EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2876

Cinneadh (CBES) 2023/2876 ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

ST/15805/2023/INIT

IO L, 2023/2876, 19.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2876/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2876/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2876

19.12.2023

CINNEADH (CBES) 2023/2876 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Nollaig 2023

lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1).

(2)

Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. Tar éis níos mó ná 10 mbliana, is fada ó bheith thart atá an choinbhleacht sa tSiria agus tá sí fós ina húdar fulaingthe agus éagobhsaíochta. De dheasca chrith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023, ghéaraigh ar na dálaí uafásacha a bhí sa tír cheana, agus mhéadaigh fulaingt mhuintir na Siria.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 9 Feabhra 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil an tAontas réidh le cúnamh breise a sholáthar chun an fhulaingt a mhaolú sna réigiúin uile atá buailte. D’iarr sí ar na páirtithe uile sa choinbhleacht rochtain dhaonnúil ar íospartaigh an chreatha talún sa tSiria a áirithiú gan beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe agus d’iarr sí ar an bpobal daonnúil, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, seachadadh tapa an chúnaimh a áirithiú.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 20 Bealtaine 2021, maidir leis an ‘Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais: dúshláin nua, na prionsabail chéanna’, d’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas aon tionchair dhiúltacha neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag bearta sriantacha an Aontais ar ghníomhaíocht dhaonnúil ar bhonn prionsabal a sheachaint agus nuair nach féidir iad a sheachaint, iad a mhaolú a mhéid is féidir. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go gcomhlíonann bearta sriantacha an Aontais na hoibleagáidí uile faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe. Chuir sí i dtreis a thábhachtaí atá sé cloí go hiomlán le prionsabail dhaonnúla agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta i mbeartas smachtbhannaí an Aontais, lena n-áirítear trí eisceachtaí daonnúla a áireamh go comhsheasmhach i gcórais beart sriantach i gcás inarb ábhartha, agus trína áirithiú go mbeidh creat éifeachtach i bhfeidhm le haghaidh na húsáide a bhaineann eagraíochtaí daonnúla as na heisceachtaí sin.

(5)

Meabhraítear don Chomhairle nach bhfuil sé i gceist le bearta sriantacha an Aontais, lena n-áirítear na bearta sin arna nglacadh i bhfianaise na staide sa tSiria, go gcuirfí isteach ar chúnamh daonnúla a sholáthar, lena n-áirítear cúnamh leighis, ná go gcuirfí bac ar an gcúnamh sin a sholáthar. Leis na bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa tSiria, níl srian ar thrádáil i bhformhór na n-earnálacha idir an tAontas agus an tSiria, lena n-áirítear i mbia agus i gcógas. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le bearta aonair, tá díolúintí i bhfeidhm chun gur féidir cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine ainmnithe agus d’eintitis ainmnithe, i gcás ina bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin chun fóirithint dhaonnúil a sholáthar sa tSiria nó chun cúnamh a thabhairt don phobal sibhialta sa tSiria amháin. I gcásanna áirithe, is gá réamhúdarú a fháil ón údarás náisiúnta inniúil ábhartha.

(6)

An 23 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/408 (2), lenar tugadh isteach díolúine maidir le sócmhainní daoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe agus eintiteas ainmnithe a reo, agus maidir leis na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, ar mhaithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus catagóirí sainithe áirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí daonnúla, ar feadh tréimhse tosaigh 6 mhí, go dtí an 24 Lúnasa 2023. An 14 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1467 (3), lenar cuireadh síneadh leis an díolúine sin go dtí an 24 Feabhra 2024.

(7)

Chun freagairt do phráinn leanúnach na géarchéime daonnúla sa tSiria atá níos measa fós mar gheall ar an gcrith talún, agus d’fhonn seachadadh tapa an chúnaimh a éascú agus intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do chatagóirí sainithe áirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí daonnúla sa tSiria, gníomhaíochtaí a bhaineann leas as an díolúine thuasluaite, is iomchuí síneadh a chur leis an díolúine arna glacadh i gCinneadh (CBES) 2023/408 go dtí an 1 Meitheamh 2024, i gcomhréir le dáta reatha deiridh chur i bhfeidhm Chinneadh 2013/255/CBES.

(8)

Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 28a (1) de Chinneadh 2013/255/CBES, cuirtear an dáta ‘1 Meitheamh 2024’ in ionad ‘24 Feabhra 2024’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. RIBERA RODRÍGUEZ


(1)  Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/408 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56 I, 23.2.2023, lch. 4).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/1467 ón gComhairle an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 180, 17.7.2023, lch. 41).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2876/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top