Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2094

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2094 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le húdarú don Danmhairg leanúint de bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    ST/12537/2023/INIT

    IO L 241, 29.9.2023, p. 121–122 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2094/oj

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 241/121


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2094 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Meán Fómhair 2023

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le húdarú don Danmhairg leanúint de bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1) di,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 (2) ón gComhairle, údaraíodh an Danmhairg beart speisialta de mhaolú ar Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE chun scéim ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm maidir le húsáid phríobháideach feithiclí earraí éadroma a bhfuil uasmheáchan údaraithe 3 thona acu agus atá cláraithe le haghaidh gnó amháin (‘an beart speisialta’). Tá an beart speisialta le dul in éag an 31 Nollaig 2023.

    (2)

    Trí litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 21 Márta 2023, d’iarr an Danmhairg údarú chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm tar éis an 31 Nollaig 2023.

    (3)

    De bhun Airteagail 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a chuir an Danmhairg isteach chuig na Ballstáit eile le litreacha dar dáta an 3 agus an 4 Bealtaine 2023. Le litir dar dáta an 5 Bealtaine 2023, thug an Coimisiún fógra don Danmhairg go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh sin.

    (4)

    Le cur i bhfeidhm leanúnach an bhirt speisialta ,cheadófaí do dhaoine inchánach a chláraigh feithicil le haghaidh gnó amháin an fheithicil sin a úsáid chun críocha príobháideacha, agus chun méid inchánach an tsoláthair mheasta seirbhísí a ríomh de bhun Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE ar bhonn laethúil ar ráta comhréidh, seachas a gceart a chailleadh an cháin bhreisluacha (CBL) a thabhaítear ar chostas ceannaigh na feithicle sin a asbhaint.

    (5)

    Ba cheart, áfach, an modh ríomha simplithe faoin mbeart speisialta a theorannú do 20 lá úsáide chun críocha príobháideacha do gach bliain féilire.

    (6)

    De réir na faisnéise a chuir an Danmhairg ar fáil ina hiarraidh, níor tháinig aon athrú ar an staid fhíorasach a thug údar maith leis an mbeart speisialta a chur i bhfeidhm. Chuir an Danmhairg tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon lena hiarraidh, ag athbhreithniú na suime comhréidh atá le híoc in aghaidh an lae chun úsáid príobháideach a bhaint asfeithicil atá cláraithe le haghaidh gnó amháin . Sa tuarascáil sin, áitíonn an Danmhairg nach bhfuil aon athrú ar an méid CBL inbhailithe in aghaidh an lae ag DKK 40.

    (7)

    Áitíonn an Danmhairg go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis an mbeart speisialta le blianta beaga anuas agus go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine inchánach a bhain úsáid as. Dearbhaíonn an Danmhairg freisin go bhfuil sé mar aidhm ag an mbeart speisialta simpliú a dhéanamh ar na hoibleagáidí CBL atá ar dhaoine inchánach a bhaineann úsáid príobháideach ócáideach as feithicil a cláraíodh le haghaidh gnó amháin, agus ar an gcaoi sin an nós imeachta chun CBL a bhailiú a shimpliú. Mar sin féin, d’fhéadfadh duine inchánach rogha a dhéanamh feithicil earraí éadroma a chlárú mar fheithicil a úsáidtear chun críocha gnó agus príobháideach araon. Agus é sin á dhéanamh aige, chaillfeadh an duine inchánach an ceart chun an CBL a tabhaíodh ar chostas ceannaigh na feithicle a asbhaint ach ní bheadh air táille laethúil a íoc as aon úsáid chun críocha príobháideach.

    (8)

    Ní bhaineann údarú an bhirt speisialta an ceart iomlán chun an CBL ionchuir a asbhaint ar fheithicil atá cláraithe le haghaidh gnó amháin agus a úsáidtear ó am go ham go príobháideach a bhaint de dhuine inchánach agus tá sé comhsheasmhach leis na rialacha ginearálta maidir le hasbhaint mar a leagtar amach i dTreoir 2006/112/CE.

    (9)

    Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur le cur chun feidhme an bhirt speisialta. Ba cheart teorainn ama a chur leis an síneadh sin ionas go bhféadfaidh an Coimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar oiriúnacht an bhirt speisialta. Ba cheart, dá bhrí sin, go rachadh údarú an bhirt speisialta in éag an 31 Nollaig 2026.

    (10)

    I gcás ina n-iarrfaidh an Danmhairg síneadh breise a chur leis an mbeart speisialta tar éis an 31 Nollaig 2026, ba cheart di tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon lena hiarraidh ar shíneadh faoin 31 Márta 2026.

    (11)

    De réir na faisnéise a chuir an Danmhairg ar fáil ina hiarraidh, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag cur i bhfeidhm an bhirt speisialta ar mhéid foriomlán ioncam cánach a bhailíonn an Danmhairg ag céim an tomhaltais deiridh agus ní dhéanfaidh sé dochar d’acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

    (12)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír agus an tríú mír:

    ‘Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2026.

    Cuirfear aon iarraidh ar síneadh a chur leis an mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2026 agus beidh tuarascáil ag gabháil leis ina mbeidh athbhreithniú ar an mbeart.’.

    Airteagal 2

    Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

    Airteagal 3

    Is chuig Ríocht na Danmhairge a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    F. GRANDE-MARLASKA GÓMEZ


    (1)   IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 ón gComhairle an 19 Márta 2018 lena n-údaraítear an Danmhairg beart speisialta a thabhairt isteach lena maolaítear ó Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 81, 23.3.2018, lch. 13).


    Top