EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2427

Cinneadh (AE) 2023/2427 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992

ST/13618/2023/INIT

IO L, 2023/2427, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2427/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2427/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2427

26.10.2023

CINNEADH (AE) 2023/2427 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 (4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (1) (‘an Comhaontú’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993. Tugadh an Comhaontú i gcrích le haghaidh tréimhse 3 bliana, go dtí an 31 Nollaig 1995.

(2)

De bhun Airteagal 45(2) den Chomhaontú, tugtar de chumhacht don Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta (‘ISC’) a bunaíoadh faoi Airteagal 3 den Chomhaontú„ chun síneadh a chur leis an gComhaontú, trí vóta speisialta, le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha nach rachaidh thar 2 bhliain gach uair. Ó tugadh an Comhaontú i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta ar feadh tréimhsí breise 2 bhliain. Cuireadh an síneadh deireanach leis an gComhaontú le cinneadh ó ISC i mí na Samhna 2021 agus tá sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2023.

(3)

In 2021, d’aontaigh ISC an Comhaontú a leasú agus go háirithe Airteagail 1, 23, 25, 32, 33, agus 34 de. Bhí na leasuithe sin beartaithe lena dteacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024. Le linn a 62ú seisiún, d’aontaigh ISC síneadh a chur leis an tréimhse ina bhféadfadh na Baill a n-ionstraimí ghlactha a bhaineann leis na leasuithe sin, a thaisceadh go dtí an 30 Aibreán 2024 agus cuireadh ar atráth teacht i bhfeidhm na leasaithe sin go dtí an 1 Eanáir 2025. I bhfianaise an méid sin, ní mór síneadh a chur le bailíocht an Chomhaontaithe san fhoclaíocht atá ann faoi láthair.

(4)

Le linn an 63ú seisiún de ISC a thionólfar an 24 Samhain 2023, tá ISC chun cinneadh a ghlacadh maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú san fhoclaíocht atá ann faoi láthair, go dtí an 31 Nollaig 2024.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ISC a bhunú, le linn a 63ú seisiún, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú. Is chun leas an Aontais é síneadh breise a chur leis an gComhaontú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta, le linn a 63ú seisiún, vótáil i bhfabhar síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992, ar feadh tréimhse bhreise 1 bhliain go dtí an 31 Nollaig 2024.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 23 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PLANAS PUCHADES


(1)   IO L 379, 23.12.1992, lch. 16.

(2)  Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle an 13 Samhain 1992 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (IO L 379, 23.12.1992, lch. 15).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2427/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top