This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2754
Council Decision (EU) 2023/2754 of 4 December 2023 on the position to be adopted, on behalf of the European Union, within the EEA Joint Committee concerning the amendment to Annex XX (Environment) to the EEA Agreement (ETS Maritime and Stationary)
Cinneadh (AE) 2023/2754 ón gComhairle an 4 Nollaig 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir leis an leasú ar Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE (ETS Muirí agus Suite)
Cinneadh (AE) 2023/2754 ón gComhairle an 4 Nollaig 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir leis an leasú ar Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE (ETS Muirí agus Suite)
ST/14989/2023/INIT
IO L, 2023/2754, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2754/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2754 |
8.12.2023 |
CINNEADH (AE) 2023/2754 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Nollaig 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir leis an leasú ar Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE (ETS Muirí agus Suite)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú. |
(3) |
Ba cheart Rialachán (AE) 2023/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Cinneadh (AE) 2023/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Cinneadh (AE) 2023/1575 ón gCoimisiún (6) a ionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Ba cheart Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
F. BOLAÑOS GARCÍA
(1) IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(3) Rialachán (AE) 2023/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí loingseoireachta muirí a áireamh i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa breise agus astaíochtaí ó chineálacha breise long (IO L 130, 16.5.2023, lch. 105).
(4) Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).
(5) Cinneadh (AE) 2023/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 a mhéid a bhaineann le líon na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh chóras trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030 (IO L 110, 25.4.2023, lch. 21).
(6) Cinneadh (AE) 2023/1575 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2023 maidir le cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais atá le heisiúint faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais do 2024 (IO L 192, 31.7.2023, lch. 30).
DRÉACHT
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …
an …
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2023/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí loingseoireachta muirí a áireamh i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa breise agus astaíochtaí ó chineálacha breise long (1) , tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (2), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Cinneadh (AE) 2023/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 a mhéid a bhaineann le líon na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh chóras trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030 (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Cinneadh (AE) 2023/1575 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2023 maidir le cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais atá le heisiúint faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais do 2024 (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(5) |
Tá cainníocht iomlán na lamháltas atá le heisiúint don bhliain 2027 faoin gcóras nua trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise le foilsiú ag an gCoimisiún faoin 1 Eanáir 2025 agus, fearacht an Chórais Trádála Astaíochtaí atá ann cheana, bunófar an chaidhp mar chainníocht lamháltas do LEE ina iomláine. Ba cheart do Stáit CSTE LEE sonraí ionchuir a sholáthar agus rachfar i gcomhairle leo le linn phróiseas ullmhaithe an Chinnidh ábhartha ón gCoimisiún. |
(6) |
Tá ionchorprú Threoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan dochar do mheasúnú Stáit CSTE ar Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta i gcomhthéacs raon feidhme Chomhaontú LEE. |
(7) |
Bunaithe ar aontas réigiúnach Lichtinstéin leis an Eilvéis agus i gcomhréir leis an gconradh déthaobhach maidir le muirir chomhshaoil (5), cuirtear cáin ar CO2 i bhfeidhm i Lichtinstéin, agus is iad údaráis agus eintitis na hEilvéise a dhéanann an cháin sin a riar, lena n-áirítear bailiú, faireachán agus tuairisciú. Dá bhrí sin, maidir le Lichtinstéin, i ndáil leis an gcóras nua trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar dháta deiridh an mhaolaithe de réir Airteagal 30e(3) de Threoir 2003/87/CE agus díolúine a thabhairt ó na rialacha riaracháin gaolmhara go dtí sin agus coigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh ar fhoinsí na sonraí astaíochtaí. |
(8) |
Cuirtear Stáit CSTE san áireamh sna figiúirí a fhoilsítear le Cinneadh (AE) 2023/1575 maidir le cainníocht na lamháltas don Aontas ina iomláine le haghaidh 2024 agus sa laghdú bliantúil ar na lamháltais atá le heisiúint mar thoradh ar chur i bhfeidhm an fhachtóra laghdaithe línigh, i gcomhréir le Treoir (AE) 2023/959. |
(9) |
Ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Leasaítear 21al (Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) mar a leanas:
|
2. |
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 21alj (Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
3. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21apn (Cinneadh (AE) 2020/1722 ón gCoimisiún):
|
4. |
Leasaítear 21aw (Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) mar a leanas:
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2023/957, Threoir (AE) 2023/959 agus Cinntí (AE) 2023/852 agus (AE) 2023/1575 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an …, nó ar an lá tar éis an fhógra dheireanaigh chuig Comhchoiste LEE faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE, cibé acu dáta is déanaí (*1).
[Beidh feidhm aige ón 31 Nollaig 2023.]
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, ….
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
(1) IO L 130, 16.5.2023, lch. 105.
(2) IO L 130, 16.5.2023, lch. 134.
(3) IO L 110, 25.4.2023, lch. 21.
(4) IO L 192, 31.7.2023, lch. 30.
(5) Vertrag zwischen dem Fürstentum Liechtenstein und der Schweizerischen Eidgenossenschaft betreffend die Umweltabgaben im Fürstentum Liechtenstein, abgeschlossen am 29. Januar 2010 (LGBl. 2010 Nr. 12).
(*1) [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2754/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)