Tämä asiakirja on ote EUR-Lex-verkkosivustolta
Asiakirja 32023L0544
Commission Delegated Directive (EU) 2023/544 of 16 December 2022 amending Directive 2000/53/EC of the European Parliament and of the Council as regards the exemptions for the use of lead in aluminium alloys for machining purposes, in copper alloys and in certain batteries (Text with EEA relevance)
Treoir Tarmligthe (AE) 2023/544 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na díolúintí maidir le húsáid luaidhe i gcóimhiotail alúmanaim chun críoch meaisínithe, i gcóimhiotail chopair agus i gceallraí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir Tarmligthe (AE) 2023/544 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na díolúintí maidir le húsáid luaidhe i gcóimhiotail alúmanaim chun críoch meaisínithe, i gcóimhiotail chopair agus i gceallraí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/9214
IO L 73, 10.3.2023, s. 5–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Voimassa
|
10.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 73/5 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2023/544 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Nollaig 2022
lena leasaítear Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na díolúintí maidir le húsáid luaidhe i gcóimhiotail alúmanaim chun críoch meaisínithe, i gcóimhiotail chopair agus i gceallraí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (1), agus go háirithe Airteagal 4(2), pointe (b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 4(2), pointe (a), de Threoir 2000/53/CE, tá na Ballstáit le háirithiú nach mbeidh luaidhe, mearcair, caidmiam ná cróimiam heicsifhiúsach in ábhair agus i gcomhpháirteanna feithiclí a chuirtear ar an margadh tar éis an 1 Iúil 2003. |
|
(2) |
Liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE ábhair agus comhpháirteanna feithicle atá díolmhaithe ón toirmeasc de bhun Airteagal 4(2), pointe (a) de. |
|
(3) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an díolúine a leagtar amach in iontráil 2(c)(i) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE maidir le cóimhiotail alúmanaim chun críoch meaisínithe i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Mar thoradh ar an measúnú sin thángthas ar an gconclúid go bhfuil roghanna malartacha oiriúnacha ar fáil, ach go bhfuil idirthréimhse ag teastáil chun úsáid luaidhe sna hábhair agus sna comhpháirteanna go léir a chumhdaítear leis an díolúine sin a ionadú. D’fhéadfaí úsáid luaidhe sna hábhair agus sna comhpháirteanna lena mbaineann, lena n-áirítear luaidhe in alúmanam buailte, a chéimniú amach faoi dheireadh 2027. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le dáta éaga don díolúine sin. |
|
(4) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an díolúine a leagtar amach in iontráil 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE maidir le cóimhiotail chopair i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Mar thoradh ar an measúnú sin thángthas ar an gconclúid nach bhfuil roghanna oiriúnacha ar fáil de mhalairt ar úsáid luaidhe sna hábhair agus sna comhpháirteanna go léir a chumhdaítear leis an díolúine sin. Agus an dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt na n-ionadach ar luaidhe sna hábhair agus sna comhpháirteanna lena mbaineann á chur san áireamh, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dáta athbhreithnithe nua don díolúine sin. |
|
(5) |
Maidir leis an díolúine a leagtar amach in iontráil 5(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE i dtaca le luaidhe i gceallraí le haghaidh feidhmeanna ceallraí nach n-áirítear in iontráil 5(a) den Iarscríbhinn sin, a bhaineann le ceallraí i gcórais ardvoltais, rinne an Coimisiún measúnú ar an díolúine sin i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Ba é conclúid an mheasúnaithe sin gur féidir úsáid luaidhe i gceallraí le haghaidh feidhmeanna ceallraí nach n-áirítear in iontráil 5(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE a sheachaint i gcás roinnt feidhmeanna ach ní i gcás ceallraí a úsáidtear i bhfeidhmeanna 12 V. Chun creat rialála comhsheasmhach a chur i bhfeidhm maidir le ceallraí, lena n-áirítear iad siúd nach dtagann faoin díolúine a leagtar amach in iontráil 5(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE agus nach n-úsáidtear i bhfeidhmeanna 12 V, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dhá iontráil ar leith 5(b)(i) agus 5(b)(ii) in ionad iontráil amháin 5(b). |
|
(6) |
Ba cheart díolúine a sholáthar in iontráil 5(b)(i) maidir le luaidhe a úsáid i gceallraí a úsáidtear i bhfeidhmeanna 12 V agus maidir le luaidhe a úsáid i gceallraí a úsáidtear i bhfeidhmeanna 24 V i bhfeithiclí sainchuspóireacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Agus an dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt na n-ionadach ar luaidhe sna ceallraí lena mbaineann á chur san áireamh, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dáta athbhreithnithe do na díolúintí sin. |
|
(7) |
Ba cheart foráil a dhéanamh in iontráil 5(b)(ii) maidir le díolúine i dtaca le luaidhe a úsáid i gceallraí le haghaidh feidhmeanna ceallraí eile nach n-áirítear in iontráil 5(a) ná in iontráil 5(b)(i) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE. Ba é conclúid an mheasúnaithe gur féidir ceallraí luaidhe-bhunaithe le haghaidh na bhfeidhmeanna sin a sheachaint i bhfianaise an dul chun cinn a rinneadh maidir le forbairt ionadach ar úsáid luaidhe i gceallraí a úsáidtear i bhfeidhmeanna den sórt sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le dáta éaga le haghaidh na díolúine sin lena gceadaítear deireadh a chur de réir a chéile le húsáid luaidhe sna ceallraí lena mbaineann. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2000/53/CE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE.
Airteagal 2
1. Na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Meitheamh 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 269, 21.10.2000, lch. 34.
(2) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN II
Ábhair agus comhpháirteanna atá díolmhaithe ó Airteagal 4(2), pointe (a)
Glacfar le huasluach tiúchana substaintí suas le 0,1 % de réir meáchain in ábhar aonchineálach i gcomhair luaidhe, cróimiam heicsifhiúsach agus mearcair agus suas le 0,01 % de réir meáchain in ábhar aonchineálach le haghaidh caidmiam.
Maidir le páirteanna spártha a chuirtear ar an margadh tar éis an 1 Iúil 2003 agus a úsáidtear le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2003, cé is moite d’eirí cothromaíochta le haghaidh rothaí, scuaba carbóin do mhótair leictreacha agus líneálacha coscáin, díolmhófar iad ó Airteagal 4(2), pointe (a), de Threoir 2000/53/CE.
|
Ábhair agus comhpháirteanna |
Raon feidhme agus dáta éaga na díolúine |
Le lipéadú nó le déanamh in-sainaitheanta i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b)(iv) |
||||||||
|
Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe |
||||||||||
|
|
|
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
|
||||||||
|
Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2005 |
|
||||||||
|
Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2008 |
|
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2028 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
|
||||||||
|
|
|||||||||
|
|
|||||||||
|
Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2008 |
|
||||||||
|
Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2011 |
|
||||||||
|
Luaidhe agus comhdhúile luaidhe i gcomhpháirteanna |
||||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2019 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X |
||||||||
|
X |
|||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2024 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X |
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X |
||||||||
|
Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2005 |
|
||||||||
|
Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2006 |
|
||||||||
|
Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2009 |
|
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X (5) |
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2011 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X (5) |
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2013 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X (5) |
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2015 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X (5) |
||||||||
|
X (5) |
|||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2017 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X (5) |
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2024 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X (5) |
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Deireadh Fómhair 2022 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X (5) |
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh ón 1 Deireadh Fómhair 2022 ar aghaidh agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X (5) |
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X (5) |
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X (5) |
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2020 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X (5) |
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2024 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X (5) |
||||||||
|
Mar páirteanna spártha i gcomhair na gcineálacha innill a forbraíodh roimh 1 Iúil 2003 |
|
||||||||
|
|
X (6) (le haghaidh comhpháirteanna seachas piezo in innill) |
||||||||
|
|
|
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
|
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2017 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
|
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Iúil 2006 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
|
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2019 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X |
||||||||
|
Cróimiam heicsifhiúsach |
||||||||||
|
Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2007 |
|
||||||||
|
Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2008 |
|
||||||||
Cróimiam heicsifhiúsach mar oibreán frithchreimthe de chuid an chórais fuaraithe cruach carbóin i gcuisneoirí ionsúcháin suas le 0,75 % de réir meáchain sa tuaslagán fuaraithe:
|
I gcás (a): Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2020 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin I gcás (b): Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2026 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X |
||||||||
|
Mearcair |
||||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Iúil 2012 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X |
||||||||
|
Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Iúil 2012 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin |
X |
||||||||
|
Caidmiam |
||||||||||
|
Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 31 Nollaig 2008 |
|
||||||||
|
Nótaí a ghabhann leis an tábla: |
||||||||||
(1) Déanfar athbhreithniú ar an díolúine sin in 2024.
(2) Tá feidhm aige maidir le cóimhiotail alúmanaim nach dtugtar luaidhe isteach iontu d’aon ghnó, ach a bhfuil cóimhiotail alúmanaim iontu mar gheall ar úsáid alúmanaim athchúrsáilte.
(3) Déanfar athbhreithniú ar an díolúine sin in 2025.
(4) Córais ag a bhfuil voltas > 75 V DC dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).
(5) Díchóimeáil más rud é, i gcomhghaol le hiontráil 10(a), go sáraítear meántairseach 60 gram in aghaidh na feithicle. Chun críocha an nóta seo, ní chuirfear san áireamh feistí leictreonacha nach bhfuil suiteáilte ag an monaróir ar an líne tháirgthe.
(6) Díchóimeáil más rud é, i gcomhghaol le hiontrálacha 8(a) go 8(k), go sáraítear meántairseach 60 gram in aghaidh na feithicle. Chun críocha an nóta seo, ní chuirfear san áireamh feistí leictreonacha nach bhfuil suiteáilte ag an monaróir ar an líne tháirgthe.
(7) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).