This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2698
Commission Implementing Decision (EU) 2023/2698 of 4 December 2023 on the specification of reference CO2 emissions of heavy-duty vehicle groups not covered by Regulation (EU) 2019/1242 of the European Parliament and of the Council pursuant to Directive 1999/62/EC of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2698 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2023 i dtaca le sonraíocht na n-astaíochtaí tagartha CO2 ó ghrúpaí feithiclí tromshaothair nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle de bhun Threoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2698 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2023 i dtaca le sonraíocht na n-astaíochtaí tagartha CO2 ó ghrúpaí feithiclí tromshaothair nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle de bhun Threoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2023/8154
IO L, 2023/2698, 6.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2698/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2698 |
6.12.2023 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2698 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Nollaig 2023
i dtaca le sonraíocht na n-astaíochtaí tagartha CO2 ó ghrúpaí feithiclí tromshaothair nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle de bhun Threoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirir a ghearradh ar fheithiclí as bonneagar bóthair a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 7ga(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 7ga(1) de Threoir 1999/62/CE, tá na Ballstáit le muirir bhonneagair agus muirir úsáideora a athrú d’fheithiclí tromshaothair. Tá an t-athrú le bheith bunaithe ar astaíochtaí tagartha CO2 de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (38)(b), de Threoir 1999/62/CE, agus déantar é a ríomh ar bhealach difriúil le haghaidh grúpaí feithiclí éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/2400 (2) ón gCoimisiún. I gcás ghrúpa feithiclí nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá na hastaíochtaí tagartha CO2 le bheith bunaithe ar na sonraí arna dtuairisciú faoi Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus tá siad le comhfhreagairt do mheánluach na n-astaíochtaí CO2 uile ó fheithiclí sa ghrúpa feithiclí sin. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/956, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil (5) ina ndéantar anailís ar na sonraí maidir le feithiclí tromshaothair do thréimhse tuairiscithe 2020 ó 1 Iúil 2020 go 30 Meitheamh 2021. Áirítear leis an tuarascáil na sonraí le haghaidh roinnt grúpaí feithiclí don chéad tréimhse tuairiscithe iomlán a bhaineann leo. |
|
(3) |
Ba cheart go sonrófar sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo na hastaíochtaí tagartha CO2 le haghaidh grúpaí feithiclí 1, 2, 3, 11, 12 agus 16, trí na sonraí ábhartha le haghaidh gach ceann de na grúpaí feithiclí sin a atáirgeadh mar a foilsíodh iad sa tuarascáil dá dtagraítear in aithris 2, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach na hastaíochtaí tagartha CO2 le haghaidh grúpaí feithiclí nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1242, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (38)(b), de Threoir 1999/62/CE san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 187, 20.7.1999, lch. 42.
(2) Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2400/oj).
(3) Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch.202, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1242/oj).
(4) Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin (IO L 173, 9.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/956/oj).
(5) Tuarascáil ón gCoimisiún faoi Rialachán (AE) 2018/956 lena ndéantar anailís ar na sonraí arna dtarchur ag Ballstáit agus monaróirí do thréimhse tuairiscithe 2020 maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus maidir le hídiú breosla feithiclí nua tromshaothair (COM(2023) 517 final).
IARSCRÍBHINN
Astaíochtaí tagartha CO2 le haghaidh grúpaí feithiclí nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1242, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (38)(b), de Threoir 1999/62/CE
|
Grúpa feithiclí |
Astaíochtaí tagartha CO2 in g/tkm |
|
1 |
410,1 |
|
2 |
267,9 |
|
3 |
207,2 |
|
11 |
157,0 |
|
12 |
104,4 |
|
16 |
110,3 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2698/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)