This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2192
Decision (EU) 2023/2192 of the European Parliament and of the Council of 4 October 2023 on the mobilisation of the European Union Solidarity Fund to provide assistance to Romania and Italy in relation to natural disasters in 2022 and to Türkiye in relation to the earthquakes in February 2023
Cinneadh (AE) 2023/2192 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a chur ar fáil don Rómáin agus don Iodáil i ndáil le tubaistí nádúrtha in 2022 agus don Tuirc i ndáil leis na creathanna talún i mí Feabhra 2023
Cinneadh (AE) 2023/2192 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a chur ar fáil don Rómáin agus don Iodáil i ndáil le tubaistí nádúrtha in 2022 agus don Tuirc i ndáil leis na creathanna talún i mí Feabhra 2023
IO L, 2023/2192, 16.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2192/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2192 |
16.10.2023 |
CINNEADH (AE) 2023/2192 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Deireadh Fómhair 2023
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a chur ar fáil don Rómáin agus don Iodáil i ndáil le tubaistí nádúrtha in 2022 agus don Tuirc i ndáil leis na creathanna talún i mí Feabhra 2023
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (1) agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 10 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha iad nó mór-éigeandáil sláinte poiblí. |
(2) |
Ní fhéadfaidh a bheith sa Chiste níos mó ná na huasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3). |
(3) |
An 6 Meán Fómhair 2022, chuir an Rómáin iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis an triomaigh i samhradh 2022. |
(4) |
An 8 Nollaig 2022, chuir an Iodáil iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na tuile i Réigiún Marche i mí Mheán Fómhair 2022. |
(5) |
An 20 Aibreán 2023, chuir an Tuirc iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na gcreathanna talún i mí Feabhra 2023. |
(6) |
Tá na hiarratais thuasluaite i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002. |
(7) |
Ba cheart dá bhrí sin an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Rómáin, don Iodáil agus don Tuirc. |
(8) |
Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2023, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:
(a) |
soláthrófar EUR 33 895 935 don Rómáin i ndáil leis an triomach i samhradh 2022; |
(b) |
soláthrófar EUR 20 939 095 don Iodáil i ndáil leis an tuile i Réigiún Marche i mí Mheán Fómhair 2022; |
(c) |
soláthrófar EUR 400 000 000 don Tuirc i ndáil leis na creathanna talún i mí Feabhra 2023. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 4 Deireadh Fómhair 2023.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 4 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2192/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)