This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2065
Council Decision (CFSP) 2023/2065 of 25 September 2023 amending Decision (CFSP) 2021/710 appointing the European Union Special Representative for the Middle East Peace Process
Cinneadh (CBES) 2023/2065 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/710 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le haghaidh Phróiseas Síochána an Mheánoirthir
Cinneadh (CBES) 2023/2065 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/710 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le haghaidh Phróiseas Síochána an Mheánoirthir
ST/11925/2023/INIT
IO L 238, 27.9.2023, p. 140–140
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 28/02/2025
|
27.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 238/140 |
CINNEADH (CBES) 2023/2065 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/710 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le haghaidh Phróiseas Síochána an Mheánoirthir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 33 agus 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 29 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/710 (1), lena gceaptar Sven KOOPMANS mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le haghaidh Phróiseas Síochána an Mheánoirthir. Tá sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (IASE) le dul in éag an 28 Feabhra 2025. |
|
(2) |
D’fhonn an cuspóir beartais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/710 a bhaint amach, chun oibriú i dtreo síocháin chóir, bhuan agus chuimsitheach ar cheart í a bhaint amach ar bhonn réiteach dhá Stát, agus i bhfianaise na n-iarrachtaí treisithe le comhpháirtithe réigiúnacha chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart foireann bhreise a earcú d’fhoireann ISAE. Ba cheart, dá bhrí sin, an méid tagartha airgeadais a oiriúnú dá réir. |
|
(3) |
Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2021/710:
‘1. Is é EUR 289 782,33 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2023 go dtí an 28 Feabhra 2025 a chumhdach.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. GÓMEZ HERNÁNDEZ
(1) Cinneadh (CBES) 2021/710 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le haghaidh Phróiseas Síochána an Mheánoirthir (IO L 147, 30.4.2021, lch. 12).