This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2422
Council Decision (CFSP) 2023/2422 of 26 October 2023 amending Decision 2013/184/CFSP concerning restrictive measures in view of the situation in Myanmar/Burma
Cinneadh (CBES) 2023/2422 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma
Cinneadh (CBES) 2023/2422 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma
ST/14157/2023/INIT
IO L, 2023/2422, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2422/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2422 |
27.10.2023 |
CINNEADH (CBES) 2023/2422 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 22 Aibreán 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/184/CBES (1). |
|
(2) |
Maidir le hiontráil 84 i Roinn A. agus iontráil 17 i Roinn‘B. i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES, tá feidhm ag na bearta in Airteagail 5(1) agus 6(1) den Chinneadh sin go dtí an 29 Deireadh Fómhair 2023. |
|
(3) |
Ar bhonn athbhreithniú eatramhach ar Chinneadh 2013/184/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a bhaineann leis an dá iontráil sin go dtí an 30 Aibreán 2024. |
|
(4) |
Bunaithe ar an bhfaisnéis nuashonraithe a fuarthas, ba cheart an dá iontráil sin agus an iontráil do dhuine amháin eile san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES a leasú. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/184/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: ‘Airteagal 12 Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Aibreán 2024. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.’ |
|
(2) |
leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
(1) Cinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma (IO L 111, 23.4.2013, lch. 75).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES (‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5(1) agus 6(1)’) mar a leanas:
|
(1) |
i Roinn ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus Airteagal 6(1)’,. cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 84 agus 93:
|
|
(2) |
i Roinn ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1)’ cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 17:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2422/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)