This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2463
Commission Decision (EU) 2023/2463 of 3 November 2023 on the publication of the user’s guide setting out the steps needed to participate in the EU eco-management and audit scheme (EMAS) pursuant to Regulation (EC) No 1221/2009 of the European Parliament and of the Council (notified under document C(2023) 720)
Cinneadh (AE) 2023/2463 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2023 ar fhoilsiú an treoirleabhair d’úsáideoirí ina leagtar amach na céimeanna is gá chun bheith rannpháirteach i scéim an Aontais um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023)720)
Cinneadh (AE) 2023/2463 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2023 ar fhoilsiú an treoirleabhair d’úsáideoirí ina leagtar amach na céimeanna is gá chun bheith rannpháirteach i scéim an Aontais um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023)720)
C/2023/7207
IO L, 2023/2463, 10.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2463/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2463 |
10.11.2023 |
CINNEADH (AE) 2023/2463 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Samhain 2023
ar fhoilsiú an treoirleabhair d’úsáideoirí ina leagtar amach na céimeanna is gá chun bheith rannpháirteach i scéim an Aontais um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023)720)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinntí 2001/681/CE agus 2006/193/CE (1) ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 46(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Glacadh an treoirleabhar d’úsáideoirí le Cinneadh 2013/131/AE ón gCoimisiún (2) agus leasaíodh ina dhiaidh sin é le Cinntí (AE) 2017/2285 (3) agus (AE) 2020/1802 (4) ón gCoimisiún. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh, ba cheart Cinneadh 2013/131/AE a ionadú ar mhaithe le soiléireacht. |
|
(2) |
Is é cuspóir scéim an Aontais um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), feabhsúcháin leanúnacha a chur chun cinn i ndáil le feidhmíocht chomhshaoil eagraíochtaí trí chóras bainistíochta comhshaoil a bhunú agus a chur chun feidhme, trí mheastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht chóras den sórt sin, trí fhaisnéis a sholáthar ar fheidhmíocht chomhshaoil, trí chomhagallamh oscailte leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara eile agus trí pháirt ghníomhach a bheith ag fostaithe. |
|
(3) |
Ba cheart d’eagraíochtaí leasmhara faisnéis agus treoraíocht bhreise a fháil faoi na céimeanna is gá le bheith rannpháirteach in EMAS. Coinneofar an fhaisnéis agus an treoraíocht cothrom le dáta bunaithe ar an taithí a gheofar trí EMAS a oibriú agus mar fhreagairt ar an ngá le treoraíocht bhreise a shainaithneofar. |
|
(4) |
Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 le déanaí a mhéid a bhaineann le luach tagartha na bpríomhtháscairí agus le hanailís comhthéacs struchtúrtha ar an eagraíocht. Ba cheart na torthaí sin a léiriú sa treoirleabhar d’úsáideoirí. Ina theannta sin, ba cheart an treoraíocht maidir leis an modh samplála chun eagraíochtaí il-láithreáin a fhíorú a shimpliú agus ba cheart feabhas a chur ar struchtúr an treoirleabhair d’úsáideoirí. Ar deireadh, ba cheart samplaí breise a sholáthar chun an treoirleabhar d’úsáideoirí a dhéanamh níos soláimhsithe agus chun deis a thabhairt an líon clárúchán EMAS a mhéadú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Foilsítear leis seo an treoirleabhar d’úsáideoirí ina leagtar amach na céimeanna is gá chun bheith rannpháirteach i scéim an Aontais um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh 2013/131/AE.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 342, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Cinneadh 2013/131/AE ón gCoimisiún an 4 Márta 2013 lena mbunaítear an treoirleabhar d’úsáideoirí ina leagtar amach na céimeanna is gá chun bheith rannpháirteach in EMAS, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2013) 1114) (IO L 76, 19.3.2013, lch. 1).
(3) Cinneadh (AE) 2017/2285 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2017 lena leasaítear an treoirleabhar d’úsáideoirí ina leagtar amach na céimeanna is gá chun bheith rannpháirteach in EMAS, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2017) 8072) (IO L 328, 12.12.2017, lch. 38)
(4) Cinneadh (AE) 2020/1802 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2020 lena leasaítear an treoirleabhar d’úsáideoirí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2020) 8151) (IO L 402, 1.12.2020, lch. 51).
IARSCRÍBHINN
TREOIRLEABHAR D’ÚSÁIDEOIRÍ EMAS
Ábhar
| Réamhrá | 8 |
|
1. |
Cad é EMAS? | 8 |
|
2. |
Costais agus buntáistí EMAS | 8 |
|
3. |
Tacaíocht EMAS do FBManna | 11 |
|
4. |
An modh ‘EMAS Éasca’ | 11 |
|
5. |
Sineirgí le reachtaíocht agus le hionstraimí saorálacha eile | 11 |
|
6. |
Aitheantas do chórais bainistíochta eile agus do chuir chuige eile maidir le EMAS - Airteagal 45 de Rialachán EMAS | 14 |
|
7. |
Na hocht gcéim chuig EMAS | 14 |
|
8. |
Gníomhaithe agus institiúidí a bhfuil baint acu le EMAS a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun | 16 |
|
Céim 1: |
Pleanáil agus ullmhaigh | 17 |
|
1.1. |
Raon feidhme chlárú EMAS laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach a shainiú – Iarscríbhinn II A.4.3a ghabhann le Rialachán EMAS | 17 |
|
1.2. |
Eintiteas atá le clárú faoi EMAS – Airteagal 2(21) agus Airteagal 2(22) de Rialachán EMAS | 18 |
|
1.2.1. |
Eagraíochtaí a fheidhmíonn ar láithreán aonair nó ar shuíomh aonair. | 19 |
|
1.2.2. |
Eagraíocht a oibríonn thar láithreáin/suíomhanna éagsúla. | 19 |
|
1.2.3. |
Eagraíocht nach féidir láithreán sonrach a shainiú i gceart ina leith. | 20 |
|
1.2.4. |
Eagraíochtaí a bhainistíonn láithreáin éagsúla i limistéar scaipthe. | 20 |
|
1.2.5. |
Spásanna sealadacha comhroinnte á rialú ag eagraíochtaí. | 21 |
|
1.2.6. |
Eagraíochtaí éagsúla ag aon suíomh amháin | 22 |
|
1.2.7. |
Coincheap braisle – Airteagal 37 de Rialachán EMAS | 22 |
|
1.3. |
Gealltanas ón mbainistíocht maidir leis an gcóras bainistíochta comhshaoil – Iarscríbhinn II A.5.1, 5.3, B.2 | 23 |
|
1.4. |
Athbhreithniú comhshaoil a dhéanamh – Airteagal 4(1a), Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II B.3 a ghabhann le Rialachán EMAS | 24 |
|
1.4.1. |
Comhthéacs na heagraíochta a chinneadh – Iarscríbhinn I Uimh. 1, Iarscríbhinn II A.4.1 a ghabhann le Rialachán EMAS | 25 |
|
1.4.2. |
Páirtithe leasmhara agus a riachtanais agus a n-ionchais a shainaithint – Iarscríbhinn I Uimh. 2, Iarscríbhinn II A. 4.2 a ghabhann le Rialachán EMAS | 26 |
|
1.4.3. |
Na ceanglais dlí is infheidhme agus oibleagáidí comhlíontachta eile a bhaineann leis an gcomhshaol a shainaithint – Iarscríbhinn I Uimh. 3, Iarscríbhinn II A. 6.1.3 agus B. 4 a ghabhann le Rialachán EMAS | 27 |
|
1.4.4. |
Gnéithe comhshaoil díreacha agus indíreacha a shainaithint - Iarscríbhinn I Uimh. 4, Iarscríbhinn II A.6.1.2 a ghabhann le Rialachán EMAS | 28 |
|
1.4.5. |
Doiciméid Tagartha Earnála – Airteagal 46(1) de Rialachán EMAS | 29 |
|
1.4.6. |
Tábhacht gnéithe comhshaoil a mheasúnú – Iarscríbhinn I Uimh. 5, Iarscríbhinn II Uimh. 6.1.2 a ghabhann le Rialachán EMAS | 33 |
|
1.4.7. |
Meastóireacht a dhéanamh ar aiseolas ó imscrúdú ar theagmhais roimhe seo – Iarscríbhinn I, Uimh. 6 a ghabhann le Rialachán EMAS | 35 |
|
1.4.8. |
Deiseanna agus rioscaí a chinneadh agus a dhoiciméadú – Iarscríbhinn I Uimh. 7, Iarscríbhinn II A. 6.1 a ghabhann le Rialachán EMAS | 35 |
|
1.4.9. |
Próisis, cleachtais agus nósanna imeachta atá ann cheana a scrúdú – Iarscríbhinn I Uimh. 8 a ghabhann le Rialachán EMAS | 36 |
|
Céim 2: |
An beartas comhshaoil a shainiú. | 36 |
|
2.1. |
An beartas comhshaoil a shainiú – Iarscríbhinn II A.5.2 a ghabhann le Rialachán EMAS | 36 |
|
Céim 3: |
Clár comhshaoil a fhorbairt – Iarscríbhinn II A.6.2.1, B.5 a ghabhann le Rialachán EMAS | 37 |
|
Céim 4: |
Córas bainistíochta comhshaoil a bhunú agus a chur chun feidhme – Airteagal 4(1b), Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán EMAS | 39 |
|
4.1. |
Acmhainní, cúraimí, freagracht agus údarás a leagan amach – Iarscríbhinn II, A.5.1., A.5.3, A.7.1. a ghabhann le Rialachán EMAS | 40 |
|
4.2. |
Nós imeachta a bhunú chun oibleagáidí comhlíontachta a chinneadh agus meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht – Iarscríbhinn II, A.6.1.3, B.4, agus A.9.1.2. a ghabhann le Rialachán EMAS | 40 |
|
4.3. |
Rannpháirtíocht, inniúlacht, oiliúint agus feasacht fostaithe – Iarscríbhinn II A7.2, B.6 B.6 a ghabhann le Rialachán EMAS | 42 |
|
4.4. |
Nós imeachta a bhunú le haghaidh cumarsáid inmheánach agus sheachtrach–- Iarscríbhinn II A 7.4. a ghabhann le Rialachán EMAS | 44 |
|
4.5. |
Doiciméadacht agus rialú ar dhoiciméid – Iarscríbhinn II, A.7.5 a ghabhann le Rialachán EMAS | 45 |
|
4.6. |
Pleanáil agus rialú oibríochta – Iarscríbhinn II A.8.1 a ghabhann le Rialachán EMAS | 47 |
|
4.7. |
Ullmhacht agus freagairt i gcás éigeandála – Iarscríbhinn II A.8.2 a ghabhann le Rialachán EMAS | 48 |
|
4.8. |
Faireachán, tomhas agus anailís ar fheidhmíocht chomhshaoil – Iarscríbhinn II A.9.1 a ghabhann le Rialachán EMAS | 49 |
|
4.9. |
An nós imeachta chun déileáil le neamhchomhlíonadh agus gníomh ceartaitheach a dhéanamh – Iarscríbhinn II, A.10.2 a ghabhann le Rialachán EMAS | 49 |
|
Céim 5: |
Iniúchóireacht inmheánach – Airteagal 9, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán EMAS | 50 |
|
5.1. |
Nós imeachta a chur i bhfeidhm le haghaidh iniúchadh inmheánach ar an gcomhshaol. | 50 |
|
5.1.1. |
Minicíocht an iniúchta | 51 |
|
5.1.2. |
Gníomhaíochtaí atá faoi raon feidhme an iniúchta inmheánaigh ar an gcomhshaol | 51 |
|
5.1.3. |
Tuairisc a thabhairt ar chonclúidí an iniúchta comhshaoil | 52 |
|
5.2. |
Athbhreithniú bainistíochta – Iarscríbhinn II A.9.3 a ghabhann le Rialachán EMAS | 52 |
|
Céim 6: |
An ráitis ar an gcomhshaol a chruthú. | 53 |
|
6.1 |
An ráitis ar an gcomhshaol a ullmhú – Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán EMAS | 54 |
|
6.1.1 |
Na bunriachtanais le haghaidh ráiteas EMAS ar an gcomhshaol – Iarscríbhinn IV B a ghabhann le Rialachán EMAS | 54 |
|
6.1.2. |
Príomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil – Iarscríbhinn IV C a ghabhann le Rialachán EMAS | 56 |
|
6.1.3. |
Táscairí feidhmíochta comhshaoil eile atá ábhartha | 61 |
|
6.1.4. |
Cuntasacht áitiúil – Iarscríbhinn IV D a ghabhann le Rialachán EMAS | 61 |
|
6.1.5. |
An ráiteas ar an gcomhshaol a thabhairt cothrom le dáta — Airteagal 8 de Rialachán EMAS | 62 |
|
6.1.6. |
Rochtain phoiblí — Iarscríbhinn IV E a ghabhann le Rialachán EMAS | 62 |
|
Céim 7: |
Fíorú seachtrach – Airteagail 18 agus 19 de Rialachán EMAS | 62 |
|
7.1. |
Fíorú tríú páirtí | 63 |
|
7.1.1. |
Cé ag a bhfuil cead EMAS a fhíorú agus a bhailíochtú | 63 |
|
7.1.2. |
Fíorú arna dhéanamh ag an bhfíoraitheoir comhshaoil – Airteagal 18 de Rialachán EMAS | 64 |
|
7.1.3. |
Minicíocht na bhfioruithe — Airteagail 6, 7 agus 19 de Rialachán EMAS | 65 |
|
7.2. |
Modh samplála | 67 |
|
7.2.1. |
Ceanglais maidir le hiarratas ar nós imeachta samplála chun measúnú a dhéanamh ar eagraíochtaí ag a bhfuil roinnt mhaith láithreán | 67 |
|
7.2.2. |
Critéir incháilitheachta chun an modh samplálaa chur i bhfeidhm. | 67 |
|
7.2.3. |
Ceanglais don eagraíocht is iarratasóir | 68 |
|
7.2.4. |
Critéir chun láithreáin a eisiamh ón nós imeachta samplála | 68 |
|
7.2.5. |
Treoirlínte maidir le nós imeachta samplála a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar eagraíochtaí il-láithreáin | 69 |
|
7.2.6. |
An nós imeachta chun an modh samplála le haghaidh eagraíochtaí il-láithreáin a chur i bhfeidhm | 69 |
|
7.2.7. |
Roghnú agus ríomh an tsampla | 70 |
|
7.2.8. |
Nós imeachta i gcás ina n-imítear ón ngnáthnós imeachta | 71 |
|
7.2.9. |
An doiciméadacht a chuirfear san áireamh sa ráiteas ar an gcomhshaol ina dtabharfar údar le méid an tsampla agus leis an nós imeachta samplála. | 72 |
|
7.3. |
Tuarascáil an fhíoraitheora comhshaoil | 72 |
|
7.4. |
Bailíochtú an ráitis ar an gcomhshaol — Airteagail 6, 7 agus 19 de Rialachán EMAS | 73 |
|
Céim 8: |
Clárú i gclár EMAS – Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán EMAS | 73 |
|
8.1. |
An próiseas clárúcháin — Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán EMAS | 73 |
|
8.1.1. |
Na doiciméid a éilítear le haghaidh chlárú EMAS. | 75 |
|
8.1.2. |
Clárú | 75 |
|
8.1.3. |
Fad an phróisis clárúcháin | 75 |
|
8.1.4. |
Clárú EMAS a chur ar fionraí nó a scriosadh | 76 |
|
8.1.5 |
Feabhas leanúnach ar fheidhmíocht chomhshaoil le EMAS | 76 |
|
8.2. |
Úsáid lógó EMAS – Airteagal 10 de Rialachán EMAS | 77 |
|
8.2.1. |
Cé atá in ann an lógó a úsáid? | 78 |
|
8.2.2. |
Cé a dhámhann an lógó? | 78 |
|
8.2.3 |
Teorainneacha maidir le húsáid an lógó | 79 |
Liosta na bhfíoracha
|
Fíor 1 |
Idirghníomhú comhtháiteach na gcóras bainistíochta caighdeánaithe éagsúil | 11 |
|
Fíor 2 |
Buntáistí EMAS de bhreis agus de bharr ar EN ISO 14001 | 12 |
|
Fíor 3 |
Buntáistí eile EMAS | 13 |
|
Fíor 4 |
Na hocht gcéim chuig EMAS | 14 |
|
Fíor 5 |
Amlíne maidir le próiseas an chláraithe | 15 |
|
Fíor 6 |
Trí shampla d’oibríochtaí ar láithreán aonair | 19 |
|
Fíor 7 |
Samplaí de láithreáin éagsúla i limistéar scaipthe á rialú ag eagraíochtaí | 21 |
|
Fíor 8 |
Sampla de spásanna comhroinnte | 21 |
|
Fíor 9 |
Sampla d’eagraíocht atá suite ag láithreán comhroinnte | 22 |
|
Fíor 10 |
Samplaí d’fhachtóirí inmheánacha agus seachtracha a chinneann comhthéacs na heagraíochta | 26 |
|
Fíor 11 |
Samplaí de pháirtithe leasmhara agus d’ionchais fhéideartha (foinse: UGA-GS). | 27 |
|
Fíor 12 |
Earnálacha a bhfuil Doiciméid Tagartha Earnála le fáil ina leith | 30 |
|
Fíor 13 |
Sampla de mhodh chun SRDanna a chomhtháthú | 30 |
|
Fíor 14 |
Gnéithe tipiciúla comhshaoil agus saolré táirge á breithniú | 32 |
|
Fíor 15 |
Sampla de mhaitrís mheastóireachta leis an anailís ABC | 35 |
|
Fíor 16 |
Idirghníomhú athbhreithnithe comhshaoil, beartais comhshaoil, cuspóirí agus spriocanna comhshaoil, bearta pleanáilte agus cláir comhshaoil | 38 |
|
Fíor 17 |
Sreabhchairt de chúrsaí oiliúna laistigh den chóras bainistíochta comhshaoil | 43 |
|
Fíor 18 |
An nós imeachta chun doiciméid a láimhseáil laistigh de chóras bainistíochta comhshaoil | 46 |
|
Fíor 19 |
Bainistiú pleananna éigeandála | 48 |
|
Fíor 20 |
Sampla de leithdháileadh limistéar le haghaidh na bpríomhtháscairí ‘Úsáid talún i ndáil leis an mbithéagsúlacht’ | 58 |
|
Fíor 21 |
Príomhghníomhairí agus córas rialachais EMAS | 76 |
|
Fíor 22 |
Lógó EMAS | 77 |
Liosta na dtáblaí
|
Tábla 1 |
‘Lámhleabhar ECFE ar Dhícheall Cuí Comhshaoil i Slabhraí Soláthair Mianraí agus Miotail’ | 31 |
|
Tábla 2 |
Samplaí de ghnéithe comhshaoil agus a dtionchar comhshaoil | 33 |
|
Tábla 3 |
Gnéithe comhshaoil a mheasúnú agus úsáid á baint as sampla na dramhaíola. | 34 |
|
Tábla 4 |
Samplaí den idirghníomhú idir cuspóirí, spriocanna, agus bearta comhshaoil | 39 |
|
Tábla 5 |
Sampla d’athbhreithniú dlíthiúil ar chomhlíontacht | 41 |
|
Tábla 6 |
Sampla d’athbhreithniú ar chomhlíontacht maidir le ceanglais chomhshaoil eile | 42 |
|
Tábla 7 |
Samplaí den úsáid a bhaintear as príomhtháscairí in eagraíochtaí riaracháin phoiblí nó in eagraíochtaí comhchosúla | 59 |
|
Tábla 8 |
Sampla den úsáid a bhaintear as príomhtháscairí feidhmíochta san earnáil táirgthe | 60 |
|
Tábla 9 |
Verification frequency required under EMAS Regulation | 66 |
|
Tábla 10 |
Minicíocht an fhíoraithe a cheanglaítear faoi Rialachán EMAS | 74 |
RÉAMHRÁ
Eagraíochtaí ar mian leo rannchuidiú le samhlacha táirgthe agus ídithe níos inbhuanaithe sa tsochaí s’againne, bíonn de dhúshlán orthu na táirgí agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad a dhéanamh níos inbhuanaithe ar feadh an tslabhra soláthair ar fad, acmhainní a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, agus an tionchar a bhíonn acu ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a laghdú.
Is é an cuspóir atá le córais bainistíochta comhshaoil amhail EMAS (1) cuidiú le heagraíochtaí feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil agus coigiltis a dhéanamh freisin. Nuair a bhunaigh an tAontas EMAS in 1993, ba é an aidhm a bhí leis uirlis bhainistíochta a sholáthar d’eagraíochtaí a d’fhéadfaidís a úsáid chun meastóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil agus chun feabhas a chur uirthi. Tacaíonn EMAS le comhlíontacht chomhshaoil trí, mar shampla, na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh maidir le gníomhartha dlí, amhail an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (2), an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (3) nó chun tacú le cuideachtaí dícheall cuí ó thaobh an chomhshaoil de a dhéanamh faoin Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach (4) atá le teacht.
Tugtar breac-chuntas sa treoir seo ar phríomhghnéithe na scéime agus mínítear an méid is gá d’eagraíochtaí a dhéanamh le bheith rannpháirteach inti. Is é is aidhm di a éascú d’eagraíochtaí a bheith páirteach agus, ar an gcaoi sin, glacadh na scéime a mhéadú. Ar bhonn níos ginearálta, dearadh an Rialachán EMAS chun cur chun feidhme a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát agus chun comhchreat reachtach a chruthú. Comhlíonann an Treoirleabhar d’Úsáideoirí EMAS seo (5) na ceanglais a leagtar síos in 46(5) de Rialachán EMAS.
1. Cad é EMAS?
Is uirlis é EMAS atá ar fáil d’aon eagraíocht atá gníomhach in aon earnáil eacnamaíoch laistigh nó lasmuigh den Aontas Eorpach ar mian léi:
|
✓ |
freagracht a ghlacadh as an tionchar atá aici ar an gcomhshaol agus ar an ngeilleagar. |
|
✓ |
feabhas a chur ar a feidhmíocht ghinearálta chomhshaoil. |
|
✓ |
an pobal agus geallsealbhóirí a chur ar an eolas faoin bhfeidhmíocht sin. |
Cuireann EMAS ar a gcumas d’eagraíochtaí an tionchar a bhíonn acu ar an gcomhshaol a shainaithint agus a thaifeadadh go córasach. Ar an mbonn sin, is féidir leo straitéis a fhorbairt chun feabhas a chur ar a n-inbhuaine comhshaoil. Le cuidiú ó EMAS, is féidir le cuideachta na trí cheist seo a leanas a fhreagairt:
|
1. |
cad é an tionchar atá againn ar an gcomhshaol inniu? |
|
2. |
conas is féidir linn feabhas a chur ar ár bhfeidhmíocht chomhshaoil? |
|
3. |
conas a bhainfimid an sprioc sin amach? |
2. Costais agus buntáistí EMAS
Baineann costais inmheánacha agus sheachtracha le EMAS a chur chun feidhme, amhail tacaíocht chomhairliúcháin, acmhainní daonna chun bearta, iniúchtaí, táillí clárúcháin etc. a chur chun feidhme agus obair leantach a dhéanamh ina leith. Tá éagsúlacht mhór sna costais agus buntáistí, ag brath ar thosca amhail méid na heagraíochta, na cineálacha gníomhaíochtaí, cleachtais bainistíochta comhshaoil reatha agus an tír atá i gceist. Is infheistíocht é clárú le EMAS, toisc go mbíonn coigilteas mór mar thoradh air chomh maith le buntáistí ó thaobh clú de, ós rud é go bhfuil an pobal níos éilithí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, rud a fhágann go bhfuil níos mó brabús ann. Léirítear le staidéir go méadaíonn eagraíochtaí a n-ioncam agus go ndéanann siad an costas cur chun feidhme a aisghabháil go tapa dá bhrí sin, laistigh de bhliain nó dhó, de ghnáth.
Tríd is tríd, cuidíonn córais bainistíochta comhshaoil mar EMAS le heagraíochtaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht acmhainne, rioscaí a laghdú agus dea-shampla a thabhairt, trí dhea-chleachtas a dhearbhú go poiblí.
Is mó an coigilteas a bhaintear amach ná an costas chun scéim a chur chun feidhme.
|
✓ |
Feidhmíocht chomhshaoil fheabhsaithe. |
Ba cheart do tháscairí feabhas follasach a léiriú agus dá bhrí sin, tionchar laghdaithe ar an gcomhshaol le himeacht ama.
|
✓ |
Coigiltis bhreise i ndáil le héifeachtúlacht |
Coigiltis bhliantúla d’eagraíochtaí de gach méid ar mó iad ná na costais bhliantúla chun EMAS a choinneáil ar bun.
|
✓ |
Comhlíontacht chomhshaoil agus próisis rialaithe inmheánaigh níos fearr a áirithiú |
Ciallaíonn níos lú sáruithe ar dhlí an chomhshaoil caidreamh níos fearr le húdaráis rialála.
|
✓ |
Caidreamh níos fearr le geallsealbhóirí |
Níos mó muiníne a bheith ag geallsealbhóirí, go háirithe muinín as riarachán poiblí agus cuideachtaí seirbhíse.
|
✓ |
Níos mó deiseanna margaidh |
Cuntasacht níos fearr le custaiméirí atá ann cheana agus deiseanna níos fearr chun margaí nua a ghnóthú. Féadfaidh EMAS a chur ar a gcumas do chuideachtaí cláraithe a thaispeáint go bhfuil an cumas teicniúil acu chun ceanglais chonarthacha a chomhlíonadh maidir le bainistíocht chomhshaoil i dtairiscintí poiblí. Féadfaidh eagraíochtaí a soláthróirí a spreagadh chun córas bainistíochta comhshaoil a bheith i bhfeidhm mar chuid dá mbeartas comhshaoil féin. D’fhéadfadh nósanna imeachta gnólacht-le-gnólacht a bheith níos éasca don dá pháirtí má tá gnólachtaí cláraithe faoi EMAS.
|
✓ |
Faoiseamh rialála |
|
✓ |
Tairbhiú d’fhaoiseamh rialála (6). Tairgeann roinnt Ballstát buntáistí d’eagraíochtaí atá cláraithe faoi EMAS faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta agus réigiúnacha maidir leis an gcomhshaol. D’fhéadfadh oibleagáidí tuairiscithe simplithe, níos lú cigireachtaí, táillí dramhaíola níos ísle agus tréimhsí níos faide idir athnuachaintí ceadanna a bheith i gceist leis sin. |
|
Faoiseamh rialála – roinnt samplaí
Dreasachtaí airgeadais – roinnt samplaí
Bearta tacaíochta beartas – roinnt samplaí.
|
Dearbhaíonn staidéir éifeacht dhearfach dreasachtaí den sórt sin (7). I roinnt Ballstát, déanann an stát iarrachtaí chun EMAS a thabhairt isteach a fhóirdheonú. Is féidir faisnéis faoi na bearta tacaíochta sin a fháil ón gcomhlacht inniúil i ngach tír. Tá coimre de chur chun cinn EMAS agus tacaíocht bheartais i mBallstáit le fáil ar líne (8). Soláthraíonn an Coimisiún faisnéis ghinearálta freisin faoi EMAS a thabhairt isteach agus a chur i gcleachtas. Mar shampla, soláthraíonn Deasc Chabhrach EMAS faisnéis agus uirlisí chun tacú le cur chun feidhme.
|
Déantar micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), mar a shainítear i Moladh 2003/361 ón Aontas, a rangú mar ‘eagraíochtaí beaga’. Is FBM é gnólacht i gcás ina bhfuil os cionn 249 bhfostaí aige agus ina ngineann sé díolacháin bhliantúla nach mó ná EUR 50 milliún nó ina bhfuil méid iomlán nach mó ná EUR 43 mhilliún ar a chlár comhardaithe. Áirítear ar an téarma ‘eagraíochtaí beaga’ freisin údaráis áitiúla a fhreastalaíonn ar níos lú ná 10 000 áitritheoir nó údaráis eile ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus nach mó ná EUR 50 milliún a mbuiséad bliantúil nó nach mó ná EUR 43 mhilliún an méid iomlán ar a gclár comhardaithe bliantúil. |
3. Tacaíocht EMAS do FBManna
Tairbhíonn eagraíochtaí beaga (FBManna) den mhéid seo a leanas freisin:
|
✓ |
rochtain éasca ar fhaisnéis agus ar chláir thacaíochta atá curtha in oiriúint dá riachtanais (9); |
|
✓ |
táillí clárúcháin (10) a dheartar chun rannpháirtíocht a spreagadh. |
|
✓ |
bearta cúnaimh theicniúil. |
4. An modh‘EMAS Éasca’
Cé nach luaitear é sa Rialachán, ba cheart féachaint ar an modh ‘EMAS Éasca’ (11) mar uirlis le húsáid ag eagraíochtaí beaga. Is féidir leis cuidiú leo na ceanglais EMAS uile a chur chun feidhme go tapa, go simplí agus ar chostas íseal.
Tá an bosca uirlisí EMAS Éasca (12), lena gcuirtear teimpléid chaighdeánaithe ar fáil, áisiúil le haghaidh cnuasthionscadal. Cuireann sé ar a gcumas d’eagraíochtaí rannpháirteacha sainchomhairleoir atá cáilithe faoi EMAS a ‘chomhroinnt’, nó comh-fhíoraitheoir comhshaoil a choimisiúnú don phróiseas deimhniúcháin críochnaitheach, más gá.
Is minic a bhíonn forluí idir cuir chuige bainistíochta comhshaoil a mbaineann tairseach íseal leo agus córais bainistíochta comhshaoil eile agus cumhdaítear ceanglais EMAS go páirteach leo. Is féidir iad a úsáid, dá bhrí sin, mar chuid de ghluaiseacht céim-ar-chéim chuig EMAS, chun na hiarrachtaí is gá a laghdú agus chun clárú faoi EMAS a éascú.
5. Sineirgí le reachtaíocht agus le hionstraimí saorálacha eile
Cuireann EMAS le caighdeáin agus deimhnithe atá ann cheana. I gcás ina bhfuil eagraíocht ag úsáid córas bainistíochta amhail ISO 14001 nó ISO 9001 maidir le cáilíocht, ISO 50001 maidir le fuinneamh, nó ISO 45001 maidir le córais bainistíochta sláinte agus sábháilteachta ceirde, laghdaítear an obair a bhfuil gá léi mar gheall gur féidir le EMAS cur leis na próisis bainistíochta atá ann cheana. Is amhlaidh sin mar gheall go n-oibríonn EMAS ar an bprionsabal céanna ‘plean-déan-seiceáil-gníomhaigh’ agus go bhfuil próisis chomhchosúla i gceist leis.
Fíor 1
Idirghníomhú comhtháiteach na gcóras bainistíochta caighdeánaithe éagsúil (foinse: An Umweltbundesamt, UBA)
Téann EMAS níos faide i dtéarmaí ceanglas comhshaoil ná mar a théann roinnt mhaith córas agus scéimeanna bainistíochta comhshaoil. Mar a léirítear leis na príomhghnéithe seo a leanas, tá sé i bhfad níos déine ná córais bainistíochta comhshaoil eile amhail ISO 14001:
|
✓ |
feabhas leanúnach ar fheidhmíocht chomhshaoil. |
|
✓ |
ceapadh ionadaí ardbhainistíochta. |
|
✓ |
an gá le hathbhreithniú comhshaoil. |
|
✓ |
léiriú córasach ar chomhlíontacht dlí. |
|
✓ |
cuspóirí comhshaoil a leagan amach i dtaca le gnéithe díreacha agus indíreacha arna gcainníochtú sna sé phríomhtháscaire éigeantacha. |
|
✓ |
rannpháirtíocht fostaithe. |
|
✓ |
cumarsáid, trédhearcacht agus tuairisciú tríd an ráiteas ar an gcomhshaol. |
Fíor 2
Buntáistí EMAS de bhreis agus de bharr ar EN ISO 14001 (foinse: An Umweltbundesamt)
Cuirtear tairbhí beartais ar fáil le EMAS freisin, amhail éifeachtúlacht ábhair, tionchair níos ísle ar an gcomhshaol, tacaíocht maidir leis an lorg aeráide a laghdú ar an mbealach chun aeráidneodracht (13) a bhaint amach, aeráidneodracht a bhaint amach, agus tacaíocht maidir le measúnú ar an slabhra soláthair. Féadtar gnéithe éigeantacha den tuairisciú corparáideach inbhuanaithe a bheith i gceist leis freisin, chomh maith le soláthar poiblí glas.
Fíor 3
Buntáistí eile EMAS
|
Faoin Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha meastar gurb é córas bainistíochta comhshaoil an teicníc is fearr atá ar fáil le haghaidh suiteálacha tionsclaíocha. Dá bhrí sin, féadfaidh eagraíochtaí a oibríonn suiteálacha tionsclaíocha tairbhiú de EMAS ar dhá bhealach. Le EMAS, is féidir feabhsúcháin leanúnacha a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil suiteálacha den sórt sin nó cuidítear leis le hardleibhéil feidhmíochta a choinneáil ar bun. Tacaíonn sé le comhlíontacht dlí freisin. |
Tá sineirgí éagsúla idir EMAS agus reachtaíocht chomhshaoil atá ann cheana. Sampla is ea an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (14), ina luaitear EMAS mar an teicníc is fearr atá ar fáil (15) agus lena ndámhtar faoiseamh rialála d’eagraíochtaí atá rannpháirteach in EMAS. I measc réimsí eile ina gcuireann EMAS leis an reachtaíocht atá ann cheana tá bainistiú dramhaíola, éicidhearthóireacht táirgí agus seirbhísí, éifeachtúlacht fuinnimh agus trádáil astaíochtaí.
Féadfaidh ráiteas EMAS ar an gcomhshaol agus an fhaisnéis a ghintear laistigh de chóras bainistíochta comhshaoil fónamh mar phríomhionchuir don tuairisciú inbhuanaitheachta freisin. Féadtar EMAS a úsáid chun caighdeáin tuairiscithe saorálacha a chomhlíonadh, amhail na cinn sin ón Tionscnamh Domhanda um Thuairisciú (16) nó chun ceanglais dlí a chomhlíonadh, amhail na cinn sa Treoir Eorpach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (17). Thairis sin, tá cur chuige bainistíochta EMAS gar d’ionstraimí saorálacha agus don reachtaíocht atá le teacht atá deartha chun drochthionchair ar shlabhraí luacha domhanda a sheachaint agus a laghdú - rud ar a dtugtar oibleagáidí díchill chuí (18). Soláthraíonn EMAS creat oiriúnach chun dícheall cuí comhshaoil a dhéanamh agus féadfaidh sé fónamh mar bhunús le bainistíocht inbhuanaitheachta níos leithne sa slabhra luacha.
6. Aitheantas do chórais bainistíochta eile agus do chuir chuige eile maidir le EMAS - Airteagal 45 de Rialachán EMAS
Faoi Rialachán EMAS, féadfaidh an Coimisiún Eorpach aitheantas a thabhairt do chórais bainistíochta comhshaoil atá ann cheana nó do chodanna díobh, mar a bheith coibhéiseach leis na ceanglais ábhartha faoi Rialachán EMAS. Féadfaidh aitheantas oifigiúil do chuid de na córais sin nó dóibh uile aistriú eagraíochta chuig EMAS a dhéanamh níos éasca.
Tugtar tuairisc ar an nós imeachta thíos.
|
(a) |
Seolann Ballstáit iarraidh i scríbhinn don Choimisiún ar aitheantas do chóras bainistíochta comhshaoil nó do chuid de. |
|
(b) |
Ní mór codanna ábhartha den chóras sin agus na gnéithe de a chomhfhreagraíonn do EMAS a shonrú san iarraidh agus anailís a dhéanamh orthu. Ní mór fianaise ar choibhéiseacht le EMAS a sholáthar. |
|
(c) |
Cuireann an Coimisiún an togra faoi bhráid Choiste EMAS (arna bhunú faoi Airteagal 49 den Rialachán). |
|
(d) |
Foilsíonn Iris Oifigiúil an Aontais mionsonraí an chórais bainistíochta comhshaoil aitheanta, nó codanna de, tar éis don Choiste iad a fhormheas. |
Eagraíochtaí a bhfuil córas bainistíochta comhshaoil aitheanta, nó codanna de, curtha chun feidhme acu, ní gá dóibh comhpháirteanna atá aitheanta cheana féin a athbhailíochtú nuair a aistríonn siad go dtí EMAS. Eagraíochtaí atá i mbun EMAS a chur chun feidhme, féadfaidh siad an cinneadh aitheantais ábhartha ón gCoimisiún a cheadú nó teagmháil a dhéanamh lena gcomhlacht inniúil chun a fhiafraí cé acu an córas aitheanta é córas nó cur chuige bainistíochta comhshaoil a chuireann siad i bhfeidhm cheana féin (19).
Go dtí seo, tá dhá chinneadh eisithe ag an gCoimisiún lena n-aithnítear go bhfuil codanna de chórais bainistíochta comhshaoil eile coibhéiseach le EMAS: Eco-Lighthouse, an Iorua (20) agus Eco-profit, an Ostair (21).
7. Na hocht gcéim chuig EMAS
Tugtar tuairisc sna chéad chaibidlí eile ar na hullmhúcháin is gá d’eagraíocht a dhéanamh roimh EMAS a thabhairt isteach, ó phleanáil go clárú (féach Fíor 4 thíos), agus mínítear an nós imeachta ar bhealach níos mionsonraithe.
Fíor 4
Na hocht gcéim chuig EMAS
Sula dtabharfaidh sí EMAS isteach, ní mór d’eagraíocht cuimhneamh ar an ngá le ham, eolas, saineolaithe agus acmhainní airgeadais. Féadfaidh sí a nósanna imeachta bainistíochta a thástáil, a athrú nó cinn eile a chur ina n-áit i rith an phróisis. Beidh gá le hoiliúint a chur ar fhostaithe, iniúchtaí a ullmhú, agus ráitis ar an gcomhshaol a dhréachtú. Beidh gá le hiniúchadh a dhéanamh ar an eagraíocht ag fíoraitheoir comhshaoil seachtrach freisin.
Beidh gá le breis acmhainní, go háirithe i gcomhair na ngníomhaíochtaí seo a leanas:
|
✓ |
seirbhísí comhairleoireachta chun cuidiú le córas bainistíochta comhshaoil a thabhairt isteach i gcomhréir le EMAS (i gcás nach bhfuil na scileanna agus acmhainní is gá leo ag an eagraíocht). |
|
✓ |
foireann inmheánach. |
|
✓ |
oiliúint a chur ar fhostaithe. |
|
✓ |
fíorú comhshaoil (iniúchadh seachtrach) ag fíoraitheoir comhshaoil. |
|
✓ |
an fhaisnéis a éilítear a sheoladh chuig an gcomhlacht inniúil lena clárú ar chlár EMAS. |
|
✓ |
táillí clárúcháin, más infheidhme. |
|
✓ |
infheistíochtaí féideartha, lena n-áirítear i dteicneolaíochtaí, táirgí, seirbhísí agus soláthar atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. |
Chun iarracht agus costais a laghdú, ba cheart d’eagraíochtaí an méid seo a leanas a sheiceáil sula dtosaíonn siad:
|
✓ |
an bhfuil faoiseamh rialála infheidhme (22); |
|
✓ |
an bhfuil aon teimpléad, uirlis (23) nó treoirlíne le fáil saor in aisce. |
|
✓ |
an bhfuil aon deis chistiúcháin ann ar leibhéal an Bhallstáit nó an Aontais. |
|
✓ |
an bhfuil aon fhéidearthacht ann chun an measúnú agus/nó an próiseas cláraithe a shimpliú (24) (e.g. trí chlárú grúpa nó clárú il-láithreáin a úsáid faoi na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidil 7.2.). |
Ar an meán, tógann sé thart ar bhliain amháin ó thús an phróisis go dtí go gcuireann an comhlacht inniúil an eagraíocht ar chlár EMAS. Féadfaidh an próiseas a bheith níos giorra d’eagraíochtaí beaga ach féadfaidh sé a bheith fada do chorparáidí móra, i bhfianaise na gcéimeanna casta comhordaithe atá i gceist. I bplean an tionscadail (Fíor 5), léirítear samplaí den tráthchlár a éilítear, de ghnáth, do na céimeanna éagsúla chun bailíochtú/clárú a bhaint amach chomh héifeachtach agus chomh iontaofa agus is féidir.
Fíor 5
Amlíne maidir le próiseas an chláraithe
Sula dtosaíonn siad ar thabhairt isteach EMAS a phleanáil, ba cheart d’eagraíochtaí measúnú a dhéanamh ar cé na ceanglais, tairiscintí agus féidearthachtaí is infheidhme agus cé acu a oireann dá gcás faoi leith.
Tá cás-staidéir le haghaidh earnálacha éagsúla le fáil ar shuíomh gréasáin Dheasc Chabhrach EMAS an Aontais (25). Tá a n-uirlisí féin forbartha ag roinnt rialtais réigiúnacha agus eagraíochtaí réigiúnacha chun EMAS a chur chun feidhme. Mar shampla, tá sraitheanna uirlisí forbartha ag Club EMAS sa Chatalóin (26) agus ag Aireacht Chomhshaoil na Baváire (sa Ghearmáin) (27). Chun tuilleadh eolais a fháil, d’fhéadfadh sé a bheith áisiúil teagmháil a dhéanamh leis na comhlachtaí inniúla sna tíortha ina bhfuil na heagraíochtaí i gceist bunaithe.
8. Gníomhaithe agus institiúidí a bhfuil baint acu le EMAS a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun
|
— |
Fíoraitheoirí comhshaoil (28)
Déanann fíoraitheoirí comhshaoil seiceáil ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann athbhreithniú comhshaoil, beartas comhshaoil, córas bainistíochta comhshaoil, nósanna imeachta iniúchta comhshaoil eagraíochta, agus cur chun feidhme na nithe sin, ceanglais Rialachán EMAS. Deimhníonn siad go bhfuil an fhaisnéis agus na sonraí sa ráiteas ar an gcomhshaol agus aon nuashonrú ar an ráiteas sin iontaofa, inchreidte agus cruinn. Tá fíoraitheoirí comhshaoil faoi réir faireacháin ag na comhlachtaí creidiúnúcháin nó ceadúnúcháin. Is féidir faisnéis faoi fhíoraitheoirí creidiúnaithe/ceadúnaithe a fháil ó chomhlachtaí inniúla EMAS nó ón gcomhlacht creidiúnúcháin nó ceadúnúcháin sa Bhallstát ina bhfuil an eagraíocht bunaithe. Tá faisnéis faoi fhíoraitheoirí comhshaoil oiriúnacha ó Bhallstáit seachas Ballstát na heagraíochta le fáil ar chlár EMAS an Aontais EMAS (29). |
|
— |
Comhlachtaí inniúla (30) Is iad na Ballstáit a ainmníonn na comhlachtaí inniúla. Mar chomhlachtaí neamhspleácha agus neodracha, bíonn siad freagrach, de ghnáth, as eagraíochtaí bunaithe ina mBallstát laistigh den Aontas Eorpach a chlárú, ach féadfaidh siad a bheith freagrach freisin as eagraíochtaí lasmuigh den Aontas Eorpach a chlárú. Déanann siad faireachán ar an gclárú agus ar athnuachan an chláraithe freisin, lena n-áirítear cláruithe a chur ar fionraí nó a scriosadh. De ghnáth, is de réir shuíomh cheanncheathrú na heagraíochta nó an ionaid bainistíochta a chinntear cén comhlacht inniúil a bhfuil teagmháil le déanamh leis chun clárú a dhéanamh (chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach Caibidil 7.1, fíorú tríú páirtí). |
|
— |
Údarás fhorfheidhmithe Is éard atá in údaráis forfheidhmithe ná comhlachtaí arna n-ainmniú ag Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an reachtaíocht chomhshaoil is infheidhme agus, i gcás inar gá, chun bearta a dhéanamh chun an reachtaíocht sin a fhorfheidhmiú. Tá freagrachtaí na n-údarás sin bunaithe ar rialacháin náisiúnta sa Bhallstát lena mbaineann maidir le reachtaíocht chomhshaoil a chur chun feidhme. Treoir chéim-ar-chéim maidir le EMAS |
Céim 1: Pleanáil agus ullmhaigh
1.1. Raon feidhme chlárú EMAS laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach a shainiú – Iarscríbhinn II A.4.3a ghabhann le Rialachán EMAS
Déanann gach eagraíocht raon feidhme a chórais bainistíochta comhshaoil a shainiú agus a dhoiciméadú. A mhéid a bhaineann le raon feidhme an chláraithe, ní mór do na heagraíochtaí na nithe seo a leanas a bhreithniú:
|
✓ |
saincheisteanna seachtracha agus inmheánacha. |
|
✓ |
oibleagáidí comhlíontachta. |
|
✓ |
a haonaid, a feidhmeanna agus a teorainneacha fisiceacha. |
|
✓ |
a gníomhaíochtaí, a táirgí agus a seirbhísí. |
|
✓ |
a húdarás agus a cumas rialú agus tionchar a fheidhmiú. |
Ná gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí uile atá bainteach leis an láithreán atá le clárú (nó leis na láithreáin, i gcás clárú il-láithreáin), tá siad le cur san áireamh faoi raon feidhme an chórais bainistíochta comhshaoil.
Tá EMAS infheidhme laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach (‘EMAS domhanda’) do láithreáin i dtíortha ar Ballstáit agus nach Ballstáit den Aontas iad agus ar féidir iad a chur san áireamh i raon feidhme an chláraithe. Eagraíochtaí atá suite lasmuigh den Aontas Eorpach, a bhfuil láithreáin acu lasmuigh den Aontas Eorpach go heisiach, féadfaidh siad clárú faoi EMAS chomh maith.
Eagraíocht a bhfuil roinnt láithreán aici i mBallstát amháin nó níos mó, nó i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad, féadfaidh sí iarratas a dhéanamh ar chlárú corparáideach maidir leis na láithreáin sin uile nó maidir le roinnt acu (Airteagal 3(2) de Rialachán EMAS). I gcás den sórt sin, ní mór don eagraíocht teagmháil a dhéanamh leis an bhfíoraitheoir (na fíoraitheoirí) comhshaoil agus leis an gcomhlacht inniúil ábhartha go luath sa phróiseas chun aon saincheist teanga a bhaineann leis an doiciméadacht a éilítear don chlárú a shoiléiriú.
Maidir le ceisteanna sonracha faoi EMAS Domhanda, ceadaigh Cinneadh 2011/832/AE ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2011 maidir le treoir ar chlárú corparáideach an Aontais, clárú tríú tír agus clárú domhanda faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 (31).
|
Ceisteanna treoracha chun clárú EMAS a ullmhú agus a phleanáil.
|
1.2. Eintiteas atá le clárú faoi EMAS – Airteagal 2(21) agus Airteagal 2(22) de Rialachán EMAS
|
De réir Rialachán EMAS: Ciallaíonn ‘eagraíocht’ cuideachta, corparáid, gnólacht, fiontar, údarás nó institiúid, atá suite laistigh den Aontas nó lasmuigh de, nó cuid nó teaglaim díobh, cibé acu corpraithe nó neamhchorpraithe, poiblí nó príobháideach, agus a bhfuil a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus a riarachán féin aige nó aici. Ciallaíonn ‘láithreán’ suíomh geografach sainiúil atá faoi rialú bainistíochta eagraíochta agus lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear an bonneagar, an trealamh agus na hábhair go léir; láithreán is ea an t-eintiteas is lú a mheasfar lena chlárú. Ciallaíonn ‘clárú corparáideach’ clárú amháin maidir le láithreáin uile nó roinnt láithreán de chuid eagraíochta a bhfuil láithreáin aici i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit nó i tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. |
Ní mór d’eagraíochtaí an t-eintiteas atá le clárú, agus a chuirfidh EMAS chur feidhme, a shainmhíniú i gceart. Is ríthábhachtach go neartóidh sí gaolmhaireachtaí le geallsealbhóirí trí thrédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe. Murab ionann agus córais bainistíochta comhshaoil eile, ní féidir EMAS a chur chun feidhme ach amháin ar láithreáin ina n-iomláine agus ní ar chodanna de láithreán. Dá bhrí sin, is é láithreán aonair an t-eintiteas is lú a fhéadfaidh eagraíocht a chlárú faoi EMAS.
Ón tús, ba cheart do rannpháirtithe in EMAS cuimhneamh go bhfuil ionchur ag fíoraitheoirí comhshaoil, agus ag comhlachtaí inniúla, i gcás inarb iomchuí, sa chinneadh maidir le cé na heintitis nach mór a chlárú (féach Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009). Ar an tslí chéanna, éilítear ar na rannpháirtithe uile ráiteas ar an gcomhshaol a chur amach, nach mór tuairisc shoiléir gan débhrí ar an eagraíocht nó ar an láithreán atá á c(h)lárú faoi EMAS a bheith ann, agus achoimre ar a g(h)níomhaíochtaí, ar a t(h)áirgí agus ar a s(h)eirbhísí agus an ghaolmhaireacht atá aige/aici le haon mháthaireagraíocht (féach Iarscríbhinn IV, pointe B(a) a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009).
Áirítear, leis na ceanglais sin, go bhfuil tuiscint mhaith ag eagraíochtaí ar na tosca comhshaoil a bhfuil tionchar nach beag ar an gcomhshaol acu ag gach ceann dá láithreáin. Dá bhrí sin, moltar do rannpháirtithe cosaint shoiléir agus réasúnaithe a bheith acu maidir le gach láithreán atá roghnaithe acu le clárú. Leis sin, ullmhófar iad do cheanglais an ráitis ar an gcomhshaol agus aon cheist, go háirithe ó fhíoraitheoirí agus comhlachtaí inniúla, ach ó pháirtithe leasmhara eile chomh maith. Féadfaidh an comhlacht inniúil clárú a dhiúltú mura gcomhfhreagraíonn an t-eintiteas atá roghnaithe le clárú leis na sainmhínithe a sholáthraítear in Airteagal 2(22) de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009. Dá bhrí sin, ba cheart d’eagraíochtaí dul i gcomhairle le comhlachtaí inniúla ag tús phróiseas cur chun feidhme EMAS.
I gcás go mbreithníonn eagraíocht gan ach láithreán amháin a chlárú, nó roinnt láithreán a chlárú ar leithligh, ba cheart a cinneadh a bhunú ar na prionsabail seo a leanas. Ar dtús, ba cheart clárú ar leithligh a bhreithniú go cúramach. Ní mór d’eagraíocht a bheith in ann a cumas a chruthú maidir le faireachán agus seiceálacha a dhéanamh ar na gnéithe suntasacha comhshaoil den láithreán agus a chruthú nach ndearnadh an t-eintiteas a bheartaíonn sí a chlárú a scaradh d’aon ghnó ó láithreáin eile lena mbaineann drochfheidhmíocht. An dara prionsabal, is príomhghné de EMAS í cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal. Mar dhea-chleachtas, ba cheart d’eagraíocht an pobal a chur ar an eolas go soiléir agus go cuimsitheach ina ráiteas ar an gcomhshaol faoin gcúis ar roghnaigh sí roinnt láithreán a scaradh ó chlárú.
1.2.1. Eagraíochtaí a fheidhmíonn ar láithreán aonair nó ar shuíomh aonair.
An cás is simplí do chlárú EMAS is ea nuair a dhéantar oibríochtaí na heagraíochta ar láithreán aonair. De ghnáth, is tagairt é láithreán aonair do chás ina bhféadfaí fál a chur timpeall ar roinnt foirgneamh agus limistéir ar leis an eagraíocht a bhfuil measúnú agus clárú á ndéanamh uirthi iad.
Fíor 6
Trí shampla d’oibríochtaí ar láithreán aonair.
I bhformhór na gcásanna, is rud simplí é a chinneadh cad is láithreán ann agus cá bhfuil a theorainneacha. Mar shampla:
|
— |
monarcha a bhfuil na saoráidí uile aici chun a gníomhaíochtaí a dhéanamh (trádstóras, oifigí, limistéir stórais chóngaracha le haghaidh amhábhar agus dramhaíola, gléasra cóireála séarachais, áit páirceála, etc.) agus iad suite san áit chéanna (Fíor 6, sampla 1); agus |
|
— |
ionad turasóireachta lena n-áirítear foirgneamh óstáin, gairdíní, limistéir linn snámha, bialann, áitribh theicniúla, etc. |
Eagraíocht nach bhfeidhmíonn ach ar aon láithreán amháin is ea an cás is simplí mar gheall go dtagann an bhainistíocht agus an suíomh geografach le chéile. Is cuma má tá seoltaí poist éagsúla ag foirgnimh faoi leith mar gheall go bhféadfadh dhá bhealach isteach a bheith ag láithreán, ceann amháin chun teacht ar na hoifigí agus ceann eile le go bhféadfaidh leoraithe tiomáint isteach ó shráid eile, mar shampla (Fíor 6, sampla 2). Téann bealaí poiblí tráchta idir na foirgnimh agus na limistéir, uaireanta, nó bíonn foirgnimh ar le heagraíochtaí eile iad suite eatarthu. Chiallódh sé sin nach bhféadfaí an láithreán a imfhálú laistigh d’fhál aonair, ach ní chiallódh sé nach bhféadfaí a mheas gur láithreán é eagraíocht. Meastar gur láithreán aonair freisin í eagraíocht a bhfuil gníomhaíochtaí táirgthe agus foirgneamh stórais aici i limistéar neamh-thadhlach in aice láimhe (Fíor 6, sampla 3).
1.2.2. Eagraíocht a oibríonn thar láithreáin/suíomhanna éagsúla.
De réir Rialachán EMAS, féadfaidh rannpháirtithe a bhfuil oibríochtaí acu ar roinnt láithreán roghnú láithreáin a chlárú go haonarach nó iad a chlárú ‘mar eagraíocht’ (mar a shainmhínítear in Airteagal 2(21) agus in Airteagal 2(22)). Bealach amháin nó bealach eile, éileofar ar an eagraíocht nó ar an láithreán feabhas leanúnach ar a f(h)eidhmíocht maidir le gnéithe agus tionchair shuntasacha a léiriú, i gcomhréir le ráiteas na heagraíochta ar an gcomhshaol, a clár agus a spriocanna. Beidh ar an eagraíocht a rogha láithreáin nó meascán láithreán a shoiléiriú agus a chosaint freisin. Mar dhea-chleachtas, eagraíochtaí a lorgaíonn clárú faoi EMAS, cé acu san earnáil phoiblí nó phríobháideach, ba cheart dóibh a bheith ullamh chun an méid a bheartaíonn siad a dhéanamh maidir le láithreáin nach bhfuil cláraithe fós a shoiléiriú dá ngeallsealbhóirí agus a chosaint.
|
Samplaí d’earnálacha:
|
a. A bhfuil na táirgí nó seirbhísí céanna nó comhchosúla acu
Is minic a oibríonn eagraíochtaí thar roinnt láithreán/suíomhanna éagsúla, ach leis na táirgí nó seirbhísí céanna nó comhchosúla agus le nósanna imeachta bainistíochta coiteanna. Is samplaí de sin iad bainc, gníomhaireachtaí taistil, slabhraí miondíola agus sainchomhairleoirí. Sna cásanna sin, bíonn gnéithe agus tionchair chomhshaoil chomhchosúla ag gníomhaíochtaí ag na láithreáin éagsúla, bíonn siad faoi réir ag córas bainistíochta comhshaoil comhchosúil, agus oibríonn siad laistigh de na struchtúir chéanna. Áirítear ar shamplaí díobh sin brainsí, oifigí gnólachtaí, agus suiteálacha oibríochtúla agus ceardlainne.
D’fhéadfadh gur mian leis an eagraíocht na láithreáin sin a bhailíochtú le chéile, trí chlárú corparáideach nó mar láithreán aonair. Chun clárú corparáideach a fháil, ba cheart d’eagraíocht a bheith in ann a thaispeáint don fhíoraitheoir go gcuirtear a nósanna imeachta agus a beartas bainistíochta comhshaoil chun feidhme go comhsheasmhach ag gach suíomh. Is minic a úsáideann eagraíochtaí den sórt sin na nósanna imeachta bainistíochta comhshaoil céanna, amhail lámhleabhar bainistíochta comhshaoil comhroinnte, ag na láithreáin/suíomhanna uile. Más féidir le heagraíocht a léiriú go bhfuil rialú bainistíochta iomlán aici ar na láithreáin uile is mian léi a chlárú agus go gcloíonn siad leis na nósanna imeachta céanna, féadfaidh fíorú a bheith níos éasca agus d’fhéadfadh nach gá é a dhéanamh ag gach láithreán. Tugtar an ‘teicníc samplála’ air sin agus tá tuilleadh eolais le fáil i gCéim 7.2. Modh samplála.
b. A bhfuil táirgí nó seirbhísí éagsúla acu
Má oibríonn eagraíocht thar roinnt láithreán, le córas bainistíochta agus rialúcháin éagsúla, chomh maith le gnéithe agus tionchair chomhshaoil éagsúla, ní féidir an teicníc samplála a chur chun feidhme le haghaidh fíorú, mar gheall go bhfuil nósanna imeachta agus tionchair éagsúla ag gach láithreán. Roghnaíonn an eagraíocht cé acu a chláróidh nó nach gcláróidh sí gach láithreán ar leithligh nó faoi aon uimhir chláraithe amháin.
I ngach cás, ní mór gach láithreán a fhíorú go haonarach agus na sonraí comhshaoil arna mbailiú a thuairisciú ar leithligh sa ráiteas ar an gcomhshaol. Féadfaidh eagraíocht tosú trí roinnt láithreán aonair a chlárú agus iad a aontú ina dhiaidh sin faoi aon uimhir chláraithe amháin mar aon eagraíocht amháin.
1.2.3. Eagraíocht nach féidir láithreán sonrach a shainiú i gceart ina leith.
D’fhéadfadh deacracht a bheith ag eagraíochtaí áirithe, amhail iad sin sna hearnálacha dáileadh seirbhísí, seirbhísí seachadta, teileachumarsáid, iompar agus bailiú dramhaíola, láithreán nó suíomh sonrach a shainiú dá ngníomhaíochtaí. Go deimhin, d’fhéadfadh sé go mbeadh nó nach mbeadh oifigí agus trádstórais ag na cineálacha gníomhaíochtaí sin agus d’fhéadfadh a mbonneagar a bheith scaipthe. Tá feidhm aige sin maidir le cuideachtaí teasa, uisce, gáis, dáilte leictreachais nó teileachumarsáide, nó modhanna (feithiclí, coimeádáin dramhaíola, aeróga, dáileoirí airgid, etc.), mar is amhlaidh i gcás an iompair, na teileachumarsáide nó an bhailithe dramhaíola.
|
Samplaí d’earnálacha:
|
Maidir le heagraíochtaí nach féidir láithreán a chinneadh dóibh go héasca, is tábhachtach ach go háirithe i gcás aon amhrais go dtéann na heagraíochtaí agus na fíoraitheoirí i gcomhairle leis an gcomhlacht inniúil ábhartha lena fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil an t-eintiteas roghnaithe oiriúnach do chlárú i gcomhréir le prionsabail EMAS. Ní mór do na heagraíochtaí sin a n-oibríochtaí agus a mbonneagar a leagan amach go soiléir, iad a lánpháirtiú go cuimsitheach ina gcóras bainistíochta, agus tuairisc bheacht a thabhairt orthu ina ráiteas ar an gcomhshaol. In eagraíochtaí den sórt sin, is tábhachtach na freagrachtaí as gnéithe suntasacha comhshaoil a shainiú go soiléir agus go mbeidh fianaise ag an bhfíoraitheoir go bhfuil nós imeachta ceart i bhfeidhm ag an eagraíocht chun gnéithe den sórt sin a sheiceáil.
1.2.4. Eagraíochtaí a bhainistíonn láithreáin éagsúla i limistéar scaipthe.
Is ann do chásanna inarb amhlaidh nach féidir le heagraíocht, d’ainneoin saoráidí éagsúla a rialú i limistéar sainithe, gach láithreán a oibriú ar leithligh, agus i gcásanna den sórt sin tá na tionchair chomhshaoil maidir leo nasctha. Mar shampla, eagraíocht a tháirgeann leictreachas trí thuirbíní gaoithe atá suite sa limistéar céanna (beag beann ar cé chomh mór atá an limistéar sin). Beidh a leithéid de chás ann d’eagraíocht a tháirgeann leictreachas ó phainéil ghréine (Fíor 7).
Meascán féideartha eile ná go ngineann an eagraíocht chéanna leictreachas trí thuirbíní gaoithe agus painéil ghréine atá suite in áiteanna éagsúla (gníomhaíochtaí agus suíomhanna táirgthe éagsúla). Ar deireadh, d’fhéadfadh painéil ghréine agus tuirbíní gaoithe a bheith suite le chéile sa limistéar céanna.
Ar an gcaoi chéanna, stáisiún cumhachta hidrileictrí a bhfuil roinnt struchtúr agus bonneagar aige atá suite ar feadh abhann, ach atá feidhmiúil don phríomhchuspóir, d’fhéadfaí é a mheas mar aon stáisiún iomlán amháin.
Sa chás seo, is féidir na saoráidí ar leithligh a mheas mar eagraíocht aonair le clárú faoi EMAS nó is féidir iad a chlárú le chéile faoi chlárú corparáideach.
Fíor 7
Samplaí de láithreáin éagsúla i limistéar scaipthe á rialú ag eagraíochtaí.
1.2.5. Spásanna sealadacha comhroinnte á rialú ag eagraíochtaí.
Tá bealaí nua ann chun spás a úsáid, agus is coitianta d’eagraíochtaí anois spás comhoibre nó scáilchistin a roinnt, mar shampla. Sna cásanna sin, ní mór a shoiléiriú cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear EMAS chun feidhme ar leibhéal comhoibre (an láithreán iomlán), ionas go gclárófar an spás, nó nach ndéanfaidh ach roinnt de na gníomhaíochtaí a óstáiltear sna spásanna sin EMAS a chur chun feidhme.
Fíor 8
Samplaí de spásanna comhroinnte
Is éard iad scáilchistineacha ná spás cistine a ligtear ar cíos le haghaidh gníomhaíochtaí éagsúla lónadóireachta, cé acu go comhuaineach nó ag amanna éagsúla. Sa chás sin, is í an chistin an láithreán, beag beann ar na húsáideoirí a d’fhéadfadh teacht agus imeacht.
Má dhéanann eagraíochtaí oibríochtaí ag suíomhanna nach leo iad ar feadh tréimhsí ama socraithe, déanfaidh an fíoraitheoir córas bainistíochta agus feidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta a sheiceáil ag láithreáin shealadacha roghnaithe a meastar a dhéanann ionadaíocht ar chumas bainistíochta comhshaoil na heagraíochta.
Cuireann an fíoraitheoir teicnící samplála iniúchóireachta i bhfeidhm, a chomhlíonann caighdeáin dea-chleachtais, agus éifeachtacht nósanna imeachta ag saoráid roghnaithe á seiceáil. Caithfidh an eagraíocht a léiriú go bhfuil nósanna imeachta agus teicneolaíochtaí glactha aici atá iomchuí do na láithreáin shonracha ina gcaithfidh sí oibriú go sealadach.
|
Samplaí d’earnálacha:
|
Dá réir sin, déantar seiceáil ar an láthair ag láithreáin shealadacha mar chuid den phróiseas fíoraithe. Déantar a ngníomhaíochtaí a chlárú, agus ní amháin a suíomh.
1.2.6. Eagraíochtaí éagsúla ag aon suíomh amháin
Féadfaidh eagraíocht, nó cuid d’eagraíocht, cuid d’fhoirgneamh nó de shaoráid a áitiú, mar a léirítear i bhFíor 9. Sa chás seo, is é an t-urlár nó an spás a áitíonn an eagraíocht an láithreán, cé go bhféadfaidh sé spásanna a roinnt le heagraíochtaí eile, amhail carrchlóis. Féadfaidh feidhm a bheith aige sin maidir le gníomhaíochtaí nach bhfuil baint acu lena chéile ach atá suite san fhoirgneamh céanna agus le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith nasctha lena chéile.
Sa chás seo, ní mór gach eagraíocht, lena córas bainistíochta agus rialúcháin, a chlárú ar leithligh.
Fíor 9
Sampla d’eagraíocht atá suite ag láithreán comhroinnte.
1.2.7. Coincheap braisle – Airteagal 37 de Rialachán EMAS
|
Is bealach chun EMAS a chur chun feidhme EMAS mar ghrúpa é ‘braisle’, atá áisiúil d’eagraíochtaí san earnáil chéanna gníomhaíochta nó atá suite sa limistéar geografach céanna. Féadfaidh eagraíochtaí ó earnálacha éagsúla (gnó, riarachán, etc.) braislí a dhéanamh freisin. Féadfaidh na heagraíochtaí sin dul i gcomhar ansin sa phróiseas cur chun feidhme agus clárú go haonarach. |
Chun bacainní iontrála a laghdú d’eagraíochtaí beaga ar mian leo EMAS a thabhairt isteach, féadfaidh riaracháin áitiúla nó réigiúnacha i roinnt Ballstát seirbhísí comhairleacha agus tacaíochta a eagrú i ‘mbraislí’. Féadfaidh siad é sin a dhéanamh leo féin nó i gcomhar le comhlachais tionscail agus tráchtála, cumainn tionscail agus comhlachtaí eile.
Is cur chuige costéifeachtach é braislí a dhéanamh a dhíríonn ar chomh-fhoghlaim. Foghlaimíonn rannpháirtithe bun-choincheapa EMAS ag ceardlanna, a chumhdaítear ábhair a bhaineann go sonrach le EMAS agus samplaí praiticiúla ag gach ceann díobh. Baineann rannpháirtithe leas as a ndea-chleachtas agus a dtaithí a roinnt chomh maith, agus spreagann siad a chéile dá bharr sin. Cainteoirí ar ábhair speisialta a reáchtálann na ceardlanna mar ardán eolais.
Déantar gach eagraíocht sa bhraisle a chlárú ar leithligh.
|
Sampla de bhraisle: soláthraíonn Aireacht Chomhshaoil na Baváire fóirdheontas chun scéimeanna bainistíochta comhshaoil, amhail EMAS, a thabhairt isteach den chéad uair, lena n-áirítear bailíochtú, deimhniúchán agus iniúchadh seachtrach. Níl an fóirdheontas ar fáil ach d’eagraíochtaí a ghlacann páirt i ngrúpa tionscadail (5-15 rannpháirtí) arna eagrú ag urraitheoir tionscadail. Dá réir sin, sábhálann úsáideoirí costais chomhairleoireachta agus tairbhíonn siad de líonrú agus tacaíocht ó rannpháirtithe eile |
1.3. Gealltanas ón mbainistíocht maidir leis an gcóras bainistíochta comhshaoil – Iarscríbhinn II A.5.1, 5.3, B.2 (32)
Trí chlárú faoi EMAS, geallann an leibhéal bainistíochta is airde go soláthróidh sé ceannaireacht agus cuntasacht i mbainistíocht chomhshaoil agus go gcuirfidh sé feabhas leanúnach ar fheidhmíocht chomhshaoil chun cinn. Cén chaoi is fearr don ardbhainistíocht é sin a bhaint amach? Ba cheart di ceisteanna straitéiseacha bunúsacha a bhreithniú, amhail:
|
✓ |
cén chaoi a mbaineann an tsamhail ghnó leis na saincheisteanna maidir le cosaint an chomhshaoil? |
|
✓ |
cén chaoi ar féidir saincheisteanna maidir le bainistíocht chomhshaoil a lánpháirtiú go fóinteach in oibríochtaí gnó agus cén chaoi is féidir sineirgí a chruthú? |
|
✓ |
cén réimsí den chur chun feidhme bainistíochta comhshaoil is gá tarlú ar leibhéal na bainistíochta? |
|
✓ |
cén áit is gá agus is áisiúil tarmligean a dhéanamh? |
|
Baintear úsáid as an téarma ‘ardbhainistíocht’ i Rialachán EMAS chun tagairt a dhéanamh don chomhlacht bainistíochta is sinsearaí laistigh d’eagraíochtaí, atá freagrach as cuspóirí na cuideachta a shainiú agus na cinntí is gá a dhéanamh. |
Is tábhachtach a shainmhíniú go soiléir cé atá freagrach as gach cúram.
Ní mór don ardbhainistíocht ionadaí ardbhainistíochta sonrach amháin nó níos mó a cheapadh, a mbeidh róil agus freagrachtaí sainithe go soiléir acu, gan féachaint dá bhfreagrachtaí eile. Is amhlaidh sin lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an córas bainistíochta comhshaoil atá le tabhairt isteach nó le cur chun feidhme ceanglais agus feidhmeanna Rialachán EMAS go hiomlán an t-am ar fad. Féadfaidh an t-ionadaí bainistíochta comhshaoil a bheith ina c(h)omhalta den ardbhainistíocht agus roinnt taithí roimhe sin ar bhainistíocht chomhshaoil a bheith aige/aici.
In eagraíochtaí ina bhfuil córas bainistíochta comhshaoil aonfhoirmeach arna rialú go lárnach, nach bhfuil difríochtaí suntasacha ann idir láithreáin, ní gá ach duine amháin a ainmniú do na láithreáin uile.
In eagraíochtaí ina bhfuil difríochtaí móra idir láithreáin, a oibríonn go neamhspleách den chuid is mó, nó atá suite i dtíortha éagsúla, ba cheart níos mó ná duine amháin a ainmniú.
Níl iontu sin ach treoirlínte d’eagraíochtaí, agus ba cheart gach cás a bhreithniú ar bhonn a fhiúntas féin. I gcás amhrais, moltar daoine breise a ainmniú agus a bhfreagrachtaí éagsúla a shainiú go soiléir.
Is gá an bhainistíocht agus an fhoireann a chur ar an eolas faoi ról, freagrachtaí agus inniúlachtaí an ionadaí sin ar an ardbhainistíocht. Beidh róil agus freagrachtaí atá sonraithe go soiléir ag an ionadaí ar an ardbhainistíocht, agus an t-údarás chun na nithe a leanas a dhéanamh:
|
✓ |
a áirithiú go ndéanfar córas bainistíochta comhshaoil a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le ceanglais Rialachán EMAS. |
|
✓ |
tuairisciú don ardbhainistíocht maidir le feidhmíocht an chórais bainistíochta comhshaoil, iad a chur ar an eolas faoina láidreachtaí, faoina laigí agus faoi aon fheabhsúchán a bhfuil gá leis. |
|
✓ |
a áirithiú go ndéanfaidh daoine eile inmheánacha nó seachtracha seiceáil ar chomhlíontacht le ceanglais eile, amhail reachtaíocht maidir le dramhaíl, a bhféadfadh easpa eolais riachtanaigh a bheith acu féin orthu. |
De ghnáth, déanann eagraíochtaí beaga, go háirithe, na róil sin a chomhcheangal. Ní mór údarás leordhóthanach a bheith ag ionadaithe bainistíochta le go n-oibreoidh córas bainistíochta comhshaoil go héifeachtach. Ba cheart dóibh a bheith mar chuid de bhainistíocht na cuideachta, go hidéalach (nó a bheith ag obair go dlúth léi ar a laghad), ba cheart dóibh a bheith neamhspleách agus go mbeadh muinín ag bainisteoirí agus an fhoireann astu. Déanann siad an próiseas bainistíochta comhshaoil a chomhordú agus is iad an pointe teagmhála iad maidir le ceisteanna ón lucht saothair agus ón ardbhainistíocht, chomh maith le tríú páirtithe. Féadfaidh ‘foireann EMAS’ tacú leo. Más féidir, ba cheart do chomhaltaí na foirne sin teacht ó réimsí ábhartha uile na heagraíochta, amhail táirgeadh, bainistíocht saoráide, díolachán nó soláthar, agus ba cheart an saineolas is leithne is féidir a bheith acu (e.g., rialú astaíochtaí nó oifigeach bainistíochta dramhaíola).
Is fiú úsáid a bhaint as struchtúir atá ann cheana freisin. Is féidir coiste sábháilteachta ceirde nó córas bainistíochta cáilíochta na cuideachta a leathnú amach chun ábhair EMAS a chur san áireamh nó a lánpháirtiú, mar shampla. D’fhéadfadh an fhoireann EMAS an t-iniúchadh comhshaoil a dhéanamh ar an eagraíocht, agus chomh maith leis sin d’fhéadfaidís eolas, taithí agus na tograí le haghaidh dearaidh agus feabhais a bheadh mar thoradh orthu sin a chur ar fáil sna céimeanna uile ina dhiaidh sin.
|
An sainmhíniú atá i Rialachán EMAS ar ‘athbhreithniú comhshaoil’ ná ‘anailís chuimsitheach tosaigh ar ghnéithe comhshaoil, ar thionchair ar an gcomhshaol agus ar fheidhmíocht chomhshaoil ar anailís í a bhaineann le gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí na heagraíochta.’ |
1.4. Athbhreithniú comhshaoil a dhéanamh – Airteagal 4(1a), Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II B.3 a ghabhann le Rialachán EMAS (33)
An chéad chéim i gcur chun feidhme EMAS ná measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar struchtúr inmheánach agus gníomhaíochtaí eagraíochta. An aidhm leis sin ná gnéithe comhshaoil a shainaithint (a shainmhínítear mar ‘eilimint de ghníomhaíochtaí, de tháirgí nó de sheirbhísí eagraíochta, ar eilimint í a bhfuil tionchar aici ar an gcomhshaol nó a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar an gcomhshaol’) (34) ar gnéithe iad a bhaineann le tionchar na heagraíochta ar an gcomhshaol. Beidh an measúnú sin mar phointe tosaigh chun córas bainistíochta comhshaoil foirmiúil a chur ar bun.
Leis an athbhreithniú comhshaoil, cumhdófar na réimsí seo a leanas, a bhfuil tuairisc ghrinn orthu thíos:
|
a. |
comhthéacs na heagraíochta a chinneadh. |
|
b. |
páirtithe leasmhara agus a riachtanais agus a n-ionchais a shainaithint. |
|
c. |
na ceanglais infheidhme dhlíthiúla a bhaineann leis an gcomhshaol a shainaithint. |
|
d. |
gach gné chomhshaoil dhíreach agus neamhdhíreach a shainaithint. |
|
e. |
measúnú a dhéanamh ar thábhacht na ngnéithe comhshaoil. |
|
f. |
measúnú a dhéanamh ar theagmhais roimhe sin. |
|
g. |
deiseanna agus rioscaí a chinneadh. |
|
h. |
próisis, cleachtais agus nósanna imeachta atá ann cheana a scrúdú. |
Ba cheart don eagraíocht cuimhneamh go mbeidh uirthi na gnéithe comhshaoil a shainaithníonn sí a nochtadh, in éineacht le torthaí a meastóireachta, chuig geallsealbhóirí seachtracha, agus is ionann an cleachtadh seo agus an chéad fhardal córasach, doiciméadaithe de na gnéithe sin.
Níor cheart an t-athbhreithniú comhshaoil tosaigh a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn I a mheascadh leis an athbhreithniú bainistíochta a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn II Uimh. 9.3 nó leis an iniúchadh inmheánach a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn II Uimh. 9.2, i gcomhar le hIarscríbhinn III. Baineann Iarscríbhinní II agus III le bearta atá le déanamh go tráthrialta a luaithe a bheidh an córas bainistíochta comhshaoil i bhfeidhm.
Is cuid thábhachtach de chur chun feidhme córas bainistíochta comhshaoil é an t-athbhreithniú comhshaoil, agus ní mór d’eagraíochtaí nósanna imeachta a bhunú chun a áirithiú go ndéantar obair leantach go hiomchuí ar na gnéithe comhshaoil a sainaithníodh san athbhreithniú comhshaoil tosaigh. Féadfaidh gnéithe comhshaoil agus brúnna comhshaoil gaolmhara athrú, mar a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí na heagraíochta féin athrú. Má tharlaíonn athruithe substaintiúla san eagraíocht, ní mór an t-athbhreithniú comhshaoil a thabhairt cothrom le dáta/a thabhairt chun críche i gcomhréir le hAirteagal 8 (35), le linn na n-iniúchtaí inmheánacha ar a dhéanaí. Ba cheart d’eagraíocht freisin súil a choimeád ar fhorbairtí nua, ar chleachtais nua nó ar thorthaí taighde a d’fhéadfadh cuidiú le hathmheasúnú a dhéanamh ar thábhacht gnéithe comhshaoil agus ar an ngá atá le measúnú comhshaoil nua i gcás athrú suntasach ar a cuid oibríochtaí.
Níor cheart an t-athbhreithniú comhshaoil tosaigh a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn I a mheascadh leis an athbhreithniú bainistíochta a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn II Uimh. 9.3 nó leis an iniúchadh inmheánach a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn II Uimh. 9.2, i gcomhar le hIarscríbhinn III. Déileálann Iarscríbhinní II agus III le bearta atá le déanamh go tráthrialta a luaithe a bheidh an córas bainistíochta comhshaoil bunaithe.
1.4.1. Comhthéacs na heagraíochta a chinneadh – Iarscríbhinn I Uimh. 1, Iarscríbhinn II A.4.1 a ghabhann le Rialachán EMAS
Ní mór don eagraíocht na tosca inmheánacha agus seachtracha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thabhairt isteach an chórais bainistíochta comhshaoil a shainaithint, cibé acu a dhéanann sé difear dearfach nó diúltach.
Ceisteanna tábhachtacha
|
✓ |
Cad iad na saincheisteanna atá ábhartha go straitéiseach, agus conas a dhéanann siad difear do bhunú agus do rathúlacht na bainistíochta comhshaoil? Cé chomh suntasach agus atá tosca seachtracha agus inmheánacha, go háirithe a mhéid a bhaineann lena dtionchair dhearfacha nó dhiúltacha? |
|
✓ |
Cad iad na tosca, go háirithe dálaí comhshaoil, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an eagraíocht nó a bhféadfadh tionchar a bheith ag an eagraíocht orthu? |
Le cinneadh comhthéacs eagraíochta, soláthraítear an pointe tosaigh a bhaineann le hábhar do bhainistíocht chomhshaoil agus chun í a chomhtháthú i bpleanáil straitéiseach gnó. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach freisin do thopaicí inbhuanaitheachta lasmuigh den chomhshaol. Ní mór dálaí comhshaoil ábhartha a bhreithniú, amhail aeráid, cáilíocht aeir nó uisce, úsáid acmhainní, agus bithéagsúlacht. Féadfar coinníollacha seachtracha eile (cultúrtha, sóisialta, polaitiúla, dlíthiúla, rialála, airgeadais, teicneolaíochta, iomaíocha, etc.) a bhreithniú. Ba cheart iniúchadh a dhéanamh freisin ar choinníollacha inmheánacha, amhail gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí, an treo straitéiseach, an cultúr agus an acmhainneacht, mar a léirítear i bhFíor 10 thíos.
Agus an comhthéacs á chinneadh, ba cheart d’ionadaí na hardbhainistíochta comhshaoil úsáid a bhaint as saineolas fhoireann EMAS, má tá ceann ann cheana féin, agus saineolas ranna ábhartha eile, chun na tosca tionchair sin a shainaithint.
Fíor 10
Samplaí d’fhachtóirí inmheánacha agus seachtracha a chinneann comhthéacs na heagraíochta.
1.4.2. Páirtithe leasmhara agus a riachtanais agus a n-ionchais a shainaithint – Iarscríbhinn I Uimh. 2, Iarscríbhinn II A. 4.2 a ghabhann le Rialachán EMAS
Tugann Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán EMAS dá haire gur cheart d’eagraíochtaí, i gcomhthéacs a n-athbhreithnithe comhshaoil tosaigh, páirtithe leasmhara a shainaithint agus a riachtanais agus a n-ionchais a fhionnadh. Is páirtithe leasmhara laistigh den eagraíocht iad na geallsealbhóirí sin, amhail fostaithe nó soláthraithe seirbhíse ar a n-áitribh féin, agus lasmuigh den eagraíocht, amhail údaráis phoiblí, custaiméirí, infheisteoirí, soláthróirí, comharsana nó grúpaí eile a bhfuil nó a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí, táirgí nó seirbhísí na heagraíochta difear a dhéanamh dóibh.
Tá sé seo tábhachtach toisc go bhféadfadh ionchais áirithe a bheith ag páirtithe leasmhara i leith na heagraíochta, nó maidir lena gnéithe agus tionchair chomhshaoil, a d’fhéadfadh rioscaí nó deiseanna a chruthú a mhéid a bhaineann leis an eagraíocht agus lena córas bainistíochta comhshaoil.
D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach na ceisteanna thíos a chur ar na páirtithe leasmhara a sainaithníodh, d’fhonn anailís a dhéanamh ar an gcomhthéacs.
|
✓ |
Cad iad na ceanglais nó ionchais atá acu maidir leis an mbealach ina gcaitheann an eagraíocht leis an gcomhshaol? |
|
✓ |
An eascraíonn oibleagáidí comhlíontachta as seo? Cé acu de na ceanglais agus ionchais sin nach mór a leanúint nó a leantar go deonach? |
Trí pháirtithe leasmhara agus a n-ionchais a shainaithint is féidir léargais úsáideacha a sholáthar ar thionchar roinnt gnéithe comhshaoil, chomh maith leis na critéir a úsáidtear chun a dtábhacht a mheasúnú (Fíor 11). Ba cheart d’eagraíochtaí na saincheisteanna a shainaithnítear a ionchorprú ina mbainistíocht chomhshaoil.
Go ríthábhachtach, nuair a chinneann eagraíocht freastal go deonach ar riachtanais nó ar ionchais nach bhfuil faoi réir oibleagáidí dlíthiúla, agus nuair a áirithíonn sí iad ina ráiteas ar an gcomhshaol, tagann siad chun bheith ina gcuid dá ceangaltais cheangailteacha. Is gnách go mbíonn gealltanais dheonacha den sórt sin mar chuid de ráitis misin, pleananna nó straitéisí eagraíochtúla, nó meabhráin tuisceana (litir intinne), agus léirítear iad freisin i gcomhaontuithe conarthacha.
Fíor 11
Samplaí de pháirtithe leasmhara agus d’ionchais fhéideartha (foinse: An Umweltbundesamt).
1.4.3. Na ceanglais dlí is infheidhme agus oibleagáidí comhlíontachta eile a bhaineann leis an gcomhshaol a shainaithint – Iarscríbhinn I Uimh. 3, Iarscríbhinn II A. 6.1.3 agus B. 4 a ghabhann le Rialachán EMAS
Áirítear leis an measúnú comhshaoil na ceanglais dlí is infheidhme maidir le hábhair chomhshaoil a shainaithint. Tá sé úsáideach freisin fardal córasach agus iomlán a dhéanamh de chlár dlí comhshaoil den sórt sin agus comparáid a dhéanamh leis na ceadanna is infheidhme, lena n-áirítear teorainnluachanna agus ceanglais nó forálacha eile, agus torthaí oifigiúla eile, amhail gníomhartha riaracháin.
Cuidíonn taifeadadh na gceanglas dlí comhshaoil atá ábhartha don eagraíocht leis an eagraíocht na ceanglais sin nach bhfuil comhlíonta fós a shainaithint agus faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na reachtaíochta ábhartha. Sula ndéanfar fíorú agus bailíochtú, ba cheart na bearnaí sin i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha a dhúnadh trí ghníomh ceartaitheach a dhéanamh.
Agus an reachtaíocht chomhshaoil a bhaineann leis an eagraíocht á taifeadadh, tabhair faoi deara go bhféadfadh feidhm a bheith ag reachtaíocht den sórt sin ar fud an Aontais, ar leibhéal na mBallstát, nó go réigiúnach nó go háitiúil amháin.
Más mian le heagraíochtaí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas Eorpach EMAS a chur chun feidhme, ní mór dóibh, agus oibleagáidí dlíthiúla á dtaifeadadh acu i réimse an chomhshaoil, na rialacháin is infheidhme maidir leo ina dtír féin agus na rialacháin sin a chumhdaíonn eagraíochtaí comhchosúla sna Ballstáit inar mian leo iarratas a dhéanamh ar chlárú araon a chur san áireamh (36).
D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach rialacháin lena sonraítear conas a dhéanfaidh údaráis a ngníomhaíochtaí i gcomhréir le rialacháin dlí ar ghnéithe comhshaoil a thabhairt dá aire, ós rud é go bhfuil éifeacht indíreach acu ar eagraíochtaí. Mar shampla, d’fhéadfadh eagraíocht a bheadh ag ullmhú iarratas ar chead breithniú a dhéanamh ar a úsáidí atá rialacháin den sórt sin, fiú mura gcuireann siad aon oibleagáid dhíreach ar an eagraíocht féin, chun cuidiú léi na forálacha coimhdeacha lena bhfuil coinne a bhreithniú. Mar sin féin, ós rud é nach mbaineann rialacháin den sórt sin ach go coinníollach leis an eagraíocht sin, d’fhéadfadh sí staonadh óna dtaifeadadh freisin.
Baineann an breithniú céanna le comhlíontacht oibleagáidí ceangailteacha. Ós rud é nach n-eascraíonn aon oibleagáid dhíreach as rialachán riaracháin, níl sé éigeantach é a chur san áireamh. Mar sin féin, chomh maith leis na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme ó thaobh an chomhshaoil de, bíonn ceanglais dhlíthiúla eile ag eagraíochtaí i gcónaí nach mór dóibh a chur san áireamh, ach nach bhfuil baint dhíreach acu leis an gcomhshaol. Mar shampla, áirítear ceanglais maidir le cosaint dóiteáin go minic sna rialacháin maidir le foirgnimh a thógáil. Tá sé úsáideach sonraíochtaí den sórt sin, atá ábhartha maidir le gnéithe comhshaoil agus comhlíontachta, a áireamh san athbhreithniú dlíthiúil agus faireachán a dhéanamh orthu.
D’fhéadfaí doiciméid neamhdhlíthiúla eile a áireamh san athbhreithniú dlíthiúil freisin, amhail comhaontuithe conarthacha agus gealltanais dheonacha a rinne an eagraíocht in éineacht le páirtithe leasmhara (féach freisin an chaibidil roimhe seo, 1.4.2.).
1.4.4. Gnéithe comhshaoil díreacha agus indíreacha a shainaithint - Iarscríbhinn I Uimh. 4, Iarscríbhinn II A.6.1.2 a ghabhann le Rialachán EMAS
Is éard is gné chomhshaoil ann ná eilimint de ghníomhaíochtaí, de tháirgí nó de sheirbhísí eagraíochta a idirghníomhaíonn nó a d’fhéadfadh idirghníomhú leis an gcomhshaol agus a bhféadfadh tionchar, nó cineálacha éagsúla tionchair, a bheith aici uirthi dá réir. Éilíonn EMAS ar eagraíochtaí scrúdú a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil a ngníomhaíochtaí agus ar aon tionchar comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith acu. Ní mór d’eagraíochtaí a mheas freisin cé acu is féidir nó nach féidir leo iad sin a rialú go díreach trína gcuid gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí, nó tionchar a imirt orthu go hindíreach amháin. Tá sé seo tábhachtach go háirithe a mhéid a bhaineann leis na gnéithe comhshaoil de phríomhghníomhaíocht eagraíochta. Ní mór gach gné chomhshaoil a shainaithnítear, cibé acu dearfach nó diúltach, a liostú san fhardal.
|
Ciallaíonn ‘gné dhíreach chomhshaoil’ gné chomhshaoil a bhaineann le gníomhaíochtaí, le táirgí agus le seirbhísí na heagraíochta féin ar gné í a bhfuil rialú díreach bainistíochta ag an eagraíocht ina leith. Ciallaíonn ‘gné chomhshaoil indíreach’ gné chomhshaoil a d’fhéadfadh teacht as idirghníomhú eagraíochta le tríú páirtithe agus a bhféadfadh tionchar a bheith ag eagraíocht uirthi go pointe réasúnach. |
Ní mór d’eagraíochtaí gnéithe díreacha agus indíreacha comhshaoil araon a chur san áireamh.
A mhéid a bhaineann le gnéithe díreacha comhshaoil, is gnách go mbíonn smacht ag eagraíocht ar ghníomhaíochtaí amhail:
|
✓ |
dearadh táirgí. |
|
✓ |
úsáid acmhainní (e.g., fuinneamh agus amhábhair, breiseáin agus ábhair chúnta, agus táirgí leathchríochnaithe, lena n-áirítear uisce, fána, agus flóra). |
|
✓ |
astaíochtaí ó shaoráidí ar an láthair (e.g., truailleáin aeir a dhéanann dochar don aeráid agus truailleáin aeir eile, torann, creathanna, teas, solas, bolaithe, deannach). |
|
✓ |
sceithí isteach agus amach as dobharlaigh, lena n-áirítear insíothlú isteach sa screamhuisce (e.g., truailleáin, teas, frídíní). |
|
✓ |
giniúint dramhaíola, athchúrsáil, athúsáid, iompar agus diúscairt dramhaíola soladaí agus eile, go háirithe dramhaíl ghuaiseach. |
|
✓ |
úsáid agus éilliú ithreacha. |
|
✓ |
saincheisteanna áitiúla (torann, tonnchrith, boladh, deannach, cuma don tsúil, etc.). |
|
✓ |
gnéithe d’iompar táirgí agus míreanna a theastaíonn chun seirbhísí a sholáthar. |
|
✓ |
iompar pearsanra ar thurais ghnó (d’fhéadfadh rialú indíreach a bheith i gceist leis seo). |
|
✓ |
riosca timpistí comhshaoil. |
|
✓ |
staideanna éigeandála eile. |
|
✓ |
agus, teagmhais neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ann. |
Féadfaidh baint a bheith ag gnéithe comhshaoil díreacha de ghníomhaíochtaí eagraíochtaí le ceanglais na reachtaíochta ábhartha, le gealltanais cheangailteacha chomhshaoil, agus leis na ceanglais agus leis na coinníollacha a leagtar amach i gceadanna (e.g., tairseacha). Ciallaíonn sé sin, má leagtar síos tairseacha nó ceanglais eile do thruailleáin áirithe, gur cheart na hastaíochtaí comhfhreagracha a aicmiú mar ghnéithe díreacha comhshaoil.
Tá feidhm aige seo go háirithe i dtaca le:
|
✓ |
suiteálacha óna dteastaíonn ceadanna oifigiúla chun oibriú. |
|
✓ |
suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2010/75/AE (An Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionscail). |
|
✓ |
suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2012/18/AE (An Treoir Seveso III). |
|
✓ |
gléasraí atá dian ar fhuinneamh i dtéarmaí cumhachta, téimh nó fuaraithe, agus suiteálacha atá faoi réir seiceálacha agus cigireachtaí comhshaoil.
|
Is féidir gnéithe díreacha comhshaoil a bheith bainteach le saincheisteanna neamhrialaithe freisin (e.g. astaíochtaí GCT ó shuiteálacha nach gcumhdaítear le CTA, úsáid talún, torann, etc.).
Féadfaidh eagraíocht tionchar a imirt ar ghnéithe indíreacha comhshaoil go pointe áirithe trína hidirghníomhú le tríú páirtithe, ach ní ráthaítear tionchar den sórt sin. D’fhéadfadh sé, mar shampla, tionchar indíreach a imirt ar na gnéithe agus na tionchair chomhshaoil a eascraíonn as gníomhaíochtaí tríú páirtithe, amhail soláthróirí, fosholáthróirí nó custaiméirí, nó fostaithe.
1.4.5. Doiciméid Tagartha Earnála – Airteagal 46(1) de Rialachán EMAS
Soláthraíonn an Coimisiún doiciméid tagartha a bhaineann go sonrach leis an tionscal le haghaidh earnálacha áirithe, ar a dtugtar doiciméid tagartha earnála (SRDanna) (37). Liostaíonn siad sin na cleachtais bainistíochta comhshaoil is fearr agus táscairí feidhmíochta comhshaoil a bhaineann go sonrach le hearnáil. Áirítear leo freisin tagarmharcanna feidhmíochta agus modhanna chun feidhmíocht chomhshaoil eagraíochtaí a mheasúnú, a d’fhéadfadh a bheith ina gcuidiú le haghaidh iniúchadh comhshaoil.
Má tá SRDanna le fáil d’earnáil ar leith, ba cheart don eagraíocht lena mbaineann dul i gcomhairle leo nuair a shainaithníonn agus nuair a dhéanfaidh sí na gnéithe agus na tionchair chomhshaoil atá ar eolas san earnáil sin a shainaithint agus a nuair a dhéanfaidh sí meastóireacht orthu.
Tá dhá chuspóir ag SRDanna: cuidiú le heagraíochtaí na gnéithe comhshaoil is tábhachtaí a shainaithint agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Rialachán EMAS a áirithiú. Má tá SRD ann d’earnáil, ní mór d’eagraíocht é a chur san áireamh agus EMAS á chur chun feidhme aici, agus ní mór d’fhíoraitheoirí comhshaoil a sheiceáil go bhfuil sé sin déanta, go háirithe a mhéid a bhaineann le hAirteagal 4 de Rialachán EMAS, lena gceanglaítear ar eagraíochtaí tagairt a dhéanamh do SRDanna ina ráiteas ar an gcomhshaol.
Tá doiciméid tagartha forbartha do na hearnálacha seo a leanas (38):
Fíor 12
Earnálacha a bhfuil doiciméid tagartha earnála le fáil ina leith.
Is féidir le heagraíochtaí SRDanna a chur san áireamh trí bhreithniú a dhéanamh ar na dea-chleachtais bainistíochta comhshaoil a liostaítear iontu, a thagann faoi thrí ghrúpa:
|
✓ |
cleachtais nach mbaineann leis an eagraíocht. |
|
✓ |
cleachtais atá curtha chun feidhme cheana féin ag an eagraíocht; agus |
|
✓ |
cleachtais is ceart a mheas le haghaidh spriocanna agus gníomhaíochtaí amach anseo. |
Seo sampla den chaoi a bhféadfadh eagraíocht na doiciméid tagartha earnála a úsáid:
Fíor 13
Bealach amháin féideartha chun SRDanna a chomhtháthú.
Trí úsáid a bhaint as doiciméid tagartha earnála san anailís tosaigh ar an gcomhshaol, is féidir cuidiú le dearcadh na heagraíochta a shamhlú ó thaobh an chomhshaoil de, rud a chuidíonn léi tosaíochtaí a leagan síos. Cuidíonn úsáid SRDanna le ham a shábháil freisin, mar cuireann siad bealach tapa ar fáil le foghlaim faoi na dea-chleachtais agus na teicneolaíochtaí a bhaineann le hearnáil. Soláthraíonn siad faisnéis agus ionchur úsáideach freisin chun cleachtais agus teicneolaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme, lena n-áirítear na buntáistí agus na costais a bhaineann leo.
Ina theannta sin, ba cheart d’eagraíocht a mheas cé acu de na táscairí a luadh sna doiciméid tagartha earnála is infheidhme atá á dtomhas cheana féin agus, má luaitear tagarmharc feidhmíochta, a mhéid atá an tagarmharc sin á bhaint amach cheana féin ag an eagraíocht. Is féidir an fhaisnéis sin a áireamh san uirlis a úsáideann an eagraíocht chun a feidhmíocht chomhshaoil a thomhas agus chun faireachán a dhéanamh uirthi (mar shampla, scarbhileog leis na sonraí agus na táscairí ábhartha) agus déanfar tagairt di freisin ina ráiteas ar an gcomhshaol nuair a sholáthróidh sí faisnéis faoina feidhmíocht. I bprionsabal, ba cheart d’eagraíochtaí an aidhm a bheith acu saolré iomlán a ngníomhaíochtaí, a dtáirgí agus a seirbhísí a bhreithniú nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar a ngnéithe comhshaoil. Ba cheart dóibh gach céim den saolré a scrúdú. Cé go bhféadfadh siad seo a bheith éagsúil, ag brath ar chineál gníomhaíochtaí na heagraíochta, cuimsíonn siad de ghnáth fáil amhábhar, soláthar agus ceannach, forbairt agus dearadh, táirgeadh, iompar, dáileadh, úsáid, cóireáil deireadh ré, agus diúscairt deiridh. Mar sin féin, ní cheanglaítear ar eagraíochtaí measúnú saolré iomlán a dhéanamh.
Tá coinne leis go sainaithneoidh eagraíochtaí agus go dtabharfaidh siad aghaidh ar thionchair shuntasacha chomhshaoil, ní hamháin ina n-oibríochtaí féin, ach ina slabhra luacha freisin. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, déantar na hionchais sin a chódú i dTreoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta agus baineann siad le cur chun feidhme próiseas díchill chuí. San Aontas Eorpach, mhol an Coimisiún rialacha éigeantacha um chearta an duine agus um dhícheall cuí comhshaoil, lena gcumhdaítear oibríochtaí na cuideachta féin, fochuideachtaí, chomh maith le slabhraí luacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha. (39).
Le EMAS, breithníonn eagraíochtaí freisin na gnéithe comhshaoil de shaolré a gcuid táirgí agus seirbhísí agus na tionchair a eascraíonn astu, agus déanfaidh siad beart chun dul i ngleic leo. I bhfianaise an iliomad comhchosúlachtaí idir cur chuige an díchill chuí agus an bhainistíocht chomhshaoil, is féidir EMAS a úsáid mar chreat chun próisis an díchill chuí a bhunú agus a chur chun feidhme. Déanann an tábla thíos comparáid idir na céimeanna i bpróiseas díchill chuí, mar a thuairiscítear i dTreoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí (40) maidir le hIompar Freagrach Gnó, agus na heilimintí comhfhreagracha de chóras bainistíochta comhshaoil amhail EMAS.
Tábla 1
‘Lámhleabhar ECFE ar Dhícheall Cuí Comhshaoil i Slabhraí Soláthair Mianraí agus Miotail’
|
Céim ábhartha de Chreat ECFE um Dhícheall Cuí |
Eilimintí ginearálta de EMAS |
|
Cuid de Chéim 1 agus Chéim 2 de Phróiseas um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Freagrach Gnó ECFE |
An comhthéacs ina bhfeidhmíonn fiontar a thuiscint, lena n-áirítear riachtanais agus ionchais a gheallsealbhóirí agus a cheanglais dlí |
|
Céim 1: Iompar freagrach gnó a leabú i mbeartais agus i gcórais bhainistíochta |
Ceannaireacht agus gealltanas ardbhainistíocht an fhiontair a áirithiú, rud a chinneann beartas comhshaoil, struchtúir eagraíochtúla agus próisis bainistíochta comhshaoil. Acmhainní agus inniúlachtaí riachtanacha agus cumarsáid inmheánach leordhóthanach a áirithiú |
|
Céim 2: Drochthionchair in oibríochtaí, i slabhraí soláthair agus i gcaidrimh ghnó a shainaithint agus a mheasúnú; |
Gnéithe agus tionchair chomhshaoil agus na rioscaí agus na deiseanna a bhaineann leo a shainaithint, a mheasúnú agus a chur in iúl go hinmheánach |
|
Céim 3: Drochthionchair a stopadh, a chosc nó a mhaolú |
Cuspóirí comhshaoil a bhunú. Pleanáil agus beart a dhéanamh |
|
Céim 4: Cur chun feidhme agus torthaí a rianú |
Cur chun feidhme a rianú trí mheastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar chomhlíontacht chomhshaoil Feabhas leanúnach a bhaint amach |
|
Céim 5: An chaoi a dtugtar aghaidh ar thionchair a chur in iúl |
Cumarsáid sheachtrach leordhóthanach a áirithiú maidir leis an gcóras bainistíochta comhshaoil agus a thorthaí |
|
Céim 6: Foráil a dhéanamh maidir le feabhsúchán nó dul i gcomhar le linn feabhsúcháin nuair is iomchuí agus Céim 3: Drochthionchair a stopadh, a chosc nó a mhaolú |
Aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh agus gníomh ceartaitheach a ghlacadh |
Ba cheart gach gné chomhshaoil a chainníochtú a mhéid is féidir trí úsáid a bhaint as táscairí féinroghnaithe. De rogha air sin, ba cheart iad a aicmiú go cáilíochtúil ar a laghad. Ós rud é go gcaithfear gnéithe suntasacha comhshaoil a fhoilsiú sa ráiteas ar an gcomhshaol mar phríomhtháscairí EMAS, moltar na príomhtháscairí sin a áireamh mar pharaiméadair agus na gnéithe comhshaoil á gcinneadh (mínithe níos mionsonraithe agus forbhreathnú ar na príomhtháscairí i gCéim 6, Ráiteas ar an gComhshaol).
Fíor 14
Gnéithe tipiciúla comhshaoil le breithniú i saolré táirge (Foinse: Treoirlíne EMAS um Chóras Bainistíochta Comhshaoil don chleachtas oibriúcháin, an Comhlachas Tionscail agus Tráchtála sa Bhaváir)
Is féidir leis an eagraíocht nós imeachta a fhorbairt chun gach gné chomhshaoil a shainaithint. Is féidir é sin a dhéanamh trí:
|
✓ |
athbhreithniú a dhéanamh ar gach foinse faisnéise atá in ann faisnéis a sholáthar faoi ionchuir agus aschuir (sonraisc cheannaigh, méadair, sonraí trealaimh, etc.). |
|
✓ |
seiceáil cé na hamhábhair, soláthairtí, táirgí leathchríochnaithe nó táirgí agus earraí eile a úsáidtear nó cé na táirgí, dramhaíl, eisiltigh, astaíochtaí, etc. a sceitear (is minic a bhíonn ranna ceannacháin agus díolacháin ina bpointí tosaithe úsáideacha). |
|
✓ |
gnéithe comhshaoil atá le breithniú a shainaithint de thoradh na reachtaíochta comhshaoil is infheidhme agus/nó in aon chead nó cheadúnas comhshaoil, agus doiciméid chomhchosúla a dhéanann difear don láithreán/do na láithreáin. |
|
✓ |
cuairt a thabhairt ar láithreá(i)n chun ionchuir agus aschuir próisis ar an láthair a fhíorú (nótaí a ghlacadh, líníochtaí a dhéanamh de réir mar is gá). |
|
✓ |
pleananna láithreáin agus sceitsí de chásanna a chruthú nó a fháil. |
|
✓ |
príomhphearsanra a shainaithint (bainistíocht agus oibrithe); d’fhéadfaí iarraidh ar na fostaithe a bhfuil baint acu le gach córas inmheánach faisnéis a sholáthar. |
|
✓ |
faisnéis a iarraidh ar fhochonraitheoirí a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh d’fheidhmíocht chomhshaoil eagraíochta. |
|
✓ |
timpistí, torthaí ó fhaireachán agus cigireachtaí san am a chuaigh thart a bhreithniú. |
|
✓ |
na coinníollacha a thaifeadadh ag tús nó ag críochnú gníomhaíochtaí nó ag tús agus ag deireadh próiseas agus na guaiseacha a sainaithníodh sa phróiseas. |
Is bealach maith é éiceamhapáil i modheolaíocht EMAS Éasca (41) chun gnéithe comhshaoil a thaifeadadh go soiléir, go háirithe i gcás ina bhfuil eagraíochtaí beaga i gceist.
Sanntar tionchar comhshaoil do gach gné chomhshaoil a shainaithnítear, mar a léirítear i dTábla 2 thíos.
Tábla 2
Samplaí de ghnéithe comhshaoil agus a dtionchar comhshaoil
|
Gníomhaíocht |
Gné chomhshaoil |
Tionchar ar an gcomhshaol |
||||||||||||||||
|
Trácht |
|
|
||||||||||||||||
|
Tógáil |
|
|
||||||||||||||||
|
Seirbhísí oifige |
|
|
||||||||||||||||
|
Tionscal ceimiceán |
|
|
1.4.6. Tábhacht gnéithe comhshaoil a mheasúnú – Iarscríbhinn I Uimh. 5, Iarscríbhinn II Uimh. 6.1.2 a ghabhann le Rialachán EMAS
Nuair a bheidh na gnéithe agus a dtionchair sainaitheanta, is é an chéad chéim eile ná measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar gach ceann acu chun tábhacht na ngnéithe comhshaoil a chinneadh.
Déanfar meastóireacht ar gach gné chomhshaoil a thaifeadtar go cáilíochtúil nó go cainníochtúil agus úsáid á baint as critéir fhéinroghnaithe. Ba cheart do na critéir, ar cheart dóibh a bheith cuimsitheach, reachtaíocht a chur san áireamh. Ba cheart é a bheith indéanta iad a fhíorú go neamhspleách freisin.
Ba cheart don eagraíocht gnéithe comhshaoil a cuid gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí a bhfuil tionchair shuntasacha chomhshaoil acu a shainaithint, agus saolré an mheasúnaithe á breithniú.
Agus measúnú á dhéanamh ar thábhacht thionchar comhshaoil ghníomhaíochtaí na heagraíochta, ba cheart na nithe seo a leanas a bhreithniú:
|
✓ |
an díobháil nó na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol, lena n-áirítear bithéagsúlacht agus daoine, trí úsáid ábhar agus fuinnimh, sceití, dramhaíl agus astaíochtaí, etc. |
|
✓ |
staid an chomhshaoil áitiúil, réigiúnaigh nó dhomhanda agus a leochaileacht de thoradh thionchair chomhshaoil na heagraíochta. |
|
✓ |
méid, líon, minicíocht agus inchúlaitheacht gnéithe nó tionchar. |
|
✓ |
láithreacht reachtaíochta comhshaoil ábhartha agus a ceanglais. |
|
✓ |
gníomhaíochtaí na heagraíochta a bhfuil costais agus tairbhí s(h)untasacha c(h)omhshaoil ag baint leo. |
|
✓ |
cé chomh tábhachtach is atá tionchar comhshaoil na heagraíochta dá geallsealbhóirí agus fostaithe, i dtéarmaí a n-ionchas agus a riachtanas. |
Ba cheart don mheasúnú seiceáil a dhéanamh ar cé chomh fada agus is féidir leis an eagraíocht tionchar a imirt ar na gnéithe comhshaoil seo agus cé acu is féidir nó nach féidir léi na tionchair chomhshaoil atá bainteach le gach gné a laghdú. Ba cheart don mheasúnú gnáthoibríochtaí a chumhdach, chomh maith le teagmhais agus éigeandálaí, le haghaidh gníomhaíochtaí reatha, gníomhaíochtaí san am a chuaigh thart agus gníomhaíochtaí sa todhchaí.
Bunaithe ar na critéir sin, féadfaidh an eagraíocht nós imeachta inmheánach a bhunú chun tábhacht na ngnéithe comhshaoil a mheasúnú nó uirlisí eile a úsáid chun na críche sin. Féadfaidh eagraíochtaí beaga úsáid a bhaint as uirlisí cur chun feidhme EMAS (42), ina bhfuil faisnéis agus nósanna imeachta an-úsáideach, nó an modh ‘EMAS Éasca’, (43) nó uirlisí arna soláthar ag Ballstáit aonair, más infheidhme.
Ba cheart tionchar comhshaoil gach gné chomhshaoil a aicmiú mar seo a leanas:
|
✓ |
méid – leibhéal astaíochtaí, ídiú fuinnimh agus uisce, etc. |
|
✓ |
déine – guaiseacha, tocsaineacht, etc. |
|
✓ |
minicíocht/dóchúlacht |
|
✓ |
imní na bpáirtithe leasmhara. |
|
✓ |
ceanglais dlí. |
Tábla 3
Gnéithe comhshaoil a mheasúnú agus úsáid á baint as sampla na dramhaíola.
|
Critéir a mheasúnú |
Sampla |
|
Cé na haschuir nó gníomhaíochtaí de chuid na heagraíochta a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh don chomhshaol? |
Dramhaíl: dramhaíl chathrach mheasctha, dramhaíl ó phacáistíocht, dramhaíl ghuaiseach |
|
Méid na ngnéithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chomhshaol |
Cainníocht dramhaíola: ard, meánach, íseal |
|
Déine na ngnéithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chomhshaol |
Guaiseacha dramhaíola, tocsaineacht ábhar: ard, meánach, íseal |
|
Minicíocht na ngnéithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chomhshaol |
Ard, meánach, íseal |
|
Feasacht an phobail agus na bhfostaithe ar ghnéithe atá bainteach leis an eagraíocht |
Tromchúiseach, roinnt gearán, gan aon ghearán |
|
Gníomhaíochtaí na heagraíochta a rialaítear le reachtaíocht chomhshaoil |
Cead dlí dramhaíola, oibleagáidí faireacháin |
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Tá sé úsáideach critéir agus an tábhacht fhoriomlán a bhaineann le gnéithe áirithe a chainníochtú.
Is sampla í an scéim meastóireachta a d’fhorbair Gníomhaireacht Chomhshaoil Chónaidhme na Gearmáine agus úsáid á baint as anailís ABC (féach Fíor 15) den chaoi le meastóireacht a dhéanamh ar thábhacht na ngnéithe comhshaoil de ghníomhaíochtaí, de tháirgí agus de sheirbhísí eagraíochta. Bunaithe ar ghníomhaíochtaí na heagraíochta agus ar choinníollacha an láithreáin, déantar na gnéithe comhshaoil a aicmiú i gcatagóirí A go C, in ord laghdaitheach tábhachta. Roinntear an acmhainneacht chun an ghné chomhshaoil faoi seach a fhíorú i dtrí chatagóir freisin, ó I go III, in ord laghdaitheach ábharthachta.
Fíor 15
Sampla de mhaitrís mheastóireachta leis an anailís ABC (foinse: Ráiteas ar an gComhshaol ó Ghníomhaireacht Chomhshaoil Chónaidhme na Gearmáine, 2020)
Nuair a bheidh na gnéithe suntasacha comhshaoil sainaitheanta, moltar, mar dhara céim, go sainaithneodh an eagraíocht na háiseanna comhfhreagracha atá ábhartha don chomhshaol agus na próisis ghaolmhara. Ligeann sé seo gnéithe a bhaineann leis an gcomhshaol a shainaithint níos éasca. Go háirithe, beidh sé níos éasca spriocanna agus bearta a shainiú ina dhiaidh sin chun feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú. Ba cheart na gnéithe comhshaoil a shainaithnítear a nascadh freisin leis an tuairisciú ar tháscairí a áirítear níos déanaí i ráiteas na heagraíochta ar an gcomhshaol. Ba cheart torthaí sainaitheantais gnéithe comhshaoil a chomhtháthú go córasach sa chóras bainistíochta comhshaoil. Go háirithe, ba cheart iad a chur san áireamh freisin i gcinntí straitéiseacha (44).
1.4.7. Meastóireacht a dhéanamh ar aiseolas ó imscrúdú ar theagmhais roimhe seo – Iarscríbhinn I, Uimh. 6 a ghabhann le Rialachán EMAS
Déantar meastóireacht ar aiseolas ón imscrúdú ar theagmhais roimhe seo agus déantar an t-aiseolas a ionchorprú isteach sa chóras bainistíochta comhshaoil laistigh de gach timthriall freisin mar bheart chun atarlú riosca a chosc (beart coisctheach).
Is féidir an mheastóireacht sin a dhéanamh trí thaighde a dhéanamh le cuideachtaí árachais, etc. chun a fháil amach cé acu a bhí nó nach raibh teagmhais san am a chuaigh thart. Déan meastóireacht orthu sin agus déan bearta iomchuí a shainiú.
1.4.8 Deiseanna agus rioscaí a chinneadh agus a dhoiciméadú – Iarscríbhinn I Uimh. 7, Iarscríbhinn II A. 6.1 a ghabhann le Rialachán EMAS
Cinneann agus doiciméadaíonn an eagraíocht rioscaí agus deiseanna atá bainteach lena gnéithe comhshaoil, lena hoibleagáidí comhlíontachta agus le saincheisteanna agus ceanglais eile a shainaithnítear thuas. Déanfar na deiseanna agus na rioscaí a chinneadh agus a dhoiciméadú do na hábhair seo a leanas:
|
✓ |
comhthéacs eagraíochtúil (saincheisteanna inmheánacha agus seachtracha) |
|
✓ |
páirtithe leasmhara. |
|
✓ |
gealltanais cheangailteacha |
|
✓ |
gnéithe comhshaoil. |
Ligeann sé seo tosca a shainaithint go luath a mbíonn tionchar dearfach (deiseanna) nó diúltacha (riosca) acu ar fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta. Ar an mbealach seo, is féidir le deiseanna a bheith spriocdhírithe agus rioscaí a bheith laghdaithe. Áirítear le deiseanna coigilteas costais trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua nó comhar feabhsaithe le páirtithe leasmhara. D’fhéadfadh go n-áireofaí ar rioscaí damáiste don chomhshaol a tharlóidh go réamhtheachtach sa slabhra soláthair, tionchair fhéideartha an athraithe aeráide ar láithreán na heagraíochta, méadú ar ionchais chomhshaoil ó pháirtithe leasmhara, nó athruithe ar reachtaíocht nár thug an eagraíocht aghaidh orthu go leordhóthanach fós. Díríonn an eagraíocht ar na deiseanna agus na rioscaí a chuidíonn léi feabhas leanúnach a bhaint amach ar fheidhmíocht chomhshaoil agus éifeachtaí neamh-inmhianaithe nó timpistí a sheachaint.
I gcás eagraíochtaí beaga agus meánmhéide ar mian leo tairbhiú de cheanglais simplithe faoi Airteagal 7 de Rialachán EMAS, tá sé tábhachtach a léiriú, mar chuid den tsainaithint riosca, nach bhfuil aon riosca suntasach comhshaoil ann.
Tá na deiseanna agus na rioscaí atá taifeadta agus doiciméadaithe go córasach tábhachtach i bpleanáil gníomhaíochta ina dhiaidh sin.
Is iad na buntáistí a bhaineann leis an deis/sainaithint riosca ná:
|
✓ |
go n-aithníonn sé treochtaí fadtéarmacha, go n-aithníonn sé go bhfuil spás ann le haghaidh solúbthachta agus go seachnaíonn sé forbairtí neamh-inmhianaithe. |
|
✓ |
go dtacaíonn sé le hinmharthanacht na heagraíochta amach anseo trí bhainistíocht réamhbhreathnaitheach. |
|
✓ |
go méadaíonn sé freagrúlacht agus lamháltas i leith imeachtaí comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann, dálaí comhshaoil athraitheacha, agus na tionchair dhiúltacha ghaolmhara. |
|
✓ |
go méadaíonn sé deimhneacht dhlíthiúil. |
Tá roinnt mhaith modhanna ann chun deiseanna agus rioscaí a mheasúnú, e.g., cineálacha teipeanna comhshaoil agus anailís ar éifeachtaí, anailís ABC (féach Fíor 15) nó anailís SWOT.
1.4.9. Próisis, cleachtais agus nósanna imeachta atá ann cheana a scrúdú – Iarscríbhinn I Uimh. 8 a ghabhann le Rialachán EMAS
Is éard atá i gceist leis seo próisis, cleachtais agus nósanna imeachta na heagraíochta atá ann cheana a athbhreithniú agus na cinn a bhaineann le bainistíocht chomhshaoil a chinneadh. Is ar éigean a thosaíonn aon duine ón tús. Is minic a bhíonn treoirlínte inmheánacha maidir le scaradh dramhaíola nó caomhnú fuinnimh i bhfeidhm cheana féin nó tá oifigigh ann do dhramhaíl, ábhair ghuaiseacha, substaintí guaiseacha, fuinneamh, sláinteachas, etc. ar féidir a áireamh sa chóras bainistíochta comhshaoil. Is féidir cineálacha cur chuige bainistíochta comhshaoil atá ann cheana (féach an roinn ‘Córais bhainistíochta agus cineálacha eile cur chuige i leith EMAS a aithint) nó córais bhainistíochta amhail bainistíocht cháilíochta a úsáid anseo freisin.
|
Ciallaíonn ‘beartas comhshaoil’ intinní agus treo foriomlán eagraíochta maidir lena feidhmíocht chomhshaoil mar a chuireann an ardbhainistíocht in iúl go foirmiúil iad (…). Soláthraíonn sé creat le haghaidh gníomhaíochta agus chun cuspóirí agus spriocanna comhshaoil a shocrú. |
Céim 2: An beartas comhshaoil a shainiú.
2.1. An beartas comhshaoil a shainiú – Iarscríbhinn II A.5.2 a ghabhann le Rialachán EMAS
Ní mór tiomantas do na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sa bheartas comhshaoil:
|
✓ |
comhlíontacht le ceanglais dhlíthiúla agus ceanglais eile a bhaineann le gnéithe comhshaoil. |
|
✓ |
truailliú a chosc. |
|
✓ |
feabhas leanúnach ar fheidhmíocht chomhshaoil. |
Is creat é an beartas comhshaoil le haghaidh gníomhaíochta agus chun cuspóirí agus spriocanna straitéiseacha comhshaoil a leagan síos (féach thíos). Ní mór dó a bheith soiléir agus ní mór dó aghaidh a thabhairt ar na príomhthosaíochtaí faoinar féidir cuspóirí agus spriocanna sonracha a shainiú a thuilleadh.
Sa bheartas comhshaoil, leagann an ardbhainistíocht fís amach maidir leis an gcaoi a bhfeiceann sí í féin ag dul i ngleic le cosaint an chomhshaoil. Ba cheart é seo a dhéanamh go luath sa phróiseas cur chun feidhme, ach ní roimh chríochnú an athbhreithnithe comhshaoil, atá mar bhunús leis an mbeartas. Ní mór don ardbhainistíocht a áirithiú go gcuirtear an beartas comhshaoil seo chun feidhme agus go gcuirtear i bhfeidhm é san eagraíocht freisin.
|
|
||||||||
|
D’fhéadfadh na ceisteanna thíos cuidiú le foirmliú na n-ábhar atá le cumhdach ag an mbeartas comhshaoil.
|
||||||||
|
|
Is é an beartas comhshaoil an treoirlíne lárnach chun EMAS a fhorbairt tuilleadh agus tá sé foilsithe sa ráiteas ar an gcomhshaol. Cruthaíonn sé an creat chun cuspóirí, spriocanna (cuspóirí aonair) agus bearta a bhaineann leis an gcomhshaol a shainiú agus ba cheart dó a bheith oiriúnach don chultúr corparáideach.
D’fhéadfaí an beartas comhshaoil a chomhtháthú i dtreoirlínte corparáideacha atá ann cheana nó i mbeartas corparáideach na heagraíochta. Ina theannta sin, ba cheart é a chur in iúl do gach duine a oibríonn don eagraíocht nó thar ceann na heagraíochta agus go mbeadh sé le fáil do pháirtithe leasmhara (trí bhileog dhíreach, idirlíon, inlíon, clár fógraí, faisnéisiú, etc.).
I gcás athruithe móra, ba cheart an beartas comhshaoil a oiriúnú. Tá sé tábhachtach go gcoimeádfaidh an eagraíocht EMAS an ráiteas iomlán ar an gcomhshaol, lena n-áirítear aon nuashonrú, go hiomlán inrochtana agus go dtabharfar cothrom le dáta é.
|
Ciallaíonn ‘clár comhshaoil’ tuairisc ar na bearta a glacadh, ar na freagrachtaí a glacadh agus ar na modhanna a úsáidtear nó atáthar ag brath a dhéanamh chun cuspóirí agus spriocanna comhshaoil a bhaint amach, móide na sprioc-amanna chun iad a bhaint amach. Ciallaíonn ‘cuspóir comhshaoil’ sprioc fhoriomlán chomhshaoil, a eascraíonn as an mbeartas comhshaoil, ar sprioc í a bhfuil cinneadh déanta ag eagraíocht í a bhaint amach. Nuair is indéanta, déantar é a chainníochtú. Ciallaíonn ‘sprioc chomhshaoil’ ceanglas feidhmíochta mionsonraithe a eascraíonn as na cuspóirí comhshaoil agus atá infheidhme maidir le heagraíocht nó maidir le codanna di, ar gá í a shocrú agus a chomhlíonadh chun na cuspóirí sin a bhaint amach. |
Céim 3: Clár comhshaoil a fhorbairt – Iarscríbhinn II A.6.2.1, B.5 a ghabhann le Rialachán EMAS
Sa chéim seo, socraítear cuspóirí agus spriocanna sonracha agus forbraítear bearta chun feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú. Tagraítear dóibh sin i Rialachán EMAS mar an clár comhshaoil. Ní mór na cuspóirí a bheith nasctha go soiléir agus gan débhrí leis na gnéithe suntasacha comhshaoil, go rannchuideoidh siad le beartas comhshaoil na heagraíochta agus go dtiocfaidh feabhas iarbhír ar fheidhmíocht chomhshaoil na ngnéithe comhshaoil díreacha agus indíreacha. Aistríonn an clár comhshaoil beartas comhshaoil na heagraíochta ina chleachtas laethúil agus spreagann sé feabhas leanúnach. Léiríonn Fíor 16 thíos sampla den idirghníomhú idir beartas, athbhreithniú, cuspóirí agus bearta comhshaoil.
Fíor 16
Idirghníomhú athbhreithnithe comhshaoil, beartais comhshaoil, cuspóirí agus spriocanna comhshaoil, bearta pleanáilte agus cláir comhshaoil (Foinse: Treoirlíne EMAS um Chóras Bainistíochta Comhshaoil don chleachtas oibriúcháin, an Comhlachas Tionscail agus Tráchtála sa Bhaváir)
Má tá codanna ábhartha de na doiciméid tagartha earnála dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán EMAS le fáil don earnáil lena mbaineann, ba cheart d’eagraíochtaí úsáid a bhaint astu. Ba cheart iad a úsáid chun spriocanna agus cuspóirí comhshaoil na heagraíochta a shocrú agus a athbhreithniú i gcomhréir leis na gnéithe comhshaoil ábhartha a sainaithníodh san athbhreithniú comhshaoil. Mar sin féin, níl sé éigeantach na tagarmharcanna sármhaitheasa a sainaithníodh a chomhlíonadh, toisc go bhfágann EMAS faoi na heagraíochtaí iad féin measúnú a dhéanamh ar a n-indéantacht agus conas na dea-chleachtais a chur chun feidhme, i dtéarmaí costas agus sochar.
Áirítear leis an gclár comhshaoil freagrachtaí, tráthchlár réalaíoch, agus na hacmhainní a theastaíonn chun na cuspóirí a bhaint amach. Is uirlis í chun cuidiú leis an eagraíocht feabhsuithe a phleanáil agus a chur chun feidhme ó lá go lá. Ba cheart an clár a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach, agus ba cheart dó a bheith mionsonraithe go leor chun forbhreathnú a sholáthar ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna. Feidhmíonn torthaí an athbhreithnithe inmheánaigh comhshaoil mar bhonn chun cuspóirí agus spriocanna a leagan síos agus chun feabhas leanúnach a áirithiú.
Ar an gcéad dul síos, leagtar síos cuspóirí ginearálta comhshaoil amhail ‘astaíochtaí atá díobhálach don aeráid a laghdú’ nó ‘éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú’. Ní spriocanna comhshaoil iad na hacmhainní airgeadais, teicniúla nó daonna a theastaíonn lena gcur chun feidhme; ní dhéanann siad ach iad a bhaint amach. Ansin sonraítear na cuspóirí comhshaoil go mion agus sanntar sprioc-am, e.g. ‘Laghdaigh astaíochtaí CO2 i dtáirgeadh faoi 20 % laistigh de 3 bliana ó dháta X’ nó ‘Laghdaigh ídiú breosla an fhlít feithiclí faoi 10 % faoi dháta Y’. Ba cheart na spriocanna a shonrú chomh soiléir agus is féidir.
Ba cheart do na spriocanna a bheith SMART.
|
✓ |
Specific [Sonrach] – ní mór do gach sprioc aghaidh a thabhairt ar cheist amháin. |
|
✓ |
Measurable [Intomhaiste] – ba cheart gach sprioc a shloinneadh i dtéarmaí cainníochtúla. |
|
✓ |
Achievable [Inghnóthaithe] – ní mór go mbeifear in ann na spriocanna a bhaint amach. |
|
✓ |
Realistic – ba cheart do spriocanna a bheith éilitheach agus go spreagfadh siad feabhas leanúnach; ach níor cheart dóibh a bheith ró-uaillmhianach. Is féidir iad a athbhreithniú i gcónaí nuair a bheidh siad comhlíonta. |
|
✓ |
Time-bound [Faoi theorainn ama] – ba cheart sprioc-am a bheith ann chun gach sprioc a bhaint amach. |
Ba cheart spriocanna a shocrú ar bhonn ghnéithe suntasacha comhshaoil na heagraíochta agus na hoibleagáidí comhlíontachta gaolmhara, ag cur san áireamh a rioscaí agus deiseanna mar a sainaithníodh iad san athbhreithniú comhshaoil. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do na gnéithe comhshaoil sin.
Is é an chéad chéim eile ná bearta coincréiteacha a tharraingt suas, ar bearta iad atá riachtanach chun na spriocanna a bhaint amach. Níor cheart bearta a mheascadh suas le spriocanna comhshaoil.
Tábla 4
Samplaí den idirghníomhú idir cuspóirí, spriocanna, agus bearta comhshaoil
|
Cuspóir comhshaoil (sprioc fhoriomlán) |
|
|
|
Giniúint dramhaíola guaisí a íoslaghdú |
Laghdú 20 % ar úsáid tuaslagóirí orgánacha sa phróiseas laistigh de 3 bliana |
Tuaslagóirí a athúsáid a mhéid is féidir Tuaslagóirí orgánacha a athchúrsáil |
|
Laghdú ar astaíochtaí a dhéanann dochar don aeráid |
Laghdú 20 % ar astaíochtaí CO2 i dtáirgeadh laistigh de 3 bliana ó am bunlíne X |
Comhshó réamhthéamh gásadhainte ar chodanna múnlaithe chun teas dramhaíola ó limistéir táirgthe eile a úsáid |
|
Éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú |
Laghdú 10 % faoi sprioc-am Y ar an mbreosla a úsáideann an flít feithiclí |
Athsholáthar feithicle le hinneall dócháin inmheánaigh sa flít le feithicil faoi thiomáint leictreach, agus úsáid á baint as leictreachas glas |
Ba cheart an duine nó an fhoireann atá freagrach as gach beart a chur chun feidhme agus cathain agus conas a dhéanfar é a mhaoiniú a shonrú, más gá. Cuidíonn sé seo le tosaíocht gach beart feabhsaithe féideartha a chinneadh trí iarracht (infheistíocht, costais phearsanra) a mheas in aghaidh coigiltis. Ba cheart bearta ardtosaíochta a áireamh sa chlár comhshaoil ar dtús (45).
Déantar na cúraimí agus na freagrachtaí a chumhdaítear leis an gclár comhshaoil agus leis na húdaráis atá i gceannas a dhoiciméadú agus a chur in iúl go hinmheánach freisin. Ba cheart na fostaithe uile a chur ar an eolas faoi na bearta atá beartaithe agus nuashonruithe tráthrialta ar dhul chun cinn a fháil.
Níos déanaí, déantar an clár comhshaoil a chomhtháthú sa ráiteas ar an gcomhshaol – go minic i bhfoirm táblaí – agus foilsítear é. Mura bhfuil ainmneacha nó costais le foilsiú, is féidir leagan le níos lú ábhair a chur ar fáil. Mar sin féin, feicfidh an fíoraitheoir comhshaoil an clár comhshaoil mionsonraithe.
Tá sé tábhachtach na cuspóirí atá sainithe a nascadh go comhsheasmhach leis na heilimintí eile, amhail táscairí, gealltanais cheangailteacha, deiseanna/rioscaí, agus geallsealbhóirí.
I gcás athruithe suntasacha, déantar an clár comhshaoil a choigeartú.
Céim 4: Córas bainistíochta comhshaoil a bhunú agus a chur chun feidhme – Airteagal 4(1b), Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán EMAS
Is é an córas bainistíochta comhshaoil (46) an chuid den chóras bainistíochta foriomlán a áiríonn an struchtúr eagraíochtúil, gníomhaíochtaí pleanála, freagrachtaí, nósanna imeachta, próisis agus modhanna chun an beartas comhshaoil a bhunú, a chur chun feidhme, a chur i gcrích, a athbhreithniú agus leanúint ar aghaidh leis an mbeartas comhshaoil agus le bainistíocht gnéithe comhshaoil.
Le linn an athbhreithnithe comhshaoil (Céim 1), go háirithe maidir le hanailís ar an gcomhshaol agus sainaithint gnéithe suntasacha comhshaoil, cruthaíodh bunachar sonraí agus líonra idir fostaithe agus lucht bainistíochta cheana féin – dhá chloch choirnéil de bhainistíocht rathúil chomhshaoil. Is é an cúram atá ann anois ná córas bainistíochta feidhme a bhunú le struchtúir agus próisis ar leith. Is é an aidhm atá ann ná bainistíocht chomhshaoil a chomhtháthú sna próisis ghnó ábhartha. Tugtar tuairisc ar na ceanglais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán EMAS. Ba cheart d’eagraíochtaí a bhfuil ISO 14001 acu Iarscríbhinn II, cuid A a ghabhann le Rialachán EMAS, atá ina chuid d’ISO 14001 freisin, a chomhlíonadh cheana féin.
4.1. Acmhainní, cúraimí, freagracht agus údarás a leagan amach – Iarscríbhinn II, A.5.1., A.5.3, A.7.1. a ghabhann le Rialachán EMAS
Sonraítear i Rialachán EMAS go soláthraíonn bainistíocht na heagraíochta ceannaireacht agus gealltanas a mhéid a bhaineann leis an gcóras bainistíochta comhshaoil. Dá bhrí sin, tá gá le comhar agus tacaíocht g(h)níomhach ó leibhéil bhainistíochta éagsúla na heagraíochta. Is é seo an t-aon bhealach lena áirithiú go bhfuil na hacmhainní airgeadais, daonna, agus teicniúla riachtanacha le fáil. Tá ceanglais EMAS le comhtháthú sna próisis ghnó agus sna cuspóirí comhshaoil a bhaineann leis an treo straitéiseach atá á leanúint ag an eagraíocht.
Ní mór acmhainní, róil, cúraimí, freagrachtaí agus údaráis a leagan amach, a dhoiciméadú agus a chur in iúl. Tugtar tuairisc ar na cúraimí ábhartha uile a dhéanann gach duine a bhfuil baint acu le bainistíocht chomhshaoil. Is féidir é seo a dhéanamh trí chairteacha eagraíochtúla, trí thuairiscí ar phoist nó ar an áit oibre, trí chúraimí sonracha a shannadh, etc.
Tá sainiú na gcúraimí, na bhfreagrachtaí agus na n-údarás ábhartha go háirithe do na seasaimh seo a leanas:
|
✓ |
bainistíocht chorparáideach agus eagraíochtúil |
|
✓ |
bainistíocht ghnó nó láithreáin |
|
✓ |
bainistíocht rannáin agus roinne |
|
✓ |
ionadaithe bainistíochta comhshaoil |
|
✓ |
Foireann EMAS agus iniúchóirí inmheánacha nó fíoraitheoirí comhshaoil |
|
✓ |
fostaithe a bhfuil tionchar acu ar bhainistíocht chomhshaoil i réimsí amhail táirgeadh, bainistíocht saoráidí, forbairt táirgí, ceannach, bainistíocht cháilíochta, sábháilteacht ceirde, TF, agus faireachán |
|
✓ |
soláthróirí seachtracha, soláthraithe seirbhíse agus comhpháirtithe gnó. |
Ní mór d’ardbhainistíocht na heagraíochta ionadaí bainistíochta a cheapadh, i.e., duine a bheidh freagrach sa deireadh thiar as an gcóras bainistíochta comhshaoil. Is é an ról atá acu mar ionadaí bainistíochta ná a áirithiú go bhfuil ceanglais uile an chórais bainistíochta comhshaoil i bhfeidhm, ag obair agus cothrom le dáta, chomh maith leis an bhfoireann bhainistíochta ghinearálta a choimeád ar an eolas faoin gcaoi a bhfuil an córas ag oibriú. Ba cheart don ionadaí tuairisciú ar a láidreachtaí agus ar a laigí agus ar aon fheabhas is gá, ba cheart dó/di a bheith cáilithe agus taithí a bheith aige/aici ar shaincheisteanna comhshaoil, ar cheanglais dhlíthiúla a bhaineann leis an gcomhshaol agus ar bhainistíocht. Ba cheart dó/di a bheith in ann meithleacha a chomhordú agus a threorú. A mhéid is féidir agus ag brath freisin ar mhéid na heagraíochta, ba cheart do na hinniúlachtaí sin a bheith le fáil ‘go hintí’.
4.2. Nós imeachta a bhunú chun oibleagáidí comhlíontachta a chinneadh agus meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht – Iarscríbhinn II, A.6.1.3, B.4, agus A.9.1.2. a ghabhann le Rialachán EMAS
Tá comhlíontacht ina príomhcheanglas faoi Rialachán EMAS. Féadfaidh an téarma ‘oibleagáidí comhlíontachta’ na nithe seo a leanas a chumhdach:
ceanglais chomhshaoil is infheidhme maidir le heagraíocht atá bunaithe ar reachtaíocht AE, náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, móide toiliú tiomnaithe, amhail ceadanna comhshaoil.
ceanglais chomhshaoil de thionscnamh foinsí eile amhail gealltanais dheonacha agus comhaontuithe gnó, agus riachtanais agus ionchais na bpáirtithe leasmhara ar chinn an eagraíocht iad a chomhlíonadh.
Ní féidir eagraíocht nach gcomhlíonann a hoibleagáidí comhlíontachta a chlárú faoi EMAS. Sonraíonn EMAS nach mór d’eagraíochtaí próisis a bhunú le haghaidh:
|
✓ |
ceanglais dlí agus ceanglais eile a chinneadh ar bhonn leanúnach, cothrom le dáta. |
|
✓ |
athbhreithnithe ar chomhlíontacht a dhéanamh agus doiciméadacht ábhartha a choinneáil. |
Tá na próisis seo idirnasctha go láidir, mar ní féidir le hathbhreithnithe ar chomhlíontacht a bheith éifeachtach gan tuiscint mhaith ar oibleagáidí comhlíontachta. Ní mór don phróiseas chun oibleagáidí comhlíontachta a chinneadh a áirithiú go bhfuil faisnéis faoi oibleagáidí comhlíontachta doiciméadaithe, iomlán, cothrom le dáta, sothuigthe agus le fáil do chomhaltaí ábhartha na foirne.
Tá na heilimintí seo a leanas le cur san áireamh:
|
✓ |
freagrachtaí agus údaráis a bhunú. |
|
✓ |
acmhainní a áirithiú. |
|
✓ |
minicíocht ghníomhaíochta agus sreabhadh faisnéise a chinneadh. |
Tugann meastóireacht ar chomhlíontacht aghaidh ar na hoibleagáidí comhlíontachta uile arna gcinneadh, agus coinníollacha sonracha na heagraíochta á gcur san áireamh. Taispeántar sampla i dTábla 5 thíos.
Ní bhíonn sé éasca i gcónaí measúnú a dhéanamh i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil eagraíochtaí ag comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil ábhartha uile. Is cuidiú iad bunachair shonraí dlí a bhfuil rochtain saor in aisce orthu, seirbhísí íoctha a sholáthraíonn faisnéis ar athruithe dlíthiúla nó comhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha.
Tá réitigh TF speisialta ann ar féidir iad a chur in oiriúint do cheanglais na heagraíochta ionas gur féidir forbhreathnú ar fhorbairtí ábhartha maidir le ceanglais dlí a choinneáil ar bun i gcónaí. Cuireann cuid de na réitigh sin ábhar níos forbartha ar fáil ar féidir é a úsáid chun na dualgais ghaolmhara a shainaithint, a tharmligean agus a rialú, i dteannta le fíorbhainistíocht rialála.
Tábla 5
Sampla d’athbhreithniú dlíthiúil ar chomhlíontacht
|
Dlí an chomhshaoil is infheidhme |
Ceanglais shonracha le haghaidh eagraíochta |
Stádas comhlíontachta / fianaise |
Gníomhaíocht ag teastáil |
|
Dlí Dramhaíola (an dlí náisiúnta) |
Cead stórála dramhaíola ag teastáil |
Neamhchomhlíontacht Tá an cead imithe in éag |
Iarratas ar chead nua Nós imeachta a chur chun feidhme lena n-áirithítear cur i bhfeidhm tráthúil ar cheadanna sula dtéann siad in éag |
|
Dlí Dramhaíola (an dlí náisiúnta) |
Ní mór leithscaradh dramhaíola a dhéanamh i gcás 50 % ar a laghad den dramhaíl |
Comhlíontacht Sroicheann leithscaradh dramhaíola 60 % den dramhaíl |
N/B |
|
Dlí Astaíochta Aeir (an dlí náisiúnta) |
Teorainneacha astaíochtaí (NOX, SOx, cáithnínigh, etc.) |
Comhlíontacht Torthaí tomhais faoi bhun na dteorainneacha |
N/B |
|
Dlí Astaíochta Aeir (an dlí náisiúnta) |
Formheas coire |
Comhlíontacht Cead bailí go dtí 31/12/2023 |
N/B |
|
An Dlí um Chosaint Torainn (an dlí náisiúnta) |
Teorainn torainn ar an teorainn thuaidh (limistéar áitrithe): 55 dB i rith an lae 45 dB i rith na hoíche |
Comhlíontacht Torthaí tomhais faoi bhun na teorann incheadaithe |
N/B |
|
Dlí Uisce (an dlí náisiúnta) |
Cead astarraingthe screamhuisce |
Comhlíontacht Cead bailí ar feadh 3 bliana eile |
N/B |
|
An Dlí um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa (Rialachán AE) |
Teorainneacha gás ceaptha teasa a leithdháileadh |
Comhlíontacht Astaíochtaí bliantúla faoi bhun na teorann |
Deis: is féidir roinnt cearta astaíochtaí a dhíol |
|
Dlí maidir le gáis-F (Rialachán AE) |
Cosc ar éalú gás-F isteach san atmaisféar |
Neamhchomhlíontacht Theip ar thástáil sceite |
Sceideal tástála sceite le cur chun feidhme |
|
An Dlí um Fhreagracht Táirgeora (an dlí náisiúnta) |
Ní mór athchúrsáil a dhéanamh ar phacáistíocht dramhpháipéir ar feadh 85 % ar a laghad den phacáistíocht a chuirtear ar an margadh |
Comhlíontacht Shroich athchúrsáil ar phacáistíocht pháipéir a cuireadh ar an margadh 86 % in 2022 |
N/B |
I dteannta le ceanglais dlí, féadfaidh eagraíochtaí ceanglais chomhshaoil eile a chur san áireamh.
Soláthraítear samplaí i dTábla 6 thíos.
Tábla 6
Sampla d’athbhreithniú ar chomhlíontacht maidir le ceanglais chomhshaoil eile
|
Ceanglais is infheidhme |
Ceanglais shonracha |
Stádas comhlíontachta / fianaise |
Gníomhaíocht ag teastáil |
||||
|
Gealltanas maidir le cáilíocht an aeir a fheabhsú i limistéar cathrach sínithe ag cuideachta |
Aistriú breosla ó ghual go gás nádúrtha faoi dheireadh 2023 |
Neamhchomhlíontacht Níor críochnaíodh an cúram, ach ullmhaíodh doiciméadacht theicniúil agus áirithíodh maoiniú |
Cuir páirtithe leasmhara ar an eolas faoin moill. Lean ar aghaidh de réir an phlean |
||||
|
Conradh leis an gconraitheoir dramhaíola (athchúrsálaí) |
Dramhaíl adhmaid – uasmhéid ceadaithe d’eilimintí neamh-adhmaid 5 kg/Mg |
Comhlíontacht
|
|
||||
|
Páipéar/cairtchlár – uasmhais taise 15 % |
Comhlíontacht Gan aon éileamh ón gconraitheoir |
|
|||||
|
Plaistigh – dramhaíl pholúireatáin leithscartha ó phlaistigh eile |
Comhlíontacht
|
|
|||||
|
Clár comhshaoil leagtha amach ag an eagraíocht mar fhreagra ar ghearáin ó chomharsana maidir le torann agus tionchar amhairc |
Ní cheadaítear iompar trom (leoraithe) a oibriú san oíche (22:00-06:00) |
Neamhchomhlíontacht mar gheall ar éileamh sealadach níos airde ar an margadh, ceadaíodh an t-iompar trom nuair is gá |
|
||||
|
Crainn a chur chun bacainn ghlas a chruthú ar theorainn thuaidh an láithreáin |
Comhlíontacht Cur na gcrann tugtha i gcrích |
Cothabháil iomchuí a sholáthar |
Ní mór a áirithiú le minicíocht an athbhreithnithe ar chomhlíontacht gur féidir le heagraíocht a hathbhreithniú ar chomhlíontacht dlí agus ceanglais chomhshaoil eile a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, lena n-áirítear iad siúd atá geallta ag an eagraíocht di féin.
4.3 Rannpháirtíocht, inniúlacht, oiliúint agus feasacht fostaithe – Iarscríbhinn II A7.2, B.6 B.6 a ghabhann le Rialachán EMAS
Trí rannpháirt a thabhairt d’fhostaithe, cruthaítear bonn le haghaidh córas rathúil bainistíochta comhshaoil. Ní oibreoidh an cur chun feidhme san fhadtéarma ach amháin má dhéanann an lucht saothair an córas agus na bearta gaolmhara a chomhdhearadh, a thuiscint agus a ghlacadh. Ar an gcúis seo, tá sé ina chuidiú córas rannpháirtíochta fostaithe a thabhairt isteach go luath agus ag gach leibhéal, le rannpháirtíocht ionadaithe fostaithe. Ba cheart dul chun cinn maidir le cur chun feidhme EMAS a chur i dtábhacht mar rath comhroinnte.
Tá sé tábhachtach oiliúint a chur ar gach duine atá i mbun gníomhaíochtaí a bhfuil tionchair shuntasacha chomhshaoil acu ar an eagraíocht. Chuige sin, is gá scileanna agus riachtanais oiliúna a shainaithint ar dtús, agus aghaidh a thabhairt orthu dá réir sin. Ba cheart na bearta a dhéantar a dhoiciméadú. Moltar oiliúint agus foghlaim leanúnach go háirithe nó bíonn siad ag teastáil fiú i gcás athruithe ar phróisis inmheánacha, bearta leantacha ar thimpistí nó ar theagmhais, athruithe ar cheanglais dlí, nó nuair a fhostaítear fostaithe nua.
Ní mór don eagraíocht nós imeachta a tharraingt suas, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun riachtanais oiliúna a shainaithint agus gach rud is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an t-eolas iomchuí ag comhaltaí foirne a bhfuil baint acu leis an gcóras bainistíochta comhshaoil maidir lena leanas:
|
✓ |
beartas comhshaoil na heagraíochta |
|
✓ |
ceanglais dlí agus ceanglais chomhshaoil eile is infheidhme maidir leis an eagraíocht |
|
✓ |
na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos don eagraíocht ina hiomláine agus dá sainréimsí oibre. |
|
✓ |
gnéithe comhshaoil agus tionchair ar an gcomhshaol agus an mhodheolaíocht chun faireachán a dhéanamh orthu. |
|
✓ |
a róil agus freagrachtaí laistigh den chóras bainistíochta comhshaoil. |
Ba cheart do gach duine atá ag obair don eagraíocht nó ar a son féin a bheith eolach maidir lena ról laistigh de EMAS agus maidir le sochair chomhshaoil an chórais. Ba cheart gur cuireadh faoi oiliúint iad, nó ba cheart rochtain a bheith acu ar oiliúint ar a laghad, maidir le feasacht chomhshaoil agus ar chóras bainistíochta comhshaoil na heagraíochta.
Fíor 17
Sreabhchairt de chúrsaí oiliúna laistigh den chóras bainistíochta comhshaoil
|
|
|
I roinnt cnuas-thionscadal de chuid EMAS sa Ghearmáin, tá a fhiúntas cruthaithe sa chleachtas i roinnt mhaith cuideachtaí, cuideachtaí beaga go leor díobh, ag ‘cárta aitheantais comhshaoil’ pearsantaithe a cuireadh ar fáil i mbosca uirlisí bog EMAS. Baineann sé sin leibhéal ard tiomantais agus múscailte feasachta amach ó gach fostaí aonair do EMAS. |
|
|
Ba cheart d’fhostaithe, soláthróirí, conraitheoirí, etc. na heagraíochta feasacht a fhorbairt maidir leis na gnéithe suntasacha comhshaoil agus tionchair shuntasacha chomhshaoil a bhaineann lena ngníomhaíochtaí agus conas is féidir leo cuidiú chun feabhas a chur orthu trína bhfeidhmíocht phearsanta. Leis sin iarrtar go ndéanfaí róil agus freagrachtaí gach duine aonair agus na hiarmhairtí maidir le himeacht ó na próisis bhunaithe a chur in iúl go soiléir.
Tá fostaithe a bhíonn rannpháirteach go gníomhach ina spreagadh láidir le haghaidh feabhsuithe comhshaoil leanúnacha agus rathúla agus rannchuidíonn siad maidir le EMAS a stiúradh go rathúil san eagraíocht. Ba cheart don ardbhainistíocht go háirithe fostaithe a spreagadh dá bhrí sin, mar shampla trí fheachtais nó suirbhéanna cumarsáide, chun a bheith rannpháirteach go gníomhach agus rannchuidiú a dhéanamh nó trí ábhair chomhshaoil a chomhtháthú go tráthrialta i gclár oibre na bainistíochta agus na foirne. Sa chomhthéacs seo, tá sé tábhachtach go dtugann an ardbhainistíocht agus na fostaithe araon aiseolas leanúnach dá chéile maidir lena n-ionchais agus riachtanais nó maidir le cáineadh agus tuiscint.
Féadfaidh rannpháirtíocht fostaithe laistigh de EMAS a bheith bunaithe, mar shampla, ar scéim moltaí fostaithe, cláir dreasachtaí, grúpoibreacha tionscadalbhunaithe, coistí comhshaoil nó ar an bhfoireann EMAS atá ceaptha go buan. I bprionsabal, déanann sé ciall go mbeadh fostaithe ag gabháil go gníomhach do gach céim.
Mar shampla, is féidir leo a bheith ag gabháil do na gníomhaíochtaí seo a leanas (47):
|
✓ |
gnéithe comhshaoil a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu. |
|
✓ |
nósanna imeachta agus/nó treoracha a bhunú agus a athbhreithniú. |
|
✓ |
cuspóirí agus spriocanna comhshaoil a mholadh. |
|
✓ |
a bheith rannpháirteach in iniúchadh inmheánach ar an gcomhshaol. |
|
✓ |
ráiteas EMAS ar an gcomhshaol a tharraingt suas nó a thabhairt cothrom le dáta. |
|
|
||
|
||
|
|
Uirlis an-tábhachtach é suirbhé cuimsitheach fostaithe sa chéad chéim a bhaineann le EMAS a thabhairt isteach. Tá cruthaithe go minic aige gur féidir leis aiseolas áisiúil a sholáthar chun tionchair ar an gcomhshaol a laghdú, rud ar féidir leo a bheith mar chuid den chóras bainistíochta comhshaoil agus den aitheantas corparáideach.
4.4. Nós imeachta a bhunú le haghaidh cumarsáid inmheánach agus sheachtrach–- Iarscríbhinn II A 7.4. a ghabhann le Rialachán EMAS
Gnéithe lárnacha de EMAS a fhágann go bhfuil sé difriúil le córais bainistíochta comhshaoil eile atá ann cheana is ea oscailteacht, trédhearcacht agus an soláthar faisnéise ar an gcomhshaol. Sin é an fáth nach mór nós imeachta le haghaidh cumarsáid inmheánach agus sheachtrach a leagan amach, faireachán a dhéanamh air agus a cheartú más gá. Ní mór oibleagáidí ceangailteacha a chur san áireamh agus ní mór bealaí cumarsáide sonracha, eatraimh ama agus topaicí a shonrú.
Tá dea-chumarsáid inmheánach agus sheachtrach fostaithe leis an mbainistíocht (ó bhun aníos) agus ón mbainistíocht le fostaithe (ó bharr anuas) fíor-riachtanach. I measc na mbealaí féideartha tá an t-inlíon, bróisiúir, foilseacháin inmheánacha, nuachtlitreacha, scéim mholtaí na cuideachta, cruinnithe, agus cláir fógraí.
Aithníonn an eagraíocht an gá atá le cumarsáid le páirtithe leasmhara, agus luach na cumarsáide sin. Tá eagraíochtaí EMAS tiomanta dá bhrí sin do bheith ag gabháil d’idirphlé leis an bpobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir leis an tionchar a bheidh ag gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí eagraíochtaí ar an gcomhshaol. Áirítear leis sin ráiteas EMAS ar an gcomhshaol a fhoilsiú agus a scaipeadh. I measc samplaí eile de dheiseanna cumarsáide seachtraí tá an t-idirlíon, suíomh gréasáin, na meáin shóisialta, laethanta feachtais, preaseisiúintí, bróisiúir agus úsáid as lógó EMAS i gcás ina gceadaítear agus inar féidir é a dhéanamh (48). Tá sé tábhachtach aird a thabhairt ar fhiosrúcháin agus ar ghearáin ón taobh amuigh agus freagra a thabhairt orthu trí phróisis sheasta a chruthú chun gearáin a láimhseáil. In earnáil na meán sóisialta a athraíonn go tapa go háirithe, tá gníomhaíocht inniúil, thapa agus ghairmiúil ríthábhachtach chun íomhá na heagraíochta a chosaint.
4.5. Doiciméadacht agus rialú ar dhoiciméid – Iarscríbhinn II, A.7.5 a ghabhann le Rialachán EMAS
Fónann doiciméadacht iomchuí chun a áirithiú go reáchtáiltear an córas bainistíochta comhshaoil go réidh ina oibríochtaí ó lá go lá agus an sreabhadh inmheánach faisnéise. Tá sé faoi réir iniúchta an fhíoraitheora comhshaoil freisin. Ar lámh amháin, comhlíonann an doiciméadacht ceanglais Rialachán EMAS. Ar an lámh eile, comhlíonann sé riachtanais agus coinníollacha na heagraíochta i dtéarmaí faireachán a dhéanamh go hiontaofa ar phróisis ghnó agus maidir le leanúnachas gnó a áirithiú.
Ba cheart don eagraíocht faisnéis dhoiciméadaithe leordhóthanach a choinneáil chun a bheith muiníneach go ndearnadh na próisis de réir mar a bhí beartaithe (49).
|
✓ |
Ba cheart iad seo a leanas a chumhdach i ndoiciméadacht ar an gcóras bainistíochta comhshaoil: |
|
✓ |
raon feidhme an chórais bainistíochta comhshaoil |
|
✓ |
athbhreithniú comhshaoil |
|
✓ |
torthaí an athbhreithnithe bainistíochta |
|
✓ |
oibleagáidí dlíthiúla |
|
✓ |
gnéithe suntasacha comhshaoil agus tionchair shuntasacha chomhshaoil |
|
✓ |
deiseanna agus rioscaí |
|
✓ |
beartas comhshaoil |
|
✓ |
cuspóirí comhshaoil, spriocanna (cuspóirí sonracha) agus bearta comhshaoil |
|
✓ |
scileanna agus freagrachtaí |
|
✓ |
cumarsáid |
|
✓ |
oiliúint |
|
✓ |
faireachán a dhéanamh ar phróisis nó gníomhaíochtaí ábhartha (comhshaoil), go háirithe na feidhmeanna, na freagrachtaí agus na húdaráis a bhfuil gá leo le haghaidh an chórais bainistíochta comhshaoil, an nós imeachta le haghaidh rialú seichimh, na próisis oibriúcháin agus na treoracha oibre. |
|
✓ |
ullmhacht agus freagairt éigeandála |
|
✓ |
faireachán, tomhas, anailís agus meastóireacht |
|
✓ |
neamhchomhlíonadh agus gníomh ceartaitheach |
|
✓ |
iniúchtaí inmheánacha |
|
✓ |
gníomh eile a mheasann an eagraíocht is gá chun éifeachtacht an chórais bainistíochta comhshaoil a áirithiú. |
|
Úsáidtear doiciméid chun próisis a rialáil. Bíonn treoracha iontu agus ní mór, dá bhrí sin, iad a láimhseáil, a eisiúint agus a bhainistiú de réir nósanna imeachta áirithe. Úsáidtear taifid chun fianaise a chaomhnú. Is bailiúcháin sonraí atá ábhartha ar bhonn comhshaoil iad, logaí (dialanna oibriúcháin), tuarascálacha comhshaoil etc. Fónann siad mar dhoiciméadacht inrianaithe maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha agus soláthraíonn siad sonraí maidir le feabhas leanúnach sa chuideachta. |
Ba cheart don eagraíocht faisnéis dhoiciméadaithe a chruthú, a choinneáil agus faireachán a dhéanamh uirthi ar bhealach leormhaith chun córas bainistíochta comhshaoil oiriúnach, sásúil agus éifeachtach a áirithiú.
Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar choimeád taifead.
Is féidir raon éagsúil faisnéise a úsáid chun an córas bainistíochta comhshaoil a dhoiciméadú. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin lipéadú soiléir (e.g. teideal, dáta, údar, nó uimhir thagartha) agus formáid iomchuí a leagan síos (e.g., i dtéarmaí teanga, leagan bogearraí, grafaicí, leictreonach nó páipéar), agus a áirithiú go gcuirtear an t-ábhar i láthair ar bhealach atá cothrom le dáta agus soláimhsithe agus i bhfoirm is féidir a athbhreithniú.
Chun a áirithiú go bhfuil doiciméid ar fáil nuair a theastaíonn siad agus go bhfuil cosaint acu ó mhí-úsáid nó caillteanas, ní mór na freagraí ar na ceisteanna thíos a bheith ar eolas.
|
✓ |
Cé hiad na seolaithe? Cé na cearta rochtana ba cheart a bheadh acu (léamh, athrú)? |
|
✓ |
Cá háit a bhfuil suíomh stórála oiriúnach? |
|
✓ |
Cén úsáid a bhaintear as an doiciméad? |
|
✓ |
Cén chaoi a gcoinnítear an stóráil slán go fadtéarmach (e.g., cóipeanna cúltaca go tráthrialta)? |
|
✓ |
Cén chaoi a sainaithnítear nuashonruithe agus athruithe? |
|
✓ |
Cén chaoi a láimhseáiltear an cartlannú tar éis do na doiciméid dul in éag/éirí neamhbhailí? |
|
✓ |
Ba cheart doiciméid maidir le nósanna imeachta ina dtugtar tuairisc ar CÉN CHAOI, CATHAIN agus CÉ a láimhseáil. |
Ba cheart láimhseáil doiciméad seachtrach agus a ndáileadh a bhainistiú go cúramach freisin. I measc na ndoiciméad tá reachtaíocht agus caighdeáin, faisnéis ó údaráis áitiúla agus riaracháin phoiblí, lámhleabhair úsáideoirí maidir le trealamh, bailiúcháin bileog ar shábháilteacht agus cosaint sláinte, agus sonraíochtaí custaiméirí.
|
|
||||||||||||||||||||||||
|
I measc samplaí de thaifid tá doiciméid ina bhfuil na nithe seo a leanas nó a thugann tuairisc ar na nithe seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||
|
|
Ní mór don nós imeachta maidir le doiciméid a láimhseáil an tsreabh a thaispeántar i bhFíor 18 thíos a leanúint.
Fíor 18
An nós imeachta chun doiciméid a láimhseáil laistigh de chóras bainistíochta comhshaoil
Ba cheart a áirithiú leis an gcóras go bhfuil leaganacha difriúla de dhoiciméid fós ar fáil, agus go bhfuil na doiciméid fós inléite agus in-sainaitheanta.
|
Samplaí de nósanna imeachta: |
||||||||||||||||||||||
|
Sonraítear nósanna imeachta oibríochtúla sonracha i dtreoracha oibre. Ba cheart dóibh míniú a thabhairt ar thábhacht gníomhaíochta, an riosca comhshaoil atá bainteach léi, an oiliúint shonrach don phearsanra atá freagrach as í a dhéanamh, agus maoirseacht iomchuí. Ní mór do threoracha oibre a bheith soiléir agus éasca a thuiscint, e.g., pictiúir, picteagraim nó rud éigin den chineál sin a úsáid.
Tugann roinnt mhaith eagraíochtaí achoimre ar an bhfaisnéis scríofa a bhíonn de dhíth le haghaidh EMAS i lámhleabhar comhshaoil nó i lámhleabhar bainistíochta comhshaoil a bhíonn inrochtana go lárnach. Tá an fhaisnéis ann a bheidh le doiciméadú le haghaidh na n-eilimintí uile a luadh ag tús na caibidle seo. Áirithítear leis sin go bhfuil na doiciméid thábhachtacha uile ar fáil go tapa agus go soiléir, agus go bhfuil an fhaisnéis dhoiciméadaithe uile a theastaíonn ó EMAS ar fáil. Féadfar é a chomhtháthú i bplean bainistíochta bliantúil na heagraíochta. Ní gá don lámhleabhar a bheith téagartha ná casta. Ba cheart dó an fhoireann a chur ar an eolas faoin gcaoi ar bhunaigh agus ar struchtúraigh an eagraíocht a córas bainistíochta comhshaoil, an caidreamh idir codanna éagsúla den chóras, agus ról gach páirtí leasmhar sa chóras. Níl lámhleabhar den sórt sin éigeantach, ach is dea-chleachtas é. Le digitiú, tá córais chódaithe leictreonaigh éirithe i bhfad níos coitianta.
|
Faoi Airteagal 26 de Rialachán EMAS, tairbhíonn eagraíochtaí beaga de cheanglais doiciméadachta shimplithe: déantar an fíorú nó an bailíochtú a shaincheapadh dá réir sin ionas nach mbeidh gá d’eagraíochtaí beaga ach méid teoranta dá gcuid nósanna imeachta a dhoiciméadú. Soláthraíonn Compás EMAS na Baváire ábhair oibre, i nGearmáinis, chun cuidiú le lámhleabhar comhshaoil a ullmhú. |
Má tá córas doiciméadachta i bhfeidhm cheana féin, e.g., le haghaidh bainistíocht cáilíochta nó bainistíocht sábháilteachta ceirde, tá sé ciallmhar doiciméid EMAS a chomhtháthú ann nó é a bharrfheabhsú ionas nach mbeidh dúbailt oibre i gceist agus chun an maorlathas a laghdú.
4.6. Pleanáil agus rialú oibríochta – Iarscríbhinn II A.8.1 a ghabhann le Rialachán EMAS
Cuimsítear le pleanáil agus rialú oibríochta na gníomhaíochtaí imscrúdaithe, pleanála agus cur chun feidhme uile is gá chun tionchair shuntasacha ar an gcomhshaol a sheachaint nó a íoslaghdú nó chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna. D’fhéadfaí gníomhaíochtaí a chumhdach leis freisin amhail cothabháil trealaimh, gníomhaíochtaí tionscnaimh agus múchta, bainistiú conraitheoirí ar an láthair, agus seirbhísí arna soláthar ag soláthróirí nó díoltóirí.
Tá gá le nósanna imeachta chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a sainaithníodh, chun spriocanna a leagan síos, agus feidhmíocht chomhshaoil a thomhas (trí tháscairí comhshaoil soiléire más féidir). Ní mór gnáthdhálaí a shainiú sna nósanna imeachta. Ní mór dálaí agus éigeandálaí neamhghnácha a leagan amach freisin agus tuairisc a thabhairt orthu. Ba cheart nósanna imeachta rialaithe oibríochta a dhoiciméadú go cuí agus a bheith faoi réir iniúchtaí inmheánacha.
Is féidir le cineálacha difriúla rialuithe oibríochta a bheith ann. Na cinn is éifeachtaí ná iad sin a thugann aghaidh ar thionchair ar an gcomhshaol ag an bhfoinse, mar shampla trí dheireadh a chur le táirgí nó le hoibríochtaí díobhálacha nó trí shubstaintí nach bhfuil chomh guaiseach céanna a chur in ionad substaintí guaiseacha. Le rialuithe innealtóireachta úsáidtear trealamh nó teicneolaíocht go ginearálta chun an chaoi a ndéantar oibríocht a rialú. Is féidir é sin a dhéanamh mar shampla trí uathoibriú próisis a thabhairt isteach lena gcuirtear feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh suiteála nó trí imchuacha imshrianta a shuiteáil a chuireann cosc ar uisce agus ar thruailliú ithreach i gcás teagmhais. I measc na rialuithe riaracháin tá pleananna, rialacha, nósanna imeachta, treoracha, oiliúint, agus cigireachtaí ar féidir iad a úsáid chun treoir a thabhairt faoi conas a oibríonn daoine nó conas a dhéanann siad a gcuid gníomhaíochtaí. Is féidir nósanna imeachta oibre le haghaidh trealamh oibriúcháin agus suiteálacha, chomh maith le rialacha maidir le soláthar nó éicidhearthóireacht atá coinsiasach ó thaobh an chomhshaoil a áireamh anseo.
|
Tacaíonn scéim phróiseas EMAS ‘pleanáil-déan-seiceáil-gníomhaigh’ le bainistíocht inbhuanaithe an tslabhra luacha soláthair agus le próisis oiriúnacha i dtaca le dícheall cuí. Ar an gcéad dul síos, ba cheart do chuideachtaí pictiúr soiléir a bheith acu dá slabhraí luacha soláthair, ar slabhraí casta agus domhanda cuid díobh. Ba cheart na tionchair ar an gcomhshaol atá ann faoi láthair agus cinn a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint ansin agus tosaíocht a thabhairt dóibh. Ar an mbonn sin, ba cheart spriocanna a leagan síos, agus bearta a leagan amach, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú, ionas gur feabhas leanúnach ar an slabhra luacha soláthair a bheidh ann dá mbarr. Gné lárnach a éilíonn EMAS is ea ceanglais chomhshaoil a leagan amach le haghaidh soláthair agus le haghaidh forbairt táirgí agus seirbhísí. Is féidir ceanglais chomhshaoil le haghaidh soláthair a chomhaontú, mar shampla, i gconarthaí trí chód iompair agus iad a fhíorú trí iniúchtaí. |
Is féidir rialuithe oibríochta a chur i bhfeidhm go haonarach nó i gcomhar. Is féidir rialuithe riaracháin a úsáid mar shampla chun a áirithiú go gcuirtear rialuithe innealtóireachta i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go bhfuil siad ag obair i gceart. Bíonn líon agus cineálacha na rialuithe oibríochta a bhíonn ag teastáil ag brath ar chastacht gníomhaíochtaí eagraíochta agus ar ghnéithe suntasacha comhshaoil.
Má bheartaítear athruithe ar phróisis oibre, ní mór faireachán a dhéanamh orthu, agus meastóireacht a dhéanamh ar na hiarmhairtí ionas gur féidir frithbhearta iomchuí a dhéanamh más gá.
Ní mór iarmhairtí comhshaoil athruithe neamhbheartaithe a choimeád i gcuimhne freisin.
Le EMAS, déantar gnéithe indíreacha comhshaoil eagraíochta a bhainistiú, in éineacht le gnéithe díreacha comhshaoil agus an tionchar ar láithreáin. Taispeántar leis an athbhreithniú comhshaoil a dhéantar le linn na meastóireachta ar na gnéithe comhshaoil (féach Céim 1, Pleanáil agus ullmhú) cá háit a dtarlaíonn na tionchair ar an gcomhshaol sna slabhraí luacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha. An cúram anois na próisis atá ann cheana a aithint agus cinn nua éifeachtacha a bhunú chun na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar an gcomhshaol a chosc agus na tionchair ar an gcomhshaol atá ann cheana a íoslaghdú nó deireadh a chur leo. Chuige sin, ní mór ceanglais chomhshaoil a leagan amach ag gach céim de shaolré táirge nó seirbhíse (e.g., le haghaidh forbairt táirgí nó seirbhísí, soláthair, nó próisis sheachfhoinsithe) agus iad a chumhdach i dtreoracha nós imeachta agus oibre ábhartha. Ba cheart ceanglais chomhshaoil fíor-riachtanacha a chur in iúl do chomhpháirtithe conarthacha na heagraíochta. Más gá, ní mór faisnéis ar an gcomhshaol a sholáthar do chustaiméirí agus do pháirtithe leasmhara eile maidir le hiompar agus seachadadh, úsáid, cúram foircneach agus diúscairt deiridh táirgí agus seirbhísí. Ní mór faireachán a dhéanamh ar phróisis sheachfhoinsithe agus ar ghnéithe comhshaoil, ar rioscaí agus ar dheiseanna.
4.7. Ullmhacht agus freagairt i gcás éigeandála – Iarscríbhinn II A.8.2 a ghabhann le Rialachán EMAS
Ba cheart cásanna éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcomhshaol a shainaithint. Ní mór próisis ina seachnaítear na cásanna sin, más féidir in aon chor é, nó a chuireann teorainn lena dtionchar, trí bhíthin freagairt bheartaithe, ní mór na próisis sin a bhunú (féach Fíor 19). Déanfar tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol (beartaithe/neamhbheartaithe) a chosc nó a mhaolú dá réir sin.
Ba cheart bearta maidir le hullmhacht agus freagairt i gcás éigeandála a athbhreithniú go tráthrialta d’fhonn éigeandálaí a chosc. Ba cheart próisis agus pleananna éigeandála a thástáil go tráthrialta, más féidir é. Moltar go ndéanfaí teagmhais nó cásanna éigeandála a dhoiciméadú, agus ní hamháin iad sin a tharla, ach freisin cinn a tharla ar éigean. Cuidíonn sé sin chun contúirt a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a mhaolú in am trátha.
Fíor 19
Bainistiú pleananna éigeandála.
Ba cheart fostaithe agus páirtithe leasmhara eile a chur ar an eolas agus a chur faoi oiliúint maidir le hullmhacht i gcás éigeandála agus bearta chun guaiseacha a chosc. Is é an réimse ullmhachta i gcás éigeandála an comhéadan idir EMAS agus sláinte agus sábháilteacht ceirde. Is féidir an saineolas atá ag saineolaithe na heagraíochta a úsáid ag an bpointe seo toisc go mbíonn rioscaí d’fhostaithe i gceist le timpistí comhshaoil go minic. Is féidir measúnuithe ar ghuaiseacha nó seisiúin faisnéise ar shábháilteacht, ar oibleagáidí dlíthiúla iad don eagraíocht in aon chás, a leathnú go héasca chun gnéithe comhshaoil a chur san áireamh. D’fhéadfadh gníomhaireachtaí seachtracha, amhail údaráis chomhshaoil, comhlachais árachais dliteanais fostóirí nó an roinn dóiteáin áitiúil a bheith rannpháirteach freisin chun cur chuige éigeandála a fhorbairt.
4.8. Faireachán, tomhas agus anailís ar fheidhmíocht chomhshaoil – Iarscríbhinn II A.9.1 a ghabhann le Rialachán EMAS
Chun cuntas a choinneáil ar éifeachtacht EMAS, ba cheart don eagraíocht faireachán a dhéanamh ar a feidhmíocht chomhshaoil agus í a thomhas. Ba cheart di ansin anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí ionas gur féidir na nithe seo a leanas a choigeartú go tráthrialta:
|
✓ |
a gnéithe suntasacha comhshaoil, amhail astaíochtaí isteach san atmaisféar, fuíolluisce, torann, amhábhair agus ídiú fuinnimh. |
|
✓ |
a beartas agus a clár comhshaoil. |
|
✓ |
feasacht chomhshaoil na bhfostaithe. |
|
✓ |
ba cheart don eagraíocht teacht ar chonclúidí luachmhara ó na torthaí chun feabhas a chur ar a feidhmíocht chomhshaoil. |
Ní mór na ceanglais dlí maidir le faireachán a dhéanamh a chur san áireamh, agus na critéir maidir le faireachán a dhéanamh, amhail minicíocht na gcigireachtaí, agus ní mór don mhodheolaíocht a úsáidtear iad a chomhlíonadh.
Tá faisnéis maidir leis an méid thuas áisiúil chun na nithe seo a leanas a áirithiú:
|
✓ |
comhlíontacht le ceanglais dlí agus le rialacháin. |
|
✓ |
meastóireacht chruinn ar fheidhmíocht chomhshaoil. |
|
✓ |
ráiteas comhshaoil atá iomlán agus trédhearcach. |
Ag brath ar riachtanais na heagraíochta, is féidir fachtóirí eile a thomhas agus a fhaire:
|
✓ |
gnéithe suntasacha comhshaoil. |
|
✓ |
beartas agus cuspóirí comhshaoil. |
|
✓ |
an leibhéal feasachta i measc fostaithe, etc. |
Ní fhéadfar ach trealamh tomhais atá calabraithe nó tástáilte amháin a úsáid i gcomhair tomhais, de réir mar is iomchuí. Ní mór an trealamh sin a sheiceáil go tráthrialta agus, más gá, a athsholáthar nó a chothabháil, agus ní mór taifid a choimeád.
4.9. An nós imeachta chun déileáil le neamhchomhlíonadh agus gníomh ceartaitheach a dhéanamh – Iarscríbhinn II, A.10.2 a ghabhann le Rialachán EMAS
Ciallaíonn neamhchomhlíonadh aon neamhchomhlíonadh a dhéantar ar cheanglais atá sonraithe sa Rialachán EMAS. Áirítear leis sin aon cheanglas dlí ceangailteach, ceadanna agus ceanglais cheangailteacha shaorálacha. I gcás ina mbraitear saincheist maidir le neamhchomhlíonadh, féadfaidh an comhlacht inniúil clárú EMAS a chur ar athló sna cásanna sin.
D’ainneoin na dea-phleanála, ní féidir saincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh i ngeall ar earráid dhaonna nó earráidí forghníomhaithe a chosc i gcónaí, fiú in eagraíochtaí atá cláraithe faoi EMAS. Tá sé tábhachtach dul i ngleic leis sin agus cultúr inchiallaithe a fhorbairt d’fhonn claontaí uaidh a aithint agus gníomh ceartaitheach a dhéanamh. Ag brath ar thromchúis na saincheiste, féadfar clárú EMAS a chur ar fionraí go dtí go ndéantar beart feabhais, nó féadfar fiú é a bhaint.
Is féidir neamhchomhlíonadh a bhrath faoi chuimsiú rialaithe sreafa, iniúchta comhshaoil, measúnaithe bainistíochta, cigireachtaí nó obair laethúil.
Féadfaidh an eagraíocht nós imeachta a tharraingt suas, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun déileáil le neamhchomhlíonadh atá ann faoi láthair le ceanglais EMAS nó a d’fhéadfadh a bheith ann. D’fhéadfaí a shonrú sa nós imeachta conas:
|
✓ |
an neamhchomhlíonadh a shainaithint agus a cheartú. |
|
✓ |
cúis agus éifeachtaí an neamhchomhlíonta a imscrúdú. |
|
✓ |
measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le beart chun nach dtarlóidh sé arís. |
|
✓ |
tuairisc a thabhairt ar thorthaí an ghnímh cheartaithigh a rinneadh. |
|
✓ |
measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bearta chun neamhchomhlíonadh a chosc. |
|
✓ |
gníomh coisctheach iomchuí a chur chun feidhme chun an neamhchomhlíonadh sin a sheachaint. |
|
✓ |
éifeachtacht an ghnímh cheartaithigh agus choiscthigh a athbhreithniú. |
|
✓ |
na páirtithe ábhartha a chur ar an eolas.
|
I gcásanna neamhchomhlíonta, ní mór don eagraíocht:
|
✓ |
Anailís a dhéanamh ar an mbunchúis (50) |
|
✓ |
freagairt dóibh agus, más gá, bearta iomchuí a dhéanamh chun iad a rialú agus a cheartú agus déileáil lena n-iarmhairtí, go háirithe chun drochthionchair ar an gcomhshaol a mhaolú. |
|
✓ |
meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le gníomh chun deireadh a chur leis an gcúis. |
|
✓ |
aon ghníomh is gá a dhéanamh agus a éifeachtacht a fhíorú. |
|
✓ |
más gá, an córas bainistíochta comhshaoil a mhodhnú. |
Ní mór cineál an neamhchomhlíonta agus aon ghníomh eile a rinneadh, chomh maith le torthaí an ghnímh cheartaithigh a rinneadh, ní mór iad a thaifeadadh agus a áireamh san fhaisnéis dhoiciméadaithe (féach Caibidil 4.5. roimhe).
Tá an t-ionadaí ardbhainistíochta comhshaoil a ceapadh freagrach as neamhchomhlíonadh a shainaithint agus gníomh ceartaitheach a chur ar bun agus faigheann sé tacaíocht de ghnáth ó fhoireann fhreagrach ainmnithe eile. D’fhéadfadh aon fhostaí é sin a dhéanamh ar aon nós. Go háirithe, ba cheart d’fhostaithe a bheith ar an eolas faoin ngá atá leis an aga freagartha is tapa ar bith a áirithiú.
Céim 5: Iniúchóireacht inmheánach – Airteagal 9, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán EMAS
5.1. Nós imeachta a chur i bhfeidhm le haghaidh iniúchadh inmheánach ar an gcomhshaol.
Is ionann iniúchadh inmheánach ar an gcomhshaol agus meastóireacht chórasach, dhoiciméadaithe, thréimhsiúil agus oibiachtúil ar fheidhmíocht chomhshaoil eagraíochta, ar a córas bainistíochta agus ar a próisis chun an comhshaol a chosaint. Níor cheart é a mheascadh leis an athbhreithniú comhshaoil tosaigh (féach freisin Caibidil 1.4.).
Ní mór don eagraíocht nós imeachta a bhunú le haghaidh iniúchadh inmheánach a dhéanamh mar chuid den chóras bainistíochta. Ní mór dó sin freagrachtaí agus ceanglais a chumhdach chun iniúchtaí a phleanáil agus a dhéanamh, torthaí a thuairisciú agus taifid a choimeád, agus critéir, raon feidhme, minicíocht agus modhanna an iniúchta a chinneadh.
Is é is cuspóir don iniúchadh ar an gcomhshaol an méid seo a leanas a chinneadh:
|
✓ |
cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an córas bainistíochta comhshaoil ceanglais Rialachán EMAS. |
|
✓ |
cé acu a cuireadh nó nár cuireadh chun feidhme i gceart é agus cé acu a coinníodh nó nár coinníodh ar bun i gceart é. |
|
✓ |
cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann bainistíocht na heagraíochta an fhaisnéis a theastaíonn uaithi chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta. |
|
✓ |
a mhéid a chomhlíontar beartas agus clár na heagraíochta, nach mór comhlíontacht le ceanglais dlí agus le ceanglais eile a bhaineann leis an gcomhshaol a áireamh iontu. |
|
✓ |
cé chomh héifeachtach atá EMAS ag obair. |
Tá an t-iniúchadh inmheánach ar an gcomhshaol difriúil leis an iniúchadh seachtrach sa mhéid agus gur féin-iniúchadh é go príomha ar an gcóras bainistíochta comhshaoil chun críocha inmheánacha, agus coinnítear torthaí an iniúchta laistigh den eagraíocht. Ní bhíonn aon tionchar dá bhrí sin ag na ‘heasnaimh’ a shainaithnítear ar stádas chlárú EMAS ach ba cheart iad a úsáid mar dhreasacht chun an córas a oiriúnú agus a fheabhsú. Déanann fíoraitheoirí comhshaoil an t-iniúchadh seachtrach de ghnáth tar éis an ráiteas ar an gcomhshaol a ullmhú. Soláthraíonn an t-iniúchadh inmheánach bunús don iniúchadh seachtrach.
Ní mór don eagraíocht na gníomhaíochtaí thíos a dhéanamh.
|
✓ |
Clár iniúchta a tharraingt suas. |
|
✓ |
Raon feidhme an iniúchta a shainiú. Beidh sé sin ag brath ar mhéid agus ar chineál na heagraíochta. Ní mór na réimsí ábhair a chumhdaítear a shonrú sa raon feidhme, na gníomhaíochtaí atá le hiniúchadh, na critéir chomhshaoil atá le breithniú agus an tréimhse atá le cumhdach. |
|
✓ |
Na hacmhainní a shonrú, ar acmhainní iad a bheidh de dhíth chun an t-iniúchadh a dhéanamh, mar shampla, pearsanra atá dea-oilte agus a bhfuil eolas maith acu ar an ngníomhaíocht, gnéithe teicniúla, gnéithe comhshaoil, agus ceanglais dlí. |
|
✓ |
A áirithiú go ndéantar gníomhaíochtaí uile na heagraíochta i gcomhréir le nósanna imeachta a sainíodh roimhe seo. |
|
✓ |
Fadhbanna nua a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus bearta a chur i bhfeidhm ionas nach dtiocfaidh siad chun cinn. |
Ní mór do phearsanra a bhíonn ag gabháil don iniúchadh a bheith oibiachtúil agus neamhspleách go fóill agus ní mór dóibh tuiscint shoiléir a bheith acu ar na cuspóirí comhshaoil atá leagtha amach, chomh maith leis an ról sonrach atá ag gach páirtí leasmhar (stiúrthóirí, meánbhainisteoirí, fostaithe, iniúchóirí comhshaoil etc.). Bíonn sé cuiditheach go minic foireann iniúchóirí a úsáid ina bhfuil daoine as réimsí difriúla. Is féidir le pearsanra inmheánach nó le páirtithe seachtracha an t-iniúchadh a dhéanamh, amhail comhairleoirí, bainisteoirí comhshaoil as eagraíochtaí eile, iniúchóirí comhshaoil.
Is é toradh an iniúchta comhshaoil a áirithiú go ndéantar gníomhaíochtaí uile na heagraíochta de réir nósanna imeachta a bunaíodh roimhe seo. Is féidir fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann agus bearta ceartaitheacha agus coisctheacha a shainaithint freisin.
5.1.1. Minicíocht an iniúchta
Ní mór don eagraíocht iniúchtaí inmheánacha a dhéanamh ar an gcomhshaol ag eatraimh phleanáilte chun forbhreathnú maith a fháil dá gnéithe suntasacha comhshaoil. Ní mór an timthriall iniúchta, ina gcumhdaítear gníomhaíochtaí uile na heagraíochta, a dhéanamh laistigh de 3 bliana (51). Ciallaíonn sé sin nach mór go mbeadh iniúchadh déanta ar gach réimse den eagraíocht uair amháin ar a laghad le linn na tréimhse sin. Is féidir le heagraíochtaí beaga síneadh 4 bliana a chur leis an tréimhse sin (52).
Ní mar a chéile a bheidh minicíocht gach iniúchta ar leithligh ar aon ghníomhaíocht shonrach agus beidh an mhinicíocht sin ag brath ar an méid seo a leanas:
|
✓ |
cineál, scála agus castacht na ngníomhaíochtaí lena mbaineann. |
|
✓ |
tábhacht na dtionchar gaolmhara ar an gcomhshaol. |
|
✓ |
tábhacht agus práinn na bhfadhbanna a braitheadh le linn iniúchtaí roimhe sin. |
|
✓ |
an stair a bhaineann leis na fadhbanna comhshaoil. |
Is gá iniúchadh a dhéanamh níos minice ar gníomhaíochtaí casta ag a mbíonn tionchar níos mó ar an gcomhshaol.
5.1.2. Gníomhaíochtaí atá faoi raon feidhme an iniúchta inmheánaigh ar an gcomhshaol
Is féidir bainisteoir iniúchta a cheapadh chun an t-iniúchadh ar an gcomhshaol a eagrú agus a bhainistiú. Chun an clár iniúchta a chur chun feidhme, ba cheart cúraimí a dháileadh laistigh den fhoireann iniúchóireachta. Is féidir le seicliostaí tacú leis an iniúchadh comhshaoil freisin. Ba cheart an clár iniúchta a chur in iúl do na rannpháirtithe uile chun a áirithiú go reáchtáiltear an próiseas go réidh.
Cuimsítear cigireachtaí ar an láthair, agallaimh le fostaithe, agus athbhreithniú ar dhoiciméid leis an iniúchadh de ghnáth. Mar chuid de, mar shampla, cuirtear táscairí feidhmíochta comhshaoil i gcomparáid leis na cuspóirí agus na bearta a leagtar amach, déantar scrúdú ar dhálaí agus ar threalamh oibriúcháin, ar thaifid, ar nósanna imeachta scríofa agus ar dhoiciméadacht eile ábhartha. Is é is aidhm dó sin measúnú a dhéanamh ar an tuiscint atá ag an eagraíocht ar an gcóras bainistíochta comhshaoil. Cúram eile is ea meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil na gníomhaíochta áirithe ar a ndéantar iniúchadh. Cuidíonn sé sin chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil rialacháin agus oibleagáidí is infheidhme á gcomhlíonadh agus cé acu atá nó nach bhfuil na cuspóirí agus na spriocanna comhshaoil a leagadh síos sa chlár comhshaoil á mbaint amach. Rannchuidíonn sé sin chun measúnú a dhéanamh ar láidreachtaí agus laigí an chórais bainistíochta. Ní mór a chinneadh freisin san iniúchadh ar an gcomhshaol cé acu atá nó nach bhfuil an córas atá i bhfeidhm leormhaith chun freagrachtaí agus feidhmíocht chomhshaoil a bhainistiú go héifeachtach agus go hiomchuí. Seiceáiltear a mhéid atá na critéir sin uile á gcomhlíonadh ar bhonn samplach.
Ba cheart d’fhostaithe caitheamh leis an gcás seo mar dheis chun a lua go hoscailte cá bhfeiceann siad deis le haghaidh feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh. Is é sprioc an iniúchta comhshaoil na lagphointí a d’fhéadfadh a bheith sa chóras a shainaithint. In éineacht leis na fostaithe, is féidir leis na fíoraitheoirí deiseanna i gcomhair athraithe agus feabhais a shainaithint agus a fhorbairt.
Má dhéanann fostaithe na cuideachta an t-iniúchadh ar an gcomhshaol, moltar go mbeadh fostaithe rannpháirteach ó réimsí eile den obair nó ó láithreacha eile chun ‘daille oibríochtúil’ a sheachaint agus chun an oibiachtúlacht is gá a áirithiú.
Ar deireadh, déantar meastóireacht ar thorthaí an iniúchta comhshaoil agus tarraingítear conclúidí suas, agus tabharfar achoimre orthu i dtuarascáil. Soláthraíonn na torthaí bonn tábhachtach chun forbairt bhreise a dhéanamh ar an gcóras bainistíochta comhshaoil agus ar fheidhmíocht chomhshaoil.
5.1.3. Tuairisc a thabhairt ar chonclúidí an iniúchta comhshaoil
Is é is aidhm don iniúchadh ar an gcomhshaol an méid seo a leanas a sholáthar don ardbhainistíocht:
|
✓ |
fianaise i scríbhinn maidir le raon feidhme an iniúchta. |
|
✓ |
faisnéis ar a mhéid a comhlíonadh cuspóirí. |
|
✓ |
faisnéis ar cé acu atá nó nach bhfuil cuspóirí i gcomhréir le beartas comhshaoil na heagraíochta. |
|
✓ |
faisnéis ar staid na comhlíontachta le ceanglais dlí agus le ceanglais eile a bhaineann leis an gcomhshaol, agus faisnéis maidir leis na bearta a rinneadh chun a áirithiú gur féidir an chomhlíontacht sin a léiriú. |
|
✓ |
faisnéis maidir le hiontaofacht agus éifeachtacht an chórais faireacháin. |
|
✓ |
gníomhartha ceartaitheacha a moladh más gá. |
Ní mór an tuarascáil a chur isteach chuig ionadaí bainistíochta EMAS, a thugann gníomhartha ceartaitheacha chun críche i gcás inar sainaithníodh neamhchomhlíonadh (nó neamhchomhlíontacht).
5.2. Athbhreithniú bainistíochta – Iarscríbhinn II A.9.3 a ghabhann le Rialachán EMAS
Ba cheart don ardbhainistíocht athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras bainistíochta go tráthrialta (uair amháin sa bhliain ar a laghad) chun a áirithiú go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm atá aige agus chun éifeachtacht, oiriúnacht agus leordhóthanacht an chórais a fhíorú.
Ní mór an t-athbhreithniú bainistíochta a dhéanamh go tráthrialta ag eatraimh bheartaithe. Is féidir uainiú agus minicíocht an athbhreithnithe bainistíochta a fhéinchinneadh. Mar sin féin, ní mór an t-athbhreithniú bainistíochta a thabhairt i gcrích roimh an gcéad chlárú agus gach 3 bliana ar athnuachan an chlárúcháin (gach 4 bliana i gcás eagraíochtaí beaga). Ní mór an t-athbhreithniú bainistíochta a dhoiciméadú go cuí. Ullmhaíonn ionadaí comhshaoil na hardbhainistíochta an t-athbhreithniú bainistíochta agus bíonn sé ag gabháil leis.
Is féidir leis an ionadaí comhshaoil an t-ionchur seo a leanas a thiomsú d’ardbhainistíocht na heagraíochta:
|
✓ |
stádas na mbeart ó athbhreithnithe bainistíochta roimhe seo. |
|
✓ |
athruithe ar ghnéithe comhshaoil, anailís ar chomhthéacs, gealltanais cheangailteacha, agus rioscaí agus deiseanna. |
|
✓ |
a mhéid a baineadh amach na cuspóirí agus na spriocanna comhshaoil. |
|
✓ |
faisnéis maidir le feidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta, lena n-áirítear neamhchomhlíonadh agus gníomh ceartaitheach, faireachán a dhéanamh ar thorthaí agus iad a thomhas, comhlíontacht le reachtaíocht is infheidhme agus oibleagáidí ceangailteacha eile, torthaí an iniúchta inmheánaigh. |
|
✓ |
leordhóthanacht acmhainní. |
|
✓ |
barúlacha ábhartha ó pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear gearáin, agus bearta cumarsáide seachtraí. |
|
✓ |
deiseanna le haghaidh feabhas leanúnach. |
De thoradh an athbhreithnithe bainistíochta, ba cheart don ardbhainistíocht, ar a laghad ar bith:
|
✓ |
teacht ar chonclúidí maidir le hoiriúnacht, leordhóthanacht agus éifeachtacht leanúnach an chórais bainistíochta comhshaoil. |
|
✓ |
cinneadh a dhéanamh faoi dheiseanna le haghaidh feabhas leanúnach. |
|
✓ |
cinneadh a dhéanamh ar aon ghá atá le hathruithe ar an gcóras bainistíochta comhshaoil, lena n-áirítear na hacmhainní a theastaíonn. |
|
✓ |
aon bheart is gá a shainiú mura mbaintear amach na spriocanna comhshaoil. |
|
✓ |
bealaí a phlé chun feabhas a chur ar chomhtháthú an chórais bainistíochta comhshaoil i bpróisis ghnó eile. |
|
✓ |
aon impleacht do threo straitéiseach na heagraíochta a shainaithint. |
Go háirithe, cuirtear i dtábhacht sa Rialachán EMAS an tábhacht atá leis an gcóras bainistíochta comhshaoil a chomhtháthú sa straitéis eagraíochtúil. Dá réir sin, glacann an ardbhainistíocht ról ceannaireachta i mbainistíocht chomhshaoil agus stiúrann feabhas leanúnach ar fheidhmíocht chomhshaoil. Tá sé tábhachtach acmhainní agus bonneagar iomchuí a sholáthar. Ina theannta sin, ba cheart do bhainisteoirí ar gach leibhéal agus i ngach réimse den eagraíocht a bheith ag gabháil don phróiseas sin agus a bheith rannpháirteach ag an gcéim is túisce a dhéantar na gnéithe comhshaoil a thaifeadadh agus a dhéantar meastóireacht orthu. Méadaítear leis an ngealltanas sin infheictheacht na bainistíochta comhshaoil agus ba cheart an spreagadh i measc an lucht saothair iomláin a mhéadú leis freisin chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach.
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
Samplaí de cheisteanna don ardbhainistíocht D’fhéadfadh an t-ionadaí comhshaoil a bheith ag gabháil don phróiseas athbhreithnithe bainistíochta agus a bheith ar fáil chun soiléiriú a sholáthar don ardbhainistíocht maidir leis na saincheisteanna thíos.
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Céim 6: An ráitis ar an gcomhshaol a chruthú.
|
Ciallaíonn ‘ráiteas ar an gcomhshaol’ an fhaisnéis chuimsitheach a thugtar don phobal i gcoitinne agus do pháirtithe leasmhara eile maidir leis an méid seo a leanas: struchtúr agus gníomhaíochtaí; beartas comhshaoil agus córas bainistíochta comhshaoil; gnéithe comhshaoil agus tionchair ar an gcomhshaol; clár, cuspóirí agus spriocanna comhshaoil; agus feidhmíocht chomhshaoil eagraíochta agus comhlíonadh na n-oibleagáidí dlí infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol. |
6.1 An ráitis ar an gcomhshaol a ullmhú – Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán EMAS
An ghné speisialta de EMAS is ea an trédhearcacht trí thuairisciú comhshaoil poiblí. Seo ceann de shaintréithe uathúla EMAS a fhágann go bhfuil sé difriúil le córais bainistíochta comhshaoil eile. Tugann sé tuiscint don phobal ar ghealltanas na heagraíochta maidir le gníomhartha comhshaoil a ghlacadh a rannchuidíonn chun a feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú.
Déanann ionadaí comhshaoil na hardbhainistíochta maoirseacht ar ullmhú agus ar tharraingt suas an ráitis ar an gcomhshaol. Moltar go scríobhfadh an ardbhainistíocht réamhfhocal ina gcuireann sí i dtábhacht an tábhacht atá le cosaint an chomhshaoil agus na cúiseanna atá le bheith rannpháirteach sa chóras EMAS.
|
|
|
Mar shampla, is féidir an ráiteas ar an gcomhshaol a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na heagraíochta chun a thaispeáint dá pháirtithe leasmhara cad atá á dhéanamh aige chun cosaint a thabhairt don chomhshaol. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an cás-staidéar An ráiteas ar an gcomhshaol a scríobh agus a scaipeadh. |
|
|
Ní mór d’fhíoraitheoir comhshaoil ceadúnaithe/creidiúnaithe ábhar an ráitis ar an gcomhshaol a fhíorú agus ní mór é a chur ar fáil go poiblí (53).
Ba cheart cóip leictreonach a sholáthar freisin do na comhlachtaí inniúla atá freagrach as é a uaslódáil i gclár EMAS an Choimisiúin Eorpaigh (54).
Coinnítear bailiúcháin de ráitis ar an gcomhshaol freisin i suíomh lárnach i gcláir EMAS náisiúnta i bhformhór Ballstát.
6.1.1 Na bunriachtanais le haghaidh ráiteas EMAS ar an gcomhshaol – Iarscríbhinn IV B a ghabhann le Rialachán EMAS
Is féidir leis an eagraíocht cinneadh a dhéanamh maidir le sonraí, struchtúr agus dearadh an ráitis, ar choinníoll go bhfuil an t-ábhar soiléir, iontaofa, inchreidte agus ceart.
Is féidir cur leis an ábhar íosta sonraithe leis an oiread faisnéise agus is féidir agus an oiread teachtaireachtaí agus íomhánna is iomchuí leis an eagraíocht.
Ní mór an ráiteas ar an gcomhshaol a scríobh i dteanga oifigiúil na tíre ina bhfuil an láithreán nó an eagraíocht suite. I gcás ina bhfuil láithreán suite lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil an eagraíocht cláraithe, ní mór don ráiteas ar an gcomhshaol a bheith ar fáil i gceann de theangacha oifigiúla na tíre sin. Nuair a bhíonn ráiteas foriomlán ar an gcomhshaol á fhoilsiú thar láithreáin agus tíortha éagsúla, ní mór é a fhoilsiú i dteanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an eagraíocht cláraithe nó i dteanga a chomhaontaítear leis an gcomhlacht inniúil.
Tá saoirse ag an eagraíocht a ráiteas ar an gcomhshaol a chur isteach ina tuarascáil bhliantúil nó i dtuarascálacha eile, amhail tuarascáil inbhuanaitheachta. Le linn don fhaisnéis a bheith á comhtháthú i ndoiciméid tuairiscithe den chineál sin, ní mór idirdhealú soiléir a dhéanamh idir faisnéis a bhfuil bailíochtú déanta uirthi agus faisnéis nach bhfuil. Ní mór an ráiteas ar an gcomhshaol a shainaithint go soiléir (e.g., tríd an lógó EMAS a úsáid) agus ní mór míniú gearr a bheith sa doiciméad den phróiseas bailíochtaithe i gcomhthéacs EMAS.
Áirítear an t-ábhar seo a leanas ar a laghad le hullmhú an ráitis ar an gcomhshaol:
|
a) |
achoimre ar ghníomhaíochtaí, ar tháirgí agus ar sheirbhísí na heagraíochta, ar ghaolmhaireacht na heagraíochta le haon mháthaireagraíocht de réir mar is iomchuí agus tuairisc shoiléir gan débhrí ar raon feidhme chlárú EMAS lena n-áirítear liosta de na láithreáin a áirítear sa chlárú seo. Is féidir cairteacha, léarscáileanna, sreabhchairteacha, grianghraif ón aer, etc. a úsáid chun an ráiteas ar an gcomhshaol a léiriú. Ina theannta sin, ba cheart cóid NACE a chur leis chun tuairisc a thabhairt ar an ngníomhaíocht. |
|
b) |
Beartas comhshaoil na heagraíochta agus tuairisc ghairid ar a struchtúr rialachais lena dtacaíttear le córas bainistíochta comhshaoil na heagraíochta. Ní mór beartas comhshaoil na heagraíochta a áireamh ina iomláine sa ráiteas ar an gcomhshaol. Is féidir tuairisc ar an gcóras bainistíochta comhshaoil, ar an obair agus ar an struchtúr eagraíochtúil a mhapáil go soiléir. |
|
c) |
tuairisc ar ghnéithe uile suntasacha comhshaoil na heagraíochta, idir ghnéithe díreacha agus ghnéithe indíreacha as a leanann tionchair shuntasacha ar an gcomhshaol don eagraíocht, tuairisc ghairid ar an gcur chuige a úsáidtear chun a dtábhacht a chinneadh agus míniú ar an gcaoi a mbaineann na tionchair leis na gnéithe sin. Ba cheart tuairisc ghairid a bheith ann den nós imeachta chun tábhacht na ngnéithe sin a chinneadh. Ba cheart gnéithe comhshaoil, idir ghnéithe díreacha agus gnéithe indíreacha a liostú ar leithligh. Is féidir na tionchair ar an gcomhshaol atá le tuairisciú a léiriú trí bhíthin táblaí nó léaráidí. |
|
d) |
tuairisc ar na cuspóirí agus na spriocanna comhshaoil i ndáil leis na gnéithe suntasacha comhshaoil agus leis na tionchair ar an gcomhshaol. Bunaithe ar an gclár comhshaoil, lena spriocanna comhshaoil agus lena spriocanna sonracha, is féidir na táscairí a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn sonrach maidir le feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú i dtaca le príomhghnéithe comhshaoil na heagraíochta agus é a shuí agus a mhíniú laistigh de chomhthéacs na mbeart sonrach arna ndéanamh nó arna mbeartú chun na críche sin. Má tá baint le bheith ag feidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta lena tionscal, is féidir leis an doiciméad tagartha earnála, i gcás ina bhfuil fáil air, cúnamh a thabhairt leis sin. Ba cheart tagairt a dhéanamh do na cleachtais bainistíochta comhshaoil ábhartha is fearr a bhfuil imlíne díobh sa doiciméad tagartha earnála chun bearta agus gníomhartha chun (tuilleadh) feabhais a chur ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil a shainaithint agus b’fhéidir tosaíocht a thabhairt dóibh. Ba cheart don eagraíocht measúnú a dhéanamh ar ábharthacht agus ar infheidhmeacht na gcleachtas bainistíochta comhshaoil is fearr agus ar na tagarmharcanna feidhmíochta bunaithe ar na gnéithe suntasacha comhshaoil a sainaithníodh, agus ar ghnéithe teicniúla agus airgeadais. |
|
e) |
Tuairisc ar na gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme agus atá beartaithe chun feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú, na cuspóirí agus na spriocanna a bhaint amach, agus comhlíonadh na gceanglas dlí a bhaineann leis an gcomhshaol a áirithiú. I gcás ina bhfuil siad ar fáil, ba cheart tagairt a dhéanamh do na cleachtais bainistíochta comhshaoil ábhartha is fearr a chuirtear i láthair sna doiciméid tagartha earnála dá dtagraítear in Airteagal 46. |
|
f) |
Achoimre ar na sonraí atá ar fáil maidir le feidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta i ndáil lena gnéithe suntasacha comhshaoil. Is féidir faisnéis maidir leis na hionchuir agus aschuir iarbhír a áireamh sna sonraí a thaispeántar. Ní mór do na sonraí sin:
Mar thaca leis sin, sainíonn an eagraíocht go gairid an raon feidhme a chumhdaítear le gach táscaire, ag cur teorainneacha eagraíochtúla agus ábhair san áireamh, oiriúnacht don fheidhm agus an nós imeachta ríofa. Déantar na sonraí comhfhreagracha a thomhas in aghaidh spriocanna comhshaoil an chláir comhshaoil, agus ba cheart iad a thiomsú agus a mhapáil le haghaidh na bpríomhghnéithe comhshaoil ar bhonn na bpríomhtháscairí agus táscairí ábhartha eile maidir le feidhmíocht chomhshaoil atá ar fáil cheana féin. Tá formáidí grafaice chun forbairtí le himeacht ama a mhapáil oiriúnach go háirithe don chríoch sin. Ní féidir feidhmíocht chomhshaoil a léiriú i bhfigiúirí i gcónaí. Tá ról chomh tábhachtach céanna ag fachtóirí boga amhail athruithe ar iompraíocht, feabhsuithe ar phróisis etc. Mura bhfuil figiúirí ar bith ar fáil, tugann an eagraíocht tuairisc ar ghnéithe ábhartha dá cuid feidhmíochta ag úsáid táscairí cáilíochtúla. Agus na táscairí a úsáidfidh eagraíochtaí chun tuairisc a thabhairt ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil á roghnú acu, ba cheart dóibh na táscairí feidhmíochta comhshaoil a bhaineann go sonrach leis an tionscal a chur san áireamh sa doiciméad tagartha earnála, i gcás inar ann do dhoiciméid den sórt sin don tionscal lena mbaineann. Ba cheart míniú a thabhairt freisin dá bhrí sin sa ráiteas ar an gcomhshaol a mhéid a úsáideadh tagarmharcanna ábhartha den chleachtas feidhmíochta is fearr. Ní mór dó míniú freisin cé acu a cuireadh nó nár cuireadh na príomhtháscairí in oiriúint ar bhonn an doiciméid tagartha, nó cén fáth nár úsáideadh iad. Díríonn na príomhtháscairí ar sé phríomhréimse: éifeachtúlacht fuinnimh, astaíochtaí, uisce, éifeachtúlacht ábhair, dramhaíl, agus bithéagsúlacht. |
|
g) |
Tagairt do na príomhfhorálacha dlí atá le cur san áireamh ag an eagraíocht chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais dlí a bhaineann leis an gcomhshaol agus ráiteas maidir le comhlíonadh dlí. Iarrtar go ndéanfaí an reachtaíocht a chomhlíonadh le bheith rannpháirteach in EMAS. Ligeann an ráiteas ar an gcomhshaol d’eagraíocht a léiriú conas a chomhlíonann sí an ceanglas sin. Is féidir é sin a dhéanamh, mar shampla, trí tháblaí agus/nó graif a úsáid chun comparáid a dhéanamh idir na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht ábhartha agus na luachanna arna dtomhas nó arna ríomh ag an eagraíocht. Ní éilítear go gcuirfí na rialacháin dlí ábhartha uile i láthair sa ráiteas ar an gcomhshaol. Is leor imlíne ghairid a thabhairt ar conas déileáil leis an gceanglas maidir leis an reachtaíocht a chomhlíonadh agus tagairt a dhéanamh do na rialacháin agus oibleagáidí is tábhachtaí sa chomhthéacs sin. |
|
h) |
Ainm agus uimhir chreidiúnaithe an fhíoraitheora comhshaoil agus an dáta bailíochtaithe. |
Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 25(8), is gá deimhniú a thabhairt gur comhlíonadh na ceanglais le haghaidh an ráitis ar an gcomhshaol. De rogha air sin, is féidir úsáid a bhaint freisin as an dearbhú arna shíniú ag an bhfíoraitheoir comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.
Maidir le heilimintí de na doiciméid tagartha earnála (táscairí, na cleachtais bainistíochta comhshaoil is fearr nó tagarmharcanna feidhmíochta) a bhfuarthas nach raibh siad ábhartha do na gnéithe suntasacha comhshaoil arna sainaithint ag an eagraíocht ina hathbhreithniú comhshaoil, níor cheart iad a shainaithint agus níor cheart tuairisc a thabhairt orthu sa ráiteas ar an gcomhshaol.
Féadfaidh eagraíochtaí faisnéis fhíorasach bhreise a áireamh ina ráiteas ar an gcomhshaol, ar faisnéis í a bhaineann lena ngníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí, nó lena gcomhlíontacht le ceanglais shonracha.
Féadfar an ráiteas ar an gcomhshaol a chomhtháthú i ndoiciméid tuairiscithe eile na heagraíochta (e.g. tuarascálacha bainistíochta, inbhuanaitheachta nó freagrachta sóisialta corparáidí). Sa chás sin, ní mór idirdhealú soiléir a bheith ann idir faisnéis a bhfuil bailíochtú déanta uirthi agus faisnéis nach bhfuil. Ní mór an ráiteas ar an gcomhshaol a shainaithint go soiléir (e.g., trí lógó EMAS a úsáid) agus ba cheart míniú gearr a áireamh sa doiciméad ar an bpróiseas bailíochtaithe i gcomhthéacs EMAS.
6.1.2. Príomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil – Iarscríbhinn IV C a ghabhann le Rialachán EMAS
Is rud éigeantach é do gach uile eagraíocht tuairisciú a dhéanamh ar phríomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil (dá dtagraítear freisin mar tháscairí feidhmíochta comhshaoil). Ní mór don tuairisciú sin sonraí a sholáthar maidir le hionchur/tionchar iarbhír. Dá mba rud é go ndéanfadh an nochtadh difear tromchúiseach do rúndacht fhaisnéis tráchtála nó fhaisnéis thionsclaíoch na heagraíochta, i gcás ina ndéantar foráil do rúndacht den sórt sin leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, chun leas dlisteanach eacnamaíoch a chosaint, féadfar a cheadú don eagraíocht innéacsú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin sa tuairisciú a dhéanann sí e.g., trí bhliain bhunlíne a shuí (agus 100 mar innéacsuimhir aici) óna léireofaí forbairt an ionchuir/an tionchair iarbhír.
Mar sin féin, agus eagraíocht i mbun measúnaithe ar ábharthacht na dtáscairí seo i gcomhthéacs a gnéithe suntasacha comhshaoil agus a tionchair shuntasacha comhshaoil, féadfaidh eagraíocht príomhtháscaire amháin nó níos mó a mheas mar chinn nach bhfuil ábhartha maidir leis na gnéithe agus na tionchair sin. Sa chás sin, ní gá don eagraíocht faisnéis a chur i láthair maidir leis na príomhtháscairí sin, ach ní mór di míniú soiléir agus réasúnaithe a sholáthar maidir leis sin sa ráiteas ar an gcomhshaol.
Tá uimhir A (a léiríonn an líon iomlán ionchur/aschur bliantúil sa réimse lena mbaineann) agus uimhir B (a léiríonn luach tagartha le haghaidh gníomhaíocht na heagraíochta) i ngach príomhtháscaire. Cruthaíonn Uimhir R, an gaol idir an dá uimhir sin, na príomhtháscairí (uimhir A / uimhir B = uimhir R, príomhtháscaire). Teastaíonn faisnéis maidir leis na trí ghné uile i ngach táscaire le haghaidh na bpríomhréimsí uile.
Úsáidtear na príomhtháscairí chun feidhmíocht chomhshaoil a thomhas sna príomhréimsí thíos agus tuairiscítear iad le haghaidh ionchur/aschur mar iomlána bliantúla le haghaidh uimhir A mar a leanas.
✓ Fuinneamh
|
a) |
ídiú fuinnimh díreach iomlán mar ídiú fuinnimh iomlán. |
|
b) |
ídiú iomlán an fhuinnimh inathnuaite mar ídiú fuinnimh iomlán ó fhoinsí inathnuaite. Léiríonn táscaire (b) céatadán an tomhaltais fuinnimh bhliantúil ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh arna tháirgeadh go hiarbhír ag an eagraíocht. Ní áirítear fuinneamh a cheannaítear ó sholáthraí fuinnimh faoin táscaire seo agus féadfar é a mheas mar chuid de bhearta maidir le ‘soláthar glas’. |
|
c) |
giniúint iomlán an fhuinnimh inathnuaite mar ghiniúint iomlán fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite. |
Ba cheart tuairisc a thabhairt ar fhuinneamh más féidir é in kWh, MWh, GJ, nó aonaid mhéadracha a úsáidtear i gcoiteann chun tuairisc a thabhairt ar fhuinneamh a ídíodh nó a gineadh.
Má ídítear cineálacha difriúla fuinnimh nó, i gcás an fhuinnimh inathnuaite, má ghintear cineálacha difriúla fuinnimh (e.g., leictreachas, teas, breoslaí nó eile), ní mór tuairisc ar leithligh a thabhairt ar an ídiú nó an ghiniúint bhliantúil de réir mar is ábhartha.
Níor cheart tuairisc a thabhairt ar an táirgeadh fuinnimh inathnuaite iomlán ach amháin más mó an fuinneamh inathnuaite arna tháirgeadh ag an eagraíocht ná an fuinneamh inathnuaite iomlán arna ídiú aici, nó murar ídigh an eagraíocht an fuinneamh inathnuaite arna tháirgeadh aici.
✓ Astaíochtaí
|
a) |
astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána, íosmhéid de CO2, CH4, N2O, HFCanna, PFCanna, NF3, agus SF6, arna sloinneadh i dtonaí méadracha de choibhéis CO2. |
|
b) |
astaíochtaí iomlána isteach san aer, astaíochtaí de SO2, NOX agus PM ar a laghad, arna sloinneadh i gcileagraim nó i dtonaí. |
Ba cheart don eagraíocht smaoineamh ar thuairisc a thabhairt ar a hastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi nós imeachta bunaithe amhail an Prótacal Gáis Ceaptha Teasa.
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Mar gheall ar na tionchair dhifriúla a bhíonn ag na hastaíochtaí sin ar an gcomhshaol, níor ceart díreach na figiúirí éagsúla a shuimiú le chéile. Teastaíonn bonn daingean agus inghlactha ón gcur chuige ina ndéantar astaíochtaí a chainníochtú, go háirithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin aeir. Ar an gcéad dul síos, ní mór d’eagraíochtaí ceanglais dlí atá ann cheana a chur san áireamh. Baineann sé sin den chuid is mó le heagraíochtaí a dtagann a gcuid saoráidí faoi raon feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh nó an Chláir Eorpaigh ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán. I gcásanna eile, is féidir modhanna náisiúnta/réigiúnacha coiteanna, e.g., áireamhán CO2 Ghníomhaireacht Chomhshaoil Fheidearálach na hOstaire nó comhlachtaí náisiúnta eile, a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil siad ar fáil.
✓ Uisce
ídiú iomlán uisce arna shloinneadh in aonaid toirte amhail lítir nó m3.
Is rud áisiúil é aghaidh a thabhairt ar na cineálacha difriúla ídithe uisce agus na sonraí maidir le hídiú a mhiondealú de réir na foinse uisce, e.g., uisce dromchla nó screamhuisce.
D’fhéadfaí a áireamh le faisnéis áisiúil eile sonraí maidir leis an méid fuíolluisce, fuíolluisce cóireáilte agus athúsáidte, cóireáil uisce stoirme, agus uisce liath.
✓ Éifeachtúlacht ábhair
Sreabhadh maise d’ábhair ábhartha a úsáideadh, amhail amhábhair, ábhair choimhdeacha, ábhair ionchuir, táirgí leathchríochnaithe nó ábhair eile (gan foinsí fuinnimh agus uisce san áireamh), arna sloinneadh más féidir é in aonaid mheáchain (e.g., cileagraim nó tonaí), toirt (e.g., m3) nó aonaid mhéadrachta eile a úsáidtear i gcoiteann san earnáil.
Má úsáidtear cineálacha difriúla ábhar, ba cheart tuairisc a thabhairt ar a sreabhadh maise bliantúil ar leithligh ar bhealach iomchuí, e.g., arna miondealú de réir na húsáide a bhíonn acu. Ag brath ar ghníomhaíocht na heagraíochta, áirítear leis sin, mar shampla, amhábhair amhail miotal, adhmad nó substaintí ceimiceacha, ach táirgí idirmheánacha freisin.
✓ Dramhaíl
|
a) |
an dramhaíl iomlán a gineadh, arna miondealú de réir cineál dramhaíola. |
|
b) |
toirt iomlán na dramhaíola guaisí. |
Ba cheart más féidir é cainníochtaí dramhaíola a shloinneadh in aonaid mheáchain (e.g., cileagraim nó tonaí), aonaid toirte (e.g., m3), nó aonaid mhéadracha eile a úsáidtear i gcoiteann sa réimse.
Tá faisnéis ar dhramhaíl agus ar dhramhaíl ghuaiseach éigeantach faoi Rialachán EMAS. Sa chleachtas, rud áisiúil a bhí ann chun giniúint dramhaíola an dá shruth de réir cineál dramhaíola a mhiondealú. Ba cheart torthaí an mheasúnaithe comhshaoil, lena n-áirítear na hoibleagáidí dlí ábhartha maidir le faisnéis ar ghiniúint dramhaíola, a úsáid mar bhonn. D’fhéadfaí faisnéis níos mionsonraithe a sholáthar de réir an chórais náisiúnta aicmithe dramhaíola lena gcuirtear chun feidhme an Treoir Réime Dramhaíola Eorpach (55) nó an Chatalóg Dramhaíola Eorpach (56).
D’fhéadfadh sé nach mbeadh aon tairbhe ag baint le liostaí fada de na cineálacha dramhaíola aonair a lua agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé oiriúnach chun críocha cumarsáide, toisc gur rud é a d’fhéadfadh mearbhall a chur ar dhaoine. Rogha oiriúnach dá bhrí sin is ea an fhaisnéis a ghrúpáil de réir na Catalóige Dramhaíola Eorpaí (57). I gcás eagraíochtaí a bhfuil roinnt mhaith cineálacha difriúla dramhaíola acu, is rud áisiúil é, i gcomhréir le prionsabal Pareto, liosta a dhéanamh de na codanna dramhaíola ag a bhfuil an líon is mó scaireanna ar leithligh agus an chuid eile a ghrúpáil in aon fhíor amháin. Is féidir na cineálacha difriúla dramhaíola, amhail miotal, plaisteach, páipéar, sloda, luaithreach etc. a liostú de réir meáchain nó toirte. Ba cheart é sin a dhéanamh go háirithe má tá simplithe riaracháin ar leith i gceangal leis.
D’fhéadfadh faisnéis bhreise maidir leis na méideanna dramhaíola a athshlánaíodh, a athchúrsáladh, a úsáideadh le haghaidh táirgeadh fuinnimh nó a seoladh chuig líonta talún a bheith áisiúil freisin.
✓ Úsáid talún i ndáil leis an mbithéagsúlacht
Is réimse casta (58) de na príomhréimsí a chumhdaítear leis na príomhtháscairí í an bhithéagsúlacht (59). Rannchuidíonn réimsí áirithe (athrú aeráide, astaíochtaí/truailliú) a chumhdaítear cheana féin le táscairí eile (e.g., ídiú fuinnimh agus uisce, astaíochtaí, dramhaíl) leis an gcailliúint bithéagsúlachta freisin.
Mar phríomhtháscaire, ní mór léiriú cothrom a thabhairt ar an mbithéagsúlacht le haghaidh gach uile eagraíocht, de réir úsáide talún ar a laghad, agus í a shloinneadh in aonaid achair (e.g., m2 nó ha) sna catagóirí thíos:
|
— |
úsáid talún iomlán. |
|
— |
an t-achar iomlán atá séalaithe. |
|
— |
limistéar iomlán atá dírithe ar an dúlra ar an láithreán. |
|
— |
limistéar iomlán atá dírithe ar an dúlra lasmuigh den láithreán. |
Is éard atá i ‘limistéar séalaithe’ limistéar ina bhfuil an ithir bhunaidh cumhdaithe (e.g., bóithre, foirgnimh, spásanna páirceála), rud a fhágann go bhfuil sé neamhscagach. Bíonn tionchar ag an neamhscagacht sin ar an gcomhshaol.
Is éard atá i limistéar glas nó ‘limistéar atá dírithe ar an dúlra’ limistéar a chaomhnaíonn nó a athbhunaíonn an dúlra go príomha. Féadfaidh limistéir nach mór nádúrtha/limistéir ghlasa a bheith suite ar láithreán na heagraíochta agus féadfar díonta, aghaidheanna, córais draenála uisce nó gnéithe eile a áireamh leo, gnéithe arna ndearadh, arna gcur in oiriúint, nó arna mbainistiú chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn. Féadfaidh limistéir nach mór nádúrtha a bheith suite ar shiúl ó láithreán na heagraíochta freisin más leis an eagraíocht iad agus má tá siad á mbainistiú ag an eagraíocht agus má fhónann siad go príomha chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn.
Fíor 20
Sampla de leithdháileadh limistéar le haghaidh na bpríomhtháscairí ‘Úsáid talún i ndáil leis an mbithéagsúlacht’.
Níl gach uile táscaire bithéagsúlachta ábhartha do gach uile eagraíocht agus ní féidir iad go léir a chur i bhfeidhm nuair a thugtar aghaidh ar dtús ar na gnéithe sin laistigh den chóras bainistíochta comhshaoil. Ba cheart don mheasúnú comhshaoil treoraíocht mhaith a thabhairt maidir le cé na fachtóirí atá ábhartha. Ní hamháin gur cheart don eagraíocht tionchair áitiúla a chur san áireamh, ach freisin tionchair dhíreacha agus indíreacha ar an mbithéagsúlacht, e.g., trí eastóscadh amhábhar, slabhra soláthair, táirgeadh agus táirgí, iompar agus lóistíocht, agus margaíocht agus cumarsáid. Níl an ábharthacht chéanna ag baint le haon táscaire sa réimse seo do gach uile eagraíocht.
Sloinntear an luach tagartha bliantúil le haghaidh gníomhaíocht na heagraíochta leis an uimhir B agus cinntear é ag úsáid na gcritéar seo a leanas.
Ní mór don luach tagartha:
|
✓ |
a bheith intuigthe. |
|
✓ |
gníomhaíocht bhliantúil fhoriomlán na heagraíochta a léiriú ar an mbealach is fearr. |
|
✓ |
a bheith ábalta tuairisc cheart a thabhairt ar fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta, agus cineál sonrach agus gníomhaíochtaí na heagraíochta á gcur san áireamh. |
|
✓ |
a bheith mar luach tagartha coiteann don earnáil ina bhfeidhmíonn an eagraíocht, amhail:
|
|
✓ |
inchomparáideacht na sonraí a chuirtear i láthair sa ráiteas ar an gcomhshaol a áirithiú le himeacht ama. A luaithe agus a bhunaítear an luach tagartha, ní mór é sin a úsáid freisin i ráitis ar an gcomhshaol amach anseo. |
|
Is féidir leis an eagraíocht féin luach tagartha B a chinneadh, ach na critéir thuas a chomhlíonadh. Ceanglaítear leis sin go dtabharfaí tuairisc chruinn ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil agus go gcoinneofaí an inchomparáideacht ar bun i gcaitheamh tréimhse 3 bliana ar a laghad. Ní gá go mbeadh luach tagartha B mar an gcéanna le haghaidh gach príomhtháscaire. Mar shampla, is i ndáil le hachar is mó a léirítear fuinneamh téimh go minic. Maidir le táscairí eile, tá an caidreamh leis na táirgí nó leis an líon fostaithe níos oiriúnaí. Is féidir na príomhtháscairí uile a chur i láthair freisin ag úsáid luachanna tagartha eile ar gnáthluachanna iad don tionscal. Ach úsáid a bhaint as luachanna tagartha atá iomchuí go haonarach áirithítear go gcuirtear feidhmíocht chomhshaoil i láthair ar bhealach níos fearr, agus cineál sonrach agus gníomhaíochtaí na heagraíochta á gcur san áireamh. |
Ba cheart athrú ar an luach tagartha a mhíniú sa ráiteas ar an gcomhshaol. I gcás ina ndéantar athrú, ní mór don eagraíocht a áirithiú go bhfuil na sonraí inchomparáide i gcaitheamh 3 bliana ar a laghad trí na sonraí le haghaidh blianta roimhe a athríomh ag úsáid an luach tagartha nua-bhunaithe.
Tábla 7
Samplaí den úsáid a bhaintear as príomhtháscairí in eagraíochtaí riaracháin phoiblí nó in eagraíochtaí comhchosúla
|
Príomhtháscaire |
Ionchur/aschur bliantúil (A) |
Luach tagartha bliantúil na heagraíochta (B) |
Cóimheas A/B |
|
Fuinneamh |
Ídiú fuinnimh bliantúil in MWh nó GJ |
Achar in m2 An líon fostaithe |
MWh/m2 agus/nó kWh/m2 |
|
Ábhair |
Ídiú páipéir bliantúil i dtonaí |
An líon fostaithe |
Tonaí/duine agus/nó an líon leathán/daoine/laethanta |
|
Uisce |
Ídiú uisce bliantúil (m3) |
An líon fostaithe |
m3/duine agus/nó l/duine |
|
Dramhaíl |
Toirt dramhaíola bhliantúil i dtonaí Toirt iomlán dramhaíola guaisí i gcileagraim |
An líon fostaithe |
Tonaí dramhaíola/duine agus/nó kg/duine kg de dhramhaíl ghuaiseach/duine |
|
Úsáid talún i ndáil leis an mbithéagsúlacht |
Ídiú talún in m2 de limistéar faoi fhoirgnimh (lena n-áirítear limistéar séalaithe) |
An líon fostaithe |
m2 de limistéar faoi fhoirgnimh/duine agus/nó m2 de limistéar séalaithe/duine |
|
Astaíochtaí GCT |
Astaíochtaí GCT bliantúla i dtonaí méadracha de CO2e (CO2e = CO2 coibhéis) |
An líon fostaithe (i dtéarmaí turais ghnó, áiteanna oibre, bealaí oibre) Achar in m2 |
Tonaí CO2e/duine agus/nó kg CO2e/duine Nó m2 |
Tábla 8
Sampla den úsáid a bhaintear as príomhtháscairí feidhmíochta san earnáil táirgthe
|
Príomhtháscaire |
Ionchur/aschur bliantúil (A) |
Luach tagartha bliantúil na heagraíochta (B) |
Cóimheas A/B |
|
Fuinneamh |
Ídiú fuinnimh bliantúil in MWh nó GJ |
Oll-bhreisluach bliantúil iomlán. (Milliún euro) (*) nó Aschur fisiceach bliantúil iomlán (tonaí) |
MWh/milliún euro nó MWh/tona táirge |
|
Ábhair |
Sreabhadh maise bliantúil na n-ábhar difriúil a úsáidtear, i dtonaí |
Oll-bhreisluach bliantúil iomlán. (Milliún euro) (*) nó Aschur fisiceach bliantúil iomlán (tonaí) |
Maidir le gach ceann de na hábhair dhifriúla a úsáidtear: Ábhar i dtonaí/milliún euro nó Ábhar i dtonaí/tona táirge |
|
Uisce |
Ídiú bliantúil m3 |
Oll-bhreisluach bliantúil iomlán. (Milliún euro) (*) nó Aschur fisiceach bliantúil iomlán (tonaí) |
m3/milliún euro nó m3/tona táirge |
|
Dramhaíl |
Toirt dramhaíola bhliantúil i dtonaí Toirt iomlán dramhaíola guaisí i gcileagraim |
Oll-bhreisluach bliantúil iomlán. (Milliún euro) (*) nó Aschur fisiceach bliantúil iomlán (tonaí) |
Tonaí dramhaíola/milliún euro nó Tonaí dramhaíola/tona táirge Tonaí dramhaíola guaisí/milliún euro nó Tonaí dramhaíola guaisí/tona táirge |
|
Úsáid talún i ndáil leis an mbithéagsúlacht |
Ídiú talún in m2 de limistéar faoi fhoirgnimh (lena n-áirítear limistéar séalaithe) |
Oll-bhreisluach bliantúil iomlán. (Milliún euro) (*) nó Aschur fisiceach bliantúil iomlán (tonaí) |
m2 de limistéar faoi fhoirgnimh agus/nó m2 de limistéar séalaithe/milliún euro nó m2 de limistéar faoi fhoirgnimh agus/nó m2 de limistéar séalaithe/tona táirge |
|
Astaíochtaí GCT |
Astaíochtaí bliantúla GCT tonaí de choibhéisí CO2 |
Oll-bhreisluach bliantúil iomlán. (Milliún euro) (*) nó Aschur fisiceach bliantúil iomlán (tonaí) |
Tonaí de CO2 coibhéis/milliún euro nó Tonaí de CO2 coibhéis/tona táirge |
6.1.3. Táscairí feidhmíochta comhshaoil eile atá ábhartha
|
Leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (CSRD – Treoir (AE) 2022/2464), nuachóirítear agus láidrítear na rialacha maidir leis an tuairisciú a dhéanann cuideachtaí móra agus fiontair bheaga agus mheánmhéide liostaithe ar fhaisnéis shóisialta agus chomhshaoil. Caithfidh cuideachtaí atá faoi réir CSRD tuairisciú i gcomhréir leis na Caighdeáin Eorpacha Tuairiscithe Inbhuanaitheachta (ESRS), an fhaisnéis sin a áireamh ina dtuarascálacha bainistíochta, agus iniúchadh seachtrach a fháil di. Sonraítear ceanglais tuairiscithe comhshaoil san ESRS i dtaca le hathrú aeráide (ESRS E1), truailliú (ESRS E2), uisce agus acmhainní muirí (ESRS E3), bithéagsúlacht agus éiceachórais (ESRS E4), agus úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach (ESRS E5). I gcás ina mbeidh ceann de na topaicí a chumhdaítear leis na caighdeáin sin ábhartha do chuideachta, is gá dó struchtúir rialachais, straitéisí, beartais, spriocanna agus gníomhaíochtaí atá gaolmhar a nochtadh chomh maith le méadrachtaí feidhmíochta roghnaithe. Tá na réimsí tuairiscithe sin cosúil le heilimintí agus loighic EMAS. Dá bhrí sin, cuidíonn EMAS le cuideachtaí an fhaisnéis ar an gcomhshaol a ghiniúint, ar faisnéis í a bhfuil gá léi chun EMAS a chomhlíonadh. |
|
|
|
Féadfaidh eagraíochtaí táscairí difriúla a úsáid más mian leo chun léiriú a thabhairt ar na hionchuir/aschuir bhliantúla iomlána i réimsí difriúla. Mar shampla, féadfaidh eagraíocht seirbhíse ‘an líon fostaithe’ a úsáid mar luach tagartha (B) dá foréimse riaracháin agus ceann difriúil a úsáid, e.g. ‘an líon custaiméirí’, maidir leis an tseirbhís féin a sholáthraítear. |
|
|
Tá sé tábhachtach an réasúnaíocht atá le leagan síos na dtáscairí a thuiscint agus na heilimintí solúbthachta dá ndéantar foráil i Rialachán EMAS (Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán EMAS).
Más mian le heagraíocht táscaire eile seachas príomhtháscaire atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a úsáid chun léiriú níos fearr a thabhairt ar a feidhmíocht chomhshaoil, ní mór sonraíocht A maidir le hionchur/aschur a bheith san áireamh sa táscaire sin freisin agus luach tagartha de shonraíocht B. Ba cheart údar a thabhairt i gcónaí leis an úsáid a bhaintear as an bhforáil sholúbtha sin trí thagairt a dhéanamh do mheasúnú comhshaoil na heagraíochta lena dtaispeánfar conas a chuidíonn an rogha a roghnaítear chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil ábhartha (60).
6.1.4. Cuntasacht áitiúil – Iarscríbhinn IV D a ghabhann le Rialachán EMAS
Tá ról tábhachtach ag an gcuntasacht áitiúil in EMAS. Ba cheart an fhaisnéis uile maidir le tionchair shuntasacha ar an gcomhshaol a sholáthar dá bhrí sin maidir le gach láithreán.
Sna cásanna uile, ní mór faisnéis maidir le forbairtí sna príomhtháscairí a sholáthar ar bhonn láithreán ar láithreán. Má úsáidtear an nós imeachta ar a dtugtar tuairisc i Roinn 7.2 den Treoirleabhar seo d’Úsáideoirí chun measúnú a dhéanamh ar eagraíochtaí il-láithreáin, féadfar an fhaisnéis sin a sholáthar ar leibhéal corparáideach, ar choinníoll go dtugann na figiúirí sin léiriú cruinn ar fhorbairtí ar leibhéal an láithreáin.
Thairis sin, toisc nach féidir feabhsuithe leanúnacha a dhéanamh ach ag láithreáin bhuana amháin, agus gur annamh a dhéantar iad ag láithreáin shealadacha, ba cheart é sin a chur san áireamh. Má tá an ghné sin i gceist, ba cheart é sin a lua sa mheasúnú comhshaoil. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht bearta malartacha a thabhairt isteach amhail táscairí (cáilíochtúla) ‘boga’ eile.
6.1.5. An ráiteas ar an gcomhshaol a thabhairt cothrom le dáta — Airteagal 8 de Rialachán EMAS
I gcás ina mbeartóidh eagraíocht chláraithe athruithe substaintiúla a thabhairt isteach, ní mór don eagraíocht athbhreithniú comhshaoil a dhéanamh ar na hathruithe sin, lena n-áirítear a ngnéithe comhshaoil agus a dtionchair ar an gcomhshaol.
Tar éis an t-athbhreithniú comhshaoil a dhéanamh ar athruithe, ní mór don eagraíocht an t-athbhreithniú comhshaoil tosaigh a nuashonrú, an beartas comhshaoil, an clár comhshaoil agus an córas bainistíochta comhshaoil a mhodhnú agus an ráiteas iomlán ar an gcomhshaol a athchóiriú agus a nuashonrú dá réir sin (61).
Ní mór d’eagraíocht ráiteas ar an gcomhshaol a ullmhú agus é a bhailíochtú gach 3 bliana i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn IV. Féadfaidh eagraíochtaí beaga díolúine a iarraidh ar an gcomhlacht inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán EMAS, chun nuashonrú a ullmhú gach 2 bhliain, ach gan bailíochtú de chuid an fhíoraitheora comhshaoil a iarraidh ina leith ach gach 4 bliana. Deonóidh an comhlacht inniúil an iarraidh ar dhíolúine ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 7(1).
6.1.6. Rochtain phoiblí — Iarscríbhinn IV E a ghabhann le Rialachán EMAS
Ní mór don eagraíocht a áirithiú go mbeidh rochtain éasca in aisce ag aon pháirtí leasmhar ar an ráiteas ar an gcomhshaol. Chun na críche seo, ba cheart más féidir é go gcuirfí an ráiteas ar an gcomhshaol ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na heagraíochta i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit nó an tríú tír ina bhfuil an láithreán nó an eagraíocht suite.
I gcás ráiteas aonair ar an gcomhshaol le haghaidh na heagraíochta ina hiomláine agus a bhfuil roinnt láithreán cláraithe aici, ní mór don eagraíocht a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis atá ábhartha do na láithreáin aonair ar fáil sa ráiteas ar an gcomhshaol.
Le linn do ráiteas foriomlán ar an gcomhshaol a bheith á fhoilsiú thar láithreáin agus thíortha éagsúla, ní mór é a fhoilsiú i dteanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an eagraíocht cláraithe nó i dteanga a chomhaontaítear leis an gcomhlacht inniúil atá freagrach as an gclárú.
Má táthar chun an ráiteas ar an gcomhshaol a chur ar fáil freisin i dteangacha eile, ní mór d’ábhar an doiciméid aistrithe a bheith i gcomhréir le hábhar an ráitis bhunaidh ar an gcomhshaol arna bhailíochtú ag an bhfíoraitheoir comhshaoil agus ní mór a thabhairt le fios go soiléir ann gur aistriúchán é ar an doiciméad fíoraithe.
Céim 7: Fíorú seachtrach – Airteagail 18 agus 19 de Rialachán EMAS
|
Ciallaíonn ‘fíorú’ an próiseas measúnaithe comhréireachta a dhéanann fíoraitheoir comhshaoil lena léiriú an gcomhlíonann athbhreithniú comhshaoil, beartas comhshaoil, córas bainistíochta comhshaoil agus nós imeachta iniúchta inmhéanaigh comhshaoil eagraíochta agus cur chun feidhme na nithe sin ceanglais Rialachán EMAS. Ciallaíonn ‘bailíochtú’ daingniú ón bhfíoraitheoir comhshaoil a dhéanann an fíorú á rá go bhfuil an fhaisnéis agus na sonraí i ráiteas eagraíochta ar an gcomhshaol agus i ráiteas nuashonraithe eagraíochta ar an gcomhshaol iontaofa, inchreidte agus ceart agus go gcomhlíonann siad ceanglais Rialachán EMAS. |
7.1. Fíorú tríú páirtí
|
Is éard é ‘fíoraitheoir comhshaoil ’comhlacht um measúnú comhréireachta arna shainmhíniú i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nó aon chomhlachas nó aon ghrúpa comhlachtaí den sórt sin, a bhfuil creidiúnú faighte aige i gcomhréir leis an Rialachán seo; nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó aon chomhlachas nó aon ghrúpa daoine den sórt sin, a bhfuil ceadúnas faighte aige chun fíorú agus bailíochtú a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán EMAS. |
7.1.1. Cé ag a bhfuil cead EMAS a fhíorú agus a bhailíochtú?
Ní féidir ach le fíoraitheoirí comhshaoil atá creidiúnaithe nó ceadúnaithe fíorú a dhéanamh.
Féadfaidh an eagraíocht dul i dteagmháil le comhlacht inniúil EMAS ina Ballstát, nó leis an gcomhlacht creidiúnúcháin nó ceadúnúcháin EMAS atá freagrach as fíoraitheoirí EMAS a chreidiúnú, chun faisnéis a fháil maidir le fíoraitheoirí comhshaoil creidiúnaithe.
Cinntear raon feidhme fíoraitheora comhshaoil creidiúnaithe nó ceadúnaithe de réir chóid NACE, i.e., aicmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha (62). Má dhéanann an eagraíocht roinnt gníomhaíochtaí ar féidir iad a shannadh do níos mó ná cód NACE amháin, is gá fíorú a dhéanamh de réir na gníomhaíochta NACE. Ní mór don chomhaontú a áirithiú freisin go ndeonaítear rochtain don fhíoraitheoir comhshaoil ar na doiciméid agus na réimsí oibríochta uile (63).
A luaithe agus a bhíonn creidiúnú nó ceadúnú ag an bhfíoraitheoir i mBallstát amháin, is féidir leis feidhmiú i dtíortha uile an Aontais. Níl fíoraitheoirí comhshaoil creidiúnaithe ag gach Ballstát le haghaidh gach earnála. Sa chás sin, ní mór an fíoraitheoir creidiúnaithe a aimsiú ó Bhallstát eile. Is faoin eagraíocht é roghnú cén fíoraitheoir comhshaoil creidiúnaithe/ceadúnaithe a chuirfidh sí ar chonradh.
Eagraíochtaí nó láithreáin atá suite lasmuigh den Aontas Eorpach ní mór dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 3(3), a áirithiú maidir leis an bhfíoraitheoir comhshaoil a dhéanfaidh an fíorú agus a bhailíochtóidh córas bainistíochta comhshaoil na heagraíochta, go bhfuil sé creidiúnaithe nó ceadúnaithe sa Bhallstát ina gcuirfidh an eagraíocht isteach a iarratas ar chlárú.
Ullmhaítear an fíorú i gcomhar le hionadaí ardbhainistíochta comhshaoil na heagraíochta, a eagraíonn agus a chomhordaíonn na dátaí measúnaithe a éilítear. Ullmhaítear an clár iniúchta i gcomhar leis an bhfíoraitheoir comhshaoil.
Cinneann an fíoraitheoir comhshaoil cad atá sé ag iarraidh a fheiceáil agus cé leis is mian leis labhairt. Chun na críche seo, oibríonn an bainisteoir comhshaoil sceideal amach agus tugann cuireadh don fhoireann shonrach a bheidh ag teastáil. Mar sin féin, is féidir leis an bhfíoraitheoir comhshaoil gach fostaí a áireamh san idirphlé le linn na cuairte. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go gcuirtear gach fostaí ar an eolas faoin gcuairt fíorúcháin.
|
Tá sé áisiúil don eagraíocht a fhíorú gur sholáthair an fíoraitheoir comhshaoil, bíodh sé deimhnithe nó creidiúnaithe i mBallstát eile, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 24 (tuarascáil mhaoirseachta) do chomhlacht creidiúnúcháin nó ceadúnaithe an Bhallstáit ina bhfuil a ceanncheathrú nó a hionad bainistíochta aici. Ba cheart dó sin a bheith 4 seachtaine ar a laghad roimh an bhfíorú chun go mbeidh an comhlacht creidiúnúcháin nó ceadúnúcháin in ann maoirseacht a dhéanamh ar na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an bhfíoraitheoir tús a chur lena ghníomhaíochtaí. D’uireasa na maoirseachta, féadfaidh an comhlacht inniúil diúltú an eagraíocht a chlárú. |
Mar chleachtas maith, bíonn an fhoireann bhainistíochta i láthair go ginearálta le linn na cuairte, ar a laghad chun déileáil le hábhair a bhaineann leis an mbeartas comhshaoil, le soláthar acmhainní agus leis an measúnú bainistíochta.
Roimh an gcuairt, ba cheart na doiciméid seo a leanas a sheoladh chuig an bhfíoraitheoir comhshaoil chun forbhreathnú a thabhairt de na dálaí atá ann faoi láthair. I gcás bailíochtú a dhéantar chun an clárú a choinneáil ar bun, ní gá ach na doiciméid nuashonraithe a chur isteach:
|
✓ |
bunfhaisnéis maidir leis an eagraíocht (foirm dhlíthiúil, méid, suíomh, raon feidhme na ngníomhaíochtaí, struchtúr agus cairt eagraíochta). |
|
✓ |
dréacht den ráiteas ar an gcomhshaol agus den chlár comhshaoil. |
|
✓ |
tuairisc ar an gcóras bainistíochta comhshaoil atá i bhfeidhm san eagraíocht. |
|
✓ |
tuarascáil measúnaithe comhshaoil. |
|
✓ |
tuarascálacha maidir le hiniúchtaí comhshaoil a rinneadh agus maidir le haon ghníomh ceartaitheach a rinneadh ina dhiaidh sin. |
|
✓ |
faisnéis má táthar chun an modh samplála a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Caibidil 7.2. |
Ní mór an t-athbhreithniú bainistíochta a chur faoi bhráid na hardbhainistíochta freisin lena bhreithmheas roimh an bhfíorú (féach Caibidil 5.2. Athbhreithniú bainistíochta).
7.1.2. Fíorú arna dhéanamh ag an bhfíoraitheoir comhshaoil – Airteagal 18 de Rialachán EMAS
D’fhéadfadh sé cuidiú le heagraíochtaí cur amach a bheith acu ar chúraimí sonracha an fhíoraitheora comhshaoil, toisc go gcinntear lena chúraimí a chur chuige maidir leis an iniúchadh ar an eagraíocht.
Is iad seo a leanas na cúraimí a bhíonn ar fhíoraitheoirí comhshaoil.
|
✓ |
A fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil ceanglais uile Rialachán EMAS á gcomhlíonadh ag an eagraíocht, i ndáil leis an athbhreithniú comhshaoil tosaigh, leis an gcóras bainistíochta comhshaoil, le hiniúchadh comhshaoil agus le torthaí an iniúchta sin agus leis an ráiteas ar an gcomhshaol. |
|
✓ |
A sheiceáil cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an eagraíocht ceanglais dlí ábhartha an Aontais, agus ceanglais dlí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhaineann leis an gcomhshaol. |
|
✓ |
Feabhas leanúnach na heagraíochta ar fheidhmíocht chomhshaoil a sheiceáil. |
|
✓ |
Iontaofacht, inchreidteacht agus cruinneas na sonraí a áiríodh agus a úsáideadh sa ráiteas ar an gcomhshaol agus in aon fhaisnéis chomhshaoil a bheidh le bailíochtú, a sheiceáil. |
|
✓ |
Cuairt a thabhairt ar an eagraíocht nó ar an láithreán. Tá na nósanna imeachta le haghaidh eagraíochtaí nach bhfuil acu ach láithreán amháin agus le haghaidh eagraíochtaí il-láithreáin difriúil agus tá sé tábhachtach na difríochtaí sna cineálacha cur chuige faoi seach a chur i dtábhacht. Ceanglaítear le Rialachán EMAS (Airteagal 25(4)) go dtabharfaí cuairt ar gach eagraíocht uair ar bith is gá gníomhaíocht fíorúcháin/bailíochtaithe a dhéanamh. |
|
✓ |
Má tharlaíonn sé, le linn an phróisis fíorúcháin, go mbraitear cásanna neamhchomhlíonta nó neamhchomhlíontachta in eagraíocht il-láithreáin ina bhfuil an modh samplála curtha i bhfeidhm, déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas:
|
Mar chonclúid, agus an chéad fhíorú á dhéanamh, ba cheart don fhíoraitheoir a sheiceáil go gcomhlíonann an eagraíocht na ceanglais seo a leanas:
|
✓ |
go bhfuil córas bainistíochta comhshaoil i bhfeidhm atá i ngníomh go hiomlán. |
|
✓ |
go bhfuil clár iniúchta ann atá pleanáilte go hiomlán. |
|
✓ |
gur cuireadh athbhreithniú bainistíochta i gcrích. |
|
✓ |
i gcás inar mian leis an eagraíocht modh samplála a úsáid chun a cuid láithreáin a fhíorú, go n-urramaítear forálacha Chaibidil 7.2 den Treoirleabhar seo d’Úsáideoirí; agus |
|
✓ |
gur tarraingíodh ráiteas EMAS ar an gcomhshaol suas agus gur cuireadh doiciméid tagartha earnála san áireamh, i gcás ina raibh siad ar fáil. |
7.1.3. Minicíocht na bhfioruithe — Airteagail 6, 7 agus 19 de Rialachán EMAS
Mar riail, ní mór don fhíoraitheoir comhshaoil, i gcomhairle leis an eagraíocht, clár a dhearadh lena n-áiritheofar go bhfíorófar na heilimintí go léir a éilítear i ndáil le clárú agus athnuachan cláraithe agus dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán EMAS.
Déantar grinnscrúdú gach 3 bliana ar na heagraíochtaí cláraithe uile, lena n-áirítear láithreáin agus eilimintí uile chórais bhainistíochta na n-eagraíochtaí sin. Sa tréimhse idir na fíoruithe 3 bliana sin, ní mór don eagraíocht leanúint d’iniúchtaí inmheánacha a dhéanamh, a ráiteas ar an gcomhshaol agus a foirm chomhshaoil a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, é a chur ar aghaidh chuig an gcomhlacht inniúil, agus aon táille chothabhála i gcomhair clárúcháin a íoc, de réir mar is infheidhme (64).
I gcás eagraíochtaí beaga, foráiltear le hAirteagal 7 de Rialachán EMAS do dhíolúintí maidir le minicíocht na bhfíoruithe i gcomhair athnuachana, lena gceadófar iad a dhéanamh gach 4 bliana, le ceann idirmheánach gach 2 bhliain.
Más mian le heagraíocht bheag na heatraimh mheasúnaithe agus bhailíochtaithe a leathnú chuig 4 bliana agus 2 bhliain faoi seach, faoi Airteagal 7, ní mór di a dheimhniú go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
✓ |
nach bhfuil rioscaí suntasacha ann don chomhshaol. |
|
✓ |
nach bhfuil aon athrú substaintiúil ann, mar a shainítear in Airteagal 8 beartaithe. |
|
✓ |
nach bhfuil aon fhadhb shuntasach ann don chomhshaol áitiúil ar fadhb í a gcuireann an eagraíocht leo. |
Is féidir leis an gcomhlacht inniúil diúltú don iarraidh ar mhaolú má bhreithníonn sé nár comhlíonadh na coinníollacha. Mar sin féin, ní mór údar cuí a thabhairt leis an diúltú sin.
Braitheann fad an fhíorúcháin sheachtraigh ar an gcineál fíorúcháin (féach Tábla 8 thíos), agus ar mhéid agus ar ábharthacht chomhshaoil na heagraíochta. Agus minicíocht an fhíorúcháin á cinneadh, ní mór don fhíoraitheoir comhshaoil na rialacha maidir le creidiúnú a chur san áireamh.
Déantar idirdhealú i Rialachán EMAS idir fíoruithe le linn:
|
✓ |
an chéad chlárúcháin i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5 de Rialachán EMAS. |
|
✓ |
clárú a athnuachan (gach 3 nó 4 bliana tar éis an chéad chlárúcháin) i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán EMAS; agus |
|
✓ |
an idirthréimhse idir an chéad chlárú agus athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán EMAS. |
In éineacht leis na trí chineál fíoruithe a dtugtar tuairisc orthu thuas, i gcás na n-athruithe substaintiúla dá dtagraítear in Airteagal 8(3), d’fhéadfadh gá a bheith le haon doiciméad nua nó modhnaithe a bhaineann le modhnuithe ar an athbhreithniú comhshaoil tosaigh, ar an mbeart comhshaoil, an clár comhshaoil nó an córas bainistíochta comhshaoil a fhíorú agus a bhailíochtú, chomh maith le haon athbhreithniú nó nuashonrú gaolmhar ar an ráiteas iomlán ar an gcomhshaol.
|
Athruithe substaintiúla Eagraíocht a dhéanann athruithe ar a oibriú, struchtúr, riarachán, próiseas, gníomhaíochtaí, táirgí nó seirbhísí, ní mór di tionchar na n-athruithe sin ar an gcomhshaol a chur san áireamh, toisc go bhféadfaidís sin difear a dhéanamh do bhailíocht chlárú EMAS. Féadfar glacadh le mionathruithe, ach beidh athbhreithniú, beartas, clár, córas bainistíochta agus ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol de dhíth i gcás athruithe substaintiúla. Ní mór gach doiciméad nuashonraithe a fhíorú agus a bhailíochtú laistigh de 6 mhí. Tar éis an bhailíochtaithe, ní mór don eagraíocht na hathruithe a chur faoi bhráid an chomhlachta inniúil, agus Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán á húsáid aici. Mar shampla, féadfar féachaint ar leathnú acmhainneacht táirgeachta eagraíochta mar athrú suntasach. Mar sin féin, má tá sé bainteach le gnéithe agus tionchair nua ar an gcomhshaol, agus má thagann athrú ar ábharthacht agus ar thábhacht na ngnéithe agus na dtionchar ar an gcomhshaol, ansin is féidir é a mheas de ghnáth mar athrú suntasach. |
Ní mór na hathruithe sin a fhíorú agus a bhailíochtú laistigh de 6 mhí ó tharlaíonn siad.
D’fhéadfadh difear a bheith ag baint le raon feidhme an mheasúnaithe ó fhíorú amháin go chéile, i dtéarmaí suíomhanna agus i dtéarmaí eilimintí den chóras bainistíochta. Cuirtear na bunriachtanais le haghaidh raon feidhme an fhíorúcháin i láthair sa tábla thíos, i gcomhréir le hAirteagal 18(5), (6) agus (7).
Tábla 9
Minicíocht an fhíoraithe a cheanglaítear faoi Rialachán EMAS
|
An chéad chlárú a fhíorú i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5 de Rialachán EMAS |
An idirthréimhse idir an chéad chlárú agus athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán EMAS |
Athnuachan a chlárú (gach 3 bliana tar éis an chéad chlárúcháin nó gach 4 bliana i gcás FBManna i gcás inar iarr siad amhlaidh) i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán EMAS |
||||||||
|
go bhfuil córas bainistíochta comhshaoil ann atá i ngníomh go hiomlán, i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán EMAS |
|
go bhfuil córas bainistíochta comhshaoil ann atá i ngníomh go hiomlán, i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán EMAS |
||||||||
|
go ndearnadh iniúchtaí inmheánacha i gcomhréir le hIarscríbhinn III ina gcumhdaítear:
|
clár iniúchta pleanáilte agus é i ngníomh go hiomlán, agus timthriall iniúchta amháin ar a laghad tugtha chun críche i gcomhréir le hIarscríbhinn III. |
||||||||
|
gur tugadh an t-athbhreithniú bainistíochta dá dtagraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II chun críche |
|
gur tugadh an t-athbhreithniú bainistíochta dá dtagraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II chun críche |
||||||||
|
|
comhlíonadh leanúnach na gceanglas dlí is infheidhme maidir leis an gcomhshaol agus feabhas leanúnach ar a feidhmíocht chomhshaoil |
|
||||||||
|
gur ullmhaíodh ráiteas ar an gcomhshaol i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus go ndearnadh doiciméid tagartha earnála a chur san áireamh, i gcás ina raibh siad ar fáil |
ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus go ndearnadh doiciméid tagartha earnála a chur san áireamh, i gcás ina raibh siad ar fáil |
ráiteas ar an gcomhshaol i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus go ndearnadh doiciméid tagartha earnála a chur san áireamh, i gcás ina raibh siad ar fáil. |
|
Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil, tar éis gach fíoraithe, sé d’oibleagáid ar an bhfíoraitheoir comhshaoil an dearbhú sínithe dá dtagraítear in Airteagal 25(9) agus Iarscríbhinn VII a eisiúint. Ach an dearbhú sin a shíniú, deimhníonn an fíoraitheoir comhshaoil ‘nach bhfuil aon fhianaise ann ar neamhchomhlíontacht na gceanglas dlíthiúil atá infheidhme maidir leis an gcomhshaol’. |
Faoi choinníollacha áirithe, is féidir nós imeachta samplála a úsáid chun eagraíochtaí áirithe ag a bhfuil roinnt mhaith láithreán a fhíorú. Sa chás seo, laistigh den timthriall 3 nó 4 bliana, ní gá d’fhíoraitheoirí cuairt a thabhairt ach ar rogha láithreán ar láithreáin iad atá ionadaíoch ar ghníomhaíochtaí na heagraíochta agus lena bhfuiltear in ann measúnú iontaofa a dhéanamh leo ar fheidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán na heagraíochta agus ar a mhéid atá ceanglais Rialachán EMAS á gcomhlíonadh aici.
7.2. Modh samplála
7.2.1. Ceanglais maidir le hiarratas ar nós imeachta samplála chun measúnú a dhéanamh ar eagraíochtaí ag a bhfuil roinnt mhaith láithreán
Ní chuirtear cosc ar eagraíochtaí nuair a úsáideann siad nós imeachta samplála úsáid a bhaint as clárú corparáideach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(29) de Rialachán EMAS le haghaidh na láithreán féin.
I gcás eagraíochtaí ag a bhfuil roinnt mhaith láithreán, d’fhéadfadh cur chuige samplála a bheith iomchuí ionas gur féidir an iarracht fhíorúcháin a choigeartú gan an bonn a bhaint den mhuinín i gcomhlíontacht dhlíthiúil agus cur chun feidhme iomlán an chórais bainistíochta, lena mbítear in ann feabhas leanúnach a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil a bheidh le baint amach ag gach láithreán a chumhdaítear le clárú EMAS. I dtéarmaí clárúcháin, bheadh clárú roinnt láithreán i gceist leis sin.
Chun measúnú a dhéanamh ar eagraíochtaí ag a bhfuil roinnt láithreán, ar iarraidh ón eagraíocht is féidir leis an bhfíoraitheoir comhshaoil aontú modh samplála a úsáid i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa chaibidil seo.
7.2.2. Critéir incháilitheachta chun an modh samplálaa chur i bhfeidhm.
I gcás eagraíocht il-láithreáin, ní féidir modh samplála a úsáid ach amháin do ghrúpaí ag a bhfuil láithreáin chomhchosúla.
Cinntear comhchosúlacht láithreán i gcomhréir leis na critéir seo a leanas agus ar cheart iad a chomhlíonadh go carnach: suíomh laistigh den Bhallstát céanna (65); an cineál céanna gníomhaíochtaí; na nósanna imeachta céanna; an stádas dlíthiúil céanna; ceanglais dlí chomhchosúla; gnéithe comhshaoil comhchosúla agus tionchair chomhchosúla ar an gcomhshaol; tábhacht chomhchosúil leis na tionchair ar an gcomhshaol; agus nósanna imeachta bainistíochta comhshaoil agus rialaithe comhchosúla.
Sainítear grúpaí láithreán comhchosúil ar iarraidh ón eagraíocht agus le comhaontú comhpháirteach an fhíoraitheora comhshaoil agus an údaráis inniúil i gcomhréir leis na nósanna imeachta ar a dtugtar tuairisc thíos. Ní mór na grúpaí sin a léiriú in iniúchtaí comhshaoil inmheánacha agus san athbhreithniú bainistíochta, agus na láithreáin uile laistigh de na grúpaí atá luaite sa ráiteas ar an gcomhshaol agus sa chlár.
Tá na láithreáin uile a chumhdaítear le clárú EMAS faoi rialú, údarás agus maoirseacht dhíreach na heagraíochta.
Tá an córas bainistíochta comhshaoil á rialú agus á bhainistiú go lárnach agus tá sé faoi réir an athbhreithnithe bainistíochta. Tá na láithreáin uile atá le cumhdach ag clárú EMAS faoi réir iniúchta comhshaoil na heagraíochta. Áirítear na láithreáin uile faoi raon feidhme chlár iniúchta inmheánaigh comhshaoil na heagraíochta.
Ní mór don eagraíocht a húdarás agus a cumas a léiriú freisin maidir le hathruithe eagraíochtúla a thosú ag na láithreáin uile a chumhdaítear le clárú EMAS d’fhonn a cuspóirí comhshaoil a bhaint amach. Ní mór don eagraíocht léiriú a thabhairt freisin ar a cumas sonraí as na láithreáin uile a bhailiú agus a anailísiú, lena n-áirítear an ceanncheathrú.
7.2.3. Ceanglais don eagraíocht is iarratasóir
Soláthraíonn an eagraíocht tuairisc shoiléir gan débhrí don fhíoraitheoir comhshaoil ar a comhthéacs agus achoimre dá cuid gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí, chomh maith lena caidreamh le haon mháthair-eagraíocht nó fochuideachta nó eagraíochtaí nó fochuideachtaí cleamhnaithe, i gcás inarb infheidhme. Ba cheart a áireamh leis sin:
|
✓ |
na grúpaí láithreán, lena n-áirítear an nós imeachta grúpála. |
|
✓ |
aon láithreán a d’fhéadfaí a eisiamh ón nós imeachta samplála agus na cúiseanna atá leis an srian sin. |
|
✓ |
tuairisc ar ghnéithe uile suntasacha comhshaoil na heagraíochta, idir ghnéithe díreacha agus ghnéithe indíreacha, as a leanann tionchair shuntasacha ar an gcomhshaol don eagraíocht. Ba cheart míniú a áireamh leis sin den chaoi a mbaineann na tionchair leis na gnéithe suntasacha díreacha agus indíreacha, agus ba cheart dó na gnéithe suntasacha comhshaoil atá bainteach leis na láithreán lena mbeidh feidhm ag an nós imeachta samplála a shainaithint. |
|
✓ |
na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis na gnéithe comhshaoil sin. |
|
✓ |
beartas comhshaoil na heagraíochta agus tuairisc ghearr ar chóras bainistíochta comhshaoil na heagraíochta, lena n-áirítear na cuspóirí agus na spriocanna atá aici maidir leis na gnéithe suntasacha comhshaoil agus leis na tionchair ar an gcomhshaol. Mura bhfuil córas bainistíochta comhshaoil ag an eagraíocht go fóill, ba cheart tuairisc a thabhairt ar an gcóras atá beartaithe agus ar a phríomhchuspóirí. |
|
✓ |
tagairt do na príomhrialacháin chomhshaoil is infheidhme. |
|
✓ |
an liosta láithreán a bheidh faoi réir nós imeachta samplála. |
Moltar go dtabharfadh an eagraíocht fógra do na comhlachtaí inniúla agus do na comhlachtaí creidiúnúcháin agus ceadúnúcháin ag céim luath den chlárú pleanáilte ag il-láithreán chun a áirithiú nach ann d’aon bhacainn a d’fhéadfadh bac a chur ar an tionscadal il-láithreáin.
7.2.4. Critéir chun láithreáin a eisiamh ón nós imeachta samplála
D’fhéadfadh sé nach gcuirfí an modh samplála i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:
|
✓ |
i gcás láithreáin nó eagraíochtaí ar deonaíodh dreasachtaí ábhartha agus simplíochtaí riaracháin dóibh faoi réir an cheanglais go ndéanfaí measúnú orthu ar bhealach difriúil. |
|
✓ |
i gcás láithreáin ina n-eisiatar go sainráite modh samplála leis an dlí náisiúnta. |
|
✓ |
i gcás láithreáin i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad; |
|
✓ |
i gcás láithreáin a chruthaíonn riosca, mar ghné dá ngnéithe suntasacha comhshaoil, maidir le timpiste chomhshaoil a d’fhéadfadh fadhb chomhshaoil áitiúil a chruthú. |
|
✓ |
i gcás láithreáin atá faoi réir reachtaíochta ar shubstaintí ar ábhar mór imní iad (66); |
|
✓ |
i gcás láithreáin atá faoi réir reachtaíochta bainistíochta dramhaíola guaisí, ach amháin táirgeoirí dramhaíola guaisí i gcainníochtaí beaga atá faoi réir díolúintí náisiúnta agus/nó réigiúnacha. |
|
✓ |
láithreáin faoi réir Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (67) (An Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha). |
|
✓ |
i gcás láithreáin atá faoi réir Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (68) (Treoir Seveso). |
7.2.5. Treoirlínte maidir le nós imeachta samplála a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar eagraíochtaí il-láithreáin
Ní mór don eagraíocht an raon feidhme atá beartaithe don mhodh samplála a leagan amach go soiléir (an líon láithreán, liosta de na láithreáin uile a chumhdaítear le tuairisc ghearr ar a gcuid gníomhaíochtaí, tásc maidir leis na láithreáin a eisiatar ón nós imeachta samplála etc.) i gcomhréir leis na ceanglais a liostaítear thuas.
Na láithreáin atá beartaithe ag an eagraíocht lena gcuimsiú sa phróiseas samplála, ní mór dóibh a bheith aicmithe i ngrúpa amháin nó níos mó de láithreáin chomhchosúla. Ní mór a áirithiú le méid na cosúlachta idir grúpa láithreán go bhfuil an measúnú ar shampla láithreán thar a bheith ionadaíoch ar an ngrúpa iomlán. Na láithreáin uile nach gcuimsítear i ngrúpa i ngeall ar an éagsúlacht eatarthu, eisiatar iad ón nós imeachta samplála agus ní mór measúnú a dhéanamh orthu go haonarach.
7.2.6. An nós imeachta chun an modh samplála le haghaidh eagraíochtaí il-láithreáin a chur i bhfeidhm
Cé go bhféadfadh an eagraíocht sampláil a mholadh, is faoin bhfíoraitheoir é a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil sé iomchuí. Dá réir sin, mar ullmhúchán don chomhaontú leis an eagraíocht, ní mór don fhíoraitheoir a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an eagraíocht incháilithe le haghaidh samplála, cé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais maidir lena cur i bhfeidhm á gcomhlíonadh, agus cé acu ba cheart nó nár cheart aon eisiamh a bheith ann ó shampláil.
Ní mór do thaifid an fhíoraitheora a thaispeáint cén chaoi ar thángthas ar na conclúidí sin agus ní mór na taifid sin a chur ar fáil do na comhlachtaí creidiúnúcháin agus ceadúnúcháin i gcomhair athbhreithnithe le linn maoirseachta. Ba cheart a áireamh leis sin comhaontú an fhíoraitheora leis an raon feidhme molta, na sainmhínithe maidir le cineál gach grúpa láithreán, agus (dréacht) phlean fíorúcháin nach mór tuairisc a chuimsiú ann ar an modheolaíocht agus na critéir a úsáideadh chun na grúpaí láithreán a shainiú, an modh a úsáidfear chun na láithreáin a roghnú (le haghaidh na gcodanna randamacha agus neamhrandamacha araon) agus uainiú an fhíorúcháin. Ní mór a chuimsiú freisin sa phlean fíorúcháin sin príomhghníomhaíochtaí agus próisis gach grúpa láithreán, na gnéithe suntasacha comhshaoil a bhaineann le gach grúpa láithreán, agus meastachán maidir le leibhéal riosca na dtimpistí comhshaoil a bhaineann leis na gnéithe sin.
Ní mór don fhíoraitheoir comhshaoil meastóireacht a dhéanamh freisin ar thrédhearcacht ghrúpáil na láithreán comhchosúil agus tionchar na grúpála sin ar a bhfuil sa ráiteas ar an gcomhshaol agus ar fheidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán na heagraíochta. Ní mór torthaí na meastóireachta sin a dhoiciméadú i dtuarascáil an fhíoraitheora.
Ach a mbeidh an raon feidhme molta comhaontaithe ag an bhfíoraitheoir comhshaoil (lena n-áirítear cur chuige samplála), sainaithneoidh sé saintréithe gach grúpa láithreán agus ullmhóidh sé plean fíorúcháin ina dtabharfaidh sé tuairisc ar an bpróiseas agus na critéir maidir lena sainaithint, an próiseas maidir leis na láithreáin a roghnú (le haghaidh na gcodanna randamacha agus neamhrandamacha), agus uainiú an fhíorúcháin. Áirítear leis an bplean fíorúcháin freisin príomhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta gach grúpa láithreán, na gnéithe suntasacha comhshaoil atá bainteach le gach grúpa, agus measúnú ar an riosca maidir le timpistí comhshaoil a bhaineann leis na gnéithe sin.
Ba cheart don fhíoraitheoir comhshaoil meastóireacht a dhéanamh ar an leibhéal riosca atá bainteach le cineál na ngníomhaíochtaí agus na bpróiseas arna ndéanamh ag gach láithreán atá áirithe i raon feidhme na samplála. Féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh freisin teorainn a chur leis an nós imeachta samplála mura mbeidh roghnú samplach láithreán oiriúnach chun dearbhú leordhóthanach a sholáthar a mhéid a bhaineann le héifeachtacht an chórais bainistíochta, i ngeall ar fhíorais shonracha. Ní mór don fhíoraitheoir comhshaoil na teorainneacha sin a shainiú i ndáil le:
|
✓ |
dálaí comhshaoil nó gnéithe ábhartha eile a bhaineann leis an gcomhthéacs eagraíochtúil. |
|
✓ |
difríochtaí maidir le cur chun feidhme an chórais bainistíochta ar an láthair, agus gnéithe sonracha na láithreán aonair á gcur san áireamh. |
|
✓ |
a mhéid a chomhlíonann an eagraíocht na rialacha (e.g., taifid gníomhaireachta forfheidhmithe, an líon gearán, measúnú ar ghníomhartha ceartaitheacha). |
Ba cheart don fhíoraitheoir na cúiseanna sonracha a dhoiciméadú ansin, ar cúiseanna iad a chuireann teorainn le chomh hoiriúnach atá sé don eagraíocht cur chuige samplála a úsáid.
I gcás ina n-úsáidtear cur chuige samplála, ní mór é sin a áireamh san fhógra mar a cheanglaítear le hAirteagail 23 agus 24. 4 seachtaine ar a laghad roimh an bhfíorú, tugann an fíoraitheoir comhshaoil fógra don chomhlacht creidiúnúcháin agus ceadúnúcháin agus don chomhlacht inniúil maidir le liosta de láithreáin uile eagraíochta atá sceidealaithe chun tabhairt faoin nós imeachta samplála, agus maidir leis na láithreáin uile atá faoi réir fíorúcháin ar leithligh.
Ní mór do chomhlachtaí inniúla nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm acu chun srian a chur ar shampláil den sórt sin i gcás ina bhfuil an tsampláil láithreáin míchuí i dtéarmaí muinín leordhóthanach a ghnóthú maidir le héifeachtacht an chórais bainistíochta a bhfuil iniúchadh le déanamh air.
Féadfaidh an comhlacht creidiúnúcháin agus ceadúnúcháin agus an comhlacht inniúil le haghaidh an chlárúcháin il-láithreáin úsáid a bhaint freisin as an bhfianaise ábhartha a fuarthas, mar shampla trí thuarascáil i scríbhinn ón údarás forfheidhmithe inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 13(2)(c) de Rialachán EMAS, chun a áirithiú nach ann d’aon fhianaise ar shárú ar cheanglais dlí is infheidhme maidir leis an gcomhshaol.
Sa chlár EMAS, féadfaidh na comhlachtaí inniúla a thabhairt le fios, ar leibhéal na heagraíochta, cé na láithreáin atá faoi réir nós imeachta samplála il-láithreáin.
Ina gcruinnithe bliantúla, féadfaidh na comhlachtaí inniúla tuairisc a thabhairt ar an úsáid a baineadh as an modh samplála ina dtíortha féin agus an ghné sin a áireamh ina gcleachtaí athbhreithnithe piaraí tráthrialta.
7.2.7. Roghnú agus ríomh an tsampla
Ní mór na samplaí a roghnú ionas go n-áiritheofar go mbeidh léargas ionadaíoch agus cuimsitheach ag an bhfíoraitheoir ar fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta agus ionas go mbeidh sé in ann iontaofacht na sonraí agus na cuntasachta áitiúla a sheiceáil.
Ba cheart dea-chleachtas maidir le roghnú na dteicnící samplála a úsáid agus ba cheart d’fhíoraitheoirí na tosca seo a leanas a chur san áireamh le linn dóibh na láithreáin a bheidh le háireamh sa chlár fíorúcháin a roghnú:
|
✓ |
an beartas agus an clár comhshaoil. |
|
✓ |
castacht an chórais bainistíochta comhshaoil, tábhacht na |
|
✓ |
díreacha agus neamhdhíreacha agus na dtionchar ar an gcomhshaol agus an idirghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann le timpeallachtaí leochaileacha. |
|
✓ |
tuairimí páirtithe leasmhara (gearáin, leas an phobail i láithreán). |
|
✓ |
leathadh fhoireann na heagraíochta ar fud na láithreán. |
|
✓ |
stair na bhfadhbanna comhshaoil, i gcaitheamh na 3 bliana roimhe sin ar a laghad. |
|
✓ |
torthaí ó fhíoruithe roimhe sin agus iniúchtaí inmheánacha. |
Ní mór láithreán a fhíorú go haonarach sna cásanna a leanas:
|
✓ |
má aithníodh go bhfuil méid, scála agus cineál a ghníomhaíochtaí/oibríochtaí ag an láithreán difriúil leo siúd i láithreáin eile de chuid na heagraíochta céanna. |
|
✓ |
má taispeánadh leis na hiniúchtaí inmheánacha agus leis an athbhreithniú bainistíochta go bhfuil gá le gníomh ceartaitheach nach ndearnadh. |
|
✓ |
má tharla athruithe substaintiúla ar an gcóras bainistíochta comhshaoil nó ar oibríochtaí ag an láithreán ó rinneadh an fíorú deiridh. |
Mar shampla, níor cheart don cheanncheathrú a bheith mar chuid den sampla ach ba cheart í a fhíorú ar leithligh le linn gach timthriallta.
An nós imeachta samplála chun láithreáin a roghnú le haghaidh measúnú ar an láthair laistigh de gach grúpa láithreán, ní mór dó na ceanglais ar a dtugtar tuairisc thíos a chomhlíonadh.
|
✓ |
Tógtar sampla ionadaíoch as gach grúpa láithreán inchomparáide. |
|
✓ |
Cruthaítear cuid den sampla ar bhonn roghnaitheach, i gcomhréir leis na tosca a mhínítear thíos, agus cuid eile de ar bhonn neamhroghnaitheach (go randamach), rud a chruthaíonn sampla ionadaíoch de láithreáin dhifriúla. |
|
✓ |
Laistigh de gach grúpa, ní mór don sampla láithreán a bheith 50 % ar a laghad (slánaithe go dtí an slánuimhir is gaire) randamach (neamhroghnaitheach). Ní mór don fhíoraitheoir comhshaoil an nós imeachta maidir leis an roghnú randamach-bhunaithe sin a dhoiciméadú. |
|
✓ |
Ní mór don nós imeachta le haghaidh na coda samplála roghnaithí atá fágtha bheith i gcomhréir leis na forálacha thíos. |
Ní mór a áirithiú, maidir le gach fíorú nua, go bhfuil láithreáin grúpa ar a ndéantar sampláil difriúil uathu siúd a sampláladh sa ghrúpa céanna le linn fíoruithe roimhe sin. Ag an gcéad fhíorú agus i ngach timthriall fíorúcháin ina dhiaidh sin, ní mór an ceanncheathrú a áireamh sa chlár fíorúcháin. Féadfar a chur san áireamh san fhíorú torthaí an iniúchta inmheánaigh chun rioscaí a shainaithint, ar cheart é a dhéanamh, mar riail ghinearálta, ar gach ceann de láithreáin na heagraíochta.
Déantar an líon íosta láithreán ba cheart a áireamh sa sampla a thógtar as gach grúpa láithreán a ríomh ar bhonn na foirmle seo a leanas.
|
|
||||||||||||||||||||||||
|
Sampla den ríomh samplach le haghaidh eagraíocht il-láithreáin Le haghaidh cuideachta a oibríonn san earnáil miondíola éadaí ag a bhfuil 504 láthair:
|
||||||||||||||||||||||||
|
|
Maidir le clárú tosaigh agus athnuachan EMAS, is ionann an uimhir sin agus fréamh cearnach an líon láithreán atá áirithe i ngach grúpa agus slánaithe go dtí an slánuimhir is gaire (e.g., le haghaidh grúpa 100 láithreán: √100 = 10).
Ní mór don fhíoraitheoir comhshaoil taifid mhionsonraithe a choimeád de gach nós imeachta samplála a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh eagraíochtaí il-láithreáin, agus údar á thabhairt maidir leis na nós imeachta agus na paraiméadair/critéir a úsáideadh, agus ag léiriú gur cuireadh an nós imeachta samplála i bhfeidhm i gcomhréir leis an doiciméad seo.
7.2.8. Nós imeachta i gcás ina n-imítear ón ngnáthnós imeachta
Ba cheart do na heagraíochtaí an riosca go gcaillfear an clárú coiteann le haghaidh na láithreáin uile a bhreithniú i gcás ina sáraítear ceanglais rialála ag díreach láithreán amháin. Agus riosca den sórt sin á chur san áireamh, féadfaidh eagraíochtaí na suíomhanna sonracha sin a chlárú freisin go haonarach.
Má shainaithnítear cásanna de neamhchomhlíonadh nó neamhchomhlíontacht le linn an mheasúnaithe ar eagraíocht il-láithreáin inar úsáideadh cur chuige samplála, ní mór don fhíoraitheoir leanúint ar aghaidh mar a leanas.
|
✓ |
Déanfar imscrúdú ar a mhéid atá an neamhchomhlíonadh nó an neamhchomhlíontacht bainteach go sonrach le láithreán nó cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh láithreáin eile a bheith i gceist freisin. |
|
✓ |
Ceanglaítear ar an eagraíocht na láithreáin uile a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh a shainaithint, na gníomhartha ceartaitheacha is gá a dhéanamh ag na láithreáin sin, agus an córas bainistíochta a choigeartú má tá amhras ann go bhféadfaí tabhairt le fios leis an neamhchomhlíonadh nó leis an neamhchomhlíontacht gur ann d’easnamh sa chóras bainistíochta foriomlán a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do láithreáin eile freisin. I gcás neamhchomhlíonadh nó neamhchomhlíontacht nach féidir a leigheas trí ghníomh ceartaitheach tráthúil, níor cheart don fhíoraitheoir ráiteas na heagraíochta ar an gcomhshaol a bhailíochtú. I gcás athnuachana, ní mór dó fógra a thabhairt don chomhlacht inniúil nár bailíochtaíodh an ráiteas ar an gcomhshaol. Féadfaidh an comhlacht inniúil a chinneadh gur cheart clárú na heagraíochta nó an láithreáin a chur ar fionraí nó a bhaint ón gclár EMAS. Ní féidir díreach an láithreán a chur ar fionraí nó a bhaint i gcás ina bhfuarthas gur tharla an neamhchomhlíonadh bunaidh ón gclár EMAS. |
|
✓ |
Beidh fianaise ar na bearta sin de dhíth agus fíoróidh an fíoraitheoir comhshaoil a n-éifeachtacht, agus leathnóidh sé an sampla chun láithreáin bhreise a áireamh a luaithe agus a bheidh bearta feabhais i bhfeidhm. |
|
✓ |
Ní dhéantar an ráiteas ar an gcomhshaol a bhailíochtú agus an dearbhú maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII den Rialachán a shíniú ach amháin go dtí go mbeidh fianaise shásúil faighte go gcomhlíonann na láithreáin uile ceanglais Rialachán EMAS agus na ceanglais dlí uile a bhaineann leis an gcomhshaol. |
7.2.9. An doiciméadacht a chuirfear san áireamh sa ráiteas ar an gcomhshaol ina dtabharfar údar le méid an tsampla agus leis an nós imeachta samplála.
Eagraíochtaí atá cláraithe faoi EMAS dár chuir an fíoraitheoir comhshaoil scéim samplála/fíorúcháin i bhfeidhm ina leith i gcomhréir leis an roinn seo den Treoir Úsáideora, ba cheart dóibh an scéim samplála sin a dhoiciméadú ina ráiteas ar an gcomhshaol. Ba cheart údar (gairid) a thabhairt sa ráiteas ar an gcomhshaol leis an nós imeachta maidir le láithreáin a ghrúpáil agus méid an tsampla. Liostaítear na láithreáin uile sa ráiteas ar an gcomhshaol agus déantar idirdhealú soiléir ann idir láithreáin ar tugadh cuairt orthu agus láithreáin nár tugadh cuairt orthu.
7.3. Tuarascáil an fhíoraitheora comhshaoil
Tar éis an fhíorúcháin ar an láthair, ní mór don fhíoraitheoir comhshaoil tuarascáil i scríbhinn a ullmhú maidir leis na torthaí i gcomhréir le hAirteagal 25(6) agus (7) de Rialachán EMAS, leis an ábhar seo a leanas.
|
✓ |
Na fíorais uile atá ábhartha d’obair an fhíoraitheora comhshaoil. |
|
✓ |
Tuairisc ar a mhéid atá ceanglais uile EMAS á gcomhlíonadh, lena n-áirítear fianaise, torthaí agus conclúidí; ba cheart tagairt a dhéanamh sa tuarascáil go háirithe don fhianaise a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh dlíthiúil (tuarascálacha tomhais, anailísí nó rud comhchosúil). Ní mór an bunús leis an measúnú ar cheanglais Airteagal 7 maidir le díolúine a thabhairt le fios sa tuarascáil freisin. |
|
✓ |
Comparáid idir feidhmíocht chomhshaoil agus spriocanna comhshaoil agus ráitis roimhe seo ar an gcomhshaol, agus meastóireacht ar fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta agus feabhas leanúnach ar fheidhmíocht chomhshaoil; ba cheart deiseanna sonracha i gcomhair feabhais a shainaithint sa tuarascáil mar chuid den mheastóireacht ar fheidhmíocht chomhshaoil. |
|
✓ |
I gcás inarb infheidhme, na heasnaimh theicniúla ar thángthas orthu le linn an athbhreithnithe comhshaoil nó an iniúchta ar an gcóras bainistíochta comhshaoil agus ar phróisis ábhartha eile. |
|
✓ |
I gcás nach gcomhlíontar na forálacha, faisnéis bhreise maidir le torthaí agus conclúidí gaolmhara agus na fíorais ar a bhfuil torthaí agus conclúidí den sórt sin bunaithe. |
|
✓ |
Agóidí in aghaidh an dréachtráitis ar an gcomhshaol nó an ráitis nuashonraithe ar an gcomhshaol, agus mionsonraí maidir le haon athrú nó ábhar breise ba cheart a dhéanamh ar an ráiteas ar an gcomhshaol nó an ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol. |
Ba cheart an tuarascáil a ullmhú in idirphlé leis an eagraíocht ionas gur féidir aon cheist oscailte a fhreagairt go tapa. Ar an mbealach sin, is féidir aghaidh a thabhairt cheana féin ar bhacainní ar bhailíochtú sa chruinniú deiridh agus iad a thaifeadadh i scríbhinn i bhfoirm claontaí.
I gcás ina measann an fíoraitheoir nach gcomhlíontar ceanglais aonair go leordhóthanach, is féidir le hionadaí ardbhainistíochta comhshaoil na heagraíochta na hathruithe is gá a dhéanamh. I gcásanna aonair, d’fhéadfadh an claonadh a bheith chomh tromchúiseach nach mór don fhíoraitheoir comhshaoil an ceartú a fhíorú uair amháin eile ar an láthair. Mar riail, áfach, is leor fianaise infhíoraithe agus ní mór í a chur isteach chuig an bhfíoraitheoir comhshaoil sula ndeimhníonn sé an bailíochtú.
Ní mór an tuarascáil a chur isteach chuig an ionadaí bainistíochta comhshaoil, agus más féidir, chuig an ardbhainistíocht.
7.4. Bailíochtú an ráitis ar an gcomhshaol — Airteagail 6, 7 agus 19 de Rialachán EMAS
Má chinneann an fíoraitheoir comhshaoil gur comhlíonadh ceanglais uile Rialachán EMAS, déanann sé bailíochtú ar an ráiteas ar an gcomhshaol trína shíniú agus deimhníonn sé a ghníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe don eagraíocht.
Ach an ráiteas ar an gcomhshaol a bhailíochtú, deimhníonn an fíoraitheoir comhshaoil:
|
✓ |
go gcomhlíonann an ráiteas ar an gcomhshaol ceanglais uile EMAS. |
|
✓ |
go bhfuil an fhaisnéis agus na sonraí iontaofa agus ceart agus go gcomhlíonann siad rialacháin EMAS; agus |
|
✓ |
nach bhfuil aon fhianaise ar neamhchomhlíontacht leis na rialacháin chomhshaoil is infheidhme. |
Taifeadtar an deimhniú sin i bhfoirm nóta fíorúcháin sa ráiteas ar an gcomhshaol. De rogha air sin, is féidir an dearbhú i gcomhréir le hIarscríbhinn VII (Dearbhú an fhíoraitheora comhshaoil maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe), arna shíniú i gcomhréir le hAirteagal 25(9), is féidir é a chomhtháthú sa ráiteas ar an gcomhshaol.
Gach 3 bliana (leis an díolúine do chuideachtaí beaga gach 4 bliana), ní mór an ráiteas ar an gcomhshaol a athnuachan go hiomlán, in éineacht le clárú EMAS a bheidh le bailíochtú ag an bhfíoraitheoir comhshaoil, agus é a chur isteach chuig an gcomhlacht inniúil. Idir an dá linn, ní mór don chuideachta an ráiteas ar an gcomhshaol a thabhairt cothrom le dáta, agus ní mór don fhíoraitheoir é a bhailíochtú agus a chur ar aghaidh chuig an gcomhlacht inniúil.
Má úsáideann eagraíocht bheag an timthriall 4 bliana le haghaidh bailíochtú, beidh ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol fós le hullmhú aici sna blianta idir eatarthu i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus Airteagal 7 de Rialachán EMAS. Mar sin féin, ní dhéanfaidh an fíoraitheoir athbhreithniú air sin agus cuirtear isteach chuig an gcomhlacht inniúil é gan é a bhailíochtú.
I gcomhréir le hAirteagal 19(2), ní mór don fhíoraitheoir comhshaoil an fhaisnéis nuashonraithe uile sa ráiteas ar an gcomhshaol, nó an ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol, a bhailíochtú ag eatraimh nach faide ná 12 mhí.
Is cleachtas maith é dréacht den ráiteas ar an gcomhshaol a sholáthar don fhíoraitheoir comhshaoil roimh a chuairt.
Céim 8: Clárú i gclár EMAS – Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán EMAS
Tá rialacha ginearálta áirithe maidir le clárú sa Rialachán EMAS. Is féidir leis na Ballstáit iad a oiriúnú dá rialacháin chomhshaoil náisiúnta. A luaithe agus a bheidh an córas bainistíochta comhshaoil curtha chun feidhme agus fíoraithe, agus a bheidh ráiteas EMAS ar an gcomhshaol bailíochtaithe, déanann an eagraíocht iarratas ar an gcomhlacht inniúil ar chlárú EMAS.
8.1. An próiseas clárúcháin — Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán EMAS
Ba cheart d’eagraíochtaí dul i dteagmháil leis na fíoraitheoirí comhshaoil iomchuí le linn chéim na pleanála. Déanfar é sin chun dóthain ama a thabhairt chun na coinní is gá a phleanáil nó chun teacht ar chomhaontú leis an bhfíoraitheoir maidir le raon feidhme an fhíorúcháin, e.g., i dtaca le láithreáin chomhchosúla a fhíorú faoi rud ar a dtugtar an nós imeachta samplála. Faoi Airteagal 4(4) de Rialachán EMAS, bíonn an fhéidearthacht ag eagraíochtaí faisnéis a iarraidh ón bhfíoraitheoir comhshaoil.
Úsáideann EMAS aicmiú an Aontais ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha chun eagraíocht a aicmiú ina hearnáil eacnamaíoch agus chun fíoraitheoirí comhshaoil a chreidiúnú araon. Socraítear é sin i gcomhréir le cód NACE (Ainmníocht Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha). Ní mór do réimse creidiúnúcháin na bhfíoraitheoirí comhshaoil a bheith ag freagairt dá bhrí sin d’earnáil eacnamaíoch na heagraíochta. I gcás ina mbíonn amhras maidir le haicmiú ceart na heagraíochta faoin gcód NACE ceart, tá an comhlacht inniúil nó na comhlachtaí creidiúnúcháin ar fáil chun cuidiú le heagraíochtaí an cód NACE ceart a roghnú.
An comhlacht inniúil freagrach
Cuireann an eagraíocht an t-iarratas ar chlárú i gclár EMAS isteach chuig an gcomhlacht inniúil ar a bhfuil freagracht áitiúil (69).
Tábla 10
Na comhlachtaí atá freagrach as na clárúcháin éagsúla
|
Cás |
Cá háit a dtarlaíonn an clárú? |
||||||
|
Eagraíocht atá suite san Aontas |
Comhlacht inniúil atá ainmnithe go hoifigiúil ag an mBallstát ina bhfuil an eagraíocht suite. |
||||||
|
Eagraíocht ag a bhfuil il-láithreáin i mBallstát amháin |
Comhlacht inniúil atá ainmnithe ag an mBallstát. |
||||||
|
Clárú eagraíochtaí ag a bhfuil il-láithreáin i roinnt Ballstát an Aontais (clárú corparáideach an Aontais) |
I gcás clárú corparáideach an Aontais, is rud cinntitheach é suíomh cheanncheathrú nó lárionad bainistíochta na heagraíochta (san ord tosaíochta sin) i dtéarmaí an príomhchomhlacht inniúil a chinneadh. |
||||||
|
Clárú eagraíochtaí ag a bhfuil láithreán amháin nó roinnt láithreán i dtríú tíortha (clárú tríú tír) |
Má chinneann Ballstát foráil a dhéanamh maidir le clárú tríú tír, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialachán EMAS, beidh an clárú sa Bhallstát sonrach sin, sa chleachtas, ag brath ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe a bheith ar fáil. Ba cheart an fíoraitheoir féideartha a chreidiúnú sa Bhallstát sonrach ina soláthraítear clárú tríú tír, don tríú tír shonrach sin agus don earnáil shonrach eacnamaíoch / do na hearnálacha sonracha eacnamaíocha lena mbaineann (arna chinneadh ar bhonn chóid NACE). |
||||||
|
Clárú eagraíochta ag a bhfuil roinnt láithreán i mBallstáit agus i dtríú tíortha (clárú domhanda) |
Bunaítear an Ballstát ina mbeidh an comhlacht inniúil atá freagrach as an nós imeachta seo suite ar bhonn coinníollacha san ord tosaíochta seo a leanas:
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: I gcás ina bhfuil níos mó ná Ballstát amháin cumhdaithe ag an iarratas, ní mór an nós imeachta comhordúcháin idir na comhlachtaí inniúla, mar a leagtar síos i Roinn 3.2 den Treoir maidir le clárú corparáideach, tríú tír agus domhanda an Aontais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009, a leanúint. Gníomhóidh an comhlacht inniúil sin ansin mar phríomhchomhlacht inniúil. |
||||||
|
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: A mhéid a bhaineann le clárú, d’fhéadfadh difear a bheith idir na struchtúir ábhartha i mBallstáit. De ghnáth, tá comhlacht inniúil amháin i ngach Ballstát; mar sin féin, bunaítear comhlachtaí inniúla difriúla ar leibhéal réigiúnach i roinnt Ballstát. |
|||||||
8.1.1. Na doiciméid a éilítear le haghaidh chlárú EMAS.
Ní mór na doiciméid seo a leanas a chur isteach chuig an gclárlann:
|
✓ |
ráiteas bailíochtaithe EMAS ar an gcomhshaol (leagan leictreonach nó priontáilte). |
|
✓ |
an dearbhú arna shíniú ag an bhfíoraitheoir comhshaoil ag deimhniú go ndearnadh an fíorú agus an bailíochtú i gcomhréir leis an Rialachán (Iarscríbhinn VII den Rialachán). |
|
✓ |
an fhoirm iarratais chomhlánaithe i dteanga oifigiúil an Bhallstáit inar mian leis an eagraíocht a bheith cláraithe (Iarscríbhinn VI den Rialachán) chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear in Iarscríbhinn VI, Uimh. 2. |
|
✓ |
fianaise ar íocaíocht na dtáillí atá dlite, más infheidhme. |
8.1.2. Clárú
Seiceálann an comhlacht inniúil na doiciméid a cuireadh isteach go bhfeicfidh sé cé acu atá nó nach bhfuil siad comhlánaithe agus i gceart agus cinneann sé, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil, cé acu atá nó nach bhfuil an eagraíocht ag comhlíonadh ceanglais uile Rialachán EMAS.
Coinníollacha atá le comhlíonadh roimh an bpróiseas clárúcháin EMAS nó lena linn:
|
1) |
Fíorú agus bailíochtú arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán. |
|
2) |
An fhoirm iarratais comhlánaithe ina hiomláine agus na doiciméid tacaíochta uile in ord. |
|
3) |
An comhlacht inniúil sásta leis an bhfianaise ábhartha nach bhfuil aon fhianaise ar shárú ar na ceanglais dlí a bhaineann leis an gcomhshaol. D’áireofaí ar fhianaise ábhartha oiriúnach tuarascáil i scríbhinn ón údarás forfheidhmithe ag tabhairt le fios nár aimsíodh sárú den sórt sin. |
|
4) |
Ní bheidh aon ghearán ábhartha ó pháirtithe leasmhara; nó réitíodh go sásúil na gearáin. |
|
5) |
Beidh an comhlacht inniúil sásta, ar bhonn na fianaise a fuarthas, go gcomhlíonann an eagraíocht ceanglais uile an Rialacháin. |
|
6) |
I gcás inarb infheidhme, fuair an comhlacht inniúil an táille a iarradh. |
Cuirtear bainistíocht chomhshaoil na heagraíochta in aithne dá bhrí sin do na húdaráis agus cuireann ar a chumas tairbhiú, mar shampla, de phribhléidí féideartha EMAS ina Ballstát féin. Mura dtugann na húdaráis forfheidhmithe freagairt dhiúltach laistigh de thréimhse shonraithe agus mura mbíonn aon ghearán ó pháirtithe leasmhara, nó má réitíodh aon ghearán go sásúil, sanntar uimhir chláraithe don eagraíocht agus cuirtear tús leis an bpróiseas clárúcháin.
A luaithe agus a chuirtear an eagraíocht i gclár EMAS náisiúnta agus Eorpach (70), is féidir léi lógó EMAS a úsáid leis an uimhir chláraithe chomhfhreagrach chun críocha margaíochta (e.g., ar a suíomh gréasáin, ar chinn litreacha nó sa ráiteas ar an gcomhshaol), ach ní ar tháirgí nó ar a bpacáistiú, ná chun míthuiscint le lipéid táirgí comhshaoil a sheachaint. Féadfaidh eagraíochtaí EMAS an ráiteas ar an gcomhshaol a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin féin laistigh de 1 mhí amháin ón gclárú nó athnuachan a gclárúcháin (71) agus an nasc sin a roinnt leis an gcomhlacht inniúil go tráthúil. Áirithítear leis sin go mbeidh rochtain ar an ráiteas ar an gcomhshaol atá ann faoi láthair trí chlár EMAS.
Soláthraíonn comhlachtaí inniúla na mBallstát difriúil faisnéis maidir lena gclárúcháin náisiúnta faoi seach ach iad a iarraidh nó trína gcuid suíomhanna gréasáin.
8.1.3. Fad an phróisis clárúcháin
Meastar gur dea-chleachtas do chomhlacht inniúil é an cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir le clárú EMAS eagraíochta laistigh de 3 mhí ó dhéantar iarratas rathúil. Ní féidir údar a thabhairt ach i gcásanna eisceachtúla ina dtógann sé níos faide cinneadh críochnaitheach a dhéanamh, e.g., clárúcháin chorparáideacha chasta lena mbíonn baint ag roinnt comhlachtaí inniúla san Aontas.
8.1.4. Clárú EMAS a chur ar fionraí nó a scriosadh
Tarlaíonn sé sin sna cásanna seo a leanas:
|
✓ |
i gcás ina bhfuil cúiseanna ag comhlacht inniúil a chreidiúint nach gcomhlíonann eagraíocht an Rialachán. |
|
✓ |
i gcás ina bhfaigheann comhlacht inniúil tuarascáil mhaoirseachta i scríbhinn ón gcomhlacht creidiúnúcháin nó ón gcomhlacht ceadúnúcháin, ar tuarascáil í ina soláthraítear fianaise á rá nach ndearna an fíoraitheoir comhshaoil dualgais i gcomhréir le forálacha an Rialacháin. |
|
✓ |
i gcás ina dteipeann ar eagraíocht aon cheann de na doiciméid seo a leanas a chur isteach chuig an gcomhlacht inniúil laistigh de 2 mhí ó cheanglaítear air déanamh amhlaidh: ráiteas bailíochtaithe ar an gcomhshaol; ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol nó dearbhú maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe arna shíniú ag an bhfíoraitheoir (Iarscríbhinn VII); an fhoirm iarratais (Iarscríbhinn VI). |
|
✓ |
cuirtear comhlacht inniúil ar an eolas maidir le sárú ar cheanglais dlí comhshaoil trí thuarascáil i scríbhinn ón údarás forfheidhmithe. |
Ní féidir leis an gcomhlacht inniúil an fhionraíocht a aisiompú ach amháin má fhaigheann sé faisnéis leordhóthanach go bhfuil an eagraíocht i gcomhréir leis an Rialachán.
Ní shonraítear fad na fionraíochta i Rialachán EMAS agus is é an comhlacht inniúil nó an Ballstát lena mbaineann a shonróidh é dá bhrí sin. Mar sin féin, níor cheart don fhad a bheith níos faide ná 12 mhí.
Fíor 21
Príomhghníomhairí agus córas rialachais EMAS
8.1.5 Feabhas leanúnach ar fheidhmíocht chomhshaoil le EMAS
Is próiseas leanúnach é EMAS agus ní thagann deireadh leis nuair a chláraítear eagraíocht i gclár EMAS nó nuair a athnuaitear an clárú.
Leantar den timthriall bainistíochta gan uaim. Leanann eagraíochtaí orthu: ag forbairt an chláir comhshaoil; ag sainaithint réimsí ionchais i gcomhair feabhais; ag déanamh iniúchtaí nua comhshaoil de réir mar a tharlaíonn athruithe; ag cur fostaithe faoi oiliúint ar bhonn leanúnach; ag cur iniúchtaí oibríochtúla inmheánacha i gcrích; agus ag tabhairt an ráitis ar an gcomhshaol cothrom le dáta. I mbeagán focal, fanann gach rud mar atá, déantar é a dhoiciméadú ar bhonn leanúnach, agus as sin tagann feabhas leanúnach ar fheidhmíocht chomhshaoil.
Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go socródh eagraíochtaí a gcuspóirí agus a spriocanna comhshaoil tosaigh agus go nglacfaidís tuairim fhadtéarmach ar féidir feabhas a chur uirthi le linn timthriallta bailíochtaithe.
Ag céim áirithe, is féidir leibhéal a bhaint amach i dtéarmaí na dtionchar comhshaoil i gcás nach leanann ach feabhsúcháin bheaga as bearta lena n-éilítear iarracht mhór. Ní thagann deireadh le bainistíocht chomhshaoil ag an bpointe sin áfach. Is é is sprioc don bhainistíocht chomhshaoil gníomhú i gcónaí i dtéarmaí inbhuanaitheachta agus éifeachtúlachta acmhainne. Má tá cumas feabhsúcháin príomhghné comhshaoil ídithe den chuid is mó, is féidir deis a chruthú leis sin tabhairt faoi réimse nua, e.g., gnéithe comhshaoil neamhdhíreacha a shainaithint agus a bhainistiú, amhail astaíochtaí Raon Feidhme 3 faoin bPrótacal Gáis Ceaptha Teasa, nó an t-ailíniú inbhuanaithe ar an slabhra soláthair. Is féidir le barúil chomhthéacsúil inspioráid agus spreagadh a thabhairt anseo, mar a dhéanann idirphlé gníomhach le páirtithe leasmhara eile freisin.
Is féidir taithí agus nuálaíochtaí a thabhairt ar aghaidh chuig dreamanna eile ionas gur féidir leosan freisin feabhsuithe comhshaoil a thionscnamh. Ar an gcaoi chéanna, is féidir go leor eolais a fháil ó eagraíochtaí eile ar eolas é is féidir a aistriú chun eagraíocht an duine féin. Ba cheart d’eagraíochtaí buntáiste a bhaint as deiseanna den sórt sin. I roinnt Ballstát, tá institiúidí nó pointí teagmhála comhfhreagracha ann cheana féin ar féidir le duine iompú orthu. Is fiú trácht anseo ar na haireachtaí comhshaoil ábhartha agus comhlachtaí inniúla na mBallstát, chomh maith le clubanna EMAS go náisiúnta agus go réigiúnach.
8.2 Úsáid lógó EMAS – Airteagal 10 de Rialachán EMAS
Tá an lógó EMAS oiriúnach go háirithe chun feasacht chomhshaoil eagraíochta a chur in iúl don saol mór. Chun feasacht phoiblí maidir le EMAS a mhéadú, spreagtar a eagraíochtaí chun úsáid fhorleathan a bhaint as an lógó. Níl ach an lógó oifigiúil amháin bailí. Ní mór uimhir chláraithe na heagraíochta a thaispeáint i gcónaí ar an lógó, mura n-úsáidtear é le haghaidh gníomhaíochtaí lena gcuirtear an scéim EMAS chun cinn agus lena ndéantar margaíocht uirthi. Ba cheart don lógó a bheith le feiceáil ar an ráiteas ar an gcomhshaol más féidir é.
Fíor 22
Lógó EMAS
8.2.1. Cé atá in ann an lógó a úsáid?
Is eagraíochtaí EMAS cláraithe amháin a fhéadfaidh an lógó EMAS a úsáid leis an uimhir chláraithe agus ní fhéadfaidh siad é a úsáid ach fad atá a gclárú bailí. Chun na saintréithe dá seasann an lógó a léiriú ar bhealach inchreidte, ní mór d’eagraíochtaí atá cláraithe faoi EMAS aird a bheith acu ar an méid seo a leanas.
|
✓ |
Ní mór caidreamh soiléir a bheith ann idir an lógó agus an eagraíocht. Sainaithnítear an eagraíocht EMAS go soiléir leis an uimhir chláraithe. Ní mór an lógó EMAS a úsáid i gcónaí dá bhrí sin leis an uimhir chláraithe. |
|
✓ |
Féadfar an lógó EMAS a thaispeáint ar fhaisnéis chomhshaoil a bheidh foilsithe má fíoraíodh an fhaisnéis sin. |
Má thagraíonn an fhaisnéis don ráiteas is déanaí nó don ráiteas nuashonraithe is déanaí ón eagraíocht ar an gcomhshaol agus má bhailíochtaigh an fíoraitheoir comhshaoil an fhaisnéis, féadfar an lógó EMAS a thaispeáint uirthi (féach Airteagal 10(5)). Áirítear leis sin, mar shampla, sleachta ón ráiteas ar an gcomhshaol nó dearbhuithe maidir le táirgí comhshaoil.
Is éard é eisceacht úsáid ‘geallsealbhóirí’ chun críocha margaíochta agus cur chun cinn i dtaobh EMAS (féach Airteagal 35(2)). Is iad na ‘geallsealbhóirí’ sin na comhlachtaí inniúla agus na comhlachtaí creidiúnúcháin agus ceadúnúcháin. Áireofar leis sin freisin áfach íomhánna den lógó i dtuairiscí meán (nuachtán, idirlíon etc.), áiseanna teagaisc (leabhair thagartha agus téacsleabhair) agus úsáidí eile a fhreastalaíonn ar chaidreamh poiblí EMAS. Sna cásanna sin, ní mór é a bheith le feiceáil go soiléir gur fógraíocht agus faisnéis EMAS atá i gceist leis sin. Níor cheart an tuairim a chruthú go bhfuil an ‘fógróir’ féin cláraithe faoi EMAS, i gcás nach amhlaidh atá an cás.
Níl clárú eagraíochtaí EMAS bailí ach amháin i gcás an láithreáin nó na láithreán atá áirithe san fhíorú a dhéanann an fíoraitheoir comhshaoil agus atá ainmnithe ar an deimhniú clárúcháin. Ní féidir le láithreáin ghaolmhara eile nach bhfuil cláraithe an lógó a úsáid.
8.2.2 Cé a dhámhann an lógó?
Is iad na comhlachtaí inniúla atá freagrach as an uimhir chláraithe agus an lógó EMAS a shannadh. In éineacht le deimhnithe clárúcháin EMAS, féadfaidh na comhlachtaí inniúla an lógó a sholáthar freisin le huimhir chláraithe mar chomhad grafaice. Ní mór an lógó EMAS a chruthú trí bhíthin ghineadóir lógó an Choimisiúin Eorpaigh (72). Féadfaidh eagraíochtaí EMAS a bhfuil roinnt láithreán cláraithe nó aonad eagraíochtúil acu fógraíocht a dhéanamh le lógó coiteann.
Tá eagraíochtaí ag baint níos mó úsáide as an rogha maidir le clárú corparáideach nó clárú il-láithreáin. Sa chás sin, tarlaíonn an clárú ag suíomh lárnach, de ghnáth ag suíomh na ceanncheathrún corparáidí. Bainistítear na láithreáin aonair uile ar a ndéantar measúnú faoi uimhir chláraithe choiteann. I gcás clárú corparáideach, tá an rogha sin ar fáil freisin thar theorainneacha náisiúnta.
|
Samplaí den úsáid cheart a bhaintear as lógónna |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
8.2.3. Teorainneacha maidir le húsáid an lógó
Ní úsáidfear an lógó (Airteagal 10(4) de Rialachán EMAS):
|
✓ |
ar tháirgí nó ar a bpacáistiú, ná fiú ar phacáistíocht sheachtrach agus ar phacáistíocht iompair. |
|
✓ |
i dtaca le comparáidí le gníomhaíochtaí agus seirbhísí eile. |
|
✓ |
ar bhealach as a bhféadfadh míthuiscint leanúint taobh le lipéid ar tháirgí comhshaoil. |
Is dámhachtain é lógó EMAS as feidhmíocht chomhshaoil eagraíochtúil agus oibríochtúil, ní as táirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Ní mór, dá bhrí sin, an baol go mbeidh míthuiscint ann le héicilipéid táirgí a sheachaint. Mar an gcéanna, ní cheadaítear le héicilipéad táirge, amhail Éicilipéad AE aon ráiteas a dhéanamh maidir le cosaint chomhshaoil oibríochtúil na cuideachta. Ní féidir an gealltanas EMAS a léiriú ach i bhfoirm téacs amháin ar tháirgí. Tá an eagraíocht freagrach as an úsáid cheart a bhaint as an lógó. Tá ceanglais Rialachán EMAS ceangailteach go díreach ar an úsáideoir lógó aonair. Ní mór mí-úsáid a dhéanann damáiste do EMAS agus dá hinchreidteacht dá réir sin a dhíspreagadh. Is féidir pionós a ghearradh ar úsáid neamhdhleathach an lógó i gcomhréir leis an reachtaíocht arna leagan síos ag Ballstáit maidir le cur chun feidhme Rialachán EMAS. Ní mór don fhíoraitheoir comhshaoil a sheiceáil go gcomhlíonann na rialacháin maidir le húsáid lógó EMAS Airteagal 10 agus Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán EMAS.
|
Samplaí den chaoi nár cheart an lógó a úsáid. |
||||||||||||
|
I gcás ina bhfuil sé beartaithe go leanfaidh sochair airgeadais as úsáid neamhúdaraithe an lógó, féadfaidh ionchúiseamh coiriúil tarlú.
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32009R1221.
(2) Togra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, https://environment.ec.europa.eu/publications/proposal-revision-industrial-emissions-directive_en Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52022PC0156R%2802%29.
(3) Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2013/34/AE, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021PC0189.
(4) Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52022PC0071.
(5) Is léiriú ar thuairimí an Choimisiúin Eorpaigh é ábhar an Treoirleabhair d’Úsáideoirí seo, lena n-áirítear na samplaí a thugtar ann, agus níl sé ceangailteach ó thaobh dlí de dá bharr sin. Is ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh atá an tsainphribhléid i ndáil le léirmhíniú ceangailteach ar reachtaíocht an Aontais.
(6) Chun liosta níos iomláine de chásanna faoisimh rialála a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta a fheiceáil, féach suíomh gréasáin EMAS https://green-business.ec.europa.eu/publications/annex-ii-compendium-regulatory-relief-measures_en
(7) Staidéar ar Chostais agus Buntáistí EMAS d’Eagraíochtaí Cláraithe, https://green-business.ec.europa.eu/system/files/2022-12/EMAS%20-%20Study%20on%20the%20Costs%20and%20Benefits%20of%20EMAS%20to%20Registered%20Organisations.pdf.
(8) Coimre de Chur Chun Cinn EMAS agus Tacaíocht Bheartais i mBallstáit https://green-business.ec.europa.eu/system/files/2022-12/EMAS%20-%20promotion%20and%20policy%20support%20in%20member%20states.pdf.
(9) De réir airteagal 7 de Rialachán EMAS, tairbhíonn FBManna d’fhíoruithe nach ndéantar chomh minic sin agus atá simplithe faoi mhodh Éasca EMAS.
(10) Tá liosta a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta de na costais a bhaineann le clárú faoi EMAS le fáil ar shuíomh gréasáin EMAS https://green-business.ec.europa.eu/system/files/2023-07/EMAS%20registration%20costs.pdf
(11) Bosca uirlisí EMAS ‘éasca’ d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, https://green-business.ec.europa.eu/publications/emas-easy_en
(12) idem
(13) Ní coincheap ar féidir sainmhíniú gan debhrí a thabhairt air é ‘aeráidneodracht’ eintitis nach eintitis stáit iad (lena n-áirítear eagraíochtaí agus cuideachtaí). Tá obair ar bun faoi láthair i bpíosaí éagsúla de reachtaíocht an Aontais ar rialacha níos beaichte le haghaidh maíomh maidir le gníomhú ar son na haeráide, e.g. i ndáil leis an ról atá ag fritháirimh laistigh agus lasmuigh den slabhra luacha dílis vs laghduithe riachtanacha ar gháis ceaptha teasa i slabhraí luacha dílse an eintitis. Go dtí go mbunófar sainmhíniú soiléir, moltar a bheith cúramach i ndáil le ‘aeráidneodracht’ a mhaíomh, ar fhaitíos go mbeadh gá leis sin a athbhreithniú sa todhchaí.
(14) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02010L0075-20110106
(15) Teimpléad do na teicnící is fearr atá ar fáil, leathanach 16 https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/inline-files/Standard_text_%28AFTER_FORUM_13%29.pdf
(16) Is eagraíocht idirnáisiúnta neamhspleách um chaighdeáin é an Tionscnamh Domhanda um Thuairisciú (ar a dtugtar GRI) a chuidíonn le gnólachtaí, rialtais, agus eagraíochtaí eile an tionchar a bhíonn acu ar shaincheisteanna amhail an t-athrú aeráide, cearta an duine agus éilliú a thuiscint agus a chur in iúl.https://www.globalreporting.org/
(17) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32022L2464
(18) Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52022PC0071
(19) Forbhreathnú ar chomhlachtaí inniúla Bhallstáit uile an Aontais: https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/helpdeskcontact_en#competent-bodies.
(20) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2286 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2017 maidir le haitheantas a thabhairt do cheanglais chóras bainistíochta comhshaoil Eco-Lighthouse a bheith ag comhlíonadh ceanglais chomhfhreagracha na scéime um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32017D2286.
(21) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1533 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2023 maidir le haitheantas a thabhairt do cheanglais chóras bainistíochta comhshaoil Ecoprofit mar cheanglais a chomhlíonann ceanglais chomhfhreagracha na scéime um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=OJ%3AJOL_2023_186_R_0005&qid=1690264664508
(22) Tá coimre d’fhaoiseamh rialála a thugtar do chuideachtaí atá cláraithe faoi EMAS agus a thugtar cothrom le dáta le fáil ar shuíomh gréasáin EMAS https://green-business.ec.europa.eu/publications/annex-ii-compendium-regulatory-relief-measures_en
(23) Tá Uirlisí, Teimpléid agus Treoirlínte EMAS uile le fáil ar shuíomh gréasáin EMAS https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/emas-resources/emas-tools_en
(24) Tá teagmhálaithe na gComhlachtaí Inniúla uile i ngach Ballstát le fáil ar shuíomh gréasáin EMAS https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/helpdeskcontact_en#competent-bodies
(25) https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/emas-resources/emas-publications/emas-publications-studies_en
(26) https://clubemas.cat/forms/peticio_eines_viver_emas
(27) Bayerische EMAS -Kompass, https://www.umweltpakt.bayern.de/emaskompass/
(28) Liosta fíoraitheoirí comhshaoil EMAS, https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/helpdeskcontact_en#competent-bodies
(29) Clár EMAS, https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/about-emas/statistics-and-graphs-0_en#paragraph_1123
(30) Liosta de chomhlachtaí inniúla EMAS, https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/helpdeskcontact_en#competent-bodies
(31) CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN an 7 Nollaig 2011 maidir le treoir ar chlárú corparáideach an Aontais, clárú tríú tír agus clárú domhanda faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) https://eurlex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2011:330:0025:0038:EN:PDF
(32) Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02009R1221-20230712).
(33) Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02009R1221-20230712).
(34) Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02009R1221-20230712).
(35) Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02009R1221-20230712).
(36) Cinneadh ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2011 maidir le treoir ar chlárú corparáideach an Aontais, clárú tríú tír agus domhanda faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32011D0832.
(37) Is féidir Doiciméid Tagartha Earnála a fháil ar leathanach gréasáin Foilseacháin EMAS https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/emas-resources/emas-publications_en
(38) idem
(39) Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52022PC0071.
(40) Lámhleabhar ar Dhícheall Cuí Comhshaoil i Slabhraí Soláthair Mianraí, https://www.oecd-ilibrary.org/finance-and-investment/handbook-on-environmental-due-diligence-in-mineral-supply-chains_cef843bf-en .
(41) Féach leathanach Uirlisí shuíomh gréasáin EMAS https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/emas-resources/emas-tools_en
(42) Féach suíomh gréasáin EMAS, leathanach uirlisí https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/emas-resources/emas-tools_en.
(43) Féach suíomh gréasáin EMAS, leathanach uirlisí https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/emas-resources/emas-tools_en.
(44) Tá tuilleadh treoraíocht ar fhorbairt critéar comhshaoil agus ar fhorbairt critéar a bhaineann leis an aeráid le fáil sa Mholadh ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair, 2001, Iarscríbhinn III - Treoraíocht chun gnéithe comhshaoil a shainaithint agus chun a dtábhacht a mheasúnú https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/c58095f7-fc2e-4864-b8bf-cb7f7e5d7e17/language-en/format-RDF.
(45) Féach Céim 11 de Threoir ‘éasca’ EMAS https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/emas-resources/emas-tools_en
(46) Tagann sainmhíniú na bainistíochta comhshaoil ó Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32009R1221.
(47) Is féidir na ceanglais iomlána maidir le rannpháirtíocht fostaithe le haghaidh EMAS a fháil in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 agus Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún.
(48) Féach Airteagal 10 agus Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán EMAS.
(49) Pointe 8.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún.
(50) Modh amháin a d’fhéadfaí a úsáid don anailís ar an mbunchúis ná ‘Modh na gcúig chúis (nó 5 chúis)’ ar teicníc ceistiúcháin atriallach é a úsáidtear chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaidreamh cúise agus éifeachta is bonn le fadhb ar leith.
(51) I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán EMAS, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02009R1221-20230712
(52) I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán EMAS, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02009R1221-20230712
(53) Cás-staidéar, An ráiteas ar an gcomhshaol a scríobh agus a scaipeadh, https://green-business.ec.europa.eu/publications/emas-case-study-writing-and-disseminating-environmental-statement-sscs_en
(54) Clár EMAS, https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/about-emas/statistics-and-graphs-0_en#paragraph_1123
(55) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02008L0098-20180705
(56) Cinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2000 a thagann in ionad Chinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:02000D0532-20150601
(57) idem
(58) Chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil féach EMAS agus An Bhithéagsúlacht, Conas aghaidh a thabhairt ar chosaint na bithéagsúlachta trí chórais bainistíochta comhshaoil, https://ec.europa.eu/environment/emas/pdf/other/EMAS_Biodiversity_Guidelines_2016.pdf
(59) Leathnaíodh na táscairí bithéagsúlachta in athbhreithnithe 2017 agus 2019 ar Rialachán EMAS. Féach na leasuithe mínithe file:///C:/Users/lupaemi/Downloads/emas%20amendment%2020172019-KH0221977ENN.pdf
(60) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?toc=OJ%3AL%3A2022%3A322%3ATOC&uri=uriserv%3AOJ.L_.2022.322.01.0015.01.ENG
(61) Airteagal 8 de Rialachán EMAS https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32009R1221
(62) Mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Sannann údaráis fhreagracha na cóid NACE do chuideachtaí.
(63) I roinnt cásanna sonracha agus doiciméadaithe d’fhéadfaí roinnt teorainneacha ar réimsí oibriúcháin a bheartú ar choinníoll nach mbíonn tionchar mór acu ar an iniúchadh fíorúcháin agus nach mbaineann siad le cion mór den réimse iomlán. Ba cheart don fhíoraitheoir a áirithiú go gcuirtear an Comhlacht Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin agus an Comhlacht Inniúil ar an eolas maidir le teorainneacha den sórt sin agus ba cheart dó a chur san áireamh gur féidir an t-iniúchadh a chur i gcrích i ndálaí den sórt sin ar bhonn ad hoc.
(64) Airteagal 6 de Rialachán EMAS, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32009R1221
(65) An t-aon eisceacht a d’fhéadfaí a bhreithniú do na critéir ‘suíomh laistigh den Bhallstát céanna’ ná áitreabh Aireachtaí gnóthaí eachtracha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta atá suite lasmuigh den Bhallstát tionscnaimh ach atá á mbainistiú agus á rialú go hiomlán ag an gceanncheathrú, amhail misin nó ionadaíochtaí oifigí taidhleoireachta.
(66) Mar a shainmhínítear sa Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos le haghaidh táirgí inbhuanaithe https://environment.ec.europa.eu/system/files/2022-03/COM_2022_142_1_EN_ACT_part1_v6.pdf
(67) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(68) Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthimpiste lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).
(69) https://ec.europa.eu/environment/emas/emas_contacts/competent_bodies_en.htm
(70) Clár EMAS, https://green-business.ec.europa.eu/eco-management-and-audit-scheme-emas/about-emas/statistics-and-graphs-0_en#paragraph_1123
(71) Airteagal 6(3) de Rialachán EMAS
(72) https://ec.europa.eu/environment/emas/join_emas/logo_generator_en.htm
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2463/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)