Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2760

    Cinneadh (AE) 2023/2760 ón gComhairle an 4 Nollaig 2023 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró

    ST/8353/2023/INIT

    IO L, 2023/2760, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2760/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2760/oj

    Related international agreement
    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2760

    8.12.2023

    CINNEADH (AE) 2023/2760 ÓN gCOMHAIRLE

    an 4 Nollaig 2023

    maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), agus Airteagal 79(2), pointe (c), i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a), de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/1040 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró (‘an Comhaontú’) an 16 Bealtaine 2023, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth is faide anonn.

    (2)

    De bhun Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), in imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    (3)

    Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (4)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

    (5)

    Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró (‘an Comhaontú’) a fhormheas thar ceann an Aontais (5).

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 22(1) den Chomhaontú (6).

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    F. BOLAÑOS GARCÍA


    (1)  Toiliú an 22 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Cinneadh (AE) 2023/1040 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró (IO L 140, 30.5.2023, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

    (4)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

    (5)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L 140, 30.5.2023, lch. 4.

    (6)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2760/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top