This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2488
Council Decision (CFSP) 2023/2488 of 9 November 2023 amending Decision (CFSP) 2019/1894 concerning restrictive measures in view of Turkey’s unauthorised drilling activities in the Eastern Mediterranean
Cinneadh (CBES) 2023/2488 ón gComhairle an 9 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
Cinneadh (CBES) 2023/2488 ón gComhairle an 9 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
ST/12656/2023/INIT
IO L, 2023/2488, 10.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2488/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2488 |
10.11.2023 |
CINNEADH (CBES) 2023/2488 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Samhain 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1894 (1). |
(2) |
Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2019/1894. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sin go dtí an 30 Samhain 2024. |
(3) |
Measann an Chomhairle gur cheart an leagan Béarla de theideal Chinneadh (CBES) 2019/1894 a leasú. |
(4) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/1894 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 mar a leanas:
(1) |
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge) |
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: ‘Airteagal 8 Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Samhain 2024 agus déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Samhain 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. CALVIÑO SANTAMARÍA
(1) Cinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (IO L 291, 12.11.2019, lch. 47).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2488/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)