Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2423

Cinneadh (CBES) 2023/2423 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2010/573/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive

ST/14098/2023/INIT

IO L, 2023/2423, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2423/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2423/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2423

27.10.2023

CINNEADH (CBES) 2023/2423 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Cinneadh 2010/573/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Meán Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/573/CBES (1).

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2010/573/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024. Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an staid maidir leis na bearta sriantacha tar éis 6 mhí.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/573/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 4 de Chinneadh 2010/573/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024. Déanfar é a choimeád faoi athbhreithniú leanúnach. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.’

.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Cinneadh 2010/573/CFSP ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive (IO L 253, 28.9.2010, lch. 54).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2423/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top