Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2881

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2881 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2023 lena mbunaítear an Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach um an Eagar Ísealmhinicíochta (LOFAR ERIC) (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 8904)

    C/2023/8904

    IO L, 2023/2881, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2881/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2881/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2881

    22.12.2023

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2881 ÓN gCOIMISIÚN

    an 20 Nollaig 2023

    lena mbunaítear an Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach um an Eagar Ísealmhinicíochta (LOFAR ERIC)

    (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 8904)

    (Is iad na téacsanna Bulgáirise, Ollainnise, Béarla, Gearmáinise, Gaeilge, Iodáilise agus Polainnise amháin atá barántúil)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail i dtaca le Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) (1), agus go háirithe Airteagal 6(1), pointe (a) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chuir an Bhulgáir, an Ghearmáin, Éire, an Iodáil, an Ísiltír agus an Pholainn iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 chun LOFAR ERIC a bhunú (‘an t-iarratas’).

    (2)

    Chomhaontaigh na hiarratasóirí gurbh í an Ísiltír Ballstát óstach LOFAR ERIC.

    (3)

    Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a chorprú sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) le Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE (2).

    (4)

    Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, agus chinn sé go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin. Le linn an mheasúnaithe, fuair an Coimisiún tuairimí ó shaineolaithe neamhspleácha i réimse thionchair na réalteolaíochta gáma-gha, na réaltfhisice, na fisice cáithníní, na fisice plasma agus na fisice bunúsaí.

    (5)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bunú le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Bunaítear an Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach um an Eagar Ísealmhinicíochta (LOFAR ERIC).

    2.   Leagtar amach san Iarscríbhinn gnéithe fíor-riachtanacha Reachtanna LOFAR ERIC dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009.

    Airteagal 2

    Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Bulgáire, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éirinn, Poblacht na hIodáile, Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht na Polainne.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Nollaig 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Iliana IVANOVA

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 206, 8.8.2009, lch. 1 (arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1261/2013, IO L 326, 6.12.2013, lch. 1.)

    (2)  Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2015 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2016/755] (IO L 129, 19.5.2016, lch. 85).


    IARSCRÍBHINN

    GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA DE REACHTANNA LOFAR ERIC

    1.   Foirm dhlíthiúil agus ainm

    (Airteagal 1 de Reachtanna LOFAR-ERIC)

    Bunófar Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach. Beidh foirm dhlíthiúil de Chuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) ag an gCuibhreannas arna chorprú faoi fhoráil Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1261/2013 (dá ngairtear ‘Rialachán ERIC’ anseo feasta) agus ainmneofar ‘LOFAR ERIC’ é.

    2.   Oifig chláraithe

    (Airteagal 2 de Reachtanna LOFAR ERIC)

    Beidh oifig chláraithe LOFAR ERIC in Dwingeloo, an Ísiltír; dá ngairtear ‘Stát Óstach’ anseo feasta.

    3.   Cúraimí agus gníomhaíochtaí

    (Airteagal 3 de Reachtanna LOFAR ERIC)

    1.

    Is é a bheidh i bpríomhchúram LOFAR ERIC dúshaothrú comhordaithe bhonneagar LOFAR a áirithiú, taighde eolaíoch den chéad scoth a chur ar fáil agus tuilleadh forbartha a shaothrú d’fhonn táirgiúlacht agus tionchar a uasmhéadú do na Comhaltaí agus don phobal eolaíoch idirnáisiúnta, lena gcuirfear LOFAR ERIC chun cinn mar bhonneagar taighde dáilte ceannródaíoch a bhfuil dearcadh fadtéarmach aige, a bheidh lonnaithe i mBallstáit LOFAR ERIC agus i dtíortha eile a bhfuil sé beartaithe ag LOFAR ERIC cuid dá shaoráidí a lonnú iontu.

    2.

    Agus a phríomhchúram á shaothrú ag LOFAR ERIC, déanfaidh sé na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    a.

    oibriú comhordaithe agus dúshaothrú eolaíoch shaoráidí LOFAR mar bhonneagar comhtháite a áirithiú, faoi straitéis fhadtéarmach chomhchoiteann agus faoi bheartais chomhchoiteanna, le haghaidh tionchar agus aschur uasta eolaíoch do na Comhaltaí agus don phobal idirnáisiúnta;

    b.

    rochtain éifeachtach ar sheirbhísí eolaíochta LOFAR ERIC a chur ar fáil don phobal úsáideoirí, lena gcuimseofar prionsabail um athbhreithniú piaraí agus prionsabail na heolaíochta oscailte;

    c.

    LOFAR ERIC a oibriú ar bhonn ginearálta, lena gcumhdaítear gnéithe dlíthiúla, rialachais agus airgeadais;

    d.

    páirt a ghlacadh i dtionscadail arna gcistiú ag an Aontas, ag tríú páirtí eile agus go hilnáisiúnta/náisiúnta atá i gcomhréir le spriocanna LOFAR ERIC.

    3.

    Féadfaidh LOFAR ERIC na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh freisin:

    a.

    tuilleadh forbartha a shaothrú ar bhonneagar LOFAR, ar shaoráidí lena mbaineann agus ar inniúlachtaí eolaíocha;

    b.

    idirphlé straitéiseach a dhéanamh chun ról LOFAR ERIC a bharrfheabhsú sa phobal eolaíoch domhanda;

    c.

    Ballraíochtaí agus comhpháirtíochtaí nua a fhorbairt mar a bhunaítear le hAirteagail 14 agus 19;

    d.

    leasanna LOFAR a chur chun cinn i ndáil le páirtithe leasmhara náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta;

    e.

    tuilleadh foinsí cistithe a lorg, go háirithe le haghaidh uasghráduithe agus leathnuithe, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;

    f.

    oiliúint, for-rochtain agus comhar idirnáisiúnta a chothú;

    g.

    aon ghníomhaíocht ghaolmhar eile is gá chun a phríomhchúram a bhaint amach.

    4.

    Saothróidh LOFAR ERIC a phríomhchúram ar bhonn neamheacnamaíoch. Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, féadfaidh LOFAR ERIC gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil dlúthbhaint acu lena phríomhchúram agus nach gcuireann siad baint amach na ngníomhaíochtaí sin i mbaol.

    5.

    Déanfaidh LOFAR ERIC costais agus ioncaim a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a thaifeadadh ar leithligh, agus gearrfaidh sé praghsanna margaidh orthu, nó, mura féidir iad sin a áirithiú, gearrfaidh sé costais iomlána móide corrlach réasúnach.

    4.   Fad tréimhse agus an nós imeachta maidir le foirceannadh

    (Airteagal 4 de Reachtanna LOFAR ERIC)

    1.

    Beidh LOFAR ERIC ann go ceann tréimhse éiginnte, ach d’fhéadfaí é a fhoirceannadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i mír (2) go mír (6).

    2.

    Is í an Chomhairle a chinnfidh foirceannadh LOFAR ERIC i gcomhréir le hAirteagal 27(6)(d).

    3.

    Gan moill mhíchuí agus, in aon chás laistigh de 10 lá tar éis ghlacadh an chinnidh LOFAR ERIC a fhoirceannadh, tabharfaidh LOFAR ERIC fógra don Choimisiún Eorpach faoin gcinneadh.

    4.

    Déanfar sócmhainní a bheidh fágtha tar éis fiacha LOFAR ERIC a íoc a chionroinnt i measc na gComhaltaí, i gcomhréir lena ranníocaíocht bhliantúil le LOFAR ERIC, arna sonrú le hAirteagal 21.

    5.

    Gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 10 lá ó dhúnadh an nós imeachta foirceanta, tabharfaidh LOFAR ERIC fógra don Choimisiún Eorpach ina leith sin.

    6.

    Tiocfaidh deireadh le LOFAR ERIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún Eorpach an fógra iomchuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    5.   Dliteanas agus árachas

    (Airteagal 5 de Reachtanna LOFAR ERIC)

    1.

    Beidh LOFAR ERIC faoi dhliteanas i leith a chuid fiach. Ní bheidh LOFAR ERIC faoi dhliteanas i leith aon dliteanais a eascraíonn as oibriú Shaoráidí LOFAR atá faoi úinéireacht ar leithligh.

    2.

    Ní bheidh na Comhaltaí faoi dhliteanas comhpháirteach i leith fhiacha LOFAR ERIC. Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí i leith fhiacha LOFAR ERIC teoranta do luach ranníocaíochta bliantúla gach comhalta a comhaontófar sa bhuiséad bliantúil.

    3.

    Gheobhaidh LOFAR ERIC árachas iomchuí chun na rioscaí atá sonrach do cheapadh agus d’oibriú LOFAR ERIC a chumhdach.

    6.   Beartas Rochtana ar sheirbhísí LOFAR ERIC

    (Airteagal 6 de Reachtanna LOFAR ERIC)

    1.

    Soláthróidh agus tacóidh LOFAR ERIC le deiseanna éifeachtacha rochtana d’úsáideoirí ar sheirbhísí LOFAR ERIC chun taighde eolaíoch a shaothrú. Áireofar leis na seirbhísí sin, i measc nithe eile: breathnuithe a dhéanamh, táirgí sonraí eolaíocha a ghiniúint, cartlann sonraí eolaíocha a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi a reáchtáil, oiliúint agus tacaíocht a thabhairt d’úsáideoirí.

    2.

    Na seirbhísí LOFAR ERIC a chuirfear ar fáil, déanfar iad a fhógairt agus a dhoiciméadú go poiblí, i gcomhar leis na deiseanna rochtana, na nósanna imeachta agus na critéir leithdháilte le haghaidh na seirbhísí éagsúla sin.

    3.

    An beartas Rochtana lena rialaítear seirbhísí uile LOFAR ERIC maidir le taighde eolaíoch, déanfaidh an Chomhairle é a shocrú agus a choinneáil, agus cinnfear a phrionsabail de réir Airteagal 27(6)(b) agus a chur chun feidhme de réir Airteagal 27(5)(e).

    4.

    Le beartas Rochtana LOFAR ERIC, déanfar a chosaint go mbeidh tromlach de mhéid iomlán bhuiséad na n-oibríochtaí a chaitear ar sholáthar seirbhísí dírithe ar thacaíocht don taighde ón bpobal domhanda. Nuair a chuirtear rochtain oscailte ar fáil ar bhonn iomaíoch, déanfar í a dhámhachtain trí athbhreithniú piaraí eolaíoch neamhspleách.

    5.

    Le beartas Rochtana LOFAR ERIC, cosnófar incháilitheacht chomhaltaí uile LOFAR ERIC chun tairbhe a bhaint as Rochtain Fhorchoimeádta; leis sin, rialófar teidlíocht ar dheiseanna áirithe atá ar fáil maidir le rochtain úsáideoirí ar sheirbhísí LOFAR ERIC.

    7.   Beartas um Meastóireacht Eolaíoch

    (Airteagal 7 de Reachtanna LOFAR ERIC)

    Déanfaidh painéal neamhspleách saineolaithe idirnáisiúnta meastóireacht ar ghníomhaíochtaí LOFAR ERIC ar a laghad uair amháin gach 5 bliana. Is í an Chomhairle a shocróidh an prótacal meastóireachta (lena n-áirítear na haidhmeanna, téarmaí tagartha, comhdhéanamh an phainéil agus an nós imeachta ainmniúcháin do chomhaltaí painéil) de réir Airteagal 27(5)(j). Tuairiscíonn an Painéal don Chomhairle.

    8.   Beartas um Scaipeadh

    (Airteagal 8 de Reachtanna LOFAR ERIC)

    1.

    Beidh LOFAR ERIC ina éascaitheoir taighde agus, mar riail ghinearálta, molfaidh sé prionsabail na heolaíochta oscailte le haghaidh sonraí taighde.

    2.

    Molfaidh LOFAR ERIC do thaighdeoirí a gcuid sonraí agus torthaí a chur ar fáil go poiblí (rochtain oscailte) freisin trí LOFAR ERIC.

    3.

    Úsáidfidh LOFAR ERIC bealaí iomadúla chun dul i dteagmháil leis an spriocphobal, lena n-áirítear tairseach gréasáin, ceardlanna, láithreacht i gcomhdhálacha, ailt agus na meáin nuachta.

    4.

    Na sonraí eolaíocha a ghintear trí sheirbhísí LOFAR ERIC, beidh siad ar fáil agus inrochtana go hoscailte d’aon taighdeoir, institiúid eolaíoch agus páirtí leasmhar eile, a mhéid a cheadaítear go dlíthiúil, faoi bheartais na Comhairle i gcomhréir le prionsabail na heolaíochta oscailte agus leis an mbeartas sonraí mar a fhorordaítear le hAirteagal 32.

    9.   Beartas um Chearta Maoine Intleachtúla

    (Airteagal 9 de Reachtanna LOFAR ERIC)

    1.

    Tuigfear an téarma ‘Maoin Intleachtúil’ de réir Airteagal 2 den Choinbhinsiún lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil a síníodh an 14 Iúil 1967.

    2.

    Glacfaidh LOFAR ERIC a bheartas féin um Chearta Maoine Intleachtúla (Airteagal 27(5)(h)). Beidh LOFAR ERIC ina úinéir ar gach Maoin Intleachtúil a bheidh ann mar thoradh ar a ghníomhaíochtaí faoi na Reachtanna seo lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dó, Maoin Intleachtúil arna táirgeadh ag baill foirne atá fostaithe ag LOFAR ERIC faoi na coinníollacha a bhunaítear le beartas LOFAR ERIC um Chearta Maoine Intleachtúla, seachas sa chás ina gcumhdaítear iad le comhaontuithe conarthacha ar leithligh nó ina sonraítear a mhalairt i reachtaíocht shainordaitheach nó sna Reachtanna seo.

    3.

    Is leis na comhaltaí nó na heintitis a dhéanann ionadaíocht orthu a bheidh an Mhaoin Intleachtúil a bhí acu cheana. Déanfar í a cheadúnú faoi LOFAR ERIC más gá agus le comhaontuithe sonracha.

    4.

    Comhaltaí a thugann ranníocaíocht dá sciar de na costais a bhaineann le hobair forbartha a dhéanann Comhalta(í) eile, féadfaidh siad an mhaoin intleachtúil a thagann as sin a úsáid gan bhac chun críoch eolaíochta amháin. Más mian le comhalta LOFAR ERIC aon mhaoin intleachtúil a úsáid chun críoch tráchtála, ní mór cead a fháil ón gComhalta ar leis an mhaoin intleachtúil.

    10.   An Beartas Fostaíochta

    (Airteagal 10 de Reachtanna LOFAR ERIC)

    1.

    Féadfaidh LOFAR ERIC baill foirne a fhostú. Déanfar beartas fostaíochta LOFAR ERIC a rialú le dlíthe na tíre ina bhfuil an fhoireann fostaithe.

    2.

    Beidh na nósanna imeachta roghnúcháin, earcaíocht agus fostaíocht do phoist foirne LOFAR ERIC trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus urramófar leo comhionannas deiseanna. Déanfar gach post in LOFAR ERIC a fhógairt go poiblí.

    11.   Beartas um Sholáthar

    (Airteagal 11 de Reachtanna LOFAR ERIC)

    1.

    Caithfidh LOFAR ERIC le hiarrthóirí agus le táirgeoirí soláthair ar bhonn cothrom agus gan idirdhealú, bíodh siad bunaithe laistigh den Aontas Eorpach nó ná bíodh. Le beartas LOFAR ERIC um sholáthar urramófar prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na hiomaíochta. Is í an Chomhairle a leagfaidh amach rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta soláthair agus critéir sholáthair.

    2.

    An soláthar a dhéanfaidh Comhaltaí agus Breathnóirí faoi raon feidhme ghníomhaíochtaí LOFAR ERIC, déanfar é ar bhealach a dtabharfar aird chuí do riachtanais LOFAR ERIC, do cheanglais theicniúla agus do shonraíochtaí arna n-eisiúint ag na comhlachtaí ábhartha.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2881/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top