Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2440

Cinneadh (AE) 2023/2440 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cainníocht iomlán na lamháltas ar fud an Aontais atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aerárthaigh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais le haghaidh 2024

C/2023/7164

IO L, 2023/2440, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2440/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2024: This act has been changed. Current consolidated version: 18/07/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2440/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2440

31.10.2023

CINNEADH (AE) 2023/2440 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Deireadh Fómhair 2023

maidir le cainníocht iomlán na lamháltas ar fud an Aontais atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aerárthaigh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais le haghaidh 2024

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 3c(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 3c de Threoir 2003/87/CE, leagtar síos an mhodheolaíocht ríofa le haghaidh chainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh ar oibreoirí aerárthaigh le haghaidh na bliana 2024 le haghaidh eitiltí laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus a imíonn chuig an Eilvéis agus chuig an Ríocht Aontaithe, lena bhforlíontar méid 1 386 051 745 lamháltas arna gcinneadh i gCinneadh (AE) 2023/1575 ón gCoimisiún (2).

(2)

Le Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh Treoir 2003/87/CE chun cainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aerárthaigh le haghaidh na bliana 2024 a bhunú ar leithdháileadh iomlán na lamháltas i leith oibreoirí aerárthaigh a bhí i mbun gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE sa bhliain 2023, arna laghdú faoin bhfachtóir líneach laghdaithe dá dtagraítear in Airteagal 9 den Treoir sin. Mar chéad chéim, chinn an Coimisiún cainníocht iomlán na lamháltas i leith oibreoirí aerárthaigh a bhí i mbun gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE sa bhliain 2023, arb é atá ann leithdháileadh saor in aisce 85 % agus líon ceantála 15 %. Níor cuireadh oibreoirí aerárthaigh a eisiadh an 1 Meán Fómhair 2023 le haghaidh na bliana 2023 san áireamh, ós rud é nach raibh aon ghníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE in 2023 ag na hoibreoirí sin. I gcomhréir le hAirteagal 3c(7) de Threoir 2003/87/CE, tá an méid le méadú faoi leibhéil na leithdháiltí i leith eitiltí nach gcumhdaítear le CTA AE ach ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, rud a bhaineann le heitiltí idir aeradróm atá lonnaithe i réigiún is forimeallaí de Bhallstát agus aeradróm atá lonnaithe i mBallstát eile, agus a laghdú de réir leibhéal an leithdháilte i leith eitiltí nach gcumhdaítear le CTA AE ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh a thuilleadh, rud a bhaineann le heitiltí laistigh den réigiún is forimeallaí céanna. Is éard atá sa mhéid sin 30 259 690 lamháltas.

(3)

Le Treoir (AE) 2023/958 leasaíodh Treoir 2003/87/CE chun an fachtóir líneach laghdaithe a mhéadú ó 2,2 % go 4,3 % le haghaidh na mblianta 2024 go 2027, agus chun fachtóir líneach laghdaithe 4,4 % a chur i bhfeidhm ó 2028 ar aghaidh. Chun an laghdú 4,3 % a chur i bhfeidhm in 2024, i gcomparáid le leibhéil 2023, rinneadh an fachtóir líneach laghdaithe a ríomh bunaithe ar an leithdháileadh sa bhliain 2020, agus is é atá ann 1 393 112 lamháltas le haghaidh gach ceann de na blianta 2024 go 2026. Is é an toradh atá ar chur i bhfeidhm an fhachtóra línigh laghdaithe sin 28 866 578 lamháltas le haghaidh na bliana 2024.

(4)

Chun go ndéanfar an leithdháileadh saor in aisce i leith oibreoirí aerárthaigh i gcomhréir le hAirteagal 3d(1) de Threoir 2003/87/CE a ríomh, ceanglaítear ar an gCoimisiún le hAirteagal 3c(5) den Treoir sin méid an leithdháilte saor in aisce a fhoilsiú freisin a bheadh ann in 2024 faoi na rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce atá i bhfeidhm roimh na leasuithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2023/958. Is é atá sa mhéid sin 85 % de chainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aerárthaigh nó chun cur le tacaíocht nuálaíochta tríd an gCiste don Nuálaíocht a bunaíodh le hAirteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE.

(5)

Tá feidhm ag cainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aerárthaigh le haghaidh 2024 agus ag an laghdú bliantúil ar na lamháltais atá le heisiúint maidir le Stáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é 28 866 578 cainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aerárthaigh le haghaidh 2024 dá dtagraítear in Airteagal 3c(5) de Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 2

Is é 24 536 591 cainníocht an leithdháilte saor in aisce a bheadh ann in 2024 faoi na rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce a bhí i bhfeidhm roimh na leasuithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2023/958.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(2)  Cinneadh (AE) 2023/1575 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2023 maidir le cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais atá le heisiúint faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais do 2024 (IO L 192, 31.7.2023, lch. 30).

(3)  Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2440/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top