Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2498

    Cinneadh (CBES) 2023/2498 ón gComhairle an 10 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala

    ST/14316/2023/INIT

    IO L, 2023/2498, 13.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2498/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2498/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2498

    13.11.2023

    CINNEADH (CBES) 2023/2498 ÓN gCOMHAIRLE

    an 10 Samhain 2023

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/2074 (1).

    (2)

    An 10 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2201 (2), lena ndearnadh na bearta sriantacha a bhí i bhfeidhm a athnuachan go dtí an 14 Samhain 2023, lena n-áirítear gach ainmniúchán.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 13 de Chinneadh (CBES) 2017/2074, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha atá i bhfeidhm. Bunaithe ar an athbhreithniú sin agus i bhfianaise na géarchéime leanúnaí polaitiúla, eacnamaíche, sóisialta agus daonnúla i Veiniséala agus na ngníomhaíochtaí leanúnacha lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus den urraim do chearta an duine, ba cheart na bearta sriantacha, lena n-áirítear gach ainmniúchán, cé is moite de dhuine éagtha amháin, a athnuachan go dtí an 14 Bealtaine 2024, agus ba cheart an ráiteas ar chúiseanna maidir le 16 dhuine a nuashonrú.

    (4)

    Ní dhéanann na bearta sin difear don phobal i gcoitinne agus is féidir iad a fhreaschur i bhfianaise an dul chun cinn chun an daonlathas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine a athbhunú i Veiniséala.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2017/2074 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    ‘Beidh feidhm ag an gcinneadh seo go dtí an 14 Bealtaine 2024.’.

    (2)

    leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Samhain 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    P. NAVARRO RÍOS


    (1)  Cinneadh (CBES) 2017/2074 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO L 295, 14.11.2017, lch. 60).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2022/2201 ón gComhairle an 10 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO L 292, 11.11.2022, lch. 61).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2074 mar a leanas:

    (1)

    i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí, scriostar iontráil 3; agus

    (2)

    cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha 2, 7, 8, 11, 14, 16, 19, 21, 23, 24, 25, 29, 31, 38, 51 agus 53:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    ‘2.

    Gustavo Enrique GONZÁLEZ LÓPEZ

    Dáta breithe: 2 Samhain 1960

    Inscne: fireann

    Athcheapadh é ina ardstiúrthóir ar an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise Bholavarach (SEBIN) an 30 Aibreán 2019. Comhairleoir slándála agus faisnéise don Uachtarán Maduro ó mhí Eanáir 2019 agus Ard-Stiúrthóir SEBIN ó mhí Feabhra 2014 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2018. Le linn dó a bheith ina stiúrthóir ar SEBIN, rinne oifigigh faoina údarás deiridh gníomhaíochtaí coinneála treallacha, céastóireachta agus íde atá cruálach agus mídhaonna, lena n-áirítear foréigean gnéasach in ionad coinneála El Helicoide. Agus é ina Ard-Stiúrthóir SEBIN, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine lena n-áirítear coinneáil threallach, íde atá mídhaonna agus táireach, agus céastóireacht agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala.

    22.1.2018

    7.

    Diosdado CABELLO RONDÓN

    Dáta breithe: 15 Aibreán 1963

    Inscne: fireann

    Comhalta den Tionól Náisiúnta, nár toghadh go daonlathach, Iar-Uachtarán ar an Tionól Bunreachta agus an Chéad Leas-Uachtarán ar Pháirtí Sóisialach Aontaithe Veiniséala (PSUV). É rannpháirteach sa bhonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala agus leis an gcos ar bolg atá á imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as na meáin chun ionsaí poiblí agus bagairt a dhéanamh ar an bhfreasúra polaitiúil, ar na meáin eile agus ar an tsochaí shibhialta agus orduithe a thabhairt chun daoine aonair a choinneáil, lena n-áirítear orduithe a thabhairt don tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise Bholavarach (SEBIN).

    22.1.2018

    8.

    Tareck Zaidan EL-AISSAMI MADDAH

    Dáta breithe: 12 Samhain 1974

    Inscne: fireann

    Bhí sé tráth ina Leas-Uachtarán um an nGeilleagar agus ina Aire Cumhachta Pobail um Amhola agus um Thionsclaíocht agus Táirgeadh Náisiúnta. Agus é ina iar-Leas-Uachtarán ar Veiniséala, le formhaoirseacht aige ar stiúradh na Seirbhíse Náisiúnta Faisnéise Bolavaraí (SEBIN), tá Tareck El-Aissami freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an eagraíocht, lena n-áirítear coinneáil threallach, imscrúduithe a raibh cúiseanna polaitiúla leo, íde atá mídhaonna agus táireach, agus céastóireacht. Tá sé freagrach freisin as tacú le beartais agus gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta, agus as na beartais agus na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena n-áirítear léirsithe poiblí a chosc, agus tá sé i gceannas ar fhórsa frith-coup d’état an Uachtaráin Maduro, a raibh an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach mar sprioc aige.

    25.6.2018

    11.

    Iván HERNÁNDEZ DALA

    Dáta breithe: 18 Bealtaine 1966

    Inscne: fireann

    Maor-Ghinearál in Arm Náisiúnta Bolavarach Veiniséala. Ard-Stiúrthóir na Frithaisnéise Míleata ó mhí Eanáir 2014 agus Ceann ar Gharda an Uachtaráin ó mhí Mheán Fómhair 2015. Agus é ina cheann ar an bhFrithaisnéis Mhíleata, tá Iván Hernández Dala freagrach as an gcos ar bolg agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus a d’imir baill na Frithaisnéise Míleata faoina cheannas ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, lena n-áirítear céastóireacht, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a thabhairt do dhaoine faoi choinneáil.

    25.6.2018

    14.

    Sandra OBLITAS RUZZA

    Dáta breithe: 7 Meitheamh 1969

    Inscne: baineann

    Aire Oideachais Ollscoile. Roimhe sin, bhí sí ina reachtaire ar Universidad Bolivariana de Venezuela (Ollscoil Bholavarach Veiniséala). Roimhe sin, bhí sí ina Leas-Uachtarán ar an gComhairle Náisiúnta Toghchán agus ina hUachtarán ar Choimisiún an Chláir Sibhialtach agus Toghthóirí. Tá sí freagrach as gníomhaíochtaí na Comhairle Náisiúnta Toghchán a bhain an bonn den daonlathas i Veiniséala, lena n-áirítear bunú an Tionóil Bunreachta neamhdhlisteanaigh agus ionramháil an phróisis toghcháin a éascú.

    25.6.2018

    16.

    Katherine Nayarith HARRINGTON PADRÓN

    Dáta breithe: 5 Nollaig 1971

    Inscne: baineann

    Uachtarán Chuaird Bhreithiúnach Choiriúil Limistéar Cathrach Caracas. Roimhe sin, bhí sí ina Leas-Phríomh-Ionchúisitheoir (a aistrítear mar Leas-Ard-Aighne freisin) ó mhí Iúil 2017 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2018, cheap an Chúirt Uachtarach, seachas an Tionól Náisiúnta, ina Leas-Phríomh-Ionchúisitheoir í, de shárú ar an mbunreacht. Tá sí freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí ionchúisimh arb í an pholaitíocht is siocair leo a thionscnamh agus gan imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le sáruithe ar chearta an duine ag réimeas Maduro.

    25.6.2018

    19.

    Nestor Neptali BLANCO HURTADO

    Dáta breithe: 26 Meán Fómhair 1982

    Uimhir aitheantais: V-15222057

    Inscne: fireann

    Ceannasaí i gcrios frithaisnéise míleata Uimh. 32 i réigiún Los Llanos. Mar mhaor sa Gharda Náisiúnta Bolavarach, ghníomhaigh sé i gcomhar le hoifigigh sa Ard-Stiúrthóireacht na Frithaisnéise Míleata (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ó mhí na Nollag 2017 ar a laghad. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céastóireacht, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a thabhairt do dhaoine faoi choinneáil i saoráidí DGCIM.

    27.9.2019

    21.

    Carlos Alberto CALDERÓN CHIRINOS

    Uimhir aitheantais: V-10352300

    Inscne: fireann

    Oifigeach le scothfhórsa Phóilíní Náisiúnta Veiniséala (PNB/FAES). Roimhe sin, ba shealbhóir oifige sinsearaí (dá ngairtear Coimisinéir Ginearálta, Stiúrthóir El Helicoide agus Stiúrthóir Imscrúduithe Straitéiseacha) sa tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise Bholavarach (SEBIN) é. Faoina mhaoirseacht, rinne oifigigh na Stiúrthóireachta Imscrúduithe Straitéiseacha coinneáil neamhdhleathach, gníomhartha céastóireachta agus drochíde eile agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céastóireacht, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a thabhairt do dhaoine faoi choinneáil i saoráidí SEBIN. Go háirithe, ghlac sé páirt i ngníomhartha céastóireachta agus in íde atá cruálach, mídhaonna agus táireach ar dhaoine faoi choinneáil in El Helicoide, príosún SEBIN, agus is é atá freagrach as na gníomhartha sin.

    27.9.2019

    23.

    Rafael Antonio FRANCO QUINTERO

    Dáta breithe: 14 Deireadh Fómhair 1973

    Uimhir aitheantais: V-11311672

    Inscne: fireann

    Briogáidire-Ghinearál Arm Náisiúnta Bolarvarach Veiniséala. Gníomhaí sa tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise Bholavarach (SEBIN). Ceann Slándála ag Aerfort Idirnáisiúnta Maiquetía ó mhí Lúnasa 2019. Stiúrthóir na Stiúrthóireachta Speisialta Imscrúduithe Coiriúla agus Coiriúlachta in Ard-Stiúrthóireacht na Frithaisnéise Míleata (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) idir mí na Samhna 2016 agus mí na Samhna 2018. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céastóireacht, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a bheith á tabhairt, ag baill DGCIM faoina cheannas, do dhaoine faoi choinneáil i saoráidí DGCIM go háirithe in ionad coinneála Boleita. Ina theannta sin, luadh oifigigh faoina údarás le foréigean gnéasach i gcoinne daoine faoi choinneáil. Tá sé freagrach freisin as cos ar bolg ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach a bheith á imirt ag baill DGCIM faoina cheannas. Meastar go bhféadfadh sé go raibh baint aige le bás an Chaptaein Acosta.

    27.9.2019

    24.

    Alexander Enrique GRANKO ARTEAGA

    Dáta breithe: 25 Márta 1981

    Uimhir aitheantais: V-14970215

    Inscne: fireann

    Ceann (Stiúrthóir) an Rannáin Gnóthaí Speisialta (DAE) d’Ard-Stiúrthóireacht na Frithaisnéise Míleata (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ó 2017. Ceann Oifige in ionad coinneála Boleita de chuid DGCIM ón 29 Lúnasa 2022. Ó 2017 go 2022, d’ordaigh sé coinneáil threallach, fuadach forfheidhmithe gearrthéarmach, céastóireacht, lena n-áirítear foréigean gnéasach, agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, rinne sé maoirseacht ar na heachtraí sin agus ghlac sé páirt dhíreach iontu. Ceapadh é ina leifteanantchoirnéal den Gharda Náisiúnta Bolavarach an 1 Iúil 2020. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céastóireacht, úsáid fornirt iomarcaigh a ba chúis le bás agus gortú, agus drochíde a bheith á tabhairt, aige féin agus ag oifigigh faoina cheannas, do dhaoine faoi choinneáil i saoráidí DGCIM. Tá sé freagrach freisin as cos ar bolg ar an tsochaí shibhialta a bheith á imirt ag baill DGCIM faoina cheannas, chomh maith le baint dhíreach a bheith aige féin leis an gcos ar bolg sin. Meastar go bhféadfadh sé go raibh baint aige le bás an Chaptaein Acosta Arévalo.

    27.9.2019

    25.

    Hannover Esteban GUERRERO MIJARES

    Dáta breithe: 14 Eanáir 1971

    Inscne: fireann

    An Dara Ceannasaí agus an Ceann Foirne ar an 35ú Briogáid Póilíní Airm ó 2019. Stiúrthóir na Stiúrthóireachta Speisialta Imscrúduithe Coiriúla agus Coiriúlachta in Ard-Stiúrthóireacht na Frithaisnéise Míleata (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ó mhí na Samhna 2018 go mí Lúnasa 2019. Ina cháil mar Stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht Speisialta Imscrúduithe Coiriúla agus Coiriúlachta, rinne sé maoirseacht ar shaoráid DGCIM in ionad coinneála Boleita. Le linn na tréimhse sin, rinne oifigigh DGCIM gníomhartha céastóireachta agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chomh maith le foréigean gnéasach, in Boleita. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n áirítear céastóireacht, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a bheith á tabhairt aige féin agus ag oifigigh faoina cheannas, go háirithe in Boleita, do dhaoine faoi choinneáil. Meastar go bhféadfadh sé go raibh baint aige le bás an Chaptaein Acosta Arévalo.

    27.9.2019

    29.

    Elvis Eduardo HIDROBO AMOROSO

    Dáta breithe: 4 Lúnasa 1963

    Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital, Veiniséala

    Uimhir aitheantais: V-7659695

    Inscne: fireann

    Uachtarán Choimisiún Náisiúnta Toghchán Veiniséala ón 24 Lúnasa 2023. Roimhe sin, bhí sé ina Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (idir an 23 Deireadh Fómhair 2018 agus mí Lúnasa 2023) agus bhí sé ina Chéad agus ina Dhara Leas-Uachtarán ar an Tionól Bunreachta Náisiúnta, nach n-aithnítear. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí na nithe seo a dhéanamh: toirmeasc a chur ar chomhaltaí an fhreasúra a bheith i bhfeidhmeannas poiblí go ceann 15 bliana; ceannas a bheith aige ar an Tionól Bunreachta Náisiúnta, nach n-aithnítear; an dlí ‘i gcoinne an fhuatha’ a shíniú; údar a thabhairt le gobharnóir freasúra, a toghadh go dlíthiúil, a chur as oifig; agus toirmeasc a chur ar Juan Guaidó seasamh d’aon oifig phoiblí.

    29.6.2020

    31.

    Jorge Elieser MARQUÉZ MONSALVE

    Dáta breithe: 20 Feabhra 1971

    Áit bhreithe: Caracas, Veiniséala

    Uimhir aitheantais: V-8714253

    Inscne: fireann

    Aire in Oifig na hUachtaránachta ó mhí na Samhna 2017 agus Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin Náisiúnta Teileachumarsáide (CONATEL) ón 7 Lúnasa 2017. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí shrian ollmhór a chur le cearta mhuintir Veiniséala maidir le saoirse an phreasa, saoirse cainte agus saoirse chun faisnéis a fháil. Bhain sé úsáid as cumhachtaí speisialta CONATEL chun lucht cáinte agus daoine nár aontaigh leis an réimeas a chur ina dtost trína suíomhanna gréasáin a bhlocáil, scagadh a dhéanamh orthu, bac a chur orthu agus trí cheadúnais atá ann cheana do stáisiúin raidió agus teilifíse a chúlghairm agus trí dhiúltú chinn nua a dheonú.

    29.6.2020

    38.

    Omar José PRIETO FERNÁNDEZ

    Dáta breithe: 25 Bealtaine 1969

    Uimhir aitheantais: V-9761075

    Inscne: fireann

    Iar-Ghobharnóir stát Zulia (2017 - 2021). Sa phost sin, bhain sé an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i stát Zulia. Cuireadh faoi mhionn oifige é sa Tionól Bunreachta Náisiúnta, nach n-aithnítear, tar éis do bhuaiteoir dlisteanach an toghcháin diúltú a bheith curtha faoi mhionn oifige sa Tionól. Chuir Omar José Prieto Fernández na toghcháin neamhdhaonlathacha don Tionól Náisiúnta a bhí ar siúl an 6 Nollaig 2020 chun cinn go gníomhach. Thairis sin, i stát Zulia, bhagair sé ‘cuairteanna baile’ ar cheannairí freasúra agus dúirt sé go ndearbhódh sé go raibh stát Zulia neamhspleách dá nglacfadh rialtas eatramhach faoi cheannas Juan Guaidó cumhacht. Comhalta gníomhach de Pháirtí Sóisialach Aontaithe Veiniséala (PSUV) é.

    22.2.2021

    51.

    Carlos Ramón Enrique CARVALLO GUEVARA

    Uimhir aitheantais: V-10132041

    Inscne: fireann

    Uachtarán ar an bhfiontar stáit Corporación Ecosocialista Ezequiel Zamora (CORPOEZ) ó mhí an Mhárta 2021. Ginearál rannáin agus Leas-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht na Frithaisnéise Míleata (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ón 21 Lúnasa 2020. Comharba é ar an nGinearál Rafael Ramón Blanco Marrero. Roimhe sin, bhí Carvallo Guevara ar fiannas le DGCIM i réigiún Los Andes agus bhí post ardchéime aige sa Gharda Náisiúnta Bolavarach. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Veiniséala a rinne oifigigh de chuid DGCIM a bhí faoina cheannas. Sna torthaí ón Misean Neamhspleách Idirnáisiúnta Aimsithe Fíricí faoi Phoblacht Bholavarach Veiniséala a foilsíodh an 20 Meán Fómhair 2022, cuirtear síos ar DGCIM mar institiúid atá freagrach go díreach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

    22.2.2021

    53.

    Carlos Enrique TERÁN HURTADO

    Uimhir aitheantais: V-8042567

    Inscne: fireann

    Ginearál rannáin in Arm Náisiúnta Bolarvarach Veiniséala ó 2022. Stiúrthóir na Stiúrthóireachta Speisialta Imscrúduithe Coiriúla agus Coiriúlachta in Ard-Stiúrthóireacht na Frithaisnéise Míleata (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ó mhí Lúnasa 2019 go mí Feabhra 2021. I bhfeidhmeanna roimhe sin, bhí an Briogáidire-Ghinearál Terán Hurtado ina cheann ar na póilíní i stát Falcón agus ina cheann ar DGCIM i stát Táchira. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear íde atá cruálach, mídhaonna ar dhaoine faoi choinneáil, a rinne oifigigh de chuid DGCIM a bhí faoina cheannas. Sna torthaí mionsonraithe ón Misean Neamhspleách Idirnáisiúnta Aimsithe Fíricí faoi Phoblacht Bholavarach Veiniséala, luaitear go sonrach go bhfuil an Briogáidire-Ghinearál Terán Hurtado ar cheann de na gníomhaithe freagracha, agus go bhfuil baint aige le cás an Chaptaein de la Sotta.

    22.2.2021’.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2498/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top