste iompair ar bhóithre a fhorbairt tuilleadh ar an ngréasán tras-Eorpach iompair.

(6)

Cruthaíonn digiteáil agus nuálaíocht san iompar de bhóthar deiseanna fostaíochta trí thionscadail nua a fhorbairt sa tionscal.

(7)

Ina lán Ballstát, de réir cláir náisiúnta, tá córais chliste iompair agus seirbhísí á gcur chun úsáide cheana in earnáil an iompair de bhóthar. Fuarthas sa mheastóireacht ar Threoir 2010/40/AE, áfach, d’ainneoin feabhsuithe a rinneadh ó glacadh í in 2010, go raibh easnaimh leanúnacha ann ba chúis le cur chun úsáide ilroinnte neamhchomhordaithe na seirbhísí CCInna agus le heaspa leanúnachais geografaigh iontu ar fud an Aontais agus ag a theorainneacha seachtracha.

(8)

I gcomhthéacs chur chun feidhme na Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 885/2013 (8), (AE) Uimh. 886/2013 (9), (AE) 2015/962 (10) agus (AE) 2017/1926 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE, tá pointí rochtana náisiúnta (‘NAPanna’) bunaithe ag na Ballstáit. Leis na NAPanna, eagraítear an rochtain ar shonraí a bhaineann leis an iompar, agus athúsáid na sonraí sin, chun tacú le soláthar seirbhísí CCInna iompair agus tráchta idir-inoibritheacha ar fud an Aontais d’úsáideoirí deiridh. Ba cheart na sonraí sin a bhaineann le hiompar a bheith ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite a mhéid a fhoráiltear leis an Treoir seo. Is comhpháirt thábhachtach den spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta iad na NAPanna sin, i dteannta na bpointí rochtana réigiúnacha agus áitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann sna Ballstáit, faoin Straitéis Eorpach maidir le Sonraí agus ba cheart brath orthu, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht na sonraí. Trí chomhar a dhéanamh maidir le rochtain ar shonraí a éascú trí NAPanna, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh éifeachtacht, idir-inoibritheacht agus comhar na NAPanna a fheabhsú ar fud an Aontais chomh maith le rochtain na n-úsáideoirí sonraí orthu a éascú. D’ainneoin na NAPanna a bheith á n-oibriú i ngach Ballstát, tá gá fós le feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí a bhaineann le go leor cineálacha sonraí a mheastar a bheith ríthábhachtach chun tacú le forbairt seirbhísí riachtanacha lena soláthraítear an fhaisnéis is gá do na húsáideoirí deiridh.

(9)

Ba cheart comhar na mBallstát a threisiú maidir le sonraíochtaí a chur i bhfeidhm maidir le cur chun úsáide CCInna. Ba cheart don Choimisiún comhar na mBallstát maidir leis na réimsí tosaíochta a éascú, mar shampla trí threoirlínte a ghlacadh chun cur chun úsáide comhchuibhithe agus tráthúil CCInna san Aontas a chothú agus trí chomhroinnt na gcineálacha sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn III a chuíchóiriú.

(10)

Ceanglaítear le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) infhaighteacht agus inrochtaineacht, trí NAP, sonraí agus seirbhísí statacha agus dinimiciúla áirithe a bhaineann le bonneagar breoslaí malartacha ar chríoch iomlán an Aontais chun tacú le forbairt seirbhísí faisnéise feabhsaithe do na húsáideoirí deiridh. Foráiltear leis an bhforáil sin freisin go nglacfar rialacha lena gcomhlánaítear na rialacha sin a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670 ón gCoimisiún (12) i ndáil le caighdeáin tarchuir, cur i láthair agus cáilíocht sonraí.

(11)

Chun a áirithiú go ndéanfar CCI a chur chun úsáide ar bhealach comhordaithe, éifeachtach agus idir-inoibritheach san Aontas trí chéile, ba cheart sonraíochtaí a thabhairt isteach lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, caighdeáin lena leagfaí síos tuilleadh forálacha agus nósanna imeachta mionsonraithe, sa bhreis ar shonraíochtaí a glacadh cheana. Sula nglacfar aon sonraíocht bhreise nó aon sonraíocht athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a comhlíontacht le prionsabail shainithe áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Ba cheart an tosaíocht a thabhairt, ar an gcéad dul síos, do na ceithre príomhréimsí d’fhorbairt agus do chur chun úsáide CCInna. Le linn CCInna a chur chun feidhme tuilleadh, ba cheart bonneagar CCInna atá imscartha cheana ag Ballstát ar leith a chur san áireamh ó thaobh dul chun cinn teicneolaíochta agus iarrachtaí airgeadais de.

(12)

Ba cheart a áirithiú, agus go háirithe maidir le córais chliste iompair chomhoibritheacha (‘C-CCInna’), nach mbrúnn na ceanglais maidir le CCInna úsáid aon chineáil áirithe teicneolaíochta ná nach ndéanann siad idirdhealú ina fhabhar i gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche mar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Más féidir úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí C-CCInna comhlántacha iontaofa a ndearnadh tástáil fíorshaoil orthu, ba cheart feidhmchláir chomhbheitheacha a chumasú, agus idir-inoibritheacht chórais CCInna á háirithiú ag an am céanna.

(13)

Leis na sonraíochtaí, ba cheart a chur san áireamh agus cur leis an taithí agus na torthaí a fuarthas cheana féin i réimse CCInna, C-CCInna agus na soghluaisteachta comhoibrithí, nasctha agus uathoibrithe (‘CCAM’), go háirithe i gcomhthéacs ardáin C-CCInna agus CCAM, an Fhóraim Eorpaigh um Shoghluaisteacht Ilmhódach Paisinéirí, an Fhóraim Dhigitigh Iompair agus Lóistíochta agus Ardán Chur Chun Feidhme eCall Eorpach.

(14)

Ba cheart an nuálaíocht a chothú leis na sonraíochtaí. Ba cheart, mar shampla, seirbhísí CCInna nua a bheith á bhforbairt de bhua fáil níos mó a bheith ar shonraí, agus a mhalairt, ba cheart riachtanais le sonraíochtaí eile amach anseo a shainaithint de bhua na nuálaíochta. Ba cheart don Chomhpháirtíocht Eorpach le haghaidh soghluaisteacht chomhoibritheach, nasctha agus uathoibrithe faoi Fhís Eorpach tacú le forbairt agus tástáil an chéad rabharta eile de sheirbhísí C-CCInna, lena gcuirtear le sonraíochtaí atá le glacadh le haghaidh seirbhísí C-CCInna agus lena gcuidítear le comhtháthú na bhfeithiclí ard-uathoibrithe i seirbhísí nua soghluaisteachta ilmhódaí. Ní mór teicneolaíochtaí nua, le haghaidh C-CCInna go háirithe, a thástáil i bhfíordhálaí tráchta ar bhóithre mar sheirbhís iontaofa sula n-úsáidfear iad.

(15)

Úsáideann C-CCInna teicneolaíochtaí lenar féidir le feithiclí bóthair cumarsáid a dhéanamh lena chéile agus le bonneagar cois bóthair, lena n-áirítear soilse tráchta. Is catagóir de sheirbhísí CCInna iad na seirbhísí C-CCInna atá bunaithe ar ailtireacht oscailte lena gcumasaítear caidreamh mórán le mórán nó piara le piara idir stáisiúin C-CCInna. Dá bhrí sin, ba cheart na stáisiúin uile C-CCInna a bheith ag malartú teachtaireachtaí go sábháilte lena chéile seachas iad a bheith teoranta ar theachtaireachtaí a mhalartú le stáisiúin réamhshainithe. Éilíonn formhór na seirbhísí go n-áirithítear barántúlacht agus sláine theachtaireachtaí C-CCInna ina bhfuil faisnéisí amhail an suíomh, an luas agus an treo-cheann. Ba cheart, dá bhrí sin, samhail choiteann Eorpach iontaoibhe C-CCInna a chruthú chun caidreamh iontaoibhe a bhunú idir gach stáisiún C-CCInna, gan beann ar na teicneolaíochtaí cumarsáide a úsáidtear. Ba cheart an tsamhail iontaoibhe sin a chur chun feidhme trí bhíthin beartas a ghlacadh maidir le húsáid Bonneagair Eochrach Poiblí (‘BEP’). Ba cheart gurbh é an Liosta Iontaoibhe Deimhnithe Eorpach (ECTL) an leibhéal is airde de BEP sin, ar liosta é a chomhdhéantar d’iontrálacha i leith gach údaráis fréamhdheimhniúcháin iontaofa san Eoraip. Chun feidhmiú rianúil na samhla iontaoibhe C-CCInna sin a áirithiú, ba cheart roinnt cúraimí a thabhairt i gcrích ar leibhéal lárnach. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear na cúraimí riachtanacha sin i gcrích, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an ról a bheith ag (i) an t-údarás um beartas deimhnithe C-CCInna i mbainistiú an bheartais deimhnithe agus údarú BEP, (ii) bainisteoir an liosta iontaobhais i gcruthú agus nuashonrú ECTL agus, maidir le gníomhaíocht rialta, i dtuairisciú chuig an údarás um beartas deimhnithe C-CCInna a mhéid a bhaineann le hoibriú slán foriomlán shamhail iontaoibh C-CCInna, agus (iii) an pointe teagmhála C-CCInna i láimhseáil gach cumarsáide le bainisteoirí údarás fréamhdheimhniúcháin agus i bhfoilsiú dheimhniú eochrach poiblí bhainisteoir an liosta iontaoibhe agus ECTL. Áirithíonn an Coimisiún faoi láthair freisin go gcomhlíonann an t-údarás Eorpach fréamhdheimhniúcháin a ról. Is féidir an t-údarás sin a choinneáil más iomchuí, mar shampla chun tacú le pleananna aistrithe i gcás ina gcuirfí údarás fréamhdheimhniúcháin eile i mbaol.

(16)

An chuid is mó de na gníomhaíochtaí faoi Threoir 2010/40/AE, cé is moite de eCall, díríodh iad ar sonraíochtaí a ghlacadh chun idir-inoibritheacht agus inrochtaineacht a áirithiú maidir leis na sonraí atá ar fáil i bhformáid dhigiteach mheaisín-inléite cheana agus ar chur chun úsáide na seirbhísí CCInna, ach níor leagadh amach leo riamh aon oibleagáid ar na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis na sonraí sin a chruthú agus a chur ar fáil san fhormáid sin nó maidir le seirbhísí sonracha a chur chun úsáide. Tá úsáid roinnt seirbhísí CCInna forleathan: mar shampla, teagmhais a bhrath lena gcumasaítear seirbhísí faisnéise tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre; ar an gcuma chéanna, úsáid sonraí ríthábhachtacha a thagann faoi réimsí tosaíochta eile arna sainaithint sa Treoir seo, mar shampla rialacháin tráchta, a thacaíonn le seirbhísí tábhachtacha mar shampla luasteorainneacha chun tacú le feithiclí atá feistithe le cúnamh cliste luais faoi Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Meastar gur gá soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha áirithe CCInna agus sonraí ríthábhachtacha i bhformáid dhigiteach mheaisín-inléite a bheith riachtanach chun a áirithiú go mbeidh na sonraí sin ar fáil go leanúnach agus go soláthrófar na seirbhísí sin go leanúnach ar fud an Aontais. Tugann sé le tuiscint go bhfuil an fhaisnéis fholuiteach atá le léiriú sna sonraí meaisín-inléite ann cheana féin, gan beann ar an bhformáid nó ar an meán ina gcuirtear i láthair iad. Mar shampla, i gcás ina n-eisíonn údaráis inniúla rabhadh díobhálach aimsire don trácht (mar shampla ar an raidió nó ar dhroichead lasnairde), agus sa chás sin amháin, is ann don fhaisnéis fholuiteach.

Ní fhorordaítear leis an Treoir seo an gá faisnéis shonrach tráchta a chruthú (mar shampla, pleananna cúrsaíochta tráchta a chruthú), ná na cúinsí faoinar cheart rabhadh maidir le sábháilteacht a eisiúint (mar shampla, cé acu an spreagann nó nach spreagann sneachta rabhadh do thiománaithe) nó cén luach ba cheart a bheith ar rialachán tráchta (mar shampla, leibhéal na luasteorann). Tá an méid sin ar fad faoi rogha na n-údarás inniúil, rud a thugann le tuiscint go bhfuil feidhm ag difríochtaí sa chleachtas (mar shampla, d’fhéadfadh an sneachta céanna cinneadh a spreagadh rabhadh a thabhairt don trácht i réigiúin áirithe ach ní i réigiúin eile). Ina theannta sin, chun seirbhísí CCInna áirithe agus sonraí ríthábhachtacha a sholáthar go héigeantach i bhformáid dhigiteach mheaisín-inléite, ní gá infheistíochtaí a dhéanamh i dtrealamh cois bóthair an ghréasáin chun faisnéis bhreise a bhailiú. Ba cheart cineálacha sonraí agus seirbhísí, ar cheart a soláthar a dhéanamh éigeantach faoin Treoir seo, a shainaithint ar bhonn na sonraíochtaí a ghlac an Coimisiún trí ghníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE, go háirithe Rialacháin Tharmligthe (AE) Uimh. 885/2013, (AE) Uimh. 886/2013, (AE) 2017/1926 agus (AE) 2022/670, agus ba cheart dóibh na cineálacha sonraí agus na seirbhísí a leagtar síos iontu sin a léiriú. Fágann na sonraíochtaí a ghlac an Coimisiún cheana féin, lena n-áirítear na caighdeáin dá dtagraítear iontu, go bhféadfar roghanna a dhéanamh maidir le hábhar digiteach eilimint faisnéise atá le cur ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hobair ullmhúcháin, mar shampla próifíliú caighdeán, chun foráil a dhéanamh do chur chuige coiteann maidir le cur chun feidhme. Sna cásanna sin, ba cheart tuairisc a thabhairt i glár oibre CCInna ar an obair ullmhúcháin atá le déanamh agus ba cheart an obair bhreise sin a chur san áireamh sna dátaí is infheidhme maidir leis na cineálacha sonraí agus na seirbhísí gaolmhara sin a sholáthar.

(17)

Chun an tiontú ó fhaisnéis neamhdhigiteach go formáid dhigiteach mheaisín-inléite a dhéanamh de réir a chéile, tá gá le cur chuige céimneach comhréireach, i bhfianaise líon mór na ngeallsealbhóirí lena mbaineann agus a n-acmhainneachtaí teicniúla míchothroma, chomh maith leis an líon mór faisnéise. Dá bhrí sin, ba cheart go mbainfeadh soláthar éigeantach sonraí áirithe i bhformáid dhigiteach mheaisín-inléite le faisnéis a chruthófar nó le faisnéis a nuashonraítear tar éis dáta tosaigh sonrach; sa dara céim, ba cheart go dtiocfadh faisnéis a cruthaíodh roimhe sin faoin oibleagáid freisin. Maidir le sonraí eile a bhfuil faisnéis ag dul as dáta go tapa ina leith, d’fhéadfadh sé gur leor faisnéis nua nó nuashonraithe amháin a chur ar fáil.

(18)

Ar mhaithe le leanúnachas, ba cheart cineálacha agus seirbhísí sonraí a bhfuil a soláthar éigeantach faoin Treoir seo a bheith ar fáil laistigh de raon feidhme geografach nithiúil. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart an raon feidhme sin a shainiú ar bhonn cur chuige céimneach comhréireach. I gcás sonraí maidir le rialáil tráchta i nóid uirbeacha, chun comhréireacht na n-oibleagáidí ábhartha a áirithiú, agus go háirithe chun foráil a dhéanamh maidir le cóimheas réasúnta costais is tairbhe, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit an cumhdach a theorannú do bhóithre sonracha trí thairseach sreafa tráchta a shonraítear sa treoir seo a chur i bhfeidhm.

(19)

Ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre, moltar do na Ballstáit sonraí a chur ar fáil trí NAPanna a luaithe is féidir (mar shampla luasteorainneacha nó sonraí dinimiciúla le haghaidh limistéir pháirceála shábháilte agus shlána), agus le haghaidh codanna den ghréasán bóithre nach bhfuil laistigh den raon feidhme geografach a shainítear in Iarscríbhinn III (mar shampla mótarbhealaí nach cuid den ghréasán bóithre tras-Eorpach iad).

(20)

Léiríonn an staidéar ó 2020 ‘Mapping accessible transport for persons with reduced mobility’ [Iompar inrochtana le haghaidh daoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu a mhapáil] nach féidir, faoi láthair, turais a phleanáil ar bhealach iontaofa agus gnéithe inrochtaineachta á úsáid mar athróga cuardaigh, de cheal sonraí leordhóthanacha maidir leis na gnéithe sin. Léirítear ann freisin gur cheart a mheas gur an-tábhachtach ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, íoscheanglais agus caighdeáin íosta a bhunú maidir le faisnéis do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Chun inrochtaineacht an chórais iompair a fheabhsú a thuilleadh agus chun an taisteal a éascú le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, tá sonraí maidir le nóid rochtana agus a ngnéithe inrochtaineachta i bhformáidí inrochtana de dhíth ar sheirbhísí soghluaisteachta digiteacha ilmhódacha.

(21)

I ndiaidh an ráitis ghaolmhair sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, iarrtar ar an gCoimisiún a mheas cé na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair mar fhreagairt ar theicneolaíochtaí cumarsáide leictreonaí nua agus an tionchar a bhíonn ag pointí freagartha sábháilteachta poiblí eCall (‘PSAPanna’) mar gheall ar an bhféidearthacht go leathnófaí eCall chuig catagóirí eile feithiclí mar shampla feithiclí earraí troma, busanna agus cóistí, dé-rothaigh chumhachtaithe agus tarracóirí talmhaíochta. Ina theannta sin, lasmuigh de chreat na Treorach seo, iarrtar ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist dhífheidhmeacht na gcóras eCall i bhfeithiclí le trealamh a chomhlíonann na sonraíochtaí reatha eCall, a luaithe a dhéantar líonraí cumarsáide (2G agus 3G) a mhúchadh.

(22)

Tá sé le tuiscint ón bhfás ar an gcomhtháthú idir córais CCInna agus ardchórais cúnaimh tiománaí, nó idir córais feithiclí agus córais bhonneagair go ginearálta, go mbeidh na córais sin ag brath mó sa mhó ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn siad dá chéile. Is amhlaidh atá sé maidir le C-CCInna go háirithe. Tiocfaidh méadú ar an spleáchas sin de réir mar a bhainfear ardleibhéil uathoibrithe amach. Ar na hardleibhéil uathoibrithe sin, meastar go n-úsáidfear an chumarsáid idir feithiclí agus bonneagar ar bhealach sábháilte chun gluaiseachtaí a eagrú agus réidhe na sreafaí tráchta a fheabhsú, rud a chuirfidh le hinbhuanaitheacht an iompair freisin. Ba cheart go dtacódh an chumarsáid sin idir feithiclí agus bonneagar le hiontaofacht, le cruinneas agus le hinfhaighteacht sonraí. Dá gcuirfí i mbaol sláine sheirbhísí CCInna, d‘fhéadfadh sé sin tionchar tromchúiseach a bheith aige ar shábháilteacht ar bhóithre, mar shampla nuair a chuirfeadh faisnéis, atá bréagach d’aon ghnó, ar fheithiclí ainliú a dhéanamh lena gcuirfí úsáideoirí bóithre i mbaol, agus a d’fhéadfadh éifeacht iarmhartach a bheith aige sin ar chóras iompair an Aontais. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i staideanna ina gcuirfear sláine na seirbhísí CCInna i mbaol agus inar gá idirghabháil a dhéanamh go práinneach chun ceartfheidhmiú sábháilte chóras iompair an Aontais agus sábháilteacht ar bhóithre a áirithiú, chun frithbhearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna na staide sin agus ar a hiarmhairtí. Ba cheart na frithbhearta sin a ghlacadh a luaithe is féidir agus ba cheart iad a bheith infheidhme láithreach. Mar sin féin, sula nglacfaidh sé na frithbhearta sin, ba cheart don Choimisiún gach iarracht is féidir a dhéanamh chun dul i gcomhairle le saineolaithe na mBallstát. Thairis sin, ós rud é go bhféadfadh pleananna bainistithe éigeandála ar leibhéil éagsúla idirghabhála a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar raon clistí córais a d’fhéadfadh a bheith ann, níor cheart don Choimisiún na frithbhearta sin a ghlacadh ach amháin i gcásanna éigeandála nuair nach n-áiritheofar le bearta feabhais arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla freagairt thráthúil agus éifeachtach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ag féachaint don ghá le leanúnachas an iompair a áirithiú, is iomchuí an fadú ar bhailíocht na bhfrithbheart sin thar 6 mhí a chur i bhfeidhm trí bhíthin na rogha dá bhforáiltear faoi Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart deireadh a theacht leis na frithbhearta sin a luaithe agus a chuirtear réiteach malartach chun feidhme nó a réitítear an staid éigeandála.

(23)

Maidir le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoin Treoir seo, mar shampla próiseáil sonraí suímh nuair a cheadaítear leis sin duine a aithint, go díreach nó go hindíreach, ba cheart an phróiseáil sin a chur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint na sonraí pearsanta agus an phríobháideachais, mar a leagtar amach, go háirithe, i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus i dTreoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart a shonrú sa Treoir seo an chríoch a bhféadfar sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Treoir seo chuige.

(24)

I gcás ina mbainfidh siad le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart foráil a dhéanamh sna sonraíochtaí atá le forbairt faoin Treoir seo do choimircí leordhóthanacha iomchuí cosanta sonraí pearsanta i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir 2002/58/CE, lena n-áirítear maidir le fad uasta stórála sonraí, agus anaithnidiú sonraí nó bréagainmniú sonraí. Go háirithe, gan dochar d’aon cheanglas sonrach a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le húsáid sonraí anaithnide nó bréagainmnithe, aon uair is féidir na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach chomh maith céanna, trí shonraí pearsanta a phróiseáil i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ba cheart sonraí anaithnidithe a úsáid. I gcásanna eile, ba cheart úsáid sonraí faoi ainm bréige a spreagadh, mar shampla trí chóras bainistithe dintiúr slándála C-CCInna an Aontais, d’fhonn príobháideachas daoine aonair a fheabhsú, i gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh. Ní fhéadfaidh idirdhealú sóisialta d’aon chineál teacht as úsáid sonraí pearsanta a eascraíonn as patrúin soghluaisteachta nó as aghaidh-aithint. Thairis sin, ba cheart coimircí i gcoinne mí-úsáide, lena n-áirítear rochtain neamhdhleathach, athrú nó caillteanas a leagan síos sna sonraíochtaí sin nó sa dlí náisiúnta, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir 2002/58/CE.

(25)

Tá feidhm ag Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) maidir le táirgí nach ndéantar foráil níos sonraí i dtaca leo sa reachtaíocht earnála chun críocha an chuspóra sábháilteachta chéanna, agus freisin i gcás nach gcumhdaíonn na ceanglais sábháilteachta dá bhforáiltear le reachtaíocht earnála na gnéithe agus na rioscaí nó na catagóirí de rioscaí a chumhdaítear leis an Treoir sin (dá ngairtear freisin ‘an líontán sábhála’).

(26)

I gcás inar gá measúnú ar chomhréireacht a chur i gcrích, ba cheart forálacha mionsonraithe a bheith sna sonraíochtaí, forálacha lena leagtar síos an nós imeachta lena rialaítear an measúnú ar chomhréireacht comhpháirteanna nó ar a n-oiriúnacht lena n-úsáid. Maidir le seirbhísí CCInna áirithe, agus go háirithe seirbhísí C-CCInna, tá an idir-inoibritheacht agus comhlíontacht leanúnach roinnt ceanglais fíor-riachtanach chun ceartfheidhmiú sábháilte an chórais a áirithiú. Dá bhrí sin, i gcás inar gá, na sonraíochtaí lena leagtar síos ceanglais maidir le táirgí, ba cheart nósanna imeachta um fhaireachas margaidh, lena n-áirítear clásal cosanta, a leagan síos leo freisin. Ba cheart na forálacha sin a bheith bunaithe ar Chinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), go háirithe maidir leis na modúil le haghaidh na gcéimeanna éagsúla de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus faireachas margaidh. Le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), leagtar síos creat maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus a bpáirteanna nó a dtrealamh gaolmhar agus maidir le faireachas margaidh orthu, agus le Rialacháin (AE) Uimh. 167/2013 (21) agus (AE) Uimh. 168/2013 (22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos rialacha maidir le cineálcheadú feithiclí ar dhá roth nó ar thrí roth agus cuadrothar, agus feithiclí talmhaíochta nó foraoiseachta agus a bpáirteanna nó a dtrealamh gaolmhar. Dá bhrí sin, is dúbailt oibre a bheadh ann foráil a dhéanamh maidir le measúnú comhréireachta a dhéanamh ar threalamh agus ar fheidhmchláir a thagann faoi raon feidhme na ngníomhartha reachtacha sin.

Mar sin féin, tá feidhm ag na gníomhartha reachtacha sin faoi cheadú feithiclí maidir le trealamh a bhaineann le CCInna agus a suitear i bhfeithiclí, ach níl feidhm acu maidir le trealamh agus bogearraí CCInna bonneagair bóthair seachtracha, agus ba cheart an trealamh sin agus na bogearraí sin a bheith faoi raon feidhm na Treorach seo. Sna cásanna sin, d’fhéadfaí leis na sonraíochtaí foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus faireachas margaidh. Ba cheart na nósanna imeachta sin a theorannú don mhéid a bheadh riachtanach i ngach cás ar leith agus ba cheart gurb é a gcuspóir, i gcás inarb iomchuí, cur chuige córasach i leith rialacha maidir le hainmniú comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus na nósanna imeachta is infheidhme, go háirithe maidir le feidhmeanna agus seirbhísí trasteorann.

(27)

Nuair a bhíonn córais intleachta saorga i gceist le cur chun úsáide agus úsáid trealaimh agus bogearraí CCInna, ba cheart na forálacha de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga), a chur san áireamh.

(28)

Maidir le feidhmchláir agus seirbhísí CCInna a mbíonn seirbhísí uainiúcháin agus suiteála cruinne ráthaithe ag teastáil ina leith, ba cheart úsáid a bhaint as bonneagair atá bunaithe ar shatailítí nó as aon teicneolaíocht lena soláthraítear leibhéal beachtais coibhéiseach. Ba cheart sineirgí idir earnálacha iompair agus spáis an Aontais a shaothrú chun úsáid níos leithne na dteicneolaíochtaí nua a chothú, teicneolaíochtaí lena bhfreagraítear don ghá atá ann le seirbhísí uainiúcháin agus suiteála cruinne ráthaithe. Soláthraíonn Clár Spáis an Aontais, arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), sonraí, faisnéis agus seirbhísí ardcháilíochta slána cothrom le dáta a bhaineann leis an spás, agus sin trí chórais Galileo, Bhreis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS), agus Copernicus.

(29)

Seirbhísí uainiúcháin agus suiteála iontaofa daingnithe a sholáthar, is eilimint fíor-riachtanach é sin in oibriú éifeachtach fheidhmchlár agus sheirbhísí CCInna. Dá bhrí sin, is iomchuí a áirithiú go mbeidh siad comhoiriúnach don sásra fíordheimnithe a sholáthraíonn clár Galileo, chun ionsaithe spúfála chomharthaí na gcóras domhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) a mhaolú. Ní eisiatar leis sin úsáid a bhaint as sásraí cruthaithe eile lena soláthraítear an leibhéal céanna muiníne chun iontaofacht na faisnéise maidir le suíomh agus am a áirithiú.

(30)

Ba cheart dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear grúpaí saineolaithe eile de chuid an Choimisiúin, go háirithe Grúpa Comhairleach CCInna Eorpach, agus coistí a bhíonn ag plé le gnéithe digiteacha an iompair, agus na cláir oibre a ghlacfaidh an Coimisiún faoi Threoir 2010/40/AE á dtarraingt suas.

(31)

Ba cheart na rialacha maidir le tuairisciú a shimpliú agus ba cheart dóibh anailís chomparáideach a cheadú ar bhealach níos fearr. Ba cheart, dá bhrí sin, tuarascáil amháin ó Bhallstát gach trí bliana, lena gcumhdaítear cur chun feidhme na Treorach seo agus gach gníomh tarmligthe agus cur chun feidhme, a chur in ionad na n-oibleagáidí tuairiscithe éagsúla atá ann cheana, agus ba cheart teimpléad coiteann a bhunú lena n-áirítear príomhtháscairí feidhmíochta áirithe. Bunaithe ar thaithí maidir le príomhtháscairí feidhmíochta deonacha a úsáid sna tuarascálacha, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann roinnt de na táscairí sin a bheidh le háireamh sa teimpléad comhchuibhithe a roghnú.

(32)

Moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit an comhar le tríú tíortha a chothú, go háirithe le hiarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus leis na tríú tíortha sin, ina bhfuil conairí idirthurais lena nasctar Ballstáit, suite. Moltar don Choimisiún comhar a chothú ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin.

(33)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le cláir oibre a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta, agus an teimpléad le haghaidh na dtuarascálacha atá le soláthar ag na Ballstáit a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(34)

Chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun liosta na gcineálacha sonraí dá bhfuil na Ballstáit lena áirithiú go mbeidh sonraí ar fáil a leasú, ar feadh tréimhse 5 bliana dar tús teacht i bhfeidhm na Treorach seo. Ba cheart an tréimhse sin a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, ach amháin i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara a bheidh ionadaitheach do gach cineál úsáideoirí bóthair agus páirtithe eile lena mbaineann, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (24). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(35)

Chun cur chuige comhordaithe a áirithiú, ba cheart don Choimisiún an comhleanúnachas a áirithiú idir gníomhaíochtaí an Choiste a bhunaítear leis an Treoir seo agus gníomhaíochtaí na gCoistí a bhunaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 165/2014 (25), (AE) 2019/1239 (26), (AE) 2020/1056 agus (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus le Treoracha 2007/2/CE (27) agus (AE) 2019/520 (28) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(36)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit agus/nó leis an earnáil phríobháideach cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon CCInna idir-inoibritheacha a chur chun úsáide ar bhealach comhordaithe comhleanúnach ar fud an Aontais, agus de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(37)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (29), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(38)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) agus thug sé tuairim uaidh an 2 Márta 2022,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2010/40/AE

Leasaítear Treoir 2010/40/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Leis an Treoir seo, déantar foráil maidir le hinfhaighteacht sonraí agus cur chun feidhme seirbhísí CCInna laistigh de na réimsí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 2, maidir le sonraí, leis an gcumhdach geografach sonrach a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus, maidir le seirbhísí CCInna, leis an gcumhdach geografach sonrach a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.’

;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Chun críocha na Treorach seo, is réimsí tosaíochta maidir le sonraíochtaí agus caighdeáin a fhorbairt agus a úsáid a bheidh sna réimsí seo a leanas:

(a)

Réimse tosaíochta I: Seirbhísí CCInna maidir le faisnéis agus le soghluaisteacht;

(b)

Réimse tosaíochta II: seirbhísí CCInna maidir le taisteal, - iompar agus - bainistíocht an tráchta;

(c)

Réimse tosaíochta III: Seirbhísí CCInna maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus slándáil;

(d)

Réimse tosaíochta IV: Seirbhísí CCInna le haghaidh soghluaisteacht chomhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe.’;

(3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

‘(2)

ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ cumas na gcóras agus na mbunphróiseas gnó sonraí a mhalartú agus faisnéis agus eolas a roinnt, rud a fhágann gur féidir leanúnachas sheirbhísí CCInna a bheith ann;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

‘(4)

ciallaíonn ‘seirbhís ITS’ feidhmchlár CCInna a sholáthar trí chreat eagraíochtúil agus oibríochtúil dea-shainithe a bhfuil sé d’aidhm aige cur le sábháilteacht an úsáideora, éifeachtúlacht, soghluaisteacht inbhuanaithe nó compord, nó oibríochtaí iompair agus taistil a éascú nó tacú leo;’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (14):

‘(14)

ciallaíonn ‘sonraí bóthair’ sonraí maidir le saintréithe bonneagair bóthair, lena n-áirítear comharthaí tráchta seasta agus a n-airíonna sábháilteachta rialála mar aon le bonneagar le haghaidh athluchtaithe agus athbhreoslaithe le breoslaí ionadúla;’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (18):

‘(18)

ciallaíonn ‘caighdeán’ caighdeán mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).’;"

(e)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(19)

ciallaíonn ‘córais iompair chliste chomhoibritheacha’ nó ‘C-CCInna’ córais iompair chliste a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí CCInna idirghníomhú agus comhordú trí theachtaireachtaí daingnithe iontaofa a mhalartú gan aon aithne a bheith acu ar a chéile roimhe sin agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach;

(20)

ciallaíonn ‘seirbhís C-CCInna’ seirbhís CCInna a sholáthraítear trí C-CCInna;

(21)

ciallaíonn ‘infhaighteacht sonraí’ go bhfuil sonraí ar fáil i bhformáid dhigiteach mheaisín-inléite;

(22)

ciallaíonn ‘pointe rochtana náisiúnta’ nó ‘NAP’comhéadan digiteach arna bhunú ag Ballstát ar pointe aonair rochtana ar shonraí é, mar a shainítear i sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6;

(23)

ciallaíonn ‘inrochtaineacht sonraí’ gur féidir sonraí a iarraidh agus a fháil i bhformáid dhigiteach mheaisín-inléite;

(24)

ciallaíonn ‘seirbhís soghluaisteachta digití ilmhódúla’ seirbhís lena soláthraítear faisnéis maidir le sonraí tráchta agus taistil, mar shampla suíomh na saoráidí iompair, sceidil, infhaighteacht nó táillí, i dtaca le níos mó ná modh taistil amháin, agus féadfaidh gnéithe a bheith san áireamh trínar féidir áirithintí nó íocaíochtaí a dhéanamh nó ticéid a eisiúint;

(25)

ciallaíonn ‘faisnéis fholuiteach’ faisnéis laistigh de raon feidhme na Treorach seo ar cinneadh í a bheith ábhartha maidir le húsáideoirí bóithre agus CCInna a chur ar an eolas, go háirithe faisnéis ag údaráis bhóithre i gcás ina bhfuil siad freagrach as an bhfaisnéis sin;

(26)

ciallaíonn ‘príomhbhóthar’ bóthar lasmuigh de limistéir uirbeacha, arna n-ainmniú ag Ballstát, lena nasctar cathracha nó réigiúin mhóra, nó iad araon, agus nach n-aicmítear mar chuid den ghréasán bóithre cuimsitheach tras-Eorpach nó mar mhótarbhealach’;

(4)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 4a

Clár oibre

1.   Faoin 21 Nollaig 2024 glacfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le Grúpa Comhairleach CCInna Eorpach arna bhunú le Cinneadh ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2011  (*2) agus le geallsealbhóirí ábhartha, gníomh cur chun feidhme, lena mbunaítear clár oibre. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(4). Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa chlár oibre:

(a)

cuspóirí agus dátaí le haghaidh a chur chun feidhme gach bliain, lena léirítear na míreanna oibre a bhfuil sonraíochtaí le forbairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6;

(b)

na cineálacha sonraí a bhfuil an Coimisiún ag smaoineamh ar iad a chur le hIarscríbhinn III, nó ar iad a bhaint di, trí bhíthin na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1a);

(c)

obair ullmhúcháin atá le déanamh ag an gCoimisiún i gcomhar le geallsealbhóirí agus leis na Ballstáit de bhun Airteagal 7(1).

2.   Roimh gach fadú 5 bliana ar an gcumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12(2), glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear clár oibre nua, lena n-áireofar na heilimintí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (c), ar a laghad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(4).

(*2)  Cinneadh ón gCoimisiún, an 4 Bealtaine 2011 maidir le Grúpa Comhairleach Eorpach um CCInna a bhunú (2011/C 135/03), (IO C 135, 5.5.2011, lch. 3).’;"

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Sonraíochtaí a chur i bhfeidhm maidir le cur chun úsáide CCInna

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear na sonraíochtaí arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le Airteagal 6 i bhfeidhm ar fheidhmchláir agus ar sheirbhísí CCInna, nuair a imscarfar na feidhmchláir agus na seirbhísí CCInna sin, i gcomhréir leis na prionsabail in Iarscríbhinn II. Tá an méid sin gan dochar do cheart gach Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis na feidhmchláir agus na seirbhísí sin a chur chun úsáide ar a chríoch. Tá an ceart sin gan dochar d’Airteagal 6a.

2.   I gcás inarb ábhartha, oibreoidh na Ballstáit i gcomhar, lena n-áirítear leis na geallsealbhóirí ábhartha, i ndáil leis na réimsí tosaíochta, a mhéid nach mbeidh sonraíochtaí arna nglacadh maidir leis na réimsí tosaíochta sin.

3.   Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar freisin, mar shampla trí thionscadail chomhordúcháin a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, agus, i gcás inar gá, in éineacht le páirtithe leasmhara ábhartha ar ghnéithe oibríochtúla chur chun feidhme na sonraíochtaí arna nglacadh ag an gCoimisiún, amhail caighdeáin agus próifílí comhchuibhithe an Aontais, sainmhínithe coiteanna, meiteashonraí coiteanna, ceanglais cháilíochta coiteanna agus gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht ollstruchtúir na NAPanna, coinníollacha coiteanna um malartú sonraí, rochtain shlán agus gníomhaíochtaí oiliúna agus for-rochtana coiteanna. Maidir leis na ceanglais ar sholáthraithe sonraí, úsáideoirí sonraí agus soláthraithe seirbhíse CCInna a leagtar amach sna sonraíochtaí, oibreoidh na Ballstáit i gcomhar freisin ar chleachtais chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin, ar shásraí a fhorbairt le haghaidh forfheidhmiú comhlíontachta agus ar shaincheisteanna a bhaineann le comhar trasteorann’;’

(6)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Gan dochar do na nósanna imeachta a leagtar amach le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), sonrófar sna sonraíochtaí, i gcás inarb iomchuí, na staideanna ina bhféadfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún, rialacha breise a bhunú maidir le seirbhísí CCInna a sholáthar ar a gcríoch ar fad nó ar chuid di. Ní chuirfidh na rialacha sin bac ar an idir-inoibritheacht.’;

(*3)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   I gcás inarb iomchuí, beidh na sonraíochtaí bunaithe ar aon cheann de na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 8.

Áireofar sna sonraíochtaí rialacha maidir le paraiméadair a shocrú a bhaineann le cáilíocht agus le hoiriúnacht maidir le húsáid. De réir mar is iomchuí agus go háirithe i gcás ina mbeidh údar maith leis sin ar mhaithe leis an tsábháilteacht agus an idir-inoibritheacht, áireofar sna sonraíochtaí rialacha maidir le measúnú comhréireachta agus faireachas margaidh, lena n-áireofar clásal cosanta, i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

Féadfaidh na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó a ainmniú, atá inniúil ar mheasúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sna sonraíochtaí, faoi réir aon rialacha sonracha maidir le measúnú arna leagan síos iontu.

Beidh na sonraíochtaí i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II.’

;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 12, lena leagtar síos na sonraíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo. Ní chumhdófar níos mó ná réimse tosaíochta amháin leis na gníomhartha tarmligthe sin agus glacfar é le haghaidh gach ceann de na gníomhaíochtaí tosaíochta.’

;

(7)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6a

Infhaighteacht sonraí agus cur chun úsáide seirbhísí CCInna

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis fholuiteach ann cheana, go mbeidh sonraí ar fáil le haghaidh an chumhdaigh gheografaigh maidir le gach cineál sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil gan mhoill sonraí lena gcomhfhreagtar don fhaisnéis fholuiteach arna cruthú nó arna nuashonrú an dáta a leagtar amach sa tríú colún d’Iarscríbhinn III nó ina dhiaidh sin.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin, mura bhforáiltear a mhalairt in Iarscríbhinn III, go ndéanfar sonraí eile a chomhfhreagraíonn don fhaisnéis fholuiteach uile atá ann cheana, arna cruthú nó arna nuashonrú roimh an dáta a leagtar amach sa cheathrú colún den Iarscríbhinn sin, a chur ar fáil gan mhoill tar éis an dáta sin.

I gcás nach leagtar amach aon dáta sa cheathrú colún d’Iarscríbhinn III, déanfar na dátaí is infheidhme a shainiú trí bhíthin gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoi Airteagal 7.

Ní bheidh feidhm ag na spriocdhátaí de bhun na míre seo ach amháin maidir leis an mbonneagar atá ann cheana. Maidir le bonneagar arna chur i gcrích dáta is faide anonn, tuigfear gurb iad na spriocdhátaí sin dátaí críochnaithe an bhonneagair sin.

Áiritheoidh na Ballstáit inrochtaineacht na sonraí sin trí bhíthin na bPointí Rochtana Náisiúnta faoin dáta céanna.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-imscarfar na seirbhísí CCInna a shonraítear in Iarscríbhinn IV le haghaidh an chumhdaigh gheografaigh a luaithe agus is féidir agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná na dátaí faoi seach a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.’;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Leasuithe ar Iarscríbhinn III

1.   Sula nglacfaidh sé gníomhartha tarmligthe faoin Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, mar chuid den phróiseas comhairliúcháin athfhillteach agus i gcomhar le saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, aibíocht na dtuairiscí le haghaidh ábhar digiteach na gcineálacha sonraí atá le cur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 6a a fhionnadh agus áiritheoidh sé go dtabharfar an obair iomchuí ullmhúcháin chun críche.

1a.   Tar éis anailís chostais is tairbhe agus comhairliúcháin iomchuí, agus aird á tabhairt ar an bhforbairt mhargaidh agus teicneolaíochta ar fud an Aontais, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12 chun Iarscríbhinn III a leasú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cineálacha sonraí a chur isteach, ar cineálacha sonraí iad a thagann faoi raon feidhme ceann amháin de na catagóirí nó na fochatagóirí sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus atá liostaithe sna sonraíochtaí arna mbunú de bhun Airteagal 6(8), i gcás ina dtagann, de réir anailís shubstaintiúil costais is tairbhe, buntáistí agus feabhsuithe tábhachtacha a bhfuil údar soiléir leo ó thaobh inbhuanaitheacht iompair, sábháilteacht agus slándáil iompair, nó éifeachtúlacht agus bainistíocht iompair de bharr infhaighteacht na gcineálacha sonraí sin, agus na dátaí is infheidhme a shainiú;

(b)

i gcás ina bhfuil údar soiléir leis, na cineálacha sonraí a bhaint ó Iarscríbhinn III;

(c)

na dátaí is infheidhme a shainiú le haghaidh na gcineálacha sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn III i gcásanna nár sainíodh aon dáta faoin 20 Nollaig 2023 níor sainmhíníodh aon dátaí.

2.   Beidh na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi mhír 1a den Airteagal seo comhsheasmhach leis na cineálacha sonraí a leagtar amach sa chlár oibre is déanaí arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4a. Bainfidh na gníomhartha tarmligthe sin, i gcás inarb ábhartha, leis an ábhar digiteach a shainítear faoi chuimsiú na hoibre ullmhúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Ní chumhdófar níos mó ná réimse tosaíochta amháin leis na gníomhartha tarmligthe sin.

3.   Beidh an cumhdach geografach le haghaidh cineál sonraí dá dtagraítear i mír 1a, pointí (a) agus (c), mar an gcéanna nó níos teoranta ná an cumhdach a shainítear in Iarscríbhinn III le haghaidh na gcatagóirí nó na bhfochatagóirí lena mbaineann an cineál sonraí, agus cur chuige céim ar chéim á leanúint, i gcás inarb ábhartha.

4.   Maidir leis na dátaí a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1a, pointí (a) agus (c):

(a)

a mhéid a bhaineann leis an tríú colún d’Iarscríbhinn III, ní bheidh siad níos luaithe ná an dáta 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe lena mbaineann agus leanfaidh sé, i gcás inarb ábhartha, cur chuige céim ar chéim;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an gceathrú colún d’Iarscríbhinn III, ní bheidh siad níos luaithe ná an dáta 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe lena mbaineann.

Maidir leis an dáta don cheathrú colún, i gcás ina mbeidh dáta sonraithe cheana sa tríú colún in Iarscríbhinn III:

(a)

ní bheidh sé níos luaithe ná an dáta 2 bhliain tar éis an dáta a shonraítear sa tríú colún ná an dáta 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe lena mbaineann;

(b)

a mhéid a bhaineann le sonraí i ndáil le trácht statach ilmhódach le haghaidh seirbhísí faisnéise taistil ilmhódaigh ar fud an Aontais (suíomh na nód rochtana sainaitheanta) ar ghréasán iompair iomlán an Aontais, ní bheidh sé níos luaithe ná an dáta ceithre bliana tar éis an 31 Nollaig 2032 12a.

Mar sin féin, i gcás nach meastar go bhfuil gá le hinfhaighteacht sonraí atá ann lena chomhfhreagraítear d’fhaisnéis arna cruthú nó arna nuashonrú roimh an dáta a leagtar amach sa tríú colún d’Iarscríbhinn III ar an bhforas go bhfuil am fhaisnéis chomhfhreagrach ag dul as dáta go tapa, féadfar a léiriú sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 1a, pointí (a) agus (c), den Airteagal seo, sa cheathrú colún d’Iarscríbhinn III, nach bhfuil feidhm le bheith ag an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 6a(1), an ceathrú fomhír, maidir leis na sonraí sin.

5.   Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun an Airteagail seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir 2002/58/CE, go háirithe maidir leis an riosca go gcuirfear isteach ar shonraí pearsanta, agus na costais agus na hacmhainní daonna is gá chun na sonraí ábhartha a chur ar fáil ar leibhéal leordhóthanach cáilíochta, agus déanfaidh sé é sin lena áirithiú go gcoinneofar an cur isteach, na costais agus hacmhainní sin, go háirithe iad siúd arna dtabhú ag údaráis phoiblí, ag leibhéal chomh híseal agus is féidir. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin na costais agus an t-ualach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith de cheangal ar oibreoirí príobháideacha na sonraí a sholáthar.’;

(9)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 7a

Bearta eatramhacha

1.   Gan dochar do shásraí ullmhachta agus freagartha teagmhais, amhail na sásraí sin a bunaíodh faoi Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, i gcás éigeandála, gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh lena leagtar síos frithbhearta chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna agus ar iarmhairtí an cháis sin, amhail oibleagáidí a chur ar fionraí laistigh de raon feidhme na réimsí tosaíochta a shocraítear faoi Airteagal 2. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas a luaithe is féidir nuair a mheasann sé go bhfuil staid éigeandála ann.

2.   Ní fhéadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le mír 1 ach amháin i gcás éigeandála gan choinne a eascraíonn as infhaighteacht nó sláine seirbhísí CCInna, atá faoi réir sonraíochtaí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 6, a bheith á gcur i mbaol, i gcás inar dócha go gcuirfeadh staid den sórt sin feidhmiú sábháilte agus cuí chóras iompair an Aontais i mbaol nó go mbeidh éifeacht dhíobhálach aige ar shábháilteacht ar bhóithre, agus sa chás amháin nach féidir a bheith ag súil leis go n-áiritheofar freagairt thráthúil agus éifeachtach trí shásra freagartha teagmhas a chur i bhfeidhm nó trí shonraíochtaí a mhodhnú i gcomhréir le hAirteagal 6. Beidh na bearta a ghlacfaidh an Coimisiún teoranta go docht d’aghaidh a thabhairt ar chúiseanna agus ar iarmhairtí staideanna éigeandála den sórt sin.

3.   Tá glacadh beart eatramhach i gcomhréir leis an Airteagal seo gan dochar d’inniúlacht na mBallstát gníomhaíocht a dhéanamh i staid éigeandála a bhaineann le cúrsaí slándála nó cosanta náisiúnta a bhfuil tionchar acu ar fheidhmchláir agus ar sheirbhísí CCInna a úsáidtear ar a gcríoch.

4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(3). Ní bheidh tréimhse bhailíochta níos faide ná 8 mhí ag na gníomhartha cur chun feidhme sin. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas nuair a mheasfaidh sé go bhfuil deireadh tagtha leis an staid éigeandála. Aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a luaithe a bheidh deireadh tagtha leis an staid sin nó tar éis don Choimisiún na sonraíochtaí ábhartha a leasú chun an staid a leigheas, cibé acu is túisce.

(*4)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 a bhaineann le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).’;"

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Caighdeáin

1.   Déanfar na caighdeáin is gá chun foráil a dhéanamh maidir leis an idir-inoibritheacht, comhoiriúnacht agus leanúnachas le haghaidh cur chun úsáide agus úsáid oibríochtúil CCInna a fhorbairt sna réimsí tosaíochta agus le haghaidh na ngníomhaíochtaí tosaíochta. Chuige sin, iarrfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 15, ar na comhlachtaí ábhartha um chaighdeánú, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), gach iarracht is gá a dhéanamh chun na caighdeáin sin a ghlacadh go tapa.

2.   Tráth a eiseofar sainordú do na comhlachtaí um chaighdeánú, déanfar na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn I a urramú chomh maith le haon fhorálacha feidhmiúla a áirítear i sonraíocht arna glacadh i gcomhréir le hAirteagal 6.

(*5)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (códú) (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).’;"

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Rialacha maidir le cosaint sonraí agus le príobháideachas

1.   Ní dhéanfar sonraí arb ionann iad agus sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) a phróiseáil de bhun na Treorach seo ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun feidhmchláir, seirbhísí agus gníomhaíochtaí CCInna a shainaithnítear in Iarscríbhinn I den Treoir seo a fheidhmiú d’fhonn sábháilteacht nó slándáil ar bhóithre a áirithiú, agus d’fhonn trácht, soghluaisteacht nó bainistiú feabhsaithe teagmhas a áirithiú.

2.   I gcás ina mbaineann sonraíochtaí a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 6 le próiseáil sonraí ar sonraí pearsanta iad mar a shainítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679, leagfar síos sna sonraíochtaí céanna catagóirí na sonraí sin agus déanfar foráil iontu maidir le coimircí iomchuí cosanta sonraí pearsanta de bhun Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir 2002/58/CE. I gcásanna den sórt sin, áireofar sa mheasúnú tionchair dá dtagraítear in Airteagal 6(7) den Treoir seo anailís ar thionchar na próiseála sin ar chosaint daoine nádúrtha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil.

3.   I gcás ina bhfuil anaithnidiú indéanta go teicniúil, agus inar féidir na críocha próiseála sonraí a bhaint amach le sonraí anaithnidithe, úsáidfear sonraí anaithnidithe.

4.   I gcás nach bhfuil anaithnidiú indéanta go teicniúil, nó nach féidir na críocha próiseála sonraí a bhaint amach trí le sonraí anaithnidithe, cuirfear ainm bréige ar na sonraí, ar choinníoll go mbeidh an bréagainmniú sin indéanta go teicniúil agus féidir na críocha próiseála sonraí a bhaint amach le sonraí a bhfuil ainm bréige ag gabháil leo.

(*6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).;’ "

(12)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 10a

Córas bainistíochta dintiúr slándála C-CCInna an Aontais

Na sonraíochtaí le haghaidh an réimse tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (d), a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún agus é ag feidhmiú a chumhachtaí de bhun Airteagal 6(8), cumhdófar leo córas bainistíochta dintiúr slándála C-CCInna an Aontais dá dtagraítear i bpointe 4.3 d’Iarscríbhinn I. Leis na sonraíochtaí le haghaidh an chórais sin, leagfar síos dualgais na ról seo a leanas:

(a)

údarás beartais deimhnithe C-CCInna;

(b)

bainisteoir liosta iontaoibhe C-CCInna;

(c)

pointe teagmhála C-CCInna.

Beidh an Coimisiún freagrach as a áirithiú go ndéanfar cúraimí na ról sin a fhorfheidhmiú.’;

(13)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 20 Nollaig 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6 nó 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

;

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Eorpach um CCInna (CEC) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’;"

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

‘Airteagal 17

Tuairisciú

1.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiún faoin 21 Márta 2025 maidir le cur chun feidhme na Treorach seo agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar a bonn, agus maidir lena gcuid gníomhaíochtaí agus tionscadal náisiúnta príomha i dtaca leis na réimsí tosaíochta agus maidir le hinfhaighteacht sonraí agus seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinní III agus IV.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an teimpléad do na tuarascálacha tosaigh agus do na tuarascálacha ar dhul chun cinn lena n-áirítear liosta de phríomhtháscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn. I bhfianaise phrionsabal na comhréireachta agus ar bhonn dea-chleachtas, déanfar idirdhealú sna gníomhartha cur chun feidhme sin idir príomhtháscairí feidhmíochta éigeantacha a áireofar sna tuarascálacha agus táscairí breise a d’fhéadfaí a áireamh sna tuarascálacha sin i gcás inarb iomchuí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(4).

3.   Tar éis an tuarascáil tosaigh, tuairisceoidh na Ballstáit gach 3 bliana faoin dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cur chun feidhme na Treorach seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bonn. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na spriocdhátaí don tuairisciú a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn Airteagal 6 a ailíniú leis an minicíocht sin.

4.   Tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis gach spriocdháta le haghaidh na dtuarascálacha ó na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cur chun feidhme na Treorach agus na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chum feidhme arna nglacadh ar a bonn. Gabhfaidh anailís ar fheidhmiú agus cur chun feidhme Airteagail 5 go 11 agus Airteagal 16, lena n-áirítear ar na hacmhainní airgeadais a úsáidtear agus a theastaítear. Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin ar an ngá atá leis an Treoir seo a leasú, i gcás inarb iomchuí.’;

(16)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 18

Athbhreithniú

Faoin 31 Nollaig 2028, ar bhonn na tuarascála is déanaí ón gCoimisiún arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 17(4), déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Airteagal 6a, Airteagal 7 agus Iarscríbhinní III agus IV, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, togra le haghaidh leasaithe a thíolacadh. Go háirithe, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn an dul chun cinn a dhéanfar maidir le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht sonraí agus maidir le cur chun úsáide seirbhísí, agus aird á tabhairt ar a n-úsáid mhéadaithe trí fheidhmchláir CCInna, a mholadh go ndéanfaí cumhdach geografach cineálacha agus seirbhísí áirithe sonraí a oiriúnú agus go gcuirfí isteach cineálacha agus seirbhísí sonraí a mheastar a bheith ríthábhachtach chun CCInna a chur chun úsáide tuilleadh.’;

(17)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn I;

(18)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn II;

(19)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo isteach mar Iarscríbhinn III;

(20)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo isteach mar Iarscríbhinn IV.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 21 Nollaig 2025 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad in iúl don Choimisiún láithreach ina leith.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, tabharfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá i bhfeidhm chun an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 17(1) de Threoir 2010/40/AE a chomhlíonadh roimh an spriocdháta le haghaidh na tuarascála dá bhforáiltear san Airteagal sin.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an bealach a ndéanfar an tagairt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Samhain 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO C 290, 29.7.2022, lch. 126.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2023 (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2023.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise ar an iompar ilmhódach ar fud an Aontais a sholáthar (IO L 272, 21.10.2017, lch. 1).

(4)  Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a chur chun úsáide i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin a bhunú ina sonraítear leibhéal seirbhíse agus slándála limistéar páirceála slán sábháilte agus nósanna imeachta chun iad a dheimhniú (IO L 170, 28.6.2022, lch. 27).

(6)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 885/2013 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2013 lena bhforlíontar Treoir CCInna 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise i dtaca le hionaid pháirceála do thrucailí agus d’fheithiclí tráchtála atá slán sábháilte a sholáthar (IO L 247, 18.9.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 886/2013 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí agus nósanna imeachta chun faisnéis íosta uilíoch tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, i gcás inar féidir, a sholáthar saor in aisce d’úsáideoirí (IO L 247, 18.9.2013, lch. 6);

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise taistil fíor-ama ar fud an Aontais (IO L 157, 23.6.2015, lch. 21).

(11)  Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartach, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 1).

(12)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama uile-AE a sholáthar (IO L 122, 25.4.2022, lch. 1).

(13)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(14)  Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(17)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(18)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(19)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat coiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

(20)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

(23)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh.(IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

(24)  Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar(IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 64).

(27)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(28)  Treoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas (IO L 91, 29.3.2019, lch. 45).

(29)   IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(30)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN I

RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA

(dá dtagraítear in Airteagal 2)

1.   Réimse tosaíochta I: Seirbhísí CCInna maidir le faisnéis agus leis an tsoghluaisteacht

Cuimseoidh na sonraíochtaí agus na caighdeáin le haghaidh seirbhísí CCInna do phaisinéirí maidir le faisnéis agus leis an tsoghluaisteacht an méid seo a leanas:

1.1.

Sonraíochtaí le haghaidh seirbhísí soghluaisteachta digiteacha ilmhódacha ar fud an Aontais (lena n-áirítear seirbhísí faisnéise taistil ilmhódacha ar fud an Aontais)

An sainmhíniú ar na ceanglais is gá le haghaidh seirbhísí soghluaisteachta digiteacha ilmhódacha ar fud an Aontais, agus le haghaidh seirbhísí atá cosúil leo a sholáthraíonn gnéithe faisnéise, áirithinte nó ceannaithe i dtaca le breis agus oibreoir amháin laistigh den mhodh iompair céanna, ionas go mbeidh na seirbhísí sin cruinn agus go mbeidh siad infhaighte thar theorainneacha ag úsáideoirí CCInna, bunaithe ar an méid seo a leanas:

1.1.1.

sonraí ilmhódacha tráchta agus iompair cruinne atá ann cheana féin agus a úsáidtear le haghaidh seirbhísí soghluaisteachta digiteacha ilmhódacha a bheith infhaighte agus inrochtana ag soláthraithe seirbhísí CCInna, gan dochar do shrianta a bhaineann leis an tsábháilteacht nó leis an mbainistíocht iompair;

1.1.2.

malartú leictreonach sonraí idir na húdaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara ábhartha agus soláthraithe seirbhísí CCInna ábhartha, thar theorainneacha, go háirithe trí chomhéadain chaighdeánaithe;

1.1.3.

na sonraí ilmhódacha tráchta agus taistil infhaighte a úsáidtear le haghaidh seirbhísí soghluaisteachta digiteacha ilmhódacha a bheith á dtabhairt cothrom le dáta go tráthúil ag na húdaráis phoiblí agus na páirtithe leasmhara ábhartha;

1.1.4.

faisnéis taistil ilmhódach, lena n-áirítear faisnéis maidir le háirithint agus ceannach na seirbhísí iompair i gcás inarb ábhartha, a bheith á tabhairt cothrom le dáta go tráthúil ag soláthraithe seirbhísí CCInna.

1.2.

Sonraíochtaí le haghaidh seirbhísí faisnéise tráchta bóthair agus loingseoireachta ar fud an Aontais (lena n-áirítear seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama ar fud an Aontais)

An sainmhíniú ar na ceanglais is gá le haghaidh seirbhísí faisnéise tráchta bóthair agus loingseoireachta ar fud an Aontais, ionas go mbeidh na seirbhísí sin cruinn agus go mbeidh siad infhaighte thar theorainneacha ag úsáideoirí CCInna, ar bhonn an mhéid seo a leanas:

1.2.1.

sonraí bóthair agus tráchta cruinne atá ann cheana féin, lena n-áirítear sonraí fíor-ama, a úsáidtear le haghaidh faisnéise tráchta fíor-ama, a bheith infhaighte agus inrochtana ag soláthraithe seirbhísí CCInna agus ag páirtithe leasmhara eile, agus a bheith infhaighte agus inrochtana lena n-úsáid i léarscáileanna, gan dochar do shrianta a bhaineann leis an tsábháilteacht nó leis an mbainistíocht iompair;

1.2.2.

malartú leictreonach sonraí a éascú idir na húdaráis phoiblí ábhartha agus páirtithe leasmhara agus soláthraithe seirbhíse CCInna ábhartha, thar theorainneacha, lena n-áirítear aiseolas maidir le cáilíocht sonraí;

1.2.3.

na sonraí bóthair agus tráchta infhaighte a úsáidtear le haghaidh faisnéis tráchta fíor-ama a bheith á dtabhairt cothrom le dáta go tráthúil ag na húdaráis phoiblí agus na páirtithe leasmhara ábhartha;

1.2.4.

faisnéis tráchta fíor-ama cothrom le dáta a bheith á cur in iúl go tráthúil d’úsáideoirí bóithre agus do pháirtithe leasmhara eile ag soláthraithe seirbhíse CCInna.

1.3.

Sonraíochtaí maidir le seirbhísí soghluaisteachta digiteacha ilmhódacha ar fud an Aontais agus le haghaidh seirbhísí faisnéise tráchta bóthair agus loingseoireachta

1.3.1.

An sainmhíniú ar na ceanglais is gá maidir le sonraí bóithre agus tráchta (i.e. pleananna cúrsaíochta tráchta, rialacháin tráchta agus bealaí molta, go háirithe d’fheithiclí earraí troma) a bheith á mbailiú ag na húdaráis phoiblí ábhartha agus/nó ag an earnáil phríobháideach, i gcás inarb ábhartha, agus á gcur ar fáil do sholáthraithe seirbhíse CCInna iad, bunaithe ar an méid seo a leanas:

1.3.1.1.

sonraí bóithre agus tráchta atá ann cheana agus a bhailigh na húdaráis phoiblí ábhartha agus/nó an earnáil phríobháideach (i.e. pleananna cúrsaíochta tráchta, rialacháin tráchta agus bealaí molta) a bheith infhaighte agus inrochtana ag soláthraithe seirbhíse CCInna;

1.3.1.2.

malartú leictreonach sonraí a éascú idir na húdaráis phoiblí ábhartha agus soláthraithe seirbhíse CCInna agus páirtithe leasmhara eile;

1.3.1.3.

sonraí bóithre agus tráchta (i.e. pleananna cúrsaíochta tráchta, rialacháin tráchta agus bealaí molta) a bheith á dtabhairt cothrom le dáta go tráthúil ag na húdaráis phoiblí ábhartha agus/nó ag an earnáil phríobháideach, i gcás inarb ábhartha;

1.3.1.4.

seirbhísí agus feidhmchláir CCInna ina n-úsáidtear na sonraí bóithre agus tráchta sin a bheith á dtabhairt cothrom le dáta go tráthúil ag soláthraithe seirbhíse CCInna.

1.3.2.

An sainmhíniú ar na ceanglais is gá le haghaidh na sonraí maidir le bóithre agus trácht, agus na sonraí ábhartha maidir le taisteal agus bonneagar ilmhódach, a úsáidtear le haghaidh léarscáileanna digiteacha ionas go mbeidh na sonraí sin cruinn agus go mbeidh siad infhaighte ag táirgeoirí léarscáileanna digiteacha agus ag soláthraithe seirbhísí, i gcás inar féidir, ar bhonn an mhéid seo a leanas:

1.3.2.1.

na sonraí atá ann cheana maidir le bóithre agus trácht agus na sonraí ábhartha atá ann cheana maidir le taisteal agus le bonneagar ilmhódach, lena n-áirítear nóid rochtana sainaitheanta, a úsáidtear le haghaidh léarscáileanna digiteacha, a bheith infhaighte agus inrochtana ag táirgeoirí léarscáileanna digiteacha agus ag soláthraithe seirbhísí;

1.3.2.2.

malartú sonraí leictreonacha a éascú idir na húdaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara ábhartha agus táirgeoirí príobháideacha na léarscáileanna digiteacha agus soláthraithe seirbhíse;

1.3.2.3.

sonraí bóithre agus tráchta le haghaidh léarscáileanna digiteacha a bheith á dtabhairt cothrom le dáta go tráthúil ag na húdaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara ábhartha;

1.3.2.4.

na léarscáileanna digiteacha a bheith á dtabhairt cothrom le dáta go tráthúil ag táirgeoirí na léarscáileanna digiteacha agus ag na soláthraithe seirbhíse.

2.   Réimse tosaíochta II: Seirbhísí CCInna maidir le taisteal, iompar agus bainistíocht tráchta

Cuimseoidh na sonraíochtaí agus na caighdeáin le haghaidh seirbhísí CCInna maidir le taisteal, iompar agus bainistíocht tráchta an méid seo a leanas:

2.1.

Sonraíochtaí maidir le seirbhísí feabhsaithe um bainistíocht tráchta agus teagmhas

An sainmhíniú ar na ceanglais is gá chun tacú le seirbhísí feabhsaithe um bainistíocht tráchta agus teagmhas agus chun iad a chomhchuibhiú, ar bhonn an mhéid seo a leanas:

2.1.1.

sonraí bóthair agus tráchta cruinne atá ann cheana féin agus sonraí maidir le timpistí agus teagmhais is gá le haghaidh seirbhísí um bainistíocht tráchta agus teagmhas a bheith infhaighte agus inrochtana;

2.1.2.

malartú leictreonach sonraí a éascú, lena n-áirítear sonraí lastais atá ábhartha do bhainistiú tráchta agus teagmhas (mar shampla iompar earraí contúirteacha, srianta ar rochtain a bhaineann le hearraí, iompar rómhór), idir ionaid bainistithe tráchta, lárionaid faisnéise tráchta, geallsealbhóirí agus soláthraithe seirbhíse ábhartha CCInna, thar theorainneacha, go háirithe trí chomhéadain chaighdeánaithe;

2.1.3.

sonraí bóthair agus tráchta atá infhaighte agus sonraí maidir le timpistí agus teagmhais is gá le haghaidh seirbhísí um bainistíocht tráchta agus teagmhas a bheith á dtabhairt cothrom le dáta go tráthúil ag na páirtithe leasmhara ábhartha;

2.1.4.

sonraí agus sineirgíochtaí le tionscnaimh eile arb é is aidhm dóibh tacú le hilmhódúlacht, comhtháthú modhanna agus aistriú módach ar ghréasán iompair na hEorpa i dtreo na modhanna iompair is inbhuanaithe a éascú, trí chomhroinnt sonraí a chomhchuibhiú agus a éascú, a bheith infhaighte agus inrochtana (*1).

2.2.

Sonraíochtaí le haghaidh seirbhísí bainistíochta soghluaisteachta

An sainmhíniú ar na ceanglais is gá chun tacú leis na húdaráis iompair phoiblí seirbhísí bainistíochta soghluaisteachta cruinne a fhorbairt, bunaithe ar an méid seo a leanas:

2.2.1.

sonraí bóithre cruinne agus sonraí ilmhódacha taistil agus tráchta cruinne atá ann cheana féin agus is gá le haghaidh bainistíocht soghluaisteachta a bheith infhaighte agus inrochtana, i bhformáid chaighdeánaithe, ag na húdaráis phoiblí ábhartha, gan dochar do cheanglais cosanta sonraí;

2.2.2.

malartú sonraí leictreonacha a éascú idir na húdaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara ábhartha agus soláthraithe seirbhíse CCInna ábhartha, thar theorainneacha;

2.2.3.

sonraí bóithre agus sonraí ilmhódacha taistil agus tráchta infhaighte is gá le haghaidh bainistíocht soghluaisteachta a bheith á dtabhairt cothrom le dáta go tráthúil ag na húdaráis phoiblí agus na páirtithe leasmhara ábhartha.

2.3.

Creat an Aontais d’ailtireachta ITS

An sainmhíniú ar na bearta is gá chun ailtireacht chreata CCInna AE a fhorbairt, lena dtabharfar aghaidh go sonrach ar idir-inoibritheacht a bhaineann le CCInna, ar leanúnachas na seirbhísí agus ar ghnéithe il-mhódúlachta, sa chaoi go bhféadfaidh na Ballstáit agus a n-údaráis inniúla, i gcomhar leis an earnáil phríobháideach, a n-ailtireacht CCInna féin le haghaidh na soghluaisteachta a fhorbairt ar bhonn náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil laistigh den ailtireacht chreata chéanna.

2.4.

Feidhmchláir CCInna agus lóistíocht iompair lastais

An sainmhíniú ar na ceanglais is gá chun tacú le cur i bhfeidhm na bhfeidhmchlár CCInna le haghaidh lóistíocht iompair lastais, agus go háirithe rianú agus lorg an lastais agus seirbhísí léargais eile ar feadh a thurais agus thar na modhanna iompair éagsúla, bunaithe ar an méid seo a leanas:

2.4.1.

teicneolaíochtaí CCInna ábhartha a bheith ar fáil d’fhorbróirí feidhmchlár CCInna agus iad a bheith in úsáid acu;

2.4.2.

sonraí a bhaineann le lastas a bheith infhaighte agus rochtain orthu trí chreataí roinnte sonraí sonracha eile (*2)

2.4.3.

torthaí suiteála a chomhtháthú sna huirlisí agus sna lárionaid bhainistíochta tráchta.

3.   Réimse tosaíochta III: Seirbhísí CCInna maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus le slándáil

Cuimseoidh na sonraíochtaí agus na caighdeáin le haghaidh seirbhísí CCInna a bhaineann leis an tsábháilteacht bóithre agus leis an tslándáil an méid seo a leanas:

3.1.

Sonraíochtaí le haghaidh eCall idir-inoibrithe ar fud an Aontais

An sainmhíniú ar na bearta is gá chun córas eCall idir-inoibrithe a sholáthar ar bhonn comhchuibhithe ar fud an Aontais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

3.1.1.

na sonraí CCInna is gá laistigh den fheithicil agus a bheidh le malartú a bheith ar fáil;

3.1.2.

an trealamh is gá a bheith ar fáil sna hionaid freagartha glaonna éigeandála ina bhfaightear na sonraí a sheoltar ó na feithiclí;

3.1.3.

malartú sonraí leictreonacha idir na feithiclí agus na lárionaid freagartha glaonna éigeandála a éascú, lena n-áirítear idirghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann le sonraí faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2020/1056 agus le e-CMR (*3), mar shampla i gcás earraí contúirteacha.

3.2.

Sonraíochtaí le haghaidh seirbhísí faisnéise agus áirithinte i dtaca le hionaid pháirceála do thrucailí agus d’fheithiclí tráchtála atá slán sábháilte

An sainmhíniú ar na bearta is gá chun seirbhísí faisnéise agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, seirbhísí áirithinte bunaithe ar CCInna a sholáthar i dtaca le hionaid pháirceála shlána shábháilte do thrucailí agus d’fheithiclí tráchtála, go háirithe sna limistéir seirbhísí agus scíthe ar thaobh an bhóthair, bunaithe ar an méid seo a leanas:

3.2.1.

faisnéis faoi pháirceáil ar bhóithre a bheith infhaighte ag úsáideoirí;

3.2.2.

malartú leictreonach sonraí a éascú idir láithreacha agus áiteanna páirceála ar thaobh an bhóthair, lárionaid agus feithiclí;

3.2.3.

teicneolaíochtaí CCInna ábhartha a chomhtháthú sna feithiclí agus sna saoráidí páirceála ar thaobh an bhóthair araon chun an fhaisnéis faoi na spásanna páirceála atá ar fáil a thabhairt cothrom le dáta chun críoch áirithinte.

3.3.

Sonraíochtaí le haghaidh faisnéis íosta uilíoch tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre

An sainiú ar íoscheanglais maidir leis an ‘bhfaisnéis uilíoch tráchta’ a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a chuirtear ar fáil saor in aisce nuair is féidir do gach úsáideoir, chomh maith lena hinneachair íosta, bunaithe ar an méid seo a leanas:

3.3.1.

sonraí cruinne a bheith infhaighte agus inrochtana maidir le teagmhais agus dálaí a bhaineann le sábháilteacht agus ar gá iad le haghaidh seirbhísí faisnéise tráchta agus bainistíochta teagmhais a bhaineann le sábháilteacht;

3.3.2.

modhanna a chur chun úsáide nó a úsáid chun teagmhais agus dálaí a bhaineann leis an tsábháilteacht a bhrath nó a shainaithint;

3.3.3.

liosta caighdeánaithe de theagmhais tráchta a bhaineann le sábháilteacht (‘teachtaireachtaí uilíocha tráchta’) a shainaithint agus a úsáid, ar teagmhais iad ar cheart iad a chur in iúl d’úsáideoirí CCInna saor in aisce;

3.3.4.

‘teachtaireachtaí uilíocha tráchta’ a bheith comhoiriúnach do sheirbhísí CCInna agus iad a chomhtháthú sna seirbhísí sin i dtaca le faisnéis tráchta fíor-ama agus faisnéis taistil ilmhódach.

3.4.

Sonraíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí eile

3.4.1.

An sainmhíniú ar na bearta is gá chun tacú le sábháilteacht na n-úsáideoirí bóithre i dtaca leis an gComhéadan Duine le Meaisín atá acu san fheithicil agus le húsáid gairis fánaíochta lena n-áirítear fóin phóca, chun cuidiú le cúram na tiomána agus/nó le hoibríocht an iompair, mar aon le slándáil na cumarsáide laistigh den fheithicil nach bhfuil faoi raon feidhme Rialacháin (AE) Uimh. 167/2013 (*4), (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2018/858 (*5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

3.4.2.

An sainmhíniú ar na bearta is gá chun tacú le sábháilteacht agus compord na n-úsáideoirí soghonta bóithre i dtaca le gach feidhmchlár CCInna ábhartha nach bhfuil faoi raon feidhme Rialacháin (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2018/858.

3.4.3.

An sainmhíniú ar na bearta is gá chun córais ardleibhéil faisnéise tacaíochta tiomána a chomhtháthú i bhfeithiclí agus i mbonneagar bóthair nach bhfuil faoi raon feidhme Rialacháin, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2018/858.

3.4.4.

An sainmhíniú ar na bearta is gá chun malartú na faisnéise a éascú idir soláthraithe seirbhísí fheidhmchláir CCInna slándála, amhail seirbhísí tacaíochta chun feithiclí nó earraí goidte a athghabháil, agus na húdaráis phoiblí ábhartha, agus aird chuí á tabhairt ar chreataí eile atá ann nó atá ag teacht chun cinn, agus é d’aidhm acu roinnt na sonraí sa tsoghluaisteacht agus san iompar a éascú, creataí nach bhfuil faoi raon feidhme Rialacháin (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2018/858.

4.   Réimse tosaíochta IV: Seirbhísí CCInna le haghaidh soghluaisteacht chomhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe

Cuimseoidh na sonraíochtaí agus na caighdeáin chun feithiclí a nascadh leis an mbonneagar iompair, chun an fheasacht a mhéadú agus chun gur féidir seirbhísí soghluaisteachta ar ardleibhéal uathoibrithe a chur chun úsáide an méid seo a leanas, gan dochar do shonraíochtaí agus do chaighdeáin atá i Rialacháin (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2018/858:

4.1.

An sainmhíniú ar na bearta is gá chun forbairt agus cur chun feidhme córas cliste iompair comhoibritheach (feithicil go feithicil, feithicil go bonneagar, bonneagar go bonneagar) a chur chun cinn a thuilleadh, go háirithe chun tacú le CCAM, nasctha agus uathoibrithe, bunaithe ar an méid seo a leanas:

4.1.1.

malartú sonraí nó faisnéise idir feithiclí, idir bonneagair agus idir feithiclí agus bonneagair agus idir úsáideoirí bóthair eile agus feithiclí agus bonneagair a éascú;

4.1.2.

na sonraí nó an fhaisnéis ábhartha atá le malartú a bheith infhaighte ag na páirtithe ábhartha feithicle nó bonneagair bóthair;

4.1.3.

formáid teachtaireachtaí chaighdeánaithe a úsáid chun sonraí nó faisnéis a mhalartú idir an fheithicil agus an bonneagar;

4.1.4.

bonneagar cumarsáide atá cruinn agus iontaofa a shainiú chun sonraí nó faisnéis a mhalartú idir feithiclí, idir bonneagair, agus idir feithicil agus bonneagair;

4.1.5.

próisis chaighdeánaithe a úsáid chun na hailtireachtaí faoi seach a ghlacadh.

4.2.

Sonraíochtaí le haghaidh seirbhísí

4.2.1.

seirbhísí faisnéise agus rabhaidh C-CCInna bunaithe ar shonraí stádais lena gcuirtear le feasacht na n-úsáideoirí iompair ar staideanna tráchta atá rompu;

4.2.2.

seirbhísí faisnéise agus rabhaidh C-CCInna bunaithe ar bhreathnaithe lena gcuirtear le feasacht na n-úsáideoirí iompair, úsáideoirí gan nasc san áireamh, ar staideanna tráchta atá rompu;

4.2.3.

seirbhísí C-CCInna bunaithe ar bheartaithe lena gcuirtear ar a gcumas d’fheithiclí déileáil le staideanna tráchta casta agus lenar féidir tiomáint ar ardleibhéal uathoibrithe a chur chun feidhme;

4.2.4.

seirbhísí bonneagair C-CCInna chun tacú leis an tiomáint uathoibrithe.

4.3.

Sonraíochtaí le haghaidh an chórais bainistíochta dintiúr slándála C-CCInna an Aontais

4.3.1.

an beartas deimhnithe le haghaidh bhainistíocht na ndeimhnithe eochrach poiblí le haghaidh seirbhísí C-CCInna;

4.3.2.

róil an údaráis bheartais deimhnithe C-CCInna, an bhainisteora liosta iontaoibhe C-CCInna agus an phointe teagmhála C-CCInna a leagan síos;

4.3.3.

an beartas slándála le haghaidh bhainistíocht na slándála faisnéise in C-CCInna.


(*1)  Mar shampla Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33) agus an obair atá ar bun ag an bhFóram Digiteach Iompair agus Lóistíochta (DTLF).

(*2)  Mar shampla Rialachán (AE) 2020/1056.

(*3)  Prótacal breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar an gConradh maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) a bhaineann leis an nóta coinsíneachta leictreonach.

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

(*6)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).’


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN II

PRIONSABAIL MAIDIR LE SONRAÍOCHTAÍ AGUS CUR CHUN ÚSÁIDE ITS

(dá dtagraítear in Airteagail 5, 6, 7 agus 8)

Maidir le glacadh na sonraíochtaí, eisiúint na sainorduithe le haghaidh caighdeán, agus roghnú agus cur chun úsáide na bhfeidhmchlár agus na seirbhísí CCInna, beidh an méid sin uile bunaithe ar mheastóireacht riachtanas a mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha uile rannpháirteach inti, agus comhlíonfaidh sé na prionsabail seo a leanas. Na bearta sin:

(a)

beidh siad éifeachtach

beidh siad ina rannchuidiú nithiúil le réiteach a fháil ar na príomh-dhúshláin atá roimh an iompar de bhóthar san Eoraip (mar shampla brú tráchta a laghdú, aghaidh a thabhairt ar staideanna éigeandála agus feiniméin aimsire, astaíochtaí a ísliú, an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, ardleibhéil sábháilteachta agus slándála a bhaint amach agus úsáideoirí soghonta bóithre san áireamh freisin);

(b)

beidh siad cost-éifeachtúil

bainfidh siad an leas is fearr as an gcoibhéis costas maidir le haschur i ndáil le cuspóirí a bhaint amach;

(c)

beidh siad comhréireach

déanfaidh siad foráil, i gcás inarb iomchuí, maidir le leibhéil éagsúla ó thaobh na cáilíochta seirbhísí agus an imscartha is féidir a bhaint amach, agus na sainiúlachtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha á gcur san áireamh;

(d)

tacóidh siad le leanúnachas na seirbhísí

áiritheofar leo seirbhísí mín réidh ar fud an Aontais, go háirithe ar an ngréasán tras-Eorpach, agus i gcás inar féidir, ar a theorainneacha seachtracha, nuair a dhéantar seirbhísí CCInna a chur chun úsáide. Ba cheart leanúnachas na seirbhísí a áirithiú ar leibhéal atá in oiriúint do shaintréithe na ngréasán iompair lena nasctar tíortha le tíortha eile, agus, i gcás inarb iomchuí, lena nasctar réigiúin le réigiúin eile agus cathracha le ceantair thuaithe;

(e)

cuirfidh siad an idir-inoibritheacht i gcrích

áiritheofar leo go bhfuil sé d’acmhainn ag na córais, na feidhmchláir, na seirbhísí agus ag na bunphróisis ghnó sonraí a mhalartú agus faisnéis agus eolas a roinnt i bhformáid chaighdeánaithe chun gur féidir seirbhís CCInna éifeachtach a sholáthar;

(f)

riarfaidh siad an chomhoiriúnacht shiarghabhálach

áiritheofar leo, i gcás mbeidh údar maith leis, acmhainn na gcóras CCInna a bheith ag obair le córais atá ann cheana agus a bhfuil comhchuspóir acu, gan bac a chur ar fhorbairt teicneolaíochtaí nua, agus a bheith ag riaradh san am céanna, i gcás inarb ábhartha, an chomhlántacht le teicneolaíochtaí nua nó an t-aistriú chuig na teicneolaíochtaí sin;

(g)

urramóidh siad saintréithe an bhonneagair agus an ghréasáin náisiúnta atá ann cheana

cuirfidh siad san áireamh na difríochtaí bunúsacha i saintréithe na ngréasán iompair, go háirithe maidir le méid an tráchta agus na dálaí aimsire ar an mbóthar agus sainiúlachtaí na mbonneagar;

(h)

cuirfidh siad an comhionannas rochtana chun cinn

ní chuirfear bac ar rochtain na n-úsáideoirí soghonta bóithre ar fheidhmchláir agus seirbhísí CCInna agus ní dhéanfar idirdhealú in aghaidh na rochtana sin. I gcás inarb ábhartha, beidh siad inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 nuair a bhíonn sé i gceist leis na feidhmchláir agus na seirbhísí CCInna comhéadan a dhéanamh nó faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí CCInna faoi mhíchumas; beidh siad soláimhsithe i leith daoine a bhfuil eolas digiteach teoranta acu;

(i)

tacóidh siad leis an aibíocht

léireofar leo, tar éis an measúnú riosca iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear i gcár inarb iomchuí tástálacha faoi dhálaí fíorshaoil, ar mhonaróirí feithiclí agus feistí agus soláthróirí bonneagair, stóinseacht na gcóras nuálach CCInna, trí leibhéal leormhaith forbartha teicniúla agus saothraithe oibríochtúil;

(j)

cuirfidh siad cáilíocht uainiúcháin agus suiteála i gcrích

áiritheoidh siad comhoiriúnacht na bhfeidhmchlár agus na seirbhísí CCInna, a mbíonn uainiúchán nó suiteáil ag teastáil uathu, ar a laghad leis na seirbhísí loingseoireachta a chuirtear ar fáil ag córais Galileo, lena n-áireofar Fíordheimhniú Teachtaireachta Loingseoireachta sa tSeirbhís Oscailte agus seirbhísí eile Galileo mar shampla an tSeirbhís Ardchruinnis, nuair a bheidh an tseirbhís sin ar fáil, agus Bhreis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (‘EGNOS’).

I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh siad go mbainfidh feidhmchláir agus seirbhísí CCInna a bhraitheann ar shonraí fhaire na cruinne úsáid as sonraí, faisnéis nó seirbhísí Copernicus. Féadfar sonraí agus seirbhísí eile a úsáid sa bhreis ar shonraí Copernicus;

(k)

éascóidh siad an idir-mhódúlacht

cuirfear comhordú na modhanna éagsúla iompair san áireamh, i gcás inarb iomchuí, nuair a imscartar CCInna;

(l)

urramóidh siad an comhleanúnachas

cuirfidh siad san áireamh na rialacha, beartais agus gníomhaíochtaí atá ag an Aontas cheana agus a bhaineann le réimse CCInna, go háirithe i réimse an chaighdeánaithe agus, maidir le sonraíochtaí, prionsabal na neodrachta teicneolaíche mar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/1972 é;

(m)

cuirfidh siad an trédhearcacht agus an iontaoibh i gcrích

trédhearcacht a léiriú, mar shampla trí thrédhearcacht an rangaithe a áirithiú, lena n-áirítear maidir le héifeachtaí comhshaoil, nuair a mholtar roghanna soghluaisteachta do na custaiméirí.


IARSCRÍBHINN III

‘IARSCRÍBHINN III

Liosta na gcineál sonraí

An cineál sonraí

Cumhdach geografach

Dáta dá dtagraítear in Airteagal 6a(1), dara fomhír

Dáta dá dtagraítear in Airteagal 6a(1), an tríú fomhír

1.

Sonraí a bhaineann le soláthar faisnéise faoi thrácht ar bhóithre agus seirbhísí loingseoireachta ar fud an Aontais (dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Réimse Tosaíochta I, míreanna 1.2, 1.3):

1.1.

Catagóir: Rialacháin tráchta statacha agus dinimiciúla, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear:

Fochatagóir:

coinníollacha rochtana le haghaidh tollán

coinníollacha rochtana le haghaidh droichead

teorainneacha luais

toirmisc ar scoitheadh le haghaidh feithiclí

srianta meáchain/fad/leithid/airde

An croíghréasán bóithre tras-Eorpach

an 31 Nollaig 2025

an 31 Nollaig 2027

Gréasán tras-Eorpach cuimsitheach na mbóithre, mótarbhealaí eile agus codanna de phríomhbhóithre, a bhfuil meántrácht laethúil iomlán bliantúil acu ar mó é ná 8 500 feithicil, agus gach bóthar sna cathracha i lár gach Nód Uirbeach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus a liostaítear sa Rialachán sin, lena n-áirítear na bóithre sin a riarann na cathracha. Féadfaidh an Ballstát rogha a dhéanamh an cumhdach i gcathracha i lár na Nód Uirbeach a theorannú do shráideanna a bhfuil meántrácht laethúil bliantúil acu ar mó é ná 7 000 feithicil. Tabharfaidh an Ballstát a dhéanfaidh an cinneadh sin fógra don Choimisiún faoi sin faoin 31 Nollaig 2026

an 31 Nollaig 2026

an 31 Nollaig 2028

Fochatagóir:

sráideanna aontreo

Bonneagar bóithre sna cathracha i lár gach Nód Uirbeach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013

an 31 Nollaig 2025

an 31 Nollaig 2027

Fochatagóir:

rialacháin maidir le seachadadh lastais

Bonneagar bóithre sna cathracha i lár gach Nód Uirbeach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013

an 31 Nollaig 2026

Gníomhartha tarmligthe atá le glacadh de bhun Airteagal 7(1a), pointí (a), (b) agus (c).

Fochatagóir:

treo an taistil ar lánaí iniompaithe

Croíghréasán tras-Eorpach cuimsitheach na mbóithre, mótarbhealaí eile agus codanna de phríomhbhóithre, a bhfuil meántrácht laethúil iomlán bliantúil acu ar mó é ná 8 500 feithicil, agus gach bóthar sna cathracha i lár gach Nód Uirbeach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus a liostaítear sa Rialachán sin, lena n-áirítear na bóithre sin a riarann na cathracha. Féadfaidh an Ballstát rogha a dhéanamh an cumhdach i gcathracha i lár na Nód Uirbeach a theorannú do shráideanna a bhfuil meántrácht laethúil bliantúil acu ar mó é ná 7 000 feithicil. Tabharfaidh an Ballstát a dhéanfaidh an cinneadh sin fógra don Choimisiún faoi sin faoin 31 Nollaig 2026

an 31 Nollaig 2026

Gníomhartha tarmligthe atá le glacadh de bhun Airteagal 7(1a), pointí (a), (b) agus(c)

Fochatagóir:

pleananna cúrsaíochta tráchta

Croíghréasán tras-Eorpach cuimsitheach na mbóithre, mótarbhealaí eile agus codanna de phríomhbhóithre, a bhfuil meántrácht laethúil iomlán bliantúil acu ar mó é ná 8 500 feithicil, agus gach bóthar sna cathracha i lár gach Nód Uirbeach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus a liostaítear sa Rialachán sin, lena n-áirítear na bóithre sin a riarann na cathracha. Féadfaidh an Ballstát rogha a dhéanamh an cumhdach i gcathracha i lár na Nód Uirbeach a theorannú do shráideanna a bhfuil meántrácht laethúil bliantúil acu ar mó é ná 7 000 feithicil. Tabharfaidh an Ballstát a dhéanfaidh an cinneadh sin fógra don Choimisiún faoi sin faoin 31 Nollaig 2028

an 31 Nollaig 2028

Gníomhartha tarmligthe atá le glacadh de bhun Airteagal 7(1a), pointí (a), (b) agus (c)

Fochatagóir:

srianta buana ar rochtain

Croíghréasán tras-Eorpach cuimsitheach na mbóithre, mótarbhealaí eile agus codanna de phríomhbhóithre, a bhfuil meántrácht laethúil iomlán bliantúil acu ar mó é ná 8 500 feithicil, agus gach bóthar sna cathracha i lár gach Nód Uirbeach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus a liostaítear sa Rialachán sin, lena n-áirítear na bóithre sin a riarann na cathracha. Féadfaidh an Ballstát rogha a dhéanamh an cumhdach i gcathracha i lár na Nód Uirbeach a theorannú do shráideanna a bhfuil meántrácht laethúil bliantúil acu ar mó é ná 7 000 feithicil. Tabharfaidh an Ballstát a dhéanfaidh an cinneadh sin fógra don Choimisiún faoi sin faoin 31 Nollaig 2026

an 31 Nollaig 2026

Gníomhartha tarmligthe atá le glacadh de bhun Airteagal 7(1a), pointí (a), (b) agus (c)

Fochatagóir:

teorainneacha srianta, toirmeasc nó oibleagáidí le bailíocht chriosach, stádas rochtana reatha agus coinníollacha le haghaidh cúrsaíochta i gcriosanna tráchta rialáilte

Croíghréasán tras-Eorpach cuimsitheach na mbóithre, mótarbhealaí eile agus codanna de phríomhbhóithre, a bhfuil meántrácht laethúil iomlán bliantúil acu ar mó é ná 8 500 feithicil, agus gach bóthar sna cathracha i lár gach Nód Uirbeach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus a liostaítear sa Rialachán sin, lena n-áirítear na bóithre sin a riarann na cathracha. Féadfaidh an Ballstát rogha a dhéanamh an cumhdach i gcathracha i lár na Nód Uirbeach a theorannú do shráideanna a bhfuil meántrácht laethúil bliantúil acu ar mó é ná 7 000 feithicil. Tabharfaidh an Ballstát a dhéanfaidh an cinneadh sin fógra don Choimisiún faoi sin faoin 31 Nollaig 2026

an 31 Nollaig 2026

Gníomhartha tarmligthe atá le glacadh de bhun Airteagal 7(1a), pointí (a), (b) agus (c).

1.2.

Cineálacha eile sonraí maidir le staid an ghréasáin:

Fochatagóir:

dúnadh bóithre

dúnadh lánaí

oibreacha bóthair

Croíghréasán tras-Eorpach na mbóithre

an 31 Nollaig 2025

Neamhbhainteach (nóta 1)

Gréasán tras-Eorpach cuimsitheach na mbóithre

an 31 Nollaig 2026

Neamhbhainteach (nóta 1)

Fochatagóir:

bearta bainistíochta tráchta sealadacha

Croíghréasán tras-Eorpach cuimsitheach na mbóithre

an 31 Nollaig 2028

Neamhbhainteach (nóta 1)

2.

Sonraí a bhaineann le seirbhísí faisnéise agus áirithinte le haghaidh áiteanna páirceála sábháilte agus slána do thrucailí agus d’fheithiclí tráchtála (dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Réimse Tosaíochta III, mír 3.2):

Catagóir: sonraí statacha

Fochatagóir:

sonraí statacha maidir leis na limistéir pháirceála

faisnéis maidir le sábháilteacht agus trealamh an limistéir páirceála

Croíghréasán tras-Eorpach na mbóithre

an 31 Nollaig 2025

an 31 Nollaig 2026

Gréasán tras-Eorpach cuimsitheach na mbóithre

an 31 Nollaig 2026

an 31 Nollaig 2027

Catagóir: sonraí dinimiciúla

Fochatagóir:

sonraí dinimiciúla maidir le hinfhaighteacht áiteanna páirceála, lena n-áirítear sonraí faoi ionad páirceála a bheith lán, dúnta, nó faoi líon na n-áiteanna saora atá ar fáil.

Croíghréasán tras-Eorpach cuimsitheach na mbóithre

an 31 Nollaig 2027

Neamhbhainteach (nóta 1)

3.

Sonraí maidir le teagmhais nó dálaí a braitheadh a bhaineann le faisnéis íosta uilíoch tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Réimse Tosaíochta III, mír 3.3):

Catagóir: sonraí dinimiciúla

Fochatagóir:

bóthar atá sleamhain go sealadach

ainmhithe, daoine, constaicí, nó smionagar ar an mbóthar

limistéar timpiste gan chosaint

oibreacha bóthair gearrthéarmacha

tiománaí ar threo contráilte

bóthar blocáilte gan bhainistíocht

Croíghréasán tras-Eorpach cuimsitheach na mbóithre agus na mótarbhealaí nach bhfuil sa ghréasán sin

an 31 Nollaig 2025

Neamhbhainteach (nóta 1)

Fochatagóir:

léargas íseal

dálaí aimsire eisceachtúla

Croíghréasán tras-Eorpach cuimsitheach na mbóithre agus na mótarbhealaí nach bhfuil sa ghréasán sin

an 31 Nollaig 2026

Neamhbhainteach (nóta 1)

4.

Sonraí maidir le trácht statach ilmhódach le haghaidh seirbhísí faisnéise taistil ilmhódaigh ar fud an Aontais (dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Réimse Tosaíochta I, mír 1.1 agus mír 1.3):

Catagóir

Suíomh na nód rochtana sainaitheanta le haghaidh gach modha sceidealaithe, lena n-áirítear faisnéis faoi inrochtaineacht na nód rochtana agus na gconairí laistigh de phointe aistrithe (amhail ardaitheoirí nó staighrí beo a bheith ann)

Nóid uirbeacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus a liostaítear sa Rialachán sin, lena n-áirítear na bóithre sin a riarann na cathracha

an 31 Nollaig 2026

Gníomhartha tarmligthe atá le glacadh de bhun Airteagal 7(1a), pointí (a), (b) agus (c)

Gréasán iompair iomlán an Aontais

an 31 Nollaig 2028

Gníomhartha tarmligthe atá le glacadh de bhun Airteagal 7(1a), pointí (a), (b) agus (c)

NÓTA 1:

‘Neamhbhainteach: gan aon oibleagáid a bheith ann na sonraí arna gcruthú nó arna dtabhairt cothrom le dáta roimh an dáta a leagtar amach sa tríú colún den Iarscríbhinn seo a chur ar fáil de bhun Airteagal 6a(1).’.

(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN IV

‘IARSCRÍBHINN IV

Liosta na seirbhísí ITS

Conradh

Cumhdach geografach

Dáta

Seirbhís faisnéise íosta uilíche tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (SRTI) dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, réimse tosaíochta III, mír 3.3

Croíghréasán tras-Eorpach cuimsitheach na mbóithre

an 31 Nollaig 2026

‘.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2661/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top