Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2671

Cinneadh (AE) 2023/2671 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE chun síneadh a chur le hidirthréimhse rescEU (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/55/2023/REV/1

IO L, 2023/2671, 28.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2671/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2671/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2671

28.11.2023

CINNEADH (AE) 2023/2671 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Samhain 2023

lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE chun síneadh a chur le hidirthréimhse rescEU

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 196 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), sainítear creat dlíthiúil rescEU. Is é is aidhm do rescEU cúnamh a sholáthar i gcásanna treascracha nach féidir freagairt éifeachtach a áirithiú leis na hacmhainneachtaí foriomlána atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta ná leo siúd a gheall na Ballstáit roimh ré don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta.

(2)

Agus teochtaí ag ardú mar aon le tréimhsí fada triomaigh, tá an baol falscaithe san Aontas ag dul i méid agus tá na falscaithe ag tarlú níos minice agus iad níos déine. Tá infhaighteacht theoranta acmhainneachtaí freagartha speisialaithe, lena n-áirítear acmhainneachtaí amfaibiacha aerchomhraic na ndóiteán foraoise, fós ina hábhar mór imní agus is í príomhdhúshlán oibríochtúil an Aontais í agus é ag tabhairt aghaidh ar fhalscaithe comhuaineacha.

(3)

I bhfianaise na solúbthachta is gá a tugadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE chun aistriú rianúil i dtreo chur chun feidhme iomlán rescEU a áirithiú, tá sé ríthábhachtach síneadh a chur leis an idirthréimhse sin go dtí an 31 Nollaig 2027 chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas acmhainneachtaí aeir rescEU breise a dhaingniú faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta fad atá flít buan aerchomhraic dóiteán foraoise na hEorpa á bhunú de réir a chéile.

(4)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon a áirithiú gur féidir leis an Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun falscaithe a chomhrac go dtí go mbeidh flít aerchomhraic dóiteán foraoise de chuid na hEorpa bunaithe, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh 1313/2013/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE

In Airteagal 35 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, sa chéad mhír, cuirtear ‘an 31 Nollaig 2027’ in ionad an dáta ‘an 1 Eanáir 2025’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Samhain 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Samhain 2023.

(2)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2671/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top