Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2487

    Cinneadh (CBES) 2023/2487 ón gComhairle an 9 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

    ST/13640/2023/INIT

    IO L, 2023/2487, 10.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2487/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2487/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2487

    10.11.2023

    CINNEADH (CBES) 2023/2487 ÓN gCOMHAIRLE

    an 9 Samhain 2023

    lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 23 Nollaig 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/798/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (‘PAL’).

    (2)

    An 27 Iúil 2023, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2693 (2023). Bunaítear leis an Rún sin nach bhfuil feidhm le bheith a thuilleadh ag na bearta trádbhac arm ná ag na ceanglais ghaolmhara maidir le fógra a thabhairt maidir le soláthar, díol nó aistriú arm agus trealamh gaolmhar agus soláthairtí gaolmhara, agus maidir le cúnamh, comhairle agus oiliúint a chur ar fáil d’fhórsaí slándála PAL, lena n-áirítear institiúidí sibhialta forfheidhmithe dlí an stáit.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/798/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    I gCinneadh 2013/798/CBES, leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (1)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    ‘(g)

    airm agus trealamh gaolmhar agus soláthairtí gaolmhara de gach cineál a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, lena n-áirítear armáin agus armlón, feithiclí agus trealamh míleata, trealamh paraimíleata, agus páirteanna spártha don mhéid thuasluaite, agus cúnamh, comhairle agus oiliúint ghaolmhar a chur ar fáil d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n-áirítear institiúidí sibhialta forfheidhmithe dlí an stáit; nó’

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choiste sula ndéanfar aon díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú, mar a cheadaítear i bpointí (a), (b), (c), (d), (f) agus (i) de mhír 1.’;

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Samhain 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    N. CALVIÑO SANTAMARÍA


    (1)  Cinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (IO L 352, 24.12.2013, lch. 51).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2487/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top