Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2099

    Cinneadh (AE) 2023/2099 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2023 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair sibhialta agus coiriúla (an córas e-CODEX) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/6408

    IO L 241, 29.9.2023, p. 144–144 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2099/oj

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 241/144


    CINNEADH (AE) 2023/2099 ÓN gCOIMISIÚN

    an 28 Meán Fómhair 2023

    lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair sibhialta agus coiriúla (an córas e-CODEX)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint do Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4 de,

    Ag féachaint don fhógra a thug Éire gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair sibhialta agus coiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (1), agus gur mian léi a bheith faoi cheangal ag an Rialachán sin,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I litir chuig an gCoimisiún dar dáta an 28 Meitheamh 2023, thug Éire fógra gur mian léi, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal (Uimh. 21), glacadh le Rialachán (AE) 2022/850 agus gur mian léi a bheith faoi cheangal aige.

    (2)

    Ní bhaineann aon choinníoll le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/850 agus níl aon ghá le bearta idirthréimhseacha.

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/850 a dheimhniú.

    (4)

    Chun go bhféadfaidh Éire Rialachán (AE) 2022/850 a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Tá rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/850 deimhnithe.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 150, 1.6.2022, lch. 1.


    Top