Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023H0397

    Moladh (AE) 2023/397 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2023 maidir le tuarascálacha meiteashonraí tagartha agus cáilíochta don Chóras Staidrimh Eorpach, lena n-ionadaítear Moladh 2009/498/CE maidir le meiteashonraí tagartha don Chóras Staidrimh Eorpach

    C/2023/1024

    IO L 53, 21.2.2023, p. 104–105 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/397/oj

    21.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 53/104


    MOLADH (AE) 2023/397 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Feabhra 2023

    maidir le tuarascálacha meiteashonraí tagartha agus cáilíochta don Chóras Staidrimh Eorpach, lena n-ionadaítear Moladh 2009/498/CE maidir le meiteashonraí tagartha don Chóras Staidrimh Eorpach

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh (1), ar cód é atá ceaptha d’údaráis staidrimh náisiúnta agus údaráis staidrimh an Aontais, leagtar amach na prionsabail agus na táscairí a bhaineann leis an timpeallacht institiúideach, leis na próisis staidrimh agus leis an aschur staidrimh.

    (2)

    Le Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, tugtar aghaidh ar inrochtaineacht agus ar shoiléireacht an staidrimh Eorpaigh agus deirtear gur cheart na meiteashonraí a ghabhann leis a dhoiciméadú trí úsáid a bhaint as córas caighdeánaithe meiteashonraí.

    (3)

    Leis an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta (2) leagtar amach príomhphrionsabail maidir le hidir-inoibritheacht san Aontas.

    (4)

    Is cuid dhílis de chóras meiteashonraí gach údaráis staidrimh iad na tuarascálacha meiteashonraí tagartha agus cáilíochta.

    (5)

    Áirítear ceanglais tuairiscithe ar mheiteashonraí tagartha agus cáilíochta i rialacháin de chuid an Aontais a bhfuil feidhm acu maidir le réimsí staidrimh éagsúla.

    (6)

    Trí Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh a ghlacadh, tá gealltanas tugtha ag údaráis staidrimh náisiúnta agus ag údaráis staidrimh an Aontais staidreamh ardcháilíochta a sholáthar, rud a éilíonn tuairisciú níos trédhearcaí agus níos comhchuibhithe ar cháilíocht sonraí.

    (7)

    Is féidir gnóthachain éifeachtúlachta shuntasacha agus laghdú ualaigh suntasach a bhaint amach trí thuarascálacha meiteashonraí tagartha agus cáilíochta a sholáthar ar bhonn liosta comhchuibhithe coincheap staidrimh sa Chóras Staidrimh Eorpach, agus san am céanna trí ligean d’údaráis staidrimh náisiúnta agus d’údaráis staidrimh an Aontais níos mó coincheap staidrimh a chur isteach i réimsí staidrimh áirithe, más gá.

    (8)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le Staidreamh Eorpach soláthraítear creat tagartha don Mholadh seo.

    (9)

    Le Moladh 2009/498/CE ón gCoimisiún (4) leagtar síos an bhunchloch le haghaidh caighdeánú meiteashonraí i staidreamh Eorpach, ach ní chumhdaítear leis ina iomláine coincheapa maidir le tuairisciú cáilíochta.

    (10)

    Déanann an Coimisiún (Eurostat) nuashonrú ar an leagan den Struchtúr Meiteashonraí Comhtháite Aonair a chomhordú agus a chothabháil agus tacaíonn sé leis na Ballstáit leaganacha nuashonraithe a chur chun feidhme agus a áirithiú go nglacfar leo.

    (11)

    Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) agus do na Ballstáit comhoibriú chun an Moladh seo a chur chun feidhme agus chun a thionchar a mheasúnú.

    (12)

    Cuirtear an Moladh seo in ionad Mholadh 2009/498/CE.

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    1.

    Iarrtar ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh a n-údaráis staidrimh náisiúnta na coincheapa staidrimh i bhfeidhm, ar coincheapa iad a liostaítear sa leagan is déanaí den Struchtúr Meiteashonraí Comhtháite Aonair (SIMS) (5) agus arna bhformheas ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, agus tuarascálacha meiteashonraí tagartha agus cáilíochta á dtiomsú sna réimsí staidrimh éagsúla acu, agus tuarascálacha meiteashonraí tagartha agus cáilíochta á malartú acu sa Chóras Staidrimh Eorpach.

    2.

    Is faoi gach Ballstát ar leith atá sé na nósanna imeachta agus na cleachtais is fearr a roghnú chun cur chun feidhme an Mholta seo a áirithiú. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit lánúsáid a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil, go háirithe sa Chóras Staidrimh Eorpach.

    3.

    Iarrtar ar na húdaráis staidrimh náisiúnta an Coimisiún (Eurostat) a chur ar an eolas faoin 1 Eanáir 2024 agus go rialta ina dhiaidh sin faoi na bearta atá déanta chun na coincheapa a liostaítear sa Struchtúr Meiteashonraí Comhtháite Aonair a chur i bhfeidhm, agus faoi mhéid chur chun feidhme na gcoincheap sin.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Paolo GENTILONI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  https://ec.europa.eu/eurostat/web/quality/european-quality-standards/european-statistics-code-of-practice

    (2)  COM/2017/0134

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE ón gComhairle, Euratom lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

    (4)  Mholadh 2009/498/CE, an 23 Meitheamh 2009 ón gCoimisiún maidir le meiteashonraí tagartha don Chóras Staidrimh Eorpaigh (IO L 168, 30.6.2009, lch. 50).

    (5)  https://ec.europa.eu/eurostat/web/quality/quality-monitoring/quality-reporting


    Top