This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2687
Council Decision (CFSP) 2023/2687 of 27 November 2023 amending Decision (CFSP) 2022/667 on an assistance measure taking the form of a general programme for support to the African Union under the European Peace Facility for the period 2022-2024
Cinneadh (CBES) 2023/2687 ón gComhairle an 27 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/667 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024
Cinneadh (CBES) 2023/2687 ón gComhairle an 27 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/667 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024
ST/14405/2023/INIT
IO L, 2023/2687, 28.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2687/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2687 |
28.11.2023 |
CINNEADH (CBES) 2023/2687 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/667 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Eanáir 2023, d’fhormheas an Coiste Polaitiúil agus Slándála moladh ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) maidir le gníomhaíocht chun tacú leis an Tascfhórsa Comhpháirteach Ilnáisiúnta i gcoinne Boko Haram atá le maoiniú faoin mbeart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024 arna bunú le Cinneadh (CBES) 2022/667 ón gComhairle (1) (‘an beart cúnaimh’). |
|
(2) |
An 7 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/510 (2), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2022/667, trí eagraíocht neamhrialtasach na hEilvéise, COGINTA, a chur ar liosta na n-eintiteas ar féidir leo gníomhaíochtaí faoin mbeart cúnaimh a chur chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt. |
|
(3) |
An 18 Deireadh Fómhair 2023, d’fhormheas an Coiste Polaitiúil agus Slándála moladh ón Ardionadaí an t-oibreoir Francach, Défense Conseil International (DCI Group), a chur in ionad eagraíocht neamhrialtasach na hEilvéise, COGINTA, mar ghníomhaí cur chun feidhme do chuid den ghníomhaíocht chun tacú leis an Tascfhórsa Comhpháirteach Ilnáisiúnta. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart DCI Group a chur san áireamh ar liosta na n-eintiteas a fhéadfaidh gníomhaíochtaí faoin mbeart cúnaimh a chur chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/667 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/667:
‘IARSCRÍBHINN
Liosta d’aireachtaí, ranna rialtais agus comhlachtaí, agus gníomhaireachtaí eile dlí phoiblí de chuid na mBallstát, agus comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a tugadh ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh, a fhéadfaidh gníomhaíochtaí faoin mbeart cúnaimh a chur chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt (*1):
|
— |
Deutsche Gesellschaft für Internationale Zusammenarbeit |
|
— |
Expertise France |
|
— |
Défense Conseil International (DCI Group) |
Liosta na n-eintiteas neamhbhrabúis a fhéadfaidh gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt:
|
— |
COGINTA |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Y. DÍAZ PÉREZ
(1) Cinneadh (CBES) 2022/667 ón gComhairle an 21 Aibreán 2022 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024 (IO L 121, 22.4.2022, lch. 38).
(2) Cinneadh (CBES) 2023/510 ón gComhairle an 7 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/667 ón gComhairle maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024 (IO L 70, 8.3.2023, lch. 55).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2687/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)