Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2135

Cinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

ST/12001/2023/INIT

IO L, 2023/2135, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 22/04/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2135

11.10.2023

CINNEADH (CBES) 2023/2135 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Deireadh Fómhair 2023

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Bealtaine 2005, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2005/411/CBES (1) lena ndearnadh na bearta arna bhforchur le Comhsheasamh 2004/31/CBES ón gComhairle (2) agus na bearta atá le cur chun feidhme de bhun Rún (UNSCR)1591 (2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhtháthú in aon doiciméad dlíthiúil amháin.

(2)

An 18 Iúil 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/423/CBES (3) lena bhforchuirtear bearta sriantacha i gcoinne na Súdáine agus na Súdáine Theas.

(3)

An 10 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/450/CBES (4) lena ndearnadh bearta sriantacha arna bhforchur le Cinneadh 2011/423/CBES a chomhtháthú in aon doiciméad dlíthiúil amháin, a mhéid a bhain na beartaí sin leis an tSúdáin.

(4)

An 15 Aibreán 2023, d’eisigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ráiteas inar chuir sí in iúl gur cúis mhór imní di na caismirtí míleata idir Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta. D’áitigh comhaltaí na Comhairle Slándála ar na páirtithe deireadh láithreach a chur leis an gcogaíocht agus an tsíocháin a athbhunú, agus d’iarr siad ar na gníomhaithe uile filleadh ar an idirphlé chun an ghéarchéim atá ann faoi láthair sa tSúdáin a réiteach. Chuir comhaltaí na Comhairle Slándála i dtábhacht freisin an tábhacht a bhaineann le rochtain dhaonnúil a choinneáil ar bun.

(5)

An 19 Aibreán 2023, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) ráiteas thar ceann an Aontais maidir leis na forbairtí is déanaí sa tSúdáin inar cháin an tAontas agus a Bhallstáit go láidir an comhrac idir Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta. Tugadh faoi deara sa ráiteas sin gur bhain briseadh amach na cogaíochta an bonn de na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an t-aistriú i dtreo rialtas daonlathach faoi stiúir sibhialtach a athbhunú. D’iarr an tAontas ar na gníomhaithe uile an dlí daonnúil idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus deireadh láithreach a chur leis an gcogaíocht gan réamhchoinníollacha. Ba dhíol sásaimh don Aontas iarrachtaí comhchoiteanna idirghabhála comhordaithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta, lena n–áirítear iarrachtaí na Náisiún Aontaithe, an Aontais Afracaigh, an Údaráis Idir-Rialtasaigh Forbartha agus Léig na Stát Arabach, agus thacaigh an tAontas leis na hiarrachtaí sin.

(6)

An 2 Meitheamh 2023, d’eisigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ráiteas inar chuir sí i dtábhacht an gá atá ann do na páirtithe deireadh láithreach a chur leis an gcogaíocht, rochtain dhaonnúil a éascú agus socrú buan sos comhraic a bhunú agus tús a chur arís leis an bpróiseas chun teacht ar réiteach polaitiúil marthanach, cuimsitheach agus daonlathach sa tSúdáin.

(7)

An 5 Iúil 2023, d’eisigh an tArdionadaí ráiteas thar ceann an Aontais maidir leis na forbairtí is déanaí sa tSúdáin inar cháin an tAontas go géar an troid atá ar siúl faoi láthair agus diúltú leanúnach na bpáirtithe sa choinbhleacht maidir le hiarrachtaí a dhéanamh chun teacht ar réiteach síochánta. D’iarr an tAontas ar na gníomhaithe uile seachadadh na cabhrach daonnúla a cheadú agus a éascú, agus rochtain shábháilte, thráthúil agus gan bhac a chinntiú do na geallsealbhóirí uile atá i mbun oibríochtaí daonnúla. Ba shaoth leis an Aontas an bás agus na sáruithe tromchúiseacha ar an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta. Léirigh an tAontas imní ar leith faoi na tuairiscí ar ionsaithe mórscála ar shibhialtaigh agus ar limistéir shibhialtacha, lena n-áirítear ar bhonn eitneachta, go háirithe in Darfur, agus na tuairiscí uafásacha faoi fhoréigean forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe, maruithe spriocdhírithe, easáitiú éigeantach agus armáil seasta mílístí. D’athdhearbhaigh an tAontas gur gá deireadh láithreach a chur leis an gcogaíocht gan réamhchoinníollacha. Dúirt an tAontas nach mór sos cogaidh marthanach a shocrú gan mhoill. Dúirt an tAontas freisin go leanfaidh sé de bheith i dteagmháil le príomh-chomhpháirtithe, lena n-áirítear pearsana sibhialta agus polaitiúla na Súdáine chomh maith le gníomhaithe na sochaí sibhialta, maidir le filleadh ar chainteanna fiúntacha faoi réiteach inchreidte síochánta ar an gcoinbhleacht bunaithe ar idirphlé cuimsitheach. Dúirt an tAontas freisin go leanfaidh sé de thacaíocht a thabhairt do iarrachtaí comhchoiteanna idirghabhála comhordaithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta faoi cheannaireacht an Aontais Afracaigh agus an Údaráis Idir-rialtasaigh Forbartha chun an tsíocháin a athbhunú mar ábhar práinne agus chun cur leis an gcobhsaíocht agus le hathbhunú an phróisis pholaitiúil.

(8)

Sa ráiteas uaidh an 5 Iúil 2023, chuir an tAontas in iúl freisin go bhfuil sé réidh le breithniú a dhéanamh ar úsáid na modhanna uile atá ar fáil dó, lena n-áirítear bearta sriantacha, chun cuidiú le deireadh a chur leis an gcoinbhleacht agus chun an tsíocháin a spreagadh.

(9)

Agus cineál neamhphionósach bhearta sriantacha an Aontais á mheabhrú aige, tá an tAontas réidh i gcónaí úsáid na n-ionstraimí atá ar fáil dó a chur in oiriúint d’aon fhorbairtí dearfacha ar an staid ar an talamh.

(10)

I bhfianaise thromchúis na staide, is iomchuí creat tiomnaithe de bhearta sriantacha a ghlacadh i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine.

(11)

Cuireann an Chomhairle i dtreis a thábhachtaí atá sé iarmhairtí diúltacha na mbeart sriantach ar an bpobal i gcoitinne agus ar gheilleagar na Súdáine, atá leochaileach cheana féin, a sheachaint.

(12)

Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine seo a leanas:

(a)

daoine nádúrtha atá freagrach as, nó a bhí páirteach go díreach nó go hindíreach as, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí nó do bheartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol, nó a thairbhíonn de na gníomhaíochtaí nó de na beartais sin;

(b)

daoine nádúrtha atá ag cur bac ar iarrachtaí chun an t-aistriú polaitiúil a atosú sa tSúdáin nó atá ag baint an bonn de na hiarrachtaí sin;

(c)

daoine nádúrtha atá ag cur bac ar chabhair dhaonnúil a sheachadadh, a dháileadh sa tSúdáin, nó atá ag cur bac ar rochtain ar an gcabhair sin, lena n-áirítear ionsaithe ar oibrithe sláinte agus daonnúla agus bonneagar daonnúil nó sláinte nó sócmhainní daonnúla nó sláinte a urghabháil nó a scriosadh;

(d)

daoine nádúrtha atá i mbun gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh sa tSúdáin ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine iad nó ar sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta iad, lena n-áirítear marú agus ciorrú, éigniú agus cineálacha tromchúiseacha eile foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe, fuadach agus easáitiú éigeantach;

(e)

daoine nádúrtha a bhfuil baint acu leis na daoine a aimnítear faoi phointí (a) go (d), mar a liostaítear san Iarscríbhinn.

2.   Ní chuirfear de cheangal le mír 1 ar aon Bhallstát teacht isteach chuig a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.

3.   I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar don chás sin, eadhon:

(a)

mar thír óstach ar eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

(b)

mar thír óstach ar chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;

(c)

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d)

faoi Chonradh Idir-Réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

4.   Beidh feidhm ag mír 3 freisin i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstach de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).

5.   Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina ndeonann an Ballstát díolúine de bhun mhíreanna 3 nó 4.

6.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 i gcás ina bhfuil údar leis ar fhorais riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach, lena n-áirítear tacaíocht do chobhsaíocht agus aistriú polaitiúil na Súdáine.

7.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 i gcás ina bhfuil gá le teacht isteach nó le hidirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh.

8.   Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis díolúintí a dheonú dá dtagraítear i mír 6 nó 7 fógra don Chomhairle i scríbhinn ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann Ballstát amháin nó níos mó agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.

9.   I gcás, de bhun mhíreanna 3, 4, 6, 7 agus 8, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha do dhaoine a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú teoranta don chuspóir ar chuige sin a thugtar é don duine lena mbaineann.

Airteagal 2

1.   Maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha ar le, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó ar faoi rialú iad seo a leanas iad:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as, nó bhí páirteach go díreach nó go hindíreach as, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí nó do bheartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol, nó a thairbhíonn de na gníomhaíochtaí nó de na beartais sin;

(b)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag cur bac ar iarrachtaí chun an t-aistriú polaitiúil a atosú nó atá ag baint an bonn de na hiarrachtaí sin sa tSúdáin;

(c)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag cur bac ar chabhair dhaonnúil a sheachadadh, a dháileadh sa tSúdáin, nó atá ag cur bac ar rochtain ar an gcabhair sin, lena n-áirítear ionsaithe ar oibrithe sláinte agus daonnúla agus bonneagar daonnúil nó sláinte nó sócmhainní daonnúla nó sláinte a urghabháil nó a scriosadh,

(d)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá i mbun gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh sa tSúdáin ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine iad nó ar sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta iad, lena n-áirítear marú agus ciorrú, éigniú agus cineálacha tromchúiseacha eile foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe, fuadach agus easáitiú éigeantach;

(e)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leis na daoine a ainmnítear faoi phointí (a) go (d) mar a liostaítear san Iarscríbhinn;

déanfar iad a reo.

2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, ná ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun tairbhe dóibh.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais na ndaoine a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

go bhfuil gá leo le haghaidh costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó poist chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó an phoist chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír sin laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t–eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó tá siad faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun leas duine nádúrtha ná dlítheanach, eintitis ná comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

5.   Ní chuirfear de chosc le mír 1 ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar eintiteas nó ar chomhlacht a liostaítear san Iarscríbhinn, íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a rinneadh, nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn, roimh an dáta a liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin san Iarscríbhinn sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht, go díreach nó go hindíreach.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le breiseanna mar a leanas arna gcur le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta ar tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann;

ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1 fós atá aon ús den sórt sin, tuillimh agus íocaíochtaí eile.

7.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n–áirítear a gcláir, a gcistí agus a n–eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n–eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e)

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f)

sainghníomhaireachtaí na mBallstát; nó

(g)

ostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin.

8.   I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 7, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.

9.   In éagmais cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra i gcomhair tréimhse bhreise ón údarás inniúil laistigh de 5 lá oibre ón dáta a bhfaighfear an iarraidh ar údarú faoi mhír 8, measfar gur deonaíodh an t-údarú.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine ón údarú sin.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), an liosta san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.

2.   Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, trína dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a thíolacadh.

3.   I gcás ina dtíolacfar barúlacha, nó i gcás ina dtíolacfar fianaise shubstaintiúil nua, athbhreithneoidh an Chomhairle na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 4

1.   Áireofar san Iarscríbhinn na forais chun na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a liostú.

2.   Beidh san Iarscríbhinn, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh an méid a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; cláruimhir; agus áit ghnó.

Airteagal 5

1.   Féadfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

2.   Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe agus le ciontuithe coiriúla nó bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní dhéanfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.

3.   Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

Airteagal 6

Ní chomhlíonfar aon éileamh i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n–áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó [éileamh ar] iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú, a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 7

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach sa Chinneadh seo.

Airteagal 8

Chun tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

Airteagal 9

1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 10 Deireadh Fómhair 2024.

Coimeádfar an Cinneadh seo faoi athbhreithniú go leanúnach. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.

2.   Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(7), (8) agus (9) maidir le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta agus ar a laghad gach 12 mhí nó arna iarraidh sin go práinneach ag aon Bhallstát, ag an Ardionadaí, nó ag an gCoimisiún tar éis athrú bunúsach ar na himthosca.

Airteagal 10

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 9 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Y. DÍAZ PÉREZ


(1)  Comhsheasamh 2005/411/CBES ón gComhairle an 30 Bealtaine 2005 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Súdáine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2004/31/CBES (IO L 139, 2.6.2005, lch. 25).

(2)  Comhsheasamh 2004/31/CBES ón gComhairle an 9 Eanáir 2004 a bhaineann le trádbhac ar airm, muinisin agus trealamh míleata a fhorchur ar an tSúdáin (IO L 6, 10.1.2004, lch. 55).

(3)  Cinneadh 2011/423/CBES ón gComhairle an 18 Iúil 2011 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Súdáine agus na Súdáine Theas agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2005/411/CBES (IO L 188, 19.7.2011, lch. 20).

(4)  Cinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle an 10 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/423/CBES (IO L 203, 11.7.2014, lch. 106).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

[…]


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top