This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2151
Council Decision (EU) 2023/2151 taken by common accord with the President of the Commission of 9 October 2023 appointing a Member of the European Commission
Cinneadh (AE) 2023/2151 ón gComhairle arna ghlacadh de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin an 9 Deireadh Fómhair 2023 lena gceaptar Comhalta den Choimisiún Eorpach
Cinneadh (AE) 2023/2151 ón gComhairle arna ghlacadh de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin an 9 Deireadh Fómhair 2023 lena gceaptar Comhalta den Choimisiún Eorpach
ST/13154/2023/INIT
IO L, 2023/2151, 10.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2151/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/10/2024
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2151 |
10.10.2023 |
CINNEADH (AE) 2023/2151 ÓN gCOMHAIRLE
arna ghlacadh de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin
an 9 Deireadh Fómhair 2023
lena gceaptar Comhalta den Choimisiún Eorpach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 246 de,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Eorpach Cinneadh (AE) 2019/1989 (2) lena gceaptar an Coimisiún Eorpach don tréimhse go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024. |
|
(2) |
I litir dar dáta an 22 Lúnasa 2023, chuir Ursula VON DER LEYEN, Uachtarán an Choimisiúin, in iúl don Chomhairle go raibh Frans TIMMERMANS tar éis éirí as a phost mar Chomhalta den Choimisiún. |
|
(3) |
I gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 246 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfar folúntas a tharlóidh de bharr éirí as oifig a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an Chomhalta le Comhalta nua den náisiúntacht chéanna. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Comhalta nua den Choimisiún a cheapadh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De chomhthoil le hUrsula VON DER LEYEN, Uachtarán an Choimisiúin, ceapann an Chomhairle Wopke HOEKSTRA mar Chomhalta den Choimisiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige, a leanfaidh go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 9 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Y. DÍAZ PÉREZ
(1) Tuairim an 5 Deireadh Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2019/1989 ón gComhairle Eorpach an 28 Samhain 2019 lena gceaptar an Coimisiún Eorpach (IO L 308, 29.11.2019, lch. 100).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2151/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)