This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2578
Commission Implementing Decision (EU) 2023/2578 of 13 November 2023 amending the Annex to Implementing Decision (EU) 2023/2447 concerning emergency measures in relation to outbreaks of highly pathogenic avian influenza in certain Member States (notified under document C(2023) 7797)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2578 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2023 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7797)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2578 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2023 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7797)
C/2023/7797
IO L, 2023/2578, 20.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2578/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2578 |
20.11.2023 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2578 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Samhain 2023
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7797)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach in éin é an fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris seo a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoinnítear éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig de HPAI, tá baol ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach nua chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine. Tagann HPAI faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe sa Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 (3) ón gCoimisiún faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais i ndáil le ráigeanna HPAI. |
|
(4) |
Go háirithe, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise arna mbunú ag na Ballstáit tar éis ráigeanna HPAI, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh siad ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus criosanna srianta breise san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(5) |
Ó bhí dáta glactha Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ann, thug an Bhulgáir fógra don Choimisiún faoi ráigeanna HPAI i mbunaíochtaí inar coimeádadh éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas, ar bunaíochtaí iad atá lonnaithe i réigiúin Veliko Tarnovo, Pazardzhik, Dobrich agus Haskovo. |
|
(6) |
Ina theannta sin, tá fógra tugtha ag an Rómáin don Choimisiún faoi ráigeanna HPAI i mbunaíochtaí inar coinníodh éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas, ráigeanna a bhí ann i gContae Teleorman. |
|
(7) |
Thairis sin, tá fógra tugtha ag an Danmhairg don Choimisiún faoi ráig HPAI i mbunaíocht inar coinníodh éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas, ráigeanna a bhí ann i mBardasacht Slagelse. |
|
(8) |
Thairis sin, tá fógra tugtha ag an Ungáir don Choimisiún faoi ráigeanna HPAI i mbunaíochtaí inar coinníodh éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas, ráigeanna a bhí ann i gContaetha Hajdú-Bihar agus Szabolcs-Szatmár-Bereg. |
|
(9) |
Rinne údaráis inniúla na Bulgáire, na Danmhairge, na hUngáire agus na Rómáine na bearta rialaithe galar is gá i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna. |
|
(10) |
Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar a rinne an Bhulgáir, Danmhairg, an Rómáin agus an Pholainn i gcomhar leis na Ballstáit sin, agus tá sé sásta go bhfuil teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag údaráis inniúla na Bulgáire, na Danmhairge, na hUngáire agus na Rómáine, go bhfuil siad fada go leor ó na bunaíochtaí inar deimhníodh na ráigeanna de HPAI. |
|
(11) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, níl aon limistéir liostaithe faoi láthair mar chriosanna cosanta agus faireachais don Bhulgáir, don Ungáir agus don Rómáin. |
|
(12) |
Chun aon chur isteach nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá tuairisc a thabhairt go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an mBulgáir, leis an Danmhairg, leis an Ungáir, agus leis an Rómáin, ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag na Ballstáit sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais don Danmhairg san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú. |
|
(14) |
Chomh maith leis sin, ba cheart criosanna cosanta agus faireachais a liostú le haghaidh na Bulgáire, na hUngáire agus na Rómáine san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 |
|
(15) |
Dá réir sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú chun an réigiúnú a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais chun aird a thabhairt ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag an mBulgáir, ag an Danmhairg, ag an Ungáir, agus ag an Rómáin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus ré na mbeart is infheidhme iontu. |
|
(16) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú dá réir. |
|
(17) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 2447, 30.10.2023, lch. 166). http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2447/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN
Cuid A
Criosanna cosanta sna Ballstáit* lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 2:
Ballstát: an Bhulgáir
|
Uimhir thagartha ADIS den ráig |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||||||
|
Veliko Turnovo Region |
||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2023-00003 |
The following villages in Veliko Turnovo municipality:
|
5.12.2023 |
||||||||
|
Pazardzhik Region |
||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2023-00004 BG-HPAI(P)-2023-00006 |
The following villages in Pazardzhik municipality:
|
5.12.2023 |
||||||||
|
Haskovo Region |
||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2023-00005 |
The following villages in Haskovo municipality:
|
29.11.2023 |
||||||||
|
Dobrich Region |
||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2023-00007 BG-HPAI(P)-2023-00008 |
The following villages in Dobrich municipality:
|
13.1.2024 |
||||||||
Ballstát: an Danmhairg
|
Uimhir thagartha ADIS den ráig |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
DE-HPAI(P)-2023-00006 |
The parts of Slagelse municipality that are contained within a circle of radius 3 km, centered on GPS coordinates N 55.2327; E 11.3956 |
2.12.2023 |
Ballstát: an Ungáir
|
Uimhir thagartha ADIS den ráig |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
Hajdú-Bihar vármegye |
||
|
HU-HPAI(P)-2023-00080 |
Hajdúnánás település közigazgatási területének a 47.873579 és a 21.393143 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
1.12.2023 |
|
HU-HPAI(P)-2023-00081 |
Tiszagyulaháza település közigazgatási területének a 47.984320 és a 21.149250 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
2.12.2023 |
|
Szabolcs-Szatmár-Bereg vármegye |
||
|
HU-HPAI(P)-2023-00081 |
Tiszadob település közigazgatási területének a 47.984320 és a 21.149250 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
2.12.2023 |
Ballstát: an Pholainn
|
Uimhir thagartha ADIS den ráig |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||
|
PL-HPAI(P)-2023-00071 |
W województwie zachodniopomorskim:
|
9.11.2023 |
Ballstát: an Rómáin
|
Uimhir thagartha ADIS den ráig |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
County: Teleorman |
||
|
RO-HPAI(P)-2023-00004 RO-HPAI(P)-2023-00005 |
Loc. Calomfireşti – Comuna Poroschia Loc. Poroschia – Comuna Poroschia Loc. Ţigăneşti – Comuna Ţigăneşti Loc. Brânceni - Comuna Brânceni |
22.11.2023 |
Cuid B
Criosanna faireachais sna Ballstáit* lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 3:
Ballstát: an Bhulgáir
|
Uimhir thagartha ADIS den ráig |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Veliko Turnovo and Gabrovo Regions |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2023-00003 |
The following villages in Veliko Turnovo municipality:
|
14.12.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Dryanovo municipality:
|
14.12.2023 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Veliko Turnovo municipality:
|
6.12.2023 – 14.12.2023 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Pazardzhik Region |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2023-00004 BG-HPAI(P)-2023-00006 |
The following villages in Pazardzhik municipality:
|
14.12.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Pazardzhik municipality:
|
6.12.2023 – 14.12.2023 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Peshtera municipality:
|
14.12.2023 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Haskovo Region |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2023-00005 |
The following village in Haskovo municipality:
|
8.12.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Haskovo municipality:
|
30.11.2023 – 8.12.2023 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following village in Harmanli municipality:
|
8.12.2023 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following village in Stambolovo municipality:
|
8.12.2023 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Dobrich Region |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2023-00007 BG-HPAI(P)-2023-00008 |
The following villages in Dobrich municipality:
|
22.1.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Dobrich municipality:
|
14.1.2024 - 22.1.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ballstát: an Danmhairg
|
Uimhir thagartha ADIS den ráig |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
DE-HPAI(P)-2023-00006 |
The parts of Slagelse and Næstved municipality beyond the area described in the protection zone and within the circle of radius 10 kilometres, centred on GPS koordinates coordinates N 55.2327; E 11.3956 |
11.12.2023 |
|
The parts of Slagelse municipality that are that are contained within a circle of radius 3 km, centered on GPS coordinates N 55.2327; E 11.3956 |
3.12.2023 - 11.12.2023 |
Ballstát: an Ungáir
|
Uimhir thagartha ADIS den ráig |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
Hajdú-Bihar vármegye |
||
|
HU-HPAI(P)-2023-00080 |
Hajdúböszörmény, Hajdúdorog, Hajdúnánás és Polgár települések közigazgatási területének a 47.873579 és a 21.393143 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül és védőkörzeten kívül eső területe. |
10.12.2023 |
|
Hajdúnánás település közigazgatási területének a 47.873579 és a 21.393143 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
2.12.2023 - 10.12.2023 |
|
|
HU-HPAI(P)-2023-00081 |
Polgár, Tiszagyulaháza és Újtikos települések közigazgatási területének a 47.984320 és a 21.149250 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül és védőkörzeten kívül eső területe. |
11.12.2023 |
|
HU-HPAI(P)-2023-00081 |
Tiszagyulaháza település közigazgatási területének a 47.984320 és a 21.149250 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
3.12.2023 - 11.12.2023 |
|
Szabolcs-Szatmár-Bereg vármegye |
||
|
HU-HPAI(P)-2023-00080 |
Tiszavasvári település közigazgatási területének a 47.873579 és a 21.393143 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
10.12.2023 |
|
HU-HPAI(P)-2023-00081 |
Tiszavasvári, Tiszadada és Tiszadob települések közigazgatási területének a 47.984320 és a 21.149250 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül és védőkörzeten kívül eső területe. |
11.12.2023 |
|
HU-HPAI(P)-2023-00081 |
Tiszadob település közigazgatási területének a 47.984320 és a 21.149250 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
3.12.2023 -11.12.2023 |
|
Borsod-Abaúj-Zemplén vármegye |
||
|
HU-HPAI(P)-2023-00081 |
Girincs, Kesznyéten, Kiscsécs, Prügy, Sajóörös, Taktaharkány, Taktakenéz, Taktaszada, Tiszalúc és Tiszaújváros települések közigazgatási területének a 47.984320 és a 21.149250 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül eső területe. |
11.12.2023 |
Ballstát: an Pholainn
|
Uimhir thagartha ADIS den ráig |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||||
|
PL-HPAI(P)-2023-00071 |
W województwie zachodniopomorskim:
|
18.11.2023 |
||||||
|
W województwie zachodniopomorskim:
|
10.11.2023 - 18.11.2023 |
Ballstát: an Rómáin
|
Uimhir thagartha ADIS den ráig |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
County: Teleorman |
||
|
RO-HPAI(P)-2023-00004 RO-HPAI(P)-2023-00005 |
Mun. Alexandria Loc. Purani – Comuna Vităneşti Loc. Teleorman – Comuna Mârzăneşti Loc. Mârzăneşti – Comuna Mârzăneşti Loc. Valea Părului – Comuna Mârzăneşti Loc. Cernetu – Comuna Mârzăneşti Loc. Ştorobăneasa – Comuna Ştorobăneasa Loc. Beiu – Comuna Ştorobăneasa Loc. Smârdioasa – Comuna Smârdioasa Loc. Şoimu – Comuna Smârdioasa Loc. Cervenia – Comuna Cervenia Loc. Izvoarele - Comuna Izvoarele |
1.12.2023 |
|
Loc. Calomfireşti – Comuna Poroschia Loc. Poroschia – Comuna Poroschia Loc. Ţigăneşti – Comuna Ţigăneşti Loc. Brânceni - Comuna Brânceni |
23.11.2023 – 1.12.2023 |
|
Cuid C:
Criosanna srianta breise sna Ballstáit* lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 4:
Ballstát: Ní fhaigheann siad aon chosaint shóisialta
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|||
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2578/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)