EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2063
Council Decision (CFSP) 2023/2063 of 25 September 2023 amending Decision 2013/233/CFSP on the European Union Integrated Border Management Assistance Mission in Libya (EUBAM Libya)
Cinneadh (CBES) 2023/2063 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya)
Cinneadh (CBES) 2023/2063 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya)
ST/11852/2023/INIT
IO L 238, 27.9.2023, p. 121–121
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
27.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 238/121 |
CINNEADH (CBES) 2023/2063 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 22 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/233/CBES (1) lena mbunaítear Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya). |
(2) |
An 26 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1305 (2) lenar oiriúnaíodh agus lenar cuireadh síneadh go dtí an 30 Meitheamh 2025 le sainordú EUBAM Libya. Leis an gCinneadh sin, cuireadh méid tagartha airgeadais ar fáil do EUBAM Libya go dtí an 30 Meán Fómhair 2023. |
(3) |
Ba cheart méid tagartha airgeadais a chur ar fáil do EUBAM Libya don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2025. |
(4) |
Ba cheart Cinneadh 2013/233/CBES a leasú dá réir sin. |
(5) |
Cuirfear EUBAM Libya i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar ghnóthú chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 13(1) de Chinneadh 2013/233/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí:
‘Is é EUR 53 442 350,13 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun caiteachas EUBAM Libya a chumhdach ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2025.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. GÓMEZ HERNÁNDEZ
(1) Cinneadh 2013/233/CBES ón gComhairle an 22 Bealtaine 2013 maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya) (IO L 138, 24.5.2013, lch. 15).
(2) Cinneadh (CBES) 2023/1305 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya) (IO L 161, 27.6.2023, lch. 68).