EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2621

Cinneadh (AE) 2023/2621 ón gComhairle an 9 Samhain 2023 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontuithe, i bhfoirm malartú litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar na comhaontuithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Daon Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, Poblacht Arabach na hÉigipte, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Liobáine agus Ríocht Mharacó, faoi seach, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha dá rannpháirtíocht maidir le Fís Eorpach sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát

ST/13922/2023/INIT

IO L, 2023/2621, 21.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2621/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 21/11/2023: This act has been changed. Current consolidated version: 21/11/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2621/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2621

21.11.2023

CINNEADH (AE) 2023/2621 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Samhain 2023

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontuithe, i bhfoirm malartú litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar na comhaontuithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Daon Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, Poblacht Arabach na hÉigipte, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Liobáine agus Ríocht Mharacó, faoi seach, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha dá rannpháirtíocht maidir le Fís Eorpach sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 186, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), leagtar síos na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na mBallstát agus na dtríú tíortha (‘na Stáit Rannpháirteacha’) sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), go háirithe a n-oibleagáidí airgeadais agus a rannpháirtíocht i struchtúir rialaithe PRIMA.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) bunaíodh an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) (‘Fís 2020’). Cistítear ranníocaíocht airgeadais an Aontais le PRIMA ó na leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais a leithdháiltear ar na codanna ábhartha den chlár sonrach lena gcuirtear Fís 2020 chun feidhme a bunaíodh le Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle (3).

(3)

Chomhaontaigh 19 dtír tabhairt faoi PRIMA go comhpháirteach trí ranníocaíochtaí airgeadais a ghealladh, eadhon an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Phortaingéil, an tSlóivéin agus an Spáinn; tríú tíortha atá comhlachaithe le Fís 2020, eadhon Iosrael, an Túinéis agus an Tuirc; agus tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe le Fís 2020, eadhon an Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin agus Maracó.

(4)

Faoi Chinneadh (AE) 2017/1324, tá na cearta agus na hoibleagáidí céanna le bheith ag gach Stát Rannpháirteach. Faoi Airteagal 1(2) de Chinneadh (AE) 2017/1324, tá an Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin agus Maracó le teacht chun bheith ina Stáit Rannpháirteacha faoi réir comhaontuithe idirnáisiúnta le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch a thabhairt i gcrích leis an Aontas ina leagfar amach na téarmaí agus na coinníollacha dá rannpháirtíocht in PRIMA.

(5)

Na Comhaontuithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas agus an Ailgéir (4), an Éigipt (5), an Iordáin (6), an Liobáin (7) agus Maracó (8), faoi seach, ina leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha dá rannpháirtíocht in PRIMA (‘na Comhaontuithe CET’), fanfaidh siad i bhfeidhm fad a bheidh Cinneadh (AE) 2017/1324 i bhfeidhm.

(6)

De bhun Airteagal 2 de na Comhaontuithe CET síníodh socruithe cur chun feidhme maidir le cúnamh frithpháirteach (‘na comhaontuithe cur chun feidhme’) idir an tAontas agus údaráis na hAilgéire, na hÉigipte, na hIordáine, na Liobáine agus Mharacó faoi seach,. Baineann na socruithe cur chun feidhme, go háirithe, le cur i bhfeidhm Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3) agus (4) de Chinneadh (AE) 2017/1324 maidir leis na gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú ag an Aontas dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a) de Chinneadh (AE) 2017/1324.

(7)

Thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Cinneadh (AE) 2017/1324 a mhéid a bhaineann le leanúint de rannpháirtíocht an Aontais in PRIMA faoin gclár Fís Eorpach, a bhfuil sé d’aidhm aige síneadh a chur le ranníocaíocht airgeadais an Aontais le PRIMA, le haghaidh na tréimhse 2025-2027, ó leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais a leithdháiltear ar na codanna ábhartha den Chlár Sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme, mar a bhunaíodh le Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle (9).

(8)

Chuir an Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin agus Maracó in iúl gur spéis leo leanúint de bheith rannpháirteach in PRIMA maidir le Fís Eorpach. Chun a áirithiú go leanfar dá rannpháirtíocht ar comhchéim leis na Stáit Rannpháirteacha uile, tá an Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin agus an Maracó, nach bhfuil comhlachaithe le Fís Eorpach, le glacadh go foirmiúil leis na téarmaí agus na coinníollacha nua a leagtar amach le Cinneadh (AE) 2017/1324, trí chomhaontuithe trí mhalartú litreacha a thabhairt i gcrích leis an Aontas, lena leasaítear agus lena bhforlíontar na Comhaontuithe CET, lena n-áirítear na socruithe cur chun feidhme a síníodh de bhun Airteagal 2 de na Comhaontuithe CET.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo údaraítear an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, maidir le comhaontuithe i bhfoirm malartú litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar na Comhaontuithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, Poblacht Arabach na hÉigipte, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Liobáine agus Ríocht Mharacó, faoi seach, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha dá rannpháirtíocht maidir le Fís Eorpach sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA).

2.   Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an gCoiste Speisialta dá bhforáiltear in Airteagal 218(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Samhain 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. CALVIÑO SANTAMARÍA


(1)  Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát, (IO L 185, 18.7.2017, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(3)  Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965).

(4)  Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), (IO L 316, 1.12.2017, lch. 3).

(5)  Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Arabach na hÉigipte lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht Arabach na hÉigipte sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), (IO L 316, 1.12.2017, lch. 9).

(6)  Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Ríocht Haisimíteach na hIordáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), (IO L 348, 29.12.2017, lch. 29).

(7)  Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), (IO L 79, 22.3.2018, lch. 3).

(8)  Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Ríocht Mharacó sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), (IO L 106, 26.4.2018, lch. 3).

(9)  Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE, (IO L 167I, 12.5.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

TREORACHA MAIDIR LE COMHAONTUITHE A CHAIBIDIL, I bhFOIRM MALARTÚ LITREACHA, LENA LEASAÍTEAR AGUS LENA bhFORLÍONTAR NA COMHAONTUITHE LE hAGHAIDH COMHAR EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA IDIR an tAontas Eorpach agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, Poblacht Arabach na hÉigipte, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Liobáine agus Ríocht Mharacó, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha dá rannpháirtíocht maidir le Fís Eorpach sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát.

Sna comhaontuithe a síníodh le Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, Poblacht Arabach na hÉigipte, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Liobáine agus Ríocht Mharacó, rinneadh foráil maidir le téarmaí agus coinníollacha i dtaca le rannpháirtíocht na dtríú tíortha sin nach bhfuil comhlachaithe le Fís 2020 in PRIMA. Is iad na téarmaí agus na coinníollacha na téarmaí agus na coinníollacha sin a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus fanfaidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm fad a bheidh Cinneadh (AE) 2017/1324 i bhfeidhm.

Tá Cinneadh (AE) 2017/1324 le leasú chun síneadh a chur le ranníocaíocht airgeadais an Aontais le PRIMA le haghaidh na tréimhse 2025-2027 ó leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais a leithdháiltear ar an gclár Fís Eorpach. Dá bhrí sin, chun go leanfaidh siad de bheith rannpháirteach in PRIMA, ní mór do Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, Poblacht Arabach na hÉigipte, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Liobáine agus Ríocht Mharacó glacadh go foirmiúil leis na hoibleagáidí nua a thagann as Cinneadh (AE) 2017/1324. Comhaontuithe, i bhfoirm malartú litreacha, lena bhforlíontar na comhaontuithe atá ann faoi láthair, ní mór iad a chaibidil agus a thabhairt i gcrích chun na cearta agus na hoibleagáidí nua sin a leathnú chuig Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, Poblacht Arabach na hÉigipte, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Liobáine agus Ríocht Mharacó.

Leis na comhaontuithe lena leasaítear agus lena bhforlíontar na comhaontuithe atá ann faoi láthair, ní mór oibleagáidí nua na dtríú tíortha lena mbaineann a rialú a mhéid a bhaineann leis an Aontas, agus is é is fearr go ndéantar sin trí thagairt dhíreach a dhéanamh do na téarmaí agus na coinníollacha nua a leagtar amach le Cinneadh (AE) 2017/1324 más féidir. Ní mór a áireamh leis na hoibleagáidí nua aon téarma nua agus aon choinníoll nua a bhaineann lena ranníocaíocht airgeadais agus maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, lena n-áirítear rannpháirtíocht Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Ní mór na socruithe cur chun feidhme maidir le cúnamh frithpháirteach, arna mbunú i gcomhréir leis na comhaontuithe atá ann faoi láthair, a chomhtháthú sna comhaontuithe.

Chun go bhféadfaidh Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, Poblacht Arabach na hÉigipte, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Liobáine agus Ríocht Mharacó leanúint de bheith rannpháirteach i dtionscnamh PRIMA, ní mór foráil a dhéanamh sna comhaontuithe maidir le cur i bhfeidhm sealadach tráth a sínithe.


(1)  Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (IO L 185, 18.7.2017, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2621/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top