Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1809

    Cinneadh (AE) 2023/1809 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an Aontais maidir le táirgí ionsúiteacha sláinteachais agus cuacháin mhíosta in–athúsáidte (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 6024) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/6024

    IO L 234, 22.9.2023, p. 142–189 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1809/oj

    22.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 234/142


    CINNEADH (AE) 2023/1809 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Meán Fómhair 2023

    lena mbunaítear critéir Éicilipéad an Aontais maidir le táirgí ionsúiteacha sláinteachais agus cuacháin mhíosta in–athúsáidte

    (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 6024)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

    Tar éis dul i gcomhairle le Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Faoi Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, is féidir Éicilipéad an Aontais a dhámhachtain do na táirgí sin a bhfuil tionchar laghdaithe acu ar an gcomhshaol i gcaitheamh a saolré ar fad.

    (2)

    Déantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 go bhfuil critéir shonracha Éicilipéad an Aontais le bunú de réir grúpaí táirgí.

    (3)

    Le Cinneadh 2014/763/AE (2) ón gCoimisiún bunaíodh critéir Éicilipéad an Aontais mar aon leis na ceanglais ghaolmhara measúnaithe agus fíorúcháin le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’. Cuireadh síneadh le tréimhse bhailíochta na gcritéar agus na gceanglas sin go dtí an 31 Nollaig 2023 le Cinneadh (AE) 2018/1590 ón gCoimisiún (3).

    (4)

    Chun an dea-chleachtas sa mhargadh le haghaidh an ghrúpa táirgí a léiriú ar bhealach is fearr agus chun forbairtí beartas agus deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le glacadh méadaithe agus éileamh an mhargaidh ar tháirgí inbhuanaithe a chur san áireamh, is iomchuí sraith nua critéar maidir le táirgí ionsúiteacha sláinteachais a leagan síos. Ós táirge inbhuanaithe é a bhféadfadh margadh méadaitheach a bheith ann dó, is iomchuí sraith critéar a bhunú freisin le haghaidh cuacháin mhíosta in–athúsáidte.

    (5)

    Sa Tuarascáil ar Sheiceáil Oiriúnachta Éicilipéid an Aontais (4) an 30 Meitheamh 2017, lena ndearnadh athbhreithniú ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, thángthas ar an gconclúid gur gá cur chuige níos straitéisí a fhorbairt i leith Éicilipéid an Aontais, lena n–áirítear cuachadh grúpaí táirgí a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile i gcás inarb iomchuí

    (6)

    I gcomhréir leis na conclúidí sin agus tar éis dul i gcomhairle le Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú, is iomchuí an grúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’ a chuachadh leis an ngrúpa táirgí ‘cuacháin mhíosta in–athúsáidte’ in aon Chinneadh amháin, ós rud é go gcomhlíonann an dá ghrúpa táirgí an fheidhm chéanna.

    (7)

    I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 66/2010, ní dhéanfar Éicilipéad an Aontais a dhámhachtain d’aon chineál feiste leighis, lena n–áirítear iad siúd a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

    (8)

    Sa Phlean nua Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche (6) arna ghlacadh an 11 Márta 2020, sonraítear go bhfuil na ceanglais maidir le marthanacht, in–athchúrsáilteacht agus an cion athchúrsáilte le háireamh ar bhealach níos córasaí i gcritéir Éicilipéad an Aontais.

    (9)

    Ba cheart é a bheith d’aidhm ag critéir athbhreithnithe Éicilipéad an Aontais maidir le táirgí ionsúiteacha sláinteachais agus cuacháin mhíosta in–athúsáidte táirgí a bhfuil tionchar teoranta acu ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a chur chun cinn, ar táirgí iad a tháirgtear trí úsáid a bhaint as próisis atá éifeachtúil ó thaobh an ábhair de agus atá fuinneamhéifeachtúil. Go sonrach, le critéir athbhreithnithe Éicilipéad an Aontais cuirtear táirgí chun cinn a bhfuil tionchar teoranta acu ó thaobh astaíochtaí san uisce agus san aer le linn a dtáirgthe, táirgí lena n–úsáidtear amhábhair a fhaightear ó fhoraoisí a bhainistítear go hinbhuanaithe, agus lena gcomhlíontar ceanglais dhiana maidir le substaintí díobhálacha. Thairis sin, chun rannchuidiú leis an aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí, cuirtear chun cinn leis na critéir úsáid pacáistíochta páipéir agus/nó cairtchláir, i gcás inar féidir, mar rogha mhalartach ar phacáistíocht phlaisteach, agus cuirtear pacáistíocht ina bhfuil ábhar athchúrsáilte chun cinn ar féidir í a athchúrsáil go héasca.

    (10)

    Bíonn táirgí in–athúsáidte atá déanta as teicstílí le fáil ar an margadh anois mar mhalairt ar tháirgí aon úsáide. Níl feidhm ag critéir athbhreithnithe Éicilipéad an Aontais maidir le táirgí ionsúiteacha sláinteachais agus cuacháin mhíosta in–athúsáidte i dtaca leis na roghanna teicstíle in–athúsáidte sin, a bhfuil sé beartaithe imscrúdú sonrach a dhéanamh ar a dteophointí comhshaoil agus ar a gcritéir éiceolaíocha chun críocha an athbhreithnithe ar chritéir Éicilipéad an Aontais do tháirgí teicstíle arna mbunú le Cinneadh 2014/350/AE ón gCoimisiún (7).

    (11)

    Ba cheart na critéir nua agus na ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin ghaolmhara leanúint de bheith bailí go dtí an 31 Nollaig 2029, agus timthriall nuálaíochta na ngrúpaí táirgí á chur san áireamh.

    (12)

    Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, ba cheart Cinneadh 2014/763/AE a aisghairm.

    (13)

    Ba cheart idirthréimhse a bheith ar fáil do tháirgeoirí ar dámhadh ar a dtáirgí Éicilipéad an Aontais do tháirgí ionsúiteacha sláinteachais ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i gCinneadh 2014/763/EU, ionas go mbeidh am leordhóthanach acu a dtáirgí a oiriúnú chun na critéir nua agus na ceanglais nua a chomhlíonadh. Ar feadh tréimhse theoranta tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, ba cheart cead a bheith ag táirgeoirí táirgí ionsúiteacha sláinteachais iarratais a chur isteach de réir na gcritéar a bhunaítear le Cinneadh 2014/763/AE nó de réir na gcritéar nua a bhunaítear leis an gCinneadh seo. Ba cheart cead a bheith ag na táirgeoirí sin freisin Éicilipéid an Aontais a dámhadh i gcomhréir leis na critéir a bhunaítear le Cinneadh 2014/763/AE a úsáid ar feadh idirthréimhse.

    (14)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 66/2010,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Is éard a bheidh sa ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’ aon earra arb é is feidhm dó sreabháin dhaonna a ionsú agus a choinneáil, amhail fual, faecas, allas, sreabhán míosta nó bainne, cé is moite de tháirgí teicstíle. Áireofar sa ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’ táirgí le haghaidh úsáid phríobháideach agus úsáid ghairmiúil araon.

    2.   Ní áireofar sa ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’ táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/745.

    Airteagal 2

    1.   Is éard a bheidh sa ghrúpa táirgí ‘cuacháin mhíosta in–athúsáidte’ cuacháin nó bacainn sholúbtha in–athúsáidte a chaitear laistigh den chorp, arb é is feidhm dóibh an sreabhán míosta a choinneáil agus a bhailiú, cuacháin nó bacainn a dhéantar as sileacón nó as leaistiméirí eile.

    2.   Ní áireofar sa ghrúpa táirgí ‘cuacháin mhíosta in–athúsáidte’ táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/745.

    Airteagal 3

    1.   Chun Éicilipéad an Aontais le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’ a dhámhachtain do tháirge faoi Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, tiocfaidh sé faoi réim an tsainmhínithe ar an ngrúpa táirgí sin mar a shonraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo, agus comhlíonfaidh na critéir agus na ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin ghaolmhara a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    2.   Chun Éicilipéad an Aontais le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘cuacháin mhíosta in-athúsáidte’ a dhámhachtain do tháirge faoi Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, tiocfaidh sé faoi réim an tsainmhínithe ar an ngrúpa táirgí sin mar a shonraítear in Airteagal 2 den Chinneadh seo, agus comhlíonfaidh na critéir agus na ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin ghaolmhara a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 4

    Critéir Éicilipéad an Aontais le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’ agus an ghrúpa ‘cuacháin mhíosta in–athúsáidte’ mar aon leis na ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin ghaolmhara, beidh siad bailí go dtí an 31 Nollaig 2029.

    Airteagal 5

    1.   Chun críoch riaracháin, is é ‘047’ an uimhir chóid a shanntar don ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’.

    2.   Chun críoch riaracháin, is é ‘055’ an uimhir chóid a shanntar don ghrúpa táirgí ‘cuacháin mhíosta in–athúsáidte’.

    Airteagal 6

    Aisghairtear Cinneadh 2014/763/AE.

    Airteagal 7

    1.   Maidir le hiarratais ar Éicilipéad an Aontais le haghaidh an ghrúpa táirgí “táirgí ionsúiteacha sláinteachais’, mar a shainmhínítear i gCinneadh 2014/763/AE, iarratais a chuirtear isteach roimh dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo, déanfar meastóireacht orthu i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i gCinneadh 2014/763/AE.

    2.   Iarratais ar Éicilipéad an Aontais le haghaidh táirgí a thagann faoin ngrúpa táirgí ‘táirgí sláinteachais ionsúiteacha’ arna gcur isteach ar dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo nó laistigh de dhá mhí ó dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo, féadfar iad a bhunú agus meastóireacht a dhéanamh orthu i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Chinneadh seo, nó i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i gCinneadh 2014/763/AE.

    3.   Maidir le ceadúnais Éicilipéid an Aontais arna ndámhachtain ar bhonn iarratas a ndearnadh meastóireacht air i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i gCinneadh 2014/763/AE, féadfar iad a úsáid go ceann 12 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo.

    Airteagal 8

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

    Beidh feidhm aige ón 21 Meán Fómhair 2023.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Virginijus SINKEVIČIUS

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 27, 30.1.2010, lch. 1.

    (2)  Cinneadh 2014/763/AE ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2014 lena mbunaítear na critéir éiceolaíocha chun Éicilipéad an Aontais a dhámhachtain do tháirgí ionsúiteacha sláinteachais (IO L 320, 6.11.2014, lch. 46).

    (3)  Cinneadh (AE) 2018/1590 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Cinntí 2012/481/AE, 2014/391/AE, 2014/763/AE agus 2014/893/AE a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta na gcritéar éiceolaíoch maidir le hÉicilipéad an Aontais a dhámhachtain do tháirgí áirithe, agus leis na ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin ghaolmhara (IO L 264, 23.10.2018, lch. 24).

    (4)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) agus Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ón bParlaimint agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an Aontais (COM(2017) 355 final).

    (5)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n–aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

    (6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean nua Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche (COM(2020) 98 final) (IO C 364, 28.10.2020, lch. 94).

    (7)  Cinneadh 2014/350/AE ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2014 lena mbunaítear na critéir éiceolaíocha chun Éicilipéad an Aontais a dhámhachtain do tháirgí teicstíle (IO L 174, 13.6.2014, lch. 45).


    IARSCRÍBHINN I

    Critéir Éicilipéad an AE maidir le hÉicilipéad an AE a dhámhachtain do tháirgí ionsúiteacha sláinteachais

    Tá critéir Éicilipéad an AE dírithe ar na táirgí ionsúiteacha sláinteachais is fearr dá bhfuil ar an margadh ó thaobh feidhmíocht chomhshaoil de. Tá na critéir dírithe ar na príomhthionchair chomhshaoil a bhaineann le saolré na dtáirgí sin agus cuireann siad gnéithe an gheilleagair chiorclaigh chun cinn.

    Ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin

    Chun Éicilipéad an AE a dhámhachtain do tháirge sonrach, comhlíonfaidh an táirge gach ceanglas. Cuirfidh an t-iarratasóir deimhniú ar fáil i scríbhinn ina sonraítear go gcomhlíontar na critéir uile.

    Tugtar ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin shonracha laistigh de gach critéar.

    I gcás ina gcuirtear de cheangal ar an iarratasóir dearbhuithe, doiciméadacht, anailísí, tuarascálacha tástála, nó aon fhianaise eile a sholáthar chun a léiriú go bhfuil na critéir á gcomhlíonadh, féadfaidh siad teacht ón iarratasóir agus/nó óna sholáthróirí, de réir mar is iomchuí.

    Tabharfaidh comhlachtaí inniúla aitheantas tosaíochta d’fhianuithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha le haghaidh saotharlanna tástála agus calabrúcháin, agus d’fhíoruithe ó chomhlachtaí atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha le haghaidh comhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí.

    I gcás inarb iomchuí, féadfar modhanna tástála eile a úsáid taobh amuigh de na modhanna tástála a shonraítear le haghaidh gach critéir, má ghlacann an comhlacht inniúil a bhfuil measúnú á dhéanamh aige ar an iarratas go bhfuil siad coibhéiseach.

    I gcás inarb iomchuí, féadfaidh comhlachtaí inniúla doiciméadacht tacaíochta a éileamh agus féadfaidh siad fíoruithe neamhspleácha a dhéanamh.

    Tabharfar fógra do chomhlachtaí inniúla faoi athruithe ar sholáthróirí agus ar láithreáin táirgthe i ndáil le táirgí ar dámhadh Éicilipéad an AE dóibh, i dteannta faisnéis tacaíochta ionas gur féidir comhlíontacht leanúnach leis na critéir a fhíorú.

    Mar réamhcheanglas, comhlíonfaidh an táirge ceanglais dhlíthiúla na tíre nó na dtíortha ina mbeartaítear an táirge a chur ar an margadh. Dearbhóidh an t-iarratasóir go bhfuil an táirge i gcomhréir leis an gceanglas sin.

    Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil i dteannta an iarratais ar Éicilipéad an AE:

    (a)

    tuairisc ar an táirge, mar aon le meáchan na n-aonad táirge aonair agus meáchan iomlán an táirge;

    (b)

    tuairisc ar an bpacáistíocht díolacháin, mar aon lena meáchan iomlán, más infheidhme;

    (c)

    tuairisc ar an bpacáistíocht ghrúpáilte, mar aon lena meáchan iomlán, más infheidhme;

    (d)

    tuairisc ar na comhpháirteanna ar leithligh, mar aon lena meáchan aonair;

    (e)

    na comhpháirteanna, na hábhair agus na substaintí go léir a úsáideadh sa táirge agus a meáchan féin, agus i gcás inarb iomchuí, a n-uimhir CAS féin.

    Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘breiseáin’ substaintí a chuirtear le comhpháirteanna, le hábhair nó leis an táirge deiridh chun cuid dá shaintréithe a fheabhsú nó a chaomhnú;

    (2)

    ciallaíonn ‘plaisteach bithbhunaithe’ plaisteach a mhonaraítear as amhábhair bhithbhunaithe mar bhunábhar chun an plaisteach a tháirgeadh. Cé gur as acmhainní iontaise (ola agus gás nádúrtha) a dhéantar gnáthphlaistigh, is as bithmhais a dhéantar plaistigh bhithbhunaithe. Faoi láthair, is de thionscnamh plandaí an bhithmhais, plandaí a fhástar go sonrach lena n-úsáid mar bhunábhar chun acmhainní iontaise a ionadú, cuir i gcás cána siúcra, barra gráin, barra ola nó foinsí neamhbhia amhail adhmad. Is foinsí eile iad an dramhaíl orgánach agus seachtháirgí, amhail ola chócaireachta úsáidte, bagás agus tallola. Is féidir plaistigh a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach as bunábhar bithbhunaithe. Is féidir plaistigh bhithbhunaithe a bheith in-bhithdhíghrádaithe agus do-in-bhithdhíghrádaithe araon;

    (3)

    ciallaíonn ‘laíon ceallalóis’ ábhar snáithíneach arb é ceallalós atá ann go príomha, ábhar a fhaightear ó ábhar ligniceallalóis a chóireáil le tuaslagán uiscí amháin nó níos mó de cheimiceáin laíonála agus/nó ceimiceáin thuarthacha;

    (4)

    Ciallaíonn ‘comhpháirt’ ábhar nó táirge ceimiceach amháin nó níos mó, a chomhlíonann le chéile feidhm inmhianaithe sa táirge ionsúiteach sláinteachais, amhail croílár ionsúiteach, greamacháin, nó scannán bactha seachtrach;

    (5)

    ciallaíonn ‘pacáistíocht ilchodach’ aonad pacáistíochta atá déanta as dhá ábhar éagsúla nó níos mó, seachas ábhair a úsáidtear le haghaidh lipéad, iamh agus séalaithe, nach féidir a dheighilt de láimh agus dá bhrí sin is aonad comhtháite amháin é;

    (6)

    ciallaíonn ‘pacáistíocht ghrúpáilte’, ar a dtugtar pacáistíocht thánaisteach freisin, pacáistíocht arna ceapadh chun líon áirithe aonad díolacháin a ghrúpáil ag an díolphointe cibé acu a dhíoltar na haonaid sin mar aonaid díolacháin leis an úsáideoir deiridh nó nach bhfónann sé ach mar mhodh chun na seilfeanna a athlánú ag an díolphointe nó chun aonad stoc-choimeádta nó dáileacháin a chruthú, agus ar féidir í a bhaint den táirge gan difear a dhéanamh dá shaintréithe;

    (7)

    ciallaíonn ‘eisíontais’ iarmharaigh, truailleáin, éilleáin etc. ó tháirgeadh, lena n-áirítear táirgeadh amhábhar, a fhanann san amhábhar/comhábhar agus/nó sa táirge ceimiceach (a úsáidtear sa táirge deiridh agus in aon chomhpháirt ann) i dtiúchain is lú ná 100 ppm (0,0100 % w/w, 100 mg/kg);

    (8)

    ciallaíonn ‘substaint isteach’ gach substaint a áirítear sa táirge ceimiceach (a úsáidtear sa táirge deiridh agus in aon chomhpháirt ann), lena n-áirítear breiseáin (e.g. leasaithigh agus cobhsaitheoirí) sna hamhábhair. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach faoi dhálaí monaraíochta cobhsaithe (e.g. formaildéad agus airilimín), meastar gur substaintí isteach iad freisin;

    (9)

    ciallaíonn ‘snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine’, dá ngairtear freisin snáithíní athghinte, snáithíní a tháirgtear as an amhábhar ceallalóis lena n-áirítear vioscós, módal, lióicill, copró agus trí-aicéatáit;

    (10)

    ciallaíonn ‘ábhair’ na hábhair ar comhpháirteanna éagsúla de tháirge ionsúiteach sláinteachais iad, amhail laíon ceallalóis, cadás nó polapróipiléin (PP);

    (11)

    ciallaíonn ‘pacáistíocht’ ítimí d’aon ábhar atá beartaithe lena n-úsáid chun táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair agus ar féidir iad a idirdhealú i bhformáidí pacáistíochta bunaithe ar a bhfeidhm, ar a n-ábhar agus ar a ndearadh, lena n-áirítear:

    (a)

    chaomhnú ar feadh a shaolré gan bheith ina ndlúthchuid den táirge, a bheartaítear a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge; ítimí atá riachtanach chun an táirge a choinneáil, chun tacú leis nó chun é a

    (b)

    comhpháirteanna agus eilimintí coimhdeacha ítime dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhtháthaítear isteach san ítim;

    (c)

    phacáistíochta gan bheith ina ndlúthchuid den táirge, a bheartaítear a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge; etc; eilimintí coimhdeacha ítime dá dtagraítear i bpointe (a) atá ar crochadh go díreach ar an táirge, nó ceangailte leis, agus a fheidhmíonn feidhm

    (12)

    ciallaíonn ‘ábhair phlaisteacha’, dá dtagraítear mar ‘phlaistigh’ chomh maith, polaiméirí de réir bhrí Airteagal 3(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), a bhféadfadh breiseáin nó substaintí eile a bheith curtha leis, agus atá in ann feidhmiú mar phríomh-chomhpháirteanna struchtúracha de tháirgí deiridh agus agus/nó de phacáistíocht, cé is moite de pholaiméirí nádúrtha nár athraíodh go ceimiceach;

    (13)

    ciallaíonn ‘polaiméir’ substaint arb é atá ann móilíní a bhfuil de thréith acu seicheamh de cheann amháin nó níos mó d’aonaid monaiméirí. Ní mór na móilíní sin a dháileadh thar raon meáchan móilíneach inar féidir na difríochtaí sa mheáchan móilíneach a chur i leith na ndifríochtaí sa líon aonad monaiméirí go príomha. Cuimsítear le polaiméir an méid seo a leanas: (a) tromlach meáchain shimplí de mhóilíní a bhfuil ar a laghad trí aonad monaiméara iontu atá nasctha go comhfhiúsach le haonad monaiméara amháin eile ar a laghad nó le himoibreán amháin eile ar a laghad; (b) níos lú ná tromlach meáchain shimplí de mhóilíní den mheáchan móilíneach céanna. I gcomhthéacs an tsainmhínithe seo, ciallaíonn ‘aonad monaiméara’ an fhoirm imoibrithe de shubstaint mhonaiméara i bpolaiméir, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

    (14)

    ciallaíonn ‘aonad táirge’ an ítim is lú is féidir leis an tomhaltóir a úsáid agus a chomhlíonann feidhm an táirge;

    (15)

    ciallaíonn ‘in-athchúrsáilteacht’ méid (mais nó céatadán) ítime atá ar fáil lena athchúrsáil;

    (16)

    ciallaíonn ‘cion athchúrsáilte’ méid ítime (de réir achair, faid, toirte nó maise) a fhaightear ó ábhar athchúrsáilte iarthomhaltais agus/nó iarthionsclaíoch. Is féidir ítim a bheith ina tagairt don táirge nó don phacáistíocht sa chás seo;

    (17)

    ciallaíonn ‘athchúrsáil’, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), aon oibríocht aisghabhála lena ndéantar ábhair dramhaíola a athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí cibé acu chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile. Áirítear air sin ábhair orgánacha a athphróiseáil ach ní áirítear aisghabháil fuinnimh ná athphróiseáil go hábhair le húsáid mar bhreosla nó le haghaidh oibríochtaí aislíonta;

    (18)

    ciallaíonn ‘pacáistíocht díolacháin’, dá ngairtear príomhphacáistíocht freisin, pacáistíocht arna ceapadh chun gurb é atá inti aonad díolacháin ina bhfuil táirgí agus pacáistíocht le haghaidh an úsáideora deiridh nó an tomhaltóra deiridh ag an díolphointe;

    (19)

    ciallaíonn ‘comhpháirt ar leithligh’, dá ngairtear comhpháirt bhreise freisin, comhpháirt phacáistíochta atá éagsúil le príomhchorp an aonaid pacáistíochta, a d’fhéadfadh a bheith déanta as ábhar difriúil, nach mór a dhíchóimeáil go hiomlán agus go buan ón bpríomhaonad pacáistíochta chun rochtain a fháil ar an táirge, agus bhfaightear réidh léi de ghnáth roimh an aonad pacáistíochta agus ar leithligh uaidh. I gcás táirgí ionsúiteacha sláinteachais, is é aon chomhpháirt a bhfuil feidhm chosanta nó sláinteachais aici a bhaintear sula n-úsáidtear an táirge, e.g. an cumhdach nó an scannán aonair i gcás ina bhfuil roinnt táirgí ionsúiteacha sláinteachais sa phacáistíocht díolacháin (go príomha le haghaidh súitíní agus pillíní sláintíochta), an líneáil scaoilte agus an páipéar i gclúidíní linbh agus i bpillíní sláintíochta, nó an forchuradóir le haghaidh súitíní;

    (20)

    ciallaíonn ‘substaintí a sainaithníodh go bhfuil airíonna suaite inchrínigh acu’, dá ngairtear freisin suaiteoirí inchríneacha, substaintí a sainaithníodh go bhfuil airíonna suaite inchrínigh acu (sláinte an duine agus/nó an comhshaol) de réir Airteagal 57(f) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (an liosta substaintí inbhreithnithe le haghaidh údarú ar ábhar mór imní iad), nó Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

    (21)

    ciallaíonn ‘polaiméirí sár-ionsúiteacha’ polaiméirí sintéiseacha atá deartha chun méideanna móra leachta a ionsú agus a choinneáil i gcomparáid lena mais féin;

    (22)

    ciallaíonn ‘polaiméirí sintéiseacha’ substaintí macramóilín seachas laíon ceallalóis a fhaightear d’aon ghnó trí cheachtar de na modhanna seo a leanas:

    (a)

    phróiseas comhchosúil eile lena gcomhcheanglaítear monaiméirí agus substaintí tosaigh eile; próiseas polaiméiriúcháin amhail polasuimiú nó pola-chomhdhlúthú nó trí aon

    (b)

    modhnú ceimiceach ar mhacramóilíní nádúrtha nó sintéiseacha;

    (c)

    coipeadh miocróbach.

    Critéar 1.   Laíon ceallalóis

    Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le laíon ceallalóis ar ≥ 1 % w/w é den táirge deiridh.

    1.1.    Foinsiú laín ceallalóis

    Beidh deimhniú bailí um líne chúraim arna eisiúint ag scéim deimhniúcháin tríú páirtí neamhspleách amhail FSC, PEFC nó a gcoibhéis ag gach soláthróir laín ceallalóis (100 %).

    Cumhdófar íosmhéid 70 % de na hamhábhair adhmaid a úsáidtear chun laíon ceallalóis a tháirgeadh le deimhnithe bailí um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí arna n-eisiúint ag scéim deimhniúcháin neamhspleách tríú páirtí amhail FSC, PEFC nó a gcoibhéis. Is éard a bheidh sa chion eile d’amhábhair adhmaid, lena n-áirithítear óghábhar adhmaid, adhmad rialaithe atá cumhdaithe ag córas fíorúcháin lena n-áirithítear go bhfaightear go dleathach é agus go gcomhlíonann sé aon cheanglas eile de chuid na scéime deimhniúcháin i ndáil le hábhar neamhdheimhnithe.

    Na comhlachtaí deimhniúcháin a eisíonn na deimhnithe um líne chúraim agus/nó na deimhnithe um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí, déanfaidh an scéim deimhniúcháin sin iad a chreidiúnú/a aithint.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú comhlíontachta a dtacaítear leis le deimhniú um líne chúraim bailí a dheimhnítear go neamhspleách le haghaidh soláthróirí an laín ceallalóis uile (100 %) a úsáidtear sa táirge. Glacfar le scéimeanna FSC, PEFC nó scéimeanna coibhéiseacha mar dheimhniú tríú páirtí neamhspleách.

    Ina theannta sin, cuirfidh an t-iarratasóir doiciméid chuntasaíochta iniúchta ar fáil ina léireofar go sainítear 70 % ar a laghad de na hamhábhair adhmaid a úsáidtear chun laíon ceallalóis a tháirgeadh mar ábhar deimhnithe de réir scéimeanna bailí FSC, PEFC nó scéimeanna coibhéiseacha. Beidh na doiciméid chuntasaíochta iniúchta bailí ar feadh thréimhse iomlán cheadúnas Éicilipéad an AE. Seiceálfaidh na comhlachtaí inniúla na doiciméid chuntasaíochta arís 12 mhí tar éis ceadúnas Éicilipéad an AE a dhámhachtain.

    Má úsáidtear an laíon ceallalóis in ábhar aerleagtha, ansin leithdháilfidh soláthróir an ábhair aerleagtha creidmheasanna ar an ábhar aerleagtha a úsáidtear sa táirge, agus soláthróidh sé sonraisc chun tacú leis an líon creidmheasanna a leithdháileadh.

    Maidir leis an gcion eile d’amhábhair adhmaid, cuirfear cruthúnas ar fáil nach mó ná 30 % an cion d’óghábhar neamhdheimhnithe agus gur adhmad rialaithe é atá cumhdaithe ag córas fíorúcháin lena n-áirithítear go bhfaightear go dleathach é agus go gcomhlíonann sé aon cheanglas eile de chuid na scéime deimhniúcháin i ndáil le hábhar neamhdheimhnithe. I gcás nach n-éilíonn an scéim deimhniúcháin go sonrach go bhfaightear an t-óghábhar go léir ó speicis nach speicis orgánacha géinmhodhnaithe iad, cuirfear fianaise bhreise ar fáil chun é sin a léiriú.

    1.2.    Tuaradh laín ceallalóis

    Ní dhéanfar an laíon a úsáidtear sa táirge a thuaradh trí ghás clóirín eilimintigh (Cl2) a úsáid.

    I gcás laíon atá saor ó chlóirín eiliminteach, maidir leis na meánastaíochtaí bliantúla halaigní asúite arna gceangal go horgánach (AOX), arna sloinneadh i gcileagraim/tonna aerthriomaithe (ADt), ó tháirgeadh gach laín a úsáidtear i dtáirgí Éicilipéad an AE, ní rachaidh siad thar 0,140 kg/ADt.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh an chritéir sin, a dtacaítear leis le tuarascáil tástála a dhéantar tríd úsáid a bhaint as modh tástála ISO 9562:2004, lena n-áirítear na hastaíochtaí AOX i gcoibhneas leis an laíon tuartha SCE, arna sloinneadh mar kg laíon AOX/ADt. I gcás ina n-úsáidtear gráid cháilíochta éagsúla laín, soláthróidh an t-iarratasóir an astaíocht aonair AOX a chomhfhreagraíonn do gach laíon. Féadfar glacadh le modhanna coibhéiseacha mar mhodhanna tástála má mheasann tríú páirtí iad a bheith coibhéiseach, agus beidh ríomhanna mionsonraithe ag gabháil leo lena léireofar go bhfuil an ceanglas sin á chomhlíonadh agus beidh an doiciméadacht tacaíochta ghaolmhar ag gabháil leo freisin.

    Déanfar astaíochtaí AOX a thomhas ar shamplaí neamhscagtha agus neamhshocraithe ag pointe sceite eisiltigh ghléasra cóireála dramhaíola na muilte. I gcásanna ina seoltar an t-eisilteach muilinn chuig gléasra cóireála dramhaíola cathrach nó tríú páirtí eile, déanfar anailís ar shamplaí neamhscagtha agus neamhshocraithe ó phointe sceite an tséaraigh eisiltigh muilinn agus déanfar na torthaí a iolrú faoi fhachtóir caighdeánach éifeachtúlachta asghlanta don ghléasra cóireála fuíolluisce cathrach nó tríú páirtí. Beidh an fachtóir éifeachtúlachta asghlanta bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag oibreoir ghléasra cóireála dramhaíola cathrach nó tríú páirtí eile.

    Sloinnfear faisnéis faoi na hastaíochtaí AOX mar mheán bliantúil ó 12 thomhas ar a laghad a dhéantar gach mí ar a laghad. I gcás gléasra táirgthe nua nó gléasra táirgthe atógtha, bunófar tomhais ar 45 lá ar a laghad ina dhiaidh sin d’oibriú cobhsaí an ghléasra. Áireofar sa doiciméadacht tacaíochta léiriú ar mhinicíocht an tomhais.

    Ní dhéanfar AOX a thomhas ach amháin i bpróisis ina n-úsáidtear comhdhúile clóirín chun an laíon a thuaradh (tuaradh SCE). Ní gá AOX a thomhas san eisilteach ó tháirgeadh laín gan tuaradh nó i gcás ina ndéantar tuaradh le substaintí saor ó chlóirín.

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú ón monaróir laín nár úsáideadh gás clóirín eilimintigh (Cl2).

    I gcás nach n-úsáideann an t-iarratasóir aon laíon saor ó chlóirín eiliminteach, is leor dearbhú comhfhreagrach.

    1.3.    Astaíochtaí CO2 san uisce ó tháirgeadh laín ceallalóis (éileamh ceimiceach ar ocsaigin — COD agus fosfar (P)), agus san aer (comhdhúile sulfair (S) agus NOx)

    Déanfar na hastaíochtaí san uisce agus san aer ó tháirgeadh laín a shloinneadh i dtéarmaí pointí (PCOD, PP, PS, PNOx). Ríomhtar pointí tríd an luach astaíochta iarbhír a roinnt ar na luachanna tagartha a thuairiscítear i dTábla 1.

    Ní bheidh aon cheann de na pointí aonair PCOD, PP, PS, ná PNOx níos mó 1,5.

    Ní bheidh suim na bpointí (Piomlán = PCOD + PP + PS + PNOx) níos mó ná 4,0.

    I gcás gach laín ‘i’ a fhaightear, déanfar na hastaíochtaí tomhaiste gaolmhara (arna sloinneadh in kg/ADt) a ualú de réir an chion den laíon a fhaightear (laíon ‘i’ i ndáil le tona aerthriomaithe de laíon ‘i’) agus suimeofar iad le chéile. Tugtar i dTábla 1 na luachanna tagartha do gach cineál laín a úsáidtear. Ar deireadh, roinnfear na hastaíochtaí iomlána ar an luach tagartha iomlán mar a léirítear san fhoirmle seo a leanas le haghaidh COD:

    Formula

    Tábla 1

    Luachanna tagartha le haghaidh astaíochtaí ó chineálacha éagsúla laín. CTMP = laíon ceimi-teirmimheicniúil; NSSC = laíon leathcheimiceach suilfíte neodraí

     

    Luachanna tagartha (kg/ADt)

    CODtag

    Ptag

    Stag

    NOxtag

    Muilte comhtháite

    Laíon ceimiceach tuartha (seachas suilfít)

    16,0

    0,030  (6)

    0,05  (7)

    0,6

    1,5

    Laíon ceimiceach tuartha (suilfít)

    24,0

    0,03

    0,6

    1,5

    Laíon ceimiceach neamhthuartha

    6,5

    0,02

    0,6

    1,5

    Laíon ceimiceach neamhthuartha (cáilíocht gráid leictrigh craft-laíon neamhthuartha)

    6,5

    0,035

    0,6

    1,5

    CTMP

    15,0

    0,01

    0,2

    0,3

    NSSC

    11

    0,02

    0,4

    1,5

    Muilte neamh-chomhtháite  (8)

    Próiseas tiontaithe

    1

    0,001

    0,15

    0,6

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir ríomhanna mionsonraithe agus sonraí tástála lena léirítear go bhfuil an critéar seo á chomhlíonadh, mar aon le doiciméadacht tacaíochta ghaolmhar ina bhfuil tuarascálacha tástála ina n-úsáidtear na modhanna tástála caighdeánacha faireacháin leanúnaigh nó thréimhsiúil seo a leanas: COD: ISO 15705 nó ISO 6060; P iomlán: EN ISO 6878; NOx: EN 14792, ISO 11564, nó Modh EPA 7e; S(ocsaídí sulfair): EN 14791, uimh. 6C nó 8 Mhodh EPA; S(sulfar laghdaithe): uimh. 15A, 16A, 16B nó 16c EPA; Cion S in ola: ISO 8754; Cion S i ngual: ISO 19579; Cion S i mbithmhais: EN 15289. Glacfar le modhanna tástála a meastar go bhfuil a raon feidhme agus a gcaighdeáin cheanglais coibhéiseach le ceann de na caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta ainmnithe agus ar dheimhnigh tríú páirtí neamhspleách a gcoibhéis. Is féidir mearthástálacha a úsáid freisin chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí fad agus a dhéantar iad go tráthrialta (e.g. go míosúil) de réir na gcaighdeán ábhartha thuasluaite nó a gcoibhéisí oiriúnacha.

    I gcás tomhais COD, glacfar le faireachán leanúnach atá bunaithe ar anailís ar charbón orgánach iomlán (TOC) a fhad agus a bhunófar comhghaol idir torthaí TOC agus COD don suíomh atá i gceist.

    Is éard a bheidh san íosmhinicíocht tomhais le haghaidh tomhais COD agus astaíochtaí iomlána P tréimhse seachtaine. Déanfar astaíochtaí S agus NOx a thomhas dhá uair ar a laghad in aghaidh na bliana féilire (agus 4 mhí go 6 mhí idir na tomhais).

    Tuairisceofar sonraí mar mheáin bhliantúla ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    is ar feadh tréimhse theoranta amháin atá an feachtas táirgthe,

    is gléasra táirgthe nua nó atógtha é, sa chás sin bunófar na tomhais ar 45 lá ar a laghad ina dhiaidh sin d’oibriú cobhsaí an ghléasra.

    Beidh torthaí tomhais ionadaíoch ar an bhfeachtas féin agus déanfar líon leordhóthanach tomhas do gach paraiméadar astaíochta. Áireofar sa doiciméadacht tacaíochta an mhinicíocht tomhais agus ríomh na bpointí le haghaidh COD, P iomlán, S agus NOx.

    Déanfar astaíochtaí san uisce a thomhas ar shamplaí neamhscagtha agus neamhshocraithe ag pointe sceite eisiltigh ghléasra cóireála dramhaíola na muilte. I gcásanna ina seoltar an t-eisilteach muilinn chuig gléasra cóireála dramhaíola cathrach nó tríú páirtí eile, déanfar anailís ar shamplaí neamhscagtha agus neamhshocraithe ó phointe sceite an tséaraigh eisiltigh muilinn agus déanfar na torthaí a iolrú faoi fhachtóir caighdeánach éifeachtúlachta asghlanta don ghléasra cóireála fuíolluisce cathrach nó tríú páirtí. Beidh an fachtóir éifeachtúlachta asghlanta bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag oibreoir an ghléasra cóireála dramhaíola cathrach nó tríú páirtí eile.

    Áireofar le hastaíochtaí san aer gach astaíocht S agus NOx a tharlaíonn le linn an laíon a tháirgeadh, lena n-áirítear gal a ghintear lasmuigh den láithreán táirgthe, lúide aon astaíocht arna leithdháileadh ar an táirgeadh leictreachais. I gcásanna ina dtarlaíonn comhghiniúint teasa agus leictreachais ag an ngléasra céanna, déanfar astaíochtaí comhdhúile S agus NOx a eascraíonn as giniúint leictreachais ar an láthair a dhealú ón méid iomlán. Ríomhfar an cion astaíochtaí atá mar thoradh ar ghiniúint leictreachais mar a leanas:

    2 × (MWh(leictreachas))/[2 × MWh(leictreachas) + MWh(teas)]

    Sa ríomh sin, is éard is ‘leictreachas’ ann an leictreachas a tháirgtear ag an ngléasra comhghiniúna, agus is é ‘teas’ an glanteas a sheachadtar ón ngléasra comhghiniúna go dtí an táirgeadh laín.

    Áireofar le tomhais ar chomhdhúile S agus NOx coirí aisghabhála, áitheanna aoil, coirí gaile agus foirnéisí scriostóra le haghaidh gás a bhfuil boladh láidir orthu. Cuirfear astaíochtaí idirleata san áireamh freisin.

    Áireofar sna luachanna astaíochta tuairiscithe le haghaidh comhdhúile S astaíochtaí ocsaídithe agus astaíochtaí S laghdaithe (SO2 agus sulfar laghdaithe iomlán — arna dtomhas mar S). Féadfar astaíochtaí S a bhaineann le giniúint fuinnimh teasa ó ola, gual agus breoslaí seachtracha eile, arb eol go bhfuil cion S iontu, a ríomh in ionad iad a thomhas, agus cuirfear san áireamh iad.

    1.4.    Astaíochtaí CO2 ó tháirgeadh laín ceallalóis

    Ní bheidh astaíochtaí CO2 ó tháirgeadh laín ceallalóis os cionn na luachanna a chuirtear i láthair i dTábla 2, lena n-áirítear astaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais (cibé acu ar an láthair nó lasmuigh den láthair). Áireofar le hastaíochtaí CO2 gach foinse fuinnimh a úsáidtear le linn an laíon a tháirgeadh.

    Úsáidfear luachanna astaíochtaí tagartha de réir Thábla 3 le haghaidh ríomh na n-astaíochtaí CO2 ó fhoinsí fuinnimh. Más gá, is féidir teacht ar fhachtóirí astaíochta CO2 le haghaidh foinsí eile fuinnimh in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (9), ach ba cheart na fachtóirí astaíochta CO2 le haghaidh leictreachas eangaí a bheith i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (10).

    Tábla 2

    Teorainnluachanna le haghaidh cineálacha éagsúla laín CTMP: laíon teirmimheicniúil ceimiceach

    Muilte comhtháite

    Laíon ceimiceach agus laíon leathcheimiceach

    400 kg CO2/ADt

    CTMP

    900 kg CO2/ADt

    Muilte neamh-chomhtháite

    Próiseas tiontaithe (11)

    95 kg CO2/ADt


    Tábla 3

    Luachanna tagartha le haghaidh astaíochtaí CO2 ó fhoinsí fuinnimh éagsúla

    Breosla

    Astaíochtaí CO2

    Aonad

    Tagairt

    Gual

    94,6

    g CO2 iontaise/MJ

    Rialachán (AE) 2018/2066

    Amhola

    73,3

    g CO2 iontaise/MJ

    Rialachán (AE) 2018/2066

    Ola breosla 1

    74,1

    g CO2 iontaise/MJ

    Rialachán (AE) 2018/2066

    Olaí breosla 2-5

    77,4

    g CO2 iontaise/MJ

    Rialachán (AE) 2018/2066

    GPL

    63,1

    g CO2 iontaise/MJ

    Rialachán (AE) 2018/2066

    Gás Nádúrtha

    56,1

    g CO2 iontaise/MJ

    Rialachán (AE) 2018/2066

    Leictreachas ón eangach

    376

    g CO2 iontaise/kWh

    Rialachán (AE) 2019/331

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir sonraí agus ríomhanna mionsonraithe lena léirítear go bhfuil an critéar sin á chomhlíonadh, mar aon le doiciméadacht tacaíochta ghaolmhar.

    I gcás gach laín a úsáidtear, soláthróidh an monaróir laín luach aonair astaíochta CO2 in kg CO2/ADt don iarratasóir.

    Áireofar sna sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 gach foinse fuinnimh a úsáidtear le linn an laíon a tháirgeadh, lena n-áirítear na hastaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais (cibé acu ar an láthair nó lasmuigh den láthair).

    Agus astaíochtaí CO2 á ríomh, astaíocht CO2 nialasach a bheidh sa mhéid fuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a úsáidtear le haghaidh na bpróiseas táirgthe. Maidir le dóchán bithmhaise, ciallaíonn sé sin gur gá don bhithmhais na critéir ábhartha inbhuanaitheachta agus laghduithe gás ceaptha teasa a chomhlíonadh mar a shonraítear i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Cuirfidh an t-iarratasóir doiciméadacht iomchuí ar fáil go bhfuil an cineál sin fuinnimh á úsáid iarbhír sa mhuileann nó gur ceannaíodh go seachtrach é (cóip den chonradh agus sonrasc lena léirítear sciar in-athnuaite an leictreachais a ceannaíodh).

    Beidh an tréimhse le haghaidh na ríomhanna agus/nó na maischothromaíochtaí bunaithe ar an táirgeadh thar 12 mhí. Déanfar na ríomhanna arís ar bhonn bliantúil. I gcás gléasra táirgthe nua nó gléasra táirgthe atógtha, bunófar na ríomhanna ar 45 lá ar a laghad ina dhiaidh sin d’oibriú cobhsaí an ghléasra. Beidh na ríomhanna ionadaíoch ar an bhfeachtas faoi seach.

    I gcás an leictreachais ón eangach, úsáidfear an luach a sholáthraítear thuas (an meán Eorpach) mura dtíolacann an t-iarratasóir doiciméadacht lena mbunaítear an luach sonrach le haghaidh a sholáthróirí leictreachais (conradh le haghaidh leictreachas sonraithe nó leictreachas deimhnithe). Sa chás sin, féadfaidh an t-iarratasóir an luach sin a úsáid in ionad an luacha a luaitear. Áireofar sa doiciméadacht a úsáidfear mar chruthúnas ar chomhlíonadh sonraíochtaí teicniúla a léiríonn an meánluach (e.g. cóip de chonradh).

    1.5    Tomhaltas fuinnimh chun laíon ceallalóis a tháirgeadh

    Áireofar leis an tomhaltas fuinnimh chun an laíon a tháirgeadh an t-ídiú leictreachais agus an t-ídiú breosla chun teas a tháirgeadh agus sloinnfear é i dtéarmaí pointí (Pleictreachas agus Pbreosla). Beidh feidhm ag na teorainneacha agus na luachanna tagartha seo a leanas:

    Pleictreachas < 1,5;

    Pbreosla < 1,5;

    Ní bheidh suim na bpointí (Piomlán = Piomlán + Pbreosla) os cionn 2,5.

    Ríomh na bpointí ídithe leictreachais:

    Formula

    I gcás:

    Elaíon,i = leictreachas arna tháirgeadh go hinmheánach + leictreachas arna cheannach – leictreachas arna dhíol;

    Etagairt,laíon,i mar atá i dTábla 4.

    Sloinnfear Elaíon,i in kWh/ADt agus déanfar é a ríomh le haghaidh gach laín i a úsáidtear sa táirge deiridh.

    Ríomh na bpointí ídithe breosla:

    Formula

    I gcás:

    Flaíon,i = breosla arna tháirgeadh go hinmheánach + breosla arna cheannach – breosla arna dhíol – 1,25 × leictreachas arna tháirgeadh go hinmheánach;

    Ftagairt,laíon,i mar atá i dTábla 4.

    Sloinnfear Flaíon,i in kWh/ADt agus déanfar é a ríomh le haghaidh gach laín i a úsáidtear sa táirge deiridh.

    Cuirfear an méid breosla a úsáidtear chun an teas arna dhíol a tháirgeadh leis an téarma ‘breosla arna dhíol’ sa chothromóid thuas.

    I gcás meascán laíon, déanfar an luach tagartha le haghaidh ídiú leictreachais agus breosla le haghaidh táirgeadh teasa a ualú de réir chion gach laín a úsáidtear (laíon ‘i’ i ndáil le tona laín aerthriomaithe), agus cuirfear le chéile iad. Cuirfear leis sin an fuinneamh a thomhlaítear agus an laíon á mheascadh chomh maith leis an bhfuinneamh a úsáidtear sa phróiseas tiontaithe freisin.

    Tábla 4

    Luachanna tagartha le haghaidh leictreachais agus breosla

    An grád laín

    Etagairt,laíon

    kWh/ADt

    Ftagairt,laíon

    kWh/ADt

    Muilte comhtháite

    Laíon ceimiceach agus laíon leathcheimiceach

    800

    5 400

    CTMP

    1 800

    900

    Muilte neamh-chomhtháite  (13)

    Próiseas tiontaithe

    250

    1 800

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir an t-ídiú leictreachais agus breosla iomlán mar aon leis na ríomhanna agus an doiciméadacht tacaíochta ghaolmhar lena léirítear go bhfuil an critéar sin á chomhlíonadh.

    Déanfaidh an t-iarratasóir gach ionchur fuinnimh a ríomh, arna roinnt i dteas/breoslaí agus leictreachas a úsáidtear le linn tháirgeadh an laín. Má úsáidtear meascán de laíon ceallalóis, ní mór an fuinneamh a ríomh go comhréireach i dtaobh gach laíon ceallalóis. Ní áirítear fuinneamh a úsáidtear in iompar na n-amhábhar sna ríomhanna tomhaltais fuinnimh. Beidh an tréimhse le haghaidh na ríomhanna nó na maischothromaíochtaí bunaithe ar an táirgeadh thar 12 mhí. Déanfar na ríomhanna arís ar bhonn bliantúil. I gcás gléasra táirgthe nua nó gléasra táirgthe atógtha, bunófar na ríomhanna ar 45 lá ar a laghad ina dhiaidh sin d’oibriú cobhsaí an ghléasra. Beidh na ríomhanna ionadaíoch ar an bhfeachtas féin.

    Áirítear leis an ídiú leictreachais iomlán Elaíon an glanmhéid leictreachais arna allmhairiú a thagann ón eangach agus an ghiniúint inmheánach leictreachais arna tomhas mar chumhacht leictreach. Ní áireofar leictreachas a úsáidtear le haghaidh cóireáil fuíolluisce.

    Áirítear leis an ídiú breosla iomlán Flaíon na breoslaí uile arna gceannach, an fuinneamh teasa a aisghabhadh trí licéir agus dramhaíl ó phróisis ar an láthair a loscadh (e.g. dramhaíl adhmaid, min sáibh, licéir, etc.), chomh maith leis an teas a aisghabhadh ó ghiniúint inmheánach leictreachais. Mar sin féin, ní gá don iarratasóir ach 80 % den fhuinneamh teasa ó fhoinsí den sórt sin a áireamh agus an fuinneamh teasa iomlán á ríomh.

    I gcás ina ngintear gal agus úsáid á baint as leictreachas mar fhoinse teasa, déanfar luach teasa na gaile a ríomh, ansin roinnfear é ar 0,8 agus cuirfear leis an ídiú breosla iomlán é.

    Critéar 2.   Snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine

    Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine ar ≥ 1 % w/w iad den táirge deiridh.

    2.1.    Foinsiú snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine

    Beidh deimhniú bailí um líne chúraim arna eisiúint ag scéim deimhniúcháin tríú páirtí neamhspleách amhail FSC, PEFC nó a gcoibhéis ag soláthróirí uile laín thuaslagtha (100 %).

    Cumhdófar íosmhéid 70 % de na hamhábhair a úsáidtear chun an laíon tuaslagtha a tháirgeadh le deimhnithe bailí um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí arna n-eisiúint ag scéim deimhniúcháin neamhspleách tríú páirtí amhail FSC, PEFC nó a gcoibhéis. Is éard a bheidh sa chion eile d’amhábhair a úsáidtear chun laíon tuaslagtha a tháirgeadh, adhmad rialaithe atá cumhdaithe ag córas fíorúcháin lena n-áirithítear go bhfaightear go dleathach é agus go gcomhlíonann sé aon cheanglas eile de chuid na scéime deimhniúcháin i ndáil le hábhar neamhdheimhnithe.

    Na comhlachtaí deimhniúcháin a eisíonn na deimhnithe um líne chúraim agus/nó na deimhnithe um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí, déanfaidh an scéim deimhniúcháin sin iad a chreidiúnú/a aithint.

    Comhlíonfaidh laíon adhmaid tuaslagtha a tháirgtear ó clúimh chadáis critéar 3.1 maidir le cadás (foinsiú agus inrianaitheacht).

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú comhlíontachta a dtacaítear leis le deimhniú um líne chúraim bailí a dheimhnítear go neamhspleách le haghaidh soláthróirí an laín thuaslagtha uile (100 %) a úsáidtear sa táirge. Glacfar le scéimeanna FSC, PEFC nó scéimeanna coibhéiseacha mar dheimhniú tríú páirtí neamhspleách.

    Ina theannta sin, cuirfidh an t-iarratasóir doiciméid chuntasaíochta iniúchta ar fáil ina léireofar go sainítear 70 % ar a laghad de na hamhábhair a úsáidtear chun an laíon tuaslagtha a tháirgeadh mar ábhar deimhnithe de réir scéimeanna bailí FSC, PEFC nó scéimeanna coibhéiseacha. Beidh na doiciméid chuntasaíochta iniúchta bailí ar feadh thréimhse iomlán cheadúnas Éicilipéad an AE. Seiceálfaidh na comhlachtaí inniúla na doiciméid chuntasaíochta arís 12 mhí tar éis ceadúnas Éicilipéad an AE a dhámhachtain.

    Má úsáidtear snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine in ábhair aerleagtha nó in ábhair neamhfhite eile, leithdháilfidh an soláthróir ábhar aerleagtha nó ábhar neamhfhite eile nó an táirgeoir ábhar aerleagtha nó ábhar neamhfhite eile creidmheasanna ar an ábhar aerleagtha nó ar an ábhar neamhfhite eile a sheachadtar ar an táirge, agus soláthrófar sonrasc chun tacú leis an líon creidmheasanna a leithdháileadh.

    Maidir leis an gcion eile d’amhábhair, cuirfear cruthúnas ar fáil nach mó ná 30 % an cion d’óghábhar neamhdheimhnithe agus gur ábhar rialaithe é atá cumhdaithe ag córas fíorúcháin lena n-áirithítear go bhfaightear go dleathach é agus go gcomhlíonann sé aon cheanglas eile de chuid na scéime deimhniúcháin i ndáil le hábhar neamhdheimhnithe.

    I gcás nach n-éilíonn an scéim deimhniúcháin go sonrach go bhfaightear an t-óghábhar go léir ó speicis nach speicis orgánacha géinmhodhnaithe iad, cuirfear fianaise bhreise ar fáil chun é sin a léiriú.

    2.2.    Tuaradh snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine

    Níl feidhm ag an bhfo-critéar seo maidir le laíon tuartha atá go hiomlán saor ó chlóirín.

    An laíon a úsáidtear chun snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine a mhonarú, ní úsáidfear gás clóirín eilimintigh (Cl2) chun é a thuaradh.

    Ní bheidh an méid iomlán AOX agus clóirín arna cheangal go horgánach (Ocl) a thiocfaidh as sin níos mó ná an méid seo a leanas:

    0,140 kg/ADt, arna thomhas san fhuíolluisce ón monaraíocht laín (AOX); agus

    150 ppm, arna thomhas sna snáithíní ceallalóis críochnaithe de dhéantús an duine (OCl).

    Measúnú agus fíorú:

    Cuirfidh an t-iarratasóir dearbhú ar fáil ón soláthróir laín nach n-úsáidtear gás clóirín agus tuarascáil tástála (más féidir) lena léirítear comhlíonadh na gceanglas AOX agus OCl araon, agus úsáid á baint as an modh tástála iomchuí:

    I gcás AOX: ISO 9562 nó a choibhéis EPA 1650C;

    I gcás OCI: ISO 11480.

    Socrófar an mhinicíocht tomhais le haghaidh AOX i gcomhréir le critéar 1.2 maidir le laíon ceallalóis.

    I gcás nach bhféadfadh an t-iarratasóir luach iarbhír an leibhéil AOX arna thomhas san fhuíolluisce ó mhonarú laín a sholáthar, soláthrófar dearbhú comhlíontachta comhfhreagrach arna shíniú ag an monaróir laín, i gcomhréir leis an gceanglas nochta.

    I gcás nach n-úsáideann an t-iarratasóir aon laíon saor ó chlóirín eiliminteach, is leor dearbhú comhfhreagrach.

    2.3.    Táirgeadh snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine

    (a)

    Gheofar níos mó ná 50 % den laíon tuaslagtha a úsáidtear chun snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine a mhonarú ó mhuilte laín thuaslagtha a aisghabhann luach óna licéar próisis spíonta trí cheachtar de na modhanna seo a leanas:

    (i)

    leictreachas agus/nó gal ar an láthair a ghiniúint, nó

    (ii)

    comhtháirgí ceimiceacha a mhonarú.

    (b)

    Urramófar na teorainnluachanna seo a leanas maidir le hastaíocht roinnt comhdhúile san aer agus san uisce sa phróiseas táirgthe snáithíní módal:

    Tábla 5

    Luachanna astaíochta vioscóis agus snáithíní módal

    Cineál snáithín

    Astaíochtaí sulfair san aer — Teorainnluach (g /kg)

    Astaíochtaí since san uisce — Teorainnluach (g /kg)

    Tomhais COD san uisce — Teorainnluach (g /kg)

    Astaíochtaí SO4 2- san uisce — Teorainnluach (g /kg)

    Snáithín stáplach

    20

    0,05

    5

    300

    Snáithín filiméid

     

     

     

     

    Cnuasníochán

    40

    0,10

    5

    200

    Níochán comhtháite

    170

    0,50

    6

    250

    Nóta:

    Sloinntear teorainnluachanna mar mheán bliantúil. Sloinntear na luachanna go léir mar g de thruailleán/kg táirge.

    Measúnú agus fíorú:

    (a)

    Cuirfidh an t-iarratasóir doiciméadacht tacaíochta agus fianaise ar fáil go bhfuil an trealamh iomchuí giniúna fuinnimh nó na córais aisghabhála agus monaraíochta comhtháirgí suiteáilte ag na láithreáin táirgthe ghaolmhara ag an gcion is gá de sholáthróirí laín thuaslagtha. Soláthrófar an liosta de na soláthróirí laín thuaslagtha sin chomh maith.

    (b)

    I ndáil le modhanna tástála:

    (i)

    Cuirfidh an t-iarratasóir doiciméadacht mhionsonraithe agus tuarascálacha tástála ar fáil ina léireofar go gcomhlíontar an critéar sin, mar aon le dearbhú comhlíontachta.

    (ii)

    Astaíochtaí sulfair san aer: úsáidtear an modh a shainítear in EN 14791, EPA uimh. 8, 15A, 16A nó 16B nó DIN 38405-D27.

    (iii)

    Astaíochtaí since san uisce: úsáidtear an modh a shainítear in EN ISO 11885.

    (iv)

    Tomhais COD san uisce: úsáidtear an modh a shainítear in ISO 6060, DIN ISO 15705, DIN 38409-01 nó DIN 38409-44.

    (v)

    Astaíochtaí SO4 2- (sulfáití) san uisce: úsáidtear an modh a shainítear in ISO 22743.

    (vi)

    Glacfar le modhanna tástála a meastar go bhfuil a raon feidhme agus a gcaighdeáin cheanglais coibhéiseach le ceann de na caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta ainmnithe agus ar dheimhnigh tríú páirtí neamhspleách a gcoibhéis.

    (vii)

    Áireofar sa doiciméadacht mhionsonraithe agus sna tuarascálacha tástála léiriú ar an minicíocht tomhais le haghaidh S, Zn, COD agus SO4 2-. Seachtain a bheidh san íosmhinicíocht tomhais le haghaidh COD, S, Zn agus SO4 2-, mar aon le haon tomhas a luaitear sna ceanglais rialála.

    Critéar 3.   Cadás nó snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile

    3.1.    Foinsiú agus inrianaitheacht cadáis nó snáithín síl ceallalóis nádúrtha eile

    Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le cadás agus snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile ar ≥ 1 % w/w iad den táirge deiridh iad.

    (a)

    leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (14) agus i Rialachán (AE) Fásfar gach cadás agus gach snáithín síl ceallalóis nádúrtha eile de réir na gceanglas a 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), i gClár Náisiúnta Orgánach (NOP) na Stát Aontaithe (16) nó de réir oibleagáidí dlíthiúla coibhéiseacha arna leagan síos ag comhpháirtithe trádála an Aontais Eorpaigh. Féadfar cadás a fhástar go horgánach agus cadás orgánach idirthréimhseach a áireamh sa chion cadáis orgánaigh.

    (b)

    Beidh cadás agus snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile a fhástar de réir chritéar 3.1(a) agus a úsáidtear chun táirge ionsúiteach sláinteachais a mhonarú inrianaithe.

    Tá téada súitíní díolmhaithe ó chomhlíonadh an cheanglais seo.

    Measúnú agus fíorú:

    (a)

    Rialachán (AE) 2018/848, i gClár Náisiúnta Orgánach na Stát Aontaithe nó i gcomhréir le hoibleagáidí dlíthiúla coibhéiseacha arna leagan síos ag comhpháirtithe trádála eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Cuirfear an fíorú ar fáil ar bhonn bliantúil agus do gach tír thionscnaimh. Deimhneoidh comhlacht rialaithe neamhspleách gur táirgeadh an cion orgánach de chadás agus/nó de shnáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile i gcomhréir leis na ceanglais táirgthe agus cigireachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus i

    (b)

    fheirmeoirí nó ó ghrúpaí táirgeoirí, agus cuirfear meáchan iomlán na mburlaí deimhnithe ar fáil. Léireoidh an t-iarratasóir, ar bhonn bliantúlaithe, go gcomhlíontar an ceanglas maidir le cion ábhair i ndáil leis an toirt bhliantúil cadáis agus/nó snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile a ceannaíodh chun na táirgí deiridh a mhonarú agus de réir gach líne táirge. Taifid idirbhirt nó sonraisc lena ndoiciméadaítear cainníocht an chadáis agus/nó na snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile a cheannaítear ar bhonn bliantúil ó

    3.2.    Tuaradh cadáis nó snáithín síl ceallalóis nádúrtha eile

    Ní dhéanfar cadás agus snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile a thuaradh ach amháin trí theicneolaíochtaí a úsáid atá go hiomlán saor ó chlóirín.

    Ní bheidh feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir le clúimh chadáis a úsáidtear chun laíon tuaslagtha a tháirgeadh.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú ó sholáthróir cadáis agus/nó snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile go n-úsáidtear teicneolaíochtaí atá go hiomlán saor ó chlóirín.

    Critéar 4.   Polaiméirí sintéiseacha agus ábhair phlaisteacha a tháirgeadh

    Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le gach polaiméir shintéiseach agus ábhar plaisteach ar ≥ 5 % w/w iad den táirge deiridh agus/nó den phacáistíocht.

    Saoráidí monaraíochta ina dtáirgtear polaiméirí sintéiseacha agus ábhair phlaisteacha a úsáidtear sa táirge deiridh, beidh córais acu chun an méid seo a leanas a chur chun feidhme:

    (a)

    coigilteas uisce. Déanfar an córas bainistithe uisce a dhoiciméadú nó a mhíniú agus áireofar ann faisnéis faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad: faireachán ar shreafaí uisce; cruthúnas ar uisce a chur i gcúrsaíocht i gcórais dhúnta; agus cuspóirí agus spriocanna feabhsaithe leanúnaigh a bhaineann le giniúint fuíolluisce a laghdú agus rátaí barrfheabhsaithe (más ábhartha, i.e. má úsáidtear uisce sa ghléasra);

    (b)

    bainistiú dramhaíola comhtháite, i bhfoirm plean chun tosaíocht a thabhairt do roghanna cóireála seachas diúscairt le haghaidh na dramhaíola ar fad a ghintear ag na saoráidí monaraíochta agus an t-ordlathas dramhaíola a leanúint i ndáil le dramhaíl a chosc, a athúsáid, a athchúrsáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar deireadh. Déanfar an córas bainistithe dramhaíola a dhoiciméadú nó a mhíniú agus áireofar ann faisnéis faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad: codáin dramhaíola éagsúla a dheighilt; ábhair in-athchúrsáilte a láimhseáil, a bhailiú, a dheighilt agus a úsáid ón sruth dramhaíola neamhghuaisí; ábhair a aisghabháil le haghaidh úsáidí eile; dramhaíl ghuaiseach mar a shainíonn na húdaráis rialála áitiúla agus náisiúnta ábhartha a láimhseáil, a bhailiú, a dheighilt agus a dhiúscairt; agus cuspóirí agus spriocanna feabhsaithe leanúnaigh a bhaineann le dramhaíl a chosc, a athúsáid agus a athchúrsáil agus a bhaineann le haisghabháil codán dramhaíola nach féidir a chosc (lena n-áirítear aisghabháil fuinnimh);

    (c)

    an éifeachtúlacht fuinnimh agus an bainistiú fuinnimh a bharrfheabhsú. Trí bhíthin an chórais bainistithe fuinnimh, tabharfar aghaidh ar na gairis uile a ídíonn fuinneamh, lena n-áirítear innealra, soilsiú, aerchóiriú agus fuarú. Áireofar sa chóras bainistithe fuinnimh bearta chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus áireofar faisnéis ann faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad: plean bailithe sonraí fuinnimh a bhunú agus a chur chun feidhme chun príomhfhigiúirí fuinnimh a shainaithint; anailís ar an tomhaltas fuinnimh lena n-áirítear liosta de chórais, de na próisis agus de na saoráidí a thomhlaíonn fuinneamh; bearta a shainaithint chun fuinneamh a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla; cuspóirí agus spriocanna feabhsaithe leanúnaigh a bhaineann leis an tomhaltas fuinnimh a laghdú.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh an chritéir ó sholáthróirí polaiméirí sintéiseacha agus ábhar plaisteach a úsáidtear sa táirge deiridh agus/nó sa phacáistíocht. Tacófar leis an dearbhú trí bhíthin tuarascáil ina dtugtar miontuairisc ar na nósanna imeachta a ghlac na soláthróirí chun na ceanglais a chomhlíonadh le haghaidh gach ceann de na láithreáin lena mbaineann i gcomhréir le caighdeáin, amhail ISO 14001 agus/nó ISO 50001 le haghaidh pleananna uisce, dramhaíola agus fuinnimh.

    Má dhéantar an bhainistiú dramhaíola a sheachfhoinsiú, soláthróidh an fochonraitheoir dearbhú maidir le comhlíonadh an chritéir seo freisin.

    Iarratasóirí atá cláraithe le Scéim an Aontais um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) agus/nó atá deimhnithe de réir ISO 14001, ISO 50001, EN 16247 nó caighdeán/scéim choibhéiseach, measfar go gcomhlíonann siad na ceanglais sin má dhéanann siad an méid seo a leanas:

    (a)

    doiciméadaítear pleananna bainistithe uisce, dramhaíola agus fuinnimh le haghaidh na láithreán táirgthe i ráiteas EMAS na cuideachta; nó

    (b)

    tugtar aghaidh go leormhaith ar chuimsiú pleananna bainistithe uisce, dramhaíola agus fuinnimh le haghaidh na láithreán táirgthe le ISO 14001, ISO 50001, EN 16247 nó caighdeán/scéim choibhéiseach.

    Critéar 5.   Ábhair phlaisteacha bhithbhunaithe

    Níl feidhm ag an gcritéar seo ach amháin maidir leis an táirge deiridh, comhpháirteanna ar leithligh agus/nó pacáistíocht ina bhfuil > 1 % w/w d’ábhar plaisteach bithbhunaithe.

    Féadfaidh an t-iarratasóir, ar bhonn deonach, céatadán áirithe de na polaiméirí sintéiseacha agus na hábhair phlaisteacha fhoriomlána, i gcoibhneas leis an meáchan iomlán polaiméirí sa táirge deiridh (lena n-áirítear polaiméirí sár-ionsúiteacha), na comhpháirteanna ar leithligh agus/nó an phacáistíocht, a fhoinsiú ó amhábhair bhithbhunaithe. Beidh prionsabail an gheilleagair chiorclaigh ina dtreoir chun na bunábhair a roghnú (mar shampla, tabharfaidh táirgeoirí tosaíocht do dhramhaíl agus do sheachtháirgí orgánacha a úsáid mar bhunábhar) (17).

    Sa chás sin, beidh feidhm ag na nithe seo a leanas:

    (a)

    modheolaíochtaí is nua is infheidhme chun measúnú a dhéanamh ar thionchair na bplaisteach bithbhunaithe i gcomparáid le plaistigh iontaise Próifíl bharrmheasa chomhshaoil an bhunábhair bhithbhunaithe a úsáidtear chun plaistigh bhithbhunaithe a tháirgeadh a úsáidtear sa táirge deiridh, i gcomhpháirteanna ar leithligh agus/nó sa phacáistíocht, léireofar an phróifíl sin i gcomhréir leis na (18).

    (b)

    deimhniúcháin tríú páirtí neamhspleách a aithníonn an Coimisiún Eorpach go hoifigiúil Amhábhair bhithbhunaithe a úsáidtear chun plaistigh bhithbhunaithe a tháirgeadh le haghaidh an táirge deiridh, comhpháirteanna ar leithligh agus/nó na pacáistíochta, cumhdófar na hamhábhair sin le deimhnithe um líne chúraim a eiseoidh scéim (19).

    Féadfar an táirge deiridh, na comhpháirteanna ar leithligh agus/nó an phacáistíocht a lipéadú go deonach mar tháirge ina bhfuil plaisteach bithbhunaithe. Sa chás sin, is é an maíomh a bheidh ann gur ‘plaisteach bithbhunaithe x % den phlaisteach sa táirge [comhpháirteanna ar leithligh agus/nó pacáistíocht]’ (mar a bhfuil x > 1, agus is é x an sciar cruinn intomhaiste den ábhar plaisteach bithbhunaithe sa táirge [comhpháirteanna ar leithligh agus/nó pacáistíocht]). Ní úsáidfear téarmaí cineálacha amhail ‘bithphlaistigh’, ‘bithbhunaithe’, ‘planda-bhunaithe’, ‘dúlra-bhunaithe’ ná a leithéid.

    Measúnú agus fíorú:

    (a)

    Chun próifíl bharrmheasa na n-amhábhar plaisteach bithbhunaithe a úsáidtear sa táirge, sna comhpháirteanna ar leithligh agus/nó sa phacáistíocht a léiriú, soláthróidh an t-iarratasóir deimhniú neamhspleách ó thríú páirtí lena dtagraítear don mhodheolaíocht atá ar fáil faoi láthair (20).

    (b)

    fhad iomlán cheadúnas Éicilipéad an AE. Seiceálfaidh na comhlachtaí inniúla na deimhnithe arís 12 mhí tar éis cheadúnas Éicilipéad an AE a dhámhachtain. Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú comhlíontachta a dtacaítear leis le deimhniú um líne chúraim bailí a dheimhnítear go neamhspleách le haghaidh soláthróirí na n-amhábhar plaisteach bithbhunaithe uile a úsáidtear sa táirge, sna comhpháirteanna ar leithligh agus/nó sa phacáistíocht. Beidh na deimhnithe um líne chúraim bailí ar feadh

    I gcás inarb infheidhme, soláthróidh an t-iarratasóir grianghraf ardtaifigh den phacáistíocht díolacháin, ar a bhfuil an fhaisnéis faoin maíomh i dtaobh plaisteach bithbhunaithe le feiceáil go soiléir. Úsáidfear na caighdeáin atá bunaithe ar mhodhanna radacarbóin amhail EN 16640 nó EN 16785 nó ASTM D 6866-12 chun cion carbóin bhithbhunaithe na bpolaiméirí sintéiseacha agus na n-ábhar plaisteach atá sa táirge, sa comhpháirt ar leithligh agus/nó sa phacáistíocht a chinneadh. I gcás nach féidir modhanna radacarbóin a úsáid, ceadófar an modh maischothromaíochta má áirithítear leibhéal ard trédhearcachta agus cuntasachta agus má thacaítear leis le caighdeáin chomhaontaithe.

    Eisiatar úsáid deimhnithe ceannaithe bunaithe ar an gcóras Áirithinte agus Éilimh ionas go mbeifear in ann amhábhair phlaisteacha bhithbhunaithe a rianú. Bunófar an cruthúnas ceannaigh le haghaidh na n-amhábhar plaisteach bithbhunaithe ar phróisis de réir na gcóras deighilte nó maischothromaíochta.

    I gcás nach n-éilíonn an scéim deimhniúcháin go sonrach go bhfaightear an t-óghábhar uile ó speicis nach speicis orgánacha ghéinmhodhnaithe iad, cuirfear fianaise bhreise ar fáil chun é sin a léiriú.

    Critéar 6.   Éifeachtúlacht ábhar i monarú an táirge deiridh

    Beidh feidhm ag na ceanglais a shonraítear sa chritéar seo maidir le láithreán cóimeála an táirge deiridh.

    Maidir leis an gcainníocht dramhaíola a ghintear le linn mhonarú agus phacáistiú na dtáirgí agus a chuirtear chuig líonadh talún nó a loisctear gan aisghabháil fuinnimh, ní bheidh an chainníocht sin níos mó ná a shonraítear thíos:

    (a)

    8 % de mheáchan na dtáirgí deiridh i gcás súitíní,

    (b)

    4 % de mheáchan na dtáirgí deiridh i gcás na dtáirgí eile uile.

    Measúnú agus fíorú:

    Dearbhóidh an t-iarratasóir go gcomhlíontar na ceanglais thuasluaite.

    Soláthróidh an t-iarratasóir fianaise ar an gcainníocht dramhaíola nár athúsáideadh laistigh den phróiseas monaraíochta agus nach dtiontaítear ina hábhair agus/nó ina fuinneamh.

    Cuirfidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas i láthair:

    (a)

    meáchan an táirge agus na pacáistíochta,

    (b)

    na sruthanna dramhaíola uile a ghintear le linn na monaraíochta,

    (c)

    an phróiseáil cóireála faoi seach a dhéantar ar an gcodán den dramhaíl aisghafa agus an codán a chuirtear chuig líonadh talún nó a loisctear.

    An chainníocht dramhaíola a chuirtear chuig líonadh talún nó a loisctear gan aisghabháil fuinnimh a dhéanamh, ríomhfar í mar an difríocht idir an méid dramhaíola a tháirgtear agus an méid dramhaíola a aisghabhtar (ath-úsáidte, athchúrsáilte, etc).

    Critéar 7.   Substaintí eisiata agus srianta

    7.1.    Srianta ar shubstaintí a aicmítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008

    Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt sa táirge deiridh.

    Ach amháin i gcás maolú air i dTábla 8, ní bheidh substaintí isteach (astu féin nó i meascáin) sa táirge deiridh ná in aon chomhpháirt sa táirge ar substaintí iad dár sanntar aon aicme nó catagóir ghuaise nó aon chód ráitis guaise lena mbaineann a shonraítear i dTábla 6 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

    Tábla 6

    Aicmí agus catagóirí guaise agus cóid ráitis guaise lena mbaineann a eisiatar

    Carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh

    Catagóirí 1A agus 1B

    Catagóir 2

    H340 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le héalanga géiniteacha

    H341 Ceaptar go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le héalanga géiniteacha

    H350 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le hailse

    H351 Ceaptar go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le hailse

    H350i D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le hailse má ionanálaítear é

    -

    H360F D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht

    H361f Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht

    H360D D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

    H361d Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

    H360FD D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht. D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

    H361fd Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht. Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

    H360Fd D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht. Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

    H362 D’fhéadfadh sé díobháil a dhéanamh do leanaí diúil

    H360Df - D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn. Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht

     

    Géarthocsaineacht

    Catagóirí 1 agus 2

    Catagóir 3

    H300 Marfach má shlogtar

    H301 Tocsaineach má shlogtar

    H310 Marfach i dteagmháil leis an gcraiceann

    H311 Tocsaineach i dteagmháil leis an gcraiceann

    H330 Marfach má ionanálaítear

    H331 Tocsaineach má ionanálaítear

    H304 D’fhéadfadh sé a bheith marfach má shlogtar é agus má théann sé isteach sna haerbhealaí

    EUH070 Tocsaineach trí theagmháil leis an tsúil

    Tocsaineacht sain-spriocorgáin

    Catagóir 1

    Catagóir 2

    H370 Déanann sé damáiste d’orgáin

    H371 D’fhéadfadh damáiste a dhéanamh d’orgáin

    H372 Déanann damáiste d’orgáin trí nochtadh fada nó ilnochtadh

    H373 D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh d’orgáin trí nochtadh fada nó ilnochtadh

    Íogrú riospráide nó craicinn

    Catagóir 1A

    Catagóir 1B

    H317 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn

    H317 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn

    H334 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le siomptóim ailléirge nó asma nó le deacrachtaí análaithe má ionanálaítear é

    H334 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le siomptóim ailléirge nó asma nó le deacrachtaí análaithe má ionanálaítear é

    Suaiteoirí inchríneacha i gcás shláinte an duine agus an chomhshaoil

    Catagóir 1

    Catagóir 2

    EUH380: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le suaitheadh inchríneach sa duine

    EUH381: Ceaptar go bhfuil sé ina chúis le suaitheadh inchríneach sa duine

    EUH430: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le suaitheadh inchríneach sa chomhshaol

    EUH431: Ceaptar go bhfuil sé ina chúis le suaitheadh inchríneach sa chomhshaol

    Marthanach, Inbhithbhailithe agus Tocsaineach

    MIT

    vPvB

    EUH440: Carnann sa chomhshaol agus in orgánaigh bheo lena n-áirítear sa duine

    EUH441: Carnann go mór sa chomhshaol agus in orgánaigh bheo lena n-áirítear sa duine

    Marthanach, Soghluaiste agus Tocsaineach

    MST

    vPvM

    EUH450: D’fhéadfadh truailliú idirleata fadtéarmach ar acmhainní uisce a bheith mar thoradh ar an tsubstaint

    EUH451: D’fhéadfadh truailliú idirleata an-fhadtéarmach ar acmhainní uisce a bheith mar thoradh ar an tsubstaint

    Thairis sin, ní bheidh substaintí isteach (astu féin nó i meascáin) sa táirge deiridh ná in aon chomhpháirt sa táirge i dtiúchan is mó ná 0,010 % (meáchan de réir meáchain) ar substaintí iad dar sanntar aon aicme nó catagóir ghuaise nó aon chód ráitis guaise lena mbaineann a shonraítear i dTábla 7 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 – ach amháin má mhaolaítear sin i dTábla 8.

    Tábla 7

    Aicmí agus catagóirí guaise agus cóid ráitis guaise lena mbaineann a shriantar

    Guaiseach don chomhshaol uisceach

    Catagóirí 1 agus 2

    Catagóirí 3 agus 4

    H400 An-tocsaineach don saol uisceach

    H412 Díobhálach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha

    H410 An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha

    H413 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le héifeachtaí fadtréimhseacha díobhálacha ar an saol uisceach

    H411 Tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha

     

    Guaiseach don chiseal ózóin

    H420 Déanann díobháil don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol trí ózóin san atmaisféar uachtarach a scriosadh

     


    Tábla 8

    Maoluithe ar shrianta ar shubstaintí lena ngabhann aicmiú comhchuibhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008

    Cineál substainte

    Aicme agus catagóirí guaise agus cóid ráitis guaise atá maolaithe

    Coinníollacha an mhaolaithe

    2-meitil-2H-isitiasól-3-ón (MIT)

    H400, H314, H301, H311, H318, H410, H330 agus H317

    I ndúch uiscethuaslagtha amháin agus i dtiúchan níos ísle ná 15 ppm sa dúch (sula n-úsáidtear é) agus níos ísle ná 0,1 ppm sa táirge deiridh. Beidh an dúch i gcomhréir le fo-chritéar 7.3.4

    Débheansóáit ghliocóil déphróipiléine

    H412

    I ngreamacháin theirmeaplaisteacha amháin a úsáidtear chun fliche a léiriú

    Substaintí agus meascáin lena ngabhann aicmiú comhchuibhithe mar H304

    H304

    Substaintí lena mbaineann slaodacht faoi bhun 20,5 cSt ag 40 °C.

    Dé-ocsaíd tiotáiniam (nanafhoirm)

    H351

    Ach amháin nuair a úsáidtear mar lí é. Ní féidir é a úsáid i bhfoirm púdair ná sprae.

    Is do shubstaintí a thagraítear leis na cóid ráitis guaise de ghnáth. Mura féidir faisnéis faoi na substaintí a fháil áfach, beidh feidhm ag na rialacha aicmithe maidir le meascáin.

    Díolmhófar ón gceanglas thuas úsáid na substaintí nó na meascán a mhodhnaítear go ceimiceach le linn an phróisis táirgthe ionas nach mbeidh feidhm a thuilleadh le haon ghuais ábhartha arb ina leith a aicmíodh an tsubstaint nó an meascán faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

    Ní bheidh feidhm ag an gcritéir seo maidir leis an méid seo a leanas:

    substaintí nach gcuimsítear faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 mar a shainítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin;

    leis an Rialachán sin a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le clárú, úsáideoirí iartheachtacha agus fíorú. substaintí a chumhdaítear faoi Airteagal 2(7)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; lena leagtar amach na critéir chun substaintí a áirítear in Iarscríbhinn V a ghabhann

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh fho-chritéar 7.1, in éineacht leis na dearbhuithe ábhartha ó tháirgeoirí na gcomhpháirteanna, liosta de na ceimiceáin a úsáidtear, an bhileog sonraí sábháilteachta nó an dearbhú ón soláthróir ceimiceán agus aon dearbhú ábhartha lena léirítear comhlíonadh an cheanglais.

    I gcás substaintí srianta agus eisíontais dhosheachanta lena ngabhann aicmiú srianta, úsáidfear tiúchan na substainte srianta nó an eisíontais agus fachtóir coinneála toimhdithe de 100 % chun meastachán a dhéanamh ar chainníocht na substainte srianta nó an eisíontais atá sa táirge deiridh. Is féidir eisíontais a bheith sa táirge ceimiceach suas le 0,0100 % w/w, ach amháin má shriantar a thuilleadh iad faoi chritéar 7.3.8. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach nó go n-easraíonn siad as na substaintí isteach agus iad ag díghrádú, meastar gur substaintí isteach iad seachas eisíontais.

    Soláthrófar údair le haghaidh aon chlaonta ó fhachtóir coinneála 100 % (e.g. galú tuaslagóirí) nó maidir le modhnú ceimiceach eisíontais shrianta.

    I gcás substaintí a dhíolmhaítear ó fho-chritéar 7.1 (féach Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006), is leor dearbhú ón iarratasóir maidir leis an méid sin chun comhlíontacht a léiriú.

    Ós rud é gur féidir roinnt táirgí nó táirgí féideartha ina n-úsáidtear na ceimiceáin próisis chéanna a chumhdach le ceadúnas Éicilipéad an AE amháin, ní gá an ríomh a chur i láthair ach le haghaidh gach eisíontais i gcás an táirge nó na comhpháirte is measa a chumhdaítear leis an gceadúnas (e.g. an t-earra comhpháirte is mó a ndéantar priontáil air agus scagadh á dhéanamh le haghaidh dúigh lena mbaineann aicmithe srianta).

    Is féidir le haon soláthróir i slabhra soláthair an iarratasóra an fhianaise sin thuas a sholáthar go díreach do chomhlachtaí inniúla.

    7.2.    Substaintí ar ábhar mór imní iad

    Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt sa táirge deiridh.

    Ní bheidh substaintí isteach (astu féin nó i meascáin) a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 sa táirge deiridh ná in aon chomhpháirt sa táirge, ar substaintí isteach iad a sainaithníodh de réir an nós imeachta a thuairiscítear in Airteagal 59 den Rialachán sin agus a áirítear ar an liosta substaintí inbhreithnithe le haghaidh údarú ar ábhar mór imní iad.

    Measúnú agus fíorú

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe nach bhfuil substaintí ar ábhar mór imní iad sa táirge deiridh ná in aon chomhpháirt sa táirge. Tacófar leis an dearbhú le bileoga sonraí sábháilteachta i dtaobh na gceimiceán agus na n-ábhar uile a soláthraíodh agus a úsáideadh chun an táirge deiridh agus na comhpháirteanna sa táirge a tháirgeadh.

    Is féidir liosta substaintí a shainaithnítear mar shubstaintí ar ábhar mór imní iad agus a áirítear sa liosta substaintí inbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a fháil anseo:

    https://www.echa.europa.eu/candidate-list-table.

    Déanfar tagairt don liosta ar an dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar Éicilipéad an AE.

    I gcás eisíontais dhosheachanta a shainaithnítear mar shubstaintí ar ábhar mór imní iad, úsáidfear tiúchan an eisíontais agus fachtóir coinneála toimhdithe de 100 % chun meastachán a dhéanamh ar chainníocht an eisíontais ar ábhar mór imní é sa táirge deiridh. Is féidir eisíontais a bheith sa táirge ceimiceach suas le 0,0100 % w/w, ach amháin má shriantar a thuilleadh iad faoi chritéar 7.3.8. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach nó go n-easraíonn siad as na substaintí isteach agus iad ag díghrádú, meastar gur substaintí isteach iad seachas eisíontais.

    Soláthrófar údair le haghaidh aon chlaonta ó fhachtóir coinneála 100 % (e.g. galú tuaslagóirí) nó le haghaidh modhnú ceimiceach eisíontais ar ábhar mór imní é.

    7.3.    Srianta sonracha eile

    7.3.1   Substaintí eisiata sonraithe

    Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt sa táirge deiridh.

    Ní chuirfear na substaintí seo a leanas (astu féin nó i meascáin) leis an táirge ceimiceach a úsáidtear sa táirge deiridh ná in aon chomhpháirt sa táirge:

    (a)

    5-chlóra-2-meitil-4-isitiasóilín-3-ón (CMIT);

    (b)

    Aicriolaimíd i bpolaiméirí sár-ionsúiteacha;

    (c)

    Eatocsaláití ailcilfeanóil (APEOanna) agus díorthaigh eile ailcilfeanóil [1]. Ceadaítear frithocsaídeoirí feanólacha a bhfuil bac steireach orthu agus ina bhfuil meáchan móilíneach > 600 g/mól;

    (d)

    Oibreáin fhrithbhaictéaracha (e.g. Nan-airgead agus tríchlósan);

    (e)

    Formaildéad agus scaoilteoirí formaildéid [2];

    (f)

    Nítreamuisc agus muisc iltimthriallacha;

    (g)

    Comhdhúile orgánastáin a úsáidtear mar chatalaígh chun sileacón a tháirgeadh;

    (h)

    Paraibeiní;

    (i)

    Taláití [3];

    (j)

    Substaintí a shainaithnítear go bhfuil airíonna suaite inchríneacha acu;

    (k)

    Substaintí a mheastar a d’fhéadfadh a bheith ina suaiteoirí inchríneacha i gcatagóir 1 nó i gcatagóir 2 ar liosta tosaíochta an Aontais de shubstaintí a bhfuil imscrúdú níos mó le déanamh orthu le haghaidh éifeachtaí suaite inchríneacha.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir, in éineacht le dearbhuithe ó sholáthróirí, más ábhartha. Ní cheadaítear na substaintí a liostaítear faoin bhfo-chritéar seo ach mar eisíontais agus fiú sa chás sin i dtiúchain níos ísle ná 0,0100 % w/w sa táirge ceimiceach, ach amháin má chuirtear srian breise orthu faoi chritéar 7.3.8. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach nó go n-easraíonn siad as na substaintí isteach agus iad ag díghrádú, meastar gur substaintí isteach iad seachas eisíontais.

    [Nótaí:

    [1]

    Ainm na substainte = ‘Ailcilfeanóil’, faoi: https://echa.europa.eu/es/advanced-search-for-chemicals

    [2]

    Rialaítear úsáid formaildéid agus scaoilteoirí formaildéid i ngreamacháin de réir fho-chritéar 7.3.5

    [3]

    Féadfar DINP a cheadú má úsáidtear in ullmhóidí greamacháin é ina bhfuil uastiúchan 0,010 % meáchan de réir meáchain na hullmhóide greamacháin]

    7.3.2   Cumhráin

    Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir leis an táirge deiridh, aon chomhpháirt sa táirge deiridh, na comhpháirteanna ar leithligh agus an phacáistíocht.

    Ní chuirfear cumhráin leis an táirge deiridh, aon chomhpháirt den táirge deiridh, na comhpháirteanna ar leithligh ná leis an bpacáistíocht.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir.

    7.3.3   Lóiseanna

    Tá feidhm ag an bhfo-chritéar maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt sa táirge deiridh.

    Ní úsáidfear lóiseanna sa táirge ná in aon chomhpháirt de.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir.

    7.3.4   Dúigh agus ruaimeanna

    Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt sa táirge deiridh. Níl feidhm ag an gceanglas seo maidir leis na comhpháirteanna ar leithligh, an phacáistíocht díolacháin ná na bileoga faisnéise.

    (a)

    Ní ruaimneofar an táirge deiridh ná aon chomhpháirt sa táirge ná ní phriontálfar air.

    (b)

    Eisiatar na comhpháirteanna seo a leanas agus féadfar iad a ruaimniú nó priontáil orthu:

    (i)

    téada súitín;

    (ii)

    córais dúnta;

    (iii)

    ábhair nach mbeidh i dteagmháil dhíreach leis an gcraiceann, má chomhlíonann an ruaim nó an dúch feidhmeanna sonracha (e.g. infheictheacht an táirge trí éadaí bána nó éadaí geala a laghdú, limistéir ghreamaithe téipeanna a léiriú, fliche a léiriú, an chuid chúil den táirge a léiriú) nó chun críoch maisiúcháin.

    Sna cásanna sin, beidh an méid antamóin, arsanaice, bairiam, caidmiam, cróimiam, luaidhe, mearcair, seiléiniam, aimíní príomhúla aramatacha agus défheinile polaclóirínithe atá ann mar eisíontas sna datháin ruaimnithe agus sna dúigh faoi bhun na teorainneacha a shonraítear i Rún AP (89) 1 ó Chomhairle na hEorpa maidir le datháin a úsáid in ábhair phlaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia (21).

    Thairis sin, comhlíonfaidh na datháin ruaimnithe a úsáidfear an méid seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina n-úsáidtear in ábhair phlaisteacha iad: Moltaí BfR dar teideal IX. Colorants for Plastics and other Polymers Used in Commodities (22) nó Reacht na hEilvéise 817.023.21 Iarscríbhinn 2 (23) agus Iarscríbhinn 10 (24),

    (b)

    i gcás ina n-úsáidtear in ábhair ceallalóis iad: Moladh XXXVI ó BfR. dar teideal Paper and board for food contact (25).

    Beidh na datháin ruaimnithe agus na dúigh a úsáidtear i gcomhréir le fo-chritéir 7.1 agus 7.2 freisin.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir thuasluaite, a dtacófar leis le dearbhuithe ó sholáthróirí más ábhartha.

    I gcás ruaimeanna agus/nó dúch a úsáidtear, tabharfar údar cuí lena n-úsáid tríd an bhfeidhm shonrach atá acu a léiriú, agus soláthrófar doiciméadacht chun a áirithiú go bhfuil na heisíontais sa dathán ruaimnithe nó sa dúch i gcomhréir le Rún AP (89) 1 ó Chomhairle na hEorpa, agus go n-údaraítear na ruaimeanna a úsáidtear i gcomhréir le moltaí BfR dar teideal IX. Colorants for Plastics and other Polymers Used in Commodities, Reacht na hEilvéise 817.023.21, Iarscríbhinn 2 agus Iarscríbhinn 10, nó moladh XXXVI. ó BfR. dar teideal Paper and board for food contact.

    7.3.5   Srianta breise a bhfuil feidhm acu maidir le greamacháin

    Ní bheidh an cion d’fhormaildéad saor i ngreamú cruaite (gliú) níos mó ná 10 ppm. Is éard a bheidh sa tairseach le haghaidh formaildéad a ghintear le linn greamachán a tháirgeadh 250 ppm, arna thomhas de réir easrú polaiméirí nua-tháirgthe. Díolmhófar greamacháin theirmeaplaisteacha ón gceanglas seo.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir thuas agus tacófar leis trí bhíthin dearbhuithe ó sholáthróirí más ábhartha, agus bileoga sonraí sábháilteachta aon substainte/meascáin agus a dtiúchan sa ghreamachán.

    Soláthróidh an t-iarratasóir freisin torthaí tástála i dtaobh an chion formaildéid, de réir mhodh tástála ISO 14184-1:2011 nó a choibhéis.

    7.3.6   Polaiméirí sár-ionsúiteacha

    Beidh an méid seo a leanas i gceist le polaiméirí sár-ionsúiteacha a úsáidtear sa táirge:

    (a)

    feidhm ag an teorainn sin maidir le hiomlán an aigéid aicriligh neamh-imoibrithe agus oibreán trasnasctha. beidh 1 000 ppm monaiméirí iarmharacha [4] a aicmítear leis na cóid H a thuairiscítear i bhfo-chritéar 7.1 iontu ar a mhéad. I gcás polaicrioláit sóidiam, tá

    (b)

    sóidiam, is éard atá iontu monaiméirí agus olagaiméirí aigéid aicriligh ag a bhfuil meáchan móilíneach níos ísle ná an polaiméir shár-ionsúiteach de réir ISO 17190. beidh 10 % (meáchan/meáchain) d’eastóscain uiscethuaslagtha [5] ar a mhéad agus beidh siad i gcomhréir leis na fo-chritéir 7.1, 7.2 and 7.3.1. I gcás polaicrioláit

    (c)

    Ní áireofar aicriolaimíd sna polaiméirí sár-ionsúiteacha.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir seo agus tacófar leis trí bhíthin dearbhuithe ó sholáthróirí más ábhartha, agus bileoga sonraí sábháilteachta aon substainte/meascáin agus a dtiúchan sa táirge deiridh.

    Thairis sin, soláthróidh an t-iarratasóir freisin dearbhú ón soláthróir ina ndoiciméadaítear comhdhéanamh na bpolaiméirí sár-ionsúiteacha a úsáidtear sa táirge agus cainníocht na n-eastóscán uiscethuaslagtha sna polaiméirí sár-ionsúiteacha. Tacófar leis an dearbhú trí bhíthin bileoga sonraí sábháilteachta nó torthaí tástála lena sonraítear na monaiméirí iarmharacha sa pholaiméir shár-ionsúiteach agus cainníochtaí na polaiméire sin. Is iad na modhanna tástála molta ISO 17190 agus WSP 210. Is éard a bheidh sna cainníochtaí tástáilte le haghaidh monaiméirí iarmharacha agus eastóscáin intuaslagtha meáin ó bhearta a dhéantar roinnt babhtaí le linn tréimhse áirithe. Tabharfar tuairisc ar na modhanna a úsáidtear agus ar an minicíocht tomhais le haghaidh na n-anailísí, lena n-áirítear faisnéis faoi na saotharlanna a úsáidtear le haghaidh na n-anailísí.

    [Nótaí:

    [4]

    Meastar gurb éard atá i monaiméirí iarmharacha iomlán an aigéid aicriligh neamh-inoibrithe agus trasnascóirí

    [5]

    Meastar gurb éard atá in eastóscáin uiscethuaslagtha i bpolaiméirí sár-ionsúiteacha monaiméirí agus olagaiméirí aigéid aicriligh ag a bhfuil meáchan móilíneach níos lú ná meáchan móilíneach na polaiméire sár-ionsúití, agus salainn]

    7.3.7   Sileacón

    Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir leis an líneáil scaoilte.

    (a)

    Ní úsáidfear bratuithe sileacóin bunaithe ar thuaslagóirí.

    (b)

    540-97-6) sa mheascán sileacóin [6] i dtiúchan os cionn 800 ppm (0,08 % w/w). Tá an teorainn 800 ppm le cur i bhfeidhm maidir le gach substaint ar leithligh. Ní bheidh cigliteitrisiolocsán ochtaimeitile D4 (CAS 556-67-2), ciglipeintisiolocsán deacaimeitile D5 (CAS 541-02-6) ná dóideacaimeitilcigliheicsisiolocsán D6 (CAS

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh an fho-chritéir sin, arna shíniú ag monaróir na líneála scaoilte agus tacófar leis an dearbhú sin le bileoga sonraí sábháilteachta.

    [Nóta:

    [6]

    Meastar sa chás seo gurb éard atá sa mheascán sileacóin an meascán leachtach ina bhfuil dhá amhábhar sileacóin nó níos mó a úsáidtear mar bhratú ar an bpáipéar cosanta nó ar an scannán cosanta a úsáidtear ar an líneáil scaoilte i gcás roinnt táirgí sláinteachais mná (e.g. pillíní brístín agus pillíní sláintíocha) nó ar théipeanna clúidín]

    7.3.8   Ceimiceáin eile ar údar imní iad

    Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir le heisíontais sa táirge deiridh.

    Ní bheidh na ceimiceáin seo a leanas sa táirge deiridh i dtiúchan níos airde ná an méid a shonraítear i dTábla 9.

    Tábla 9

    Liosta ceimiceán srianta

    Substaintí

    Srianta

    Formaildéad

    < 16 ppm

    Débheinsi-p-dé-ocsainí (‘PCDDanna’): 2,3,7,8-TCDD; 1,2,3,7,8-PeCDD; 1,2,3,4,7,8-HxCDD; 1,2,3,6,7,8-HxCDD; 1,2,3,7,8,9-HxCDD; 1,2,3,4,6,7,8-HpCDD; OCDD

    iomlán TEQ chomhaicmigh bhraite PCDDanna, PCDFanna agus DLPCBanna < 2 ng/kg

    Débheinseafúráin (PCDFanna): 2,3,7,8-TCDF; 1,2,3,7,8-PeCDF; 2,3,4,7,8- PeCDF; 1,2,3,4,7,8-HxCDF; 1,2,3,6,7,8-HxCDF; 1,2,3,7,8,9-HxCDF; 2,3,4,6,7,8-HxCDF; 1,2,3,4,6,7,8-HpCDF; 1,2,3,4,7,8,9-HpCDF; OCDF

    DLPCBanna: PCB 77; PCB 81; PCB 126; PCB 169; PCB 105; PCB 114; PCB 118; PCB 123; PCB 156; PCB 157; PCB 167; PCB 189

    PAHanna

    Beans[a]antraicéin; Beinsi[a]piréin; Beinsi[e]piréin; Criséin; Beinsea[b]fluaraintéin; Beinsea[k]fluaraintéin; Débheans[a,h]antraicéin; Beinsea[j]fluaraintéin; Beinsi[g,h,i]peiriléin; Indéini[1,2,3-cd]piréin; Feanaintréin; Piréin; Antraicéin; Fluaraintéin; Naftailéin

    Gach PAH < 0,2 mg/kg

    Iomlán PAHanna < 1 mg/kg

    Feanóil

    Bisfeanól A

    < 0,02  %

    Naoinilfeanól-dé-eatocsaláit

    < 10 mg/kg

    Naoinilfeanól

    < 10 mg/kg

    Taláití

    DINP, DEHP, DNOP, DIDP, BBP, DBP, DiBP, DIHP, BMEP, DPP/DIPP, DnPP, DnHP, DMP, DHNUP, DCHP, DHxP, DIHxP, DIOP, DPrP, DNP, aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, eistir ailcile dé-C6-10, aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, dé-eistir mheasctha deicile, heicsile agus ochtaile

    < 0,01  % an ceann

    Lotnaidicídí

    Gliofosáit

    < 0,5 mg/kg

    AMPA

    < 0,5 mg/kg

    Cuintiséin

    < 0,5 mg/kg

    Heicseaclóraibeinséin

    < 0,5 mg/kg

    Orgánastáin

    Tríbhúitiltin

    < 2 ppb

    Orgánastáin eile: Monabúitiltin; Débhúitiltin; Trífheiniltin; Dé-ochtailtin; Monochtailtin

    Gach orgánastán < 10 ppb

    Miotail throma

    Antamón

    < 30 mg/kg

    Caidmiam

    < 0,1 mg/kg

    Cróimiam

    < 1 mg/kg

    Luaidhe

    < 0,2 mg/kg

    Mearcair

    < 0,02 mg/kg

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir thuasluaite, a dtacófar leis le dearbhuithe ó sholáthróirí más ábhartha.

    Thairis sin, soláthróidh an t-iarratasóir torthaí na n-anailísí a dhéantar ar an táirge deiridh. Déanfar na tástálacha ar tháirge ionadaíoch. I gcás táirgí a tháirgtear ar an gcaoi cheannann chéanna (e.g. táirgí sláinteachais de thoisí éagsúla), is leor tástálacha a dhéanamh ar thoise amháin den táirge. Mar rogha air sin, is féidir an anailís a dhéanamh ar leithligh ar gach ábhar atá sa táirge deiridh (ionadaíoch). Tabharfar tuairisc ar na modhanna a úsáidtear agus ar an dáta tomhais le haghaidh na n-anailísí, lena n-áirítear faisnéis faoi na saotharlanna a úsáidtear le haghaidh na n-anailísí. Is iad na modhanna tástála molta NWSP 360.1R0 nó a choibhéis chun an sampla a ullmhú, NWSP 360.2R0 nó a choibhéis chun an anailít a eastóscadh, agus NWSP 360.3R0 nó a choibhéis le haghaidh na hanailíse uirlise. Déanfar an tomhas uair amháin sa bhliain ar a laghad.

    Critéar 8.   Pacáistíocht

    Leis an gcritéar seo, leagtar síos ceanglais le haghaidh pacáistíocht díolacháin agus ghrúpáilte.

    Seachnófar an phacáistíocht ghrúpáilte nó déanfar as cairtchlár agus/nó as páipéar amháin í.

    (a)   Cairtchlár agus/nó páipéar a úsáidtear le haghaidh na pacáistíochta

    Maidir le pacáistíocht díolacháin a dhéantar as cairtchlár agus/nó as páipéar, beidh 40 % di ar a laghad ina hábhar athchúrsáilte.

    Maidir le pacáistíocht díolacháin a dhéantar as cairtchlár agus/nó as páipéar, beidh 80 % di ar a laghad ina hábhar athchúrsáilte.

    An sciar eile (100 % lúide céatadáin an ábhair athchúrsáilte) den chairtchlár agus/nó den pháipéar a úsáidfear sa phacáistíocht díolacháin agus sa phacáistíocht ghrúpáilte, cumhdófar í le deimhnithe bailí um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí a d’eisigh scéim deimhniúcháin neamhspleách tríú páirtí amhail FSC, PEFC nó a gcoibhéis. Na comhlachtaí deimhniúcháin a eisíonn na deimhnithe um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí, déanfaidh an scéim deimhniúcháin sin iad a chreidiúnú/a aithint.

    (b)   Plaisteach a úsáidtear sa phacáistíocht

    Go dtí an 31 Nollaig 2026, beidh íosmhéid 20 % d’ábhar athchúrsáilte i bpacáistíocht díolacháin a dhéantar as plaisteach.

    Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, beidh íosmhéid 35 % d’ábhar athchúrsáilte i bpacáistíocht díolacháin a dhéantar as plaisteach.

    (c)   In-athchúrsáilteacht

    An cion den phacáistíocht díolacháin (cairtchlár agus/nó páipéar nó plaisteach) agus den phacáistíocht ghrúpáilte (cairtchlár agus/nó páipéar) is féidir a athchúrsáil, 95 % den phacáistíocht a bheidh i gceist leis an gcion sin de réir meáchain, agus beidh 5 % ar iarmhair é comhoiriúnach leis an athchúrsáil.

    (d)   Ceanglais bhreise

    Ní cheadaítear pacáistíocht ilchodach (pacáistíocht díolacháin agus pacáistíocht ghrúpáilte) ná plaistigh mheasctha a úsáid ná cairtchláir agus/nó páipéir a bhratú le plaistigh ná le miotail.

    Léireofar go soiléir ar an bpacáistíocht díolacháin cion athchúrsáilte agus in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta díolacháin agus grúpáilte.

    Measúnú agus fíorú:

    Cuirfidh an t-iarratasóir isteach (1) dearbhú comhlíontachta sínithe ina sonraítear céatadáin an ábhair athchúrsáilte sa phacáistíocht díolacháin agus sa phacáistíocht ghrúpáilte i gcás inarb ábhartha; (2) dearbhú comhlíontachta lena sonraítear in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta díolacháin agus grúpáilte agus (3) grianghraf ardtaifigh den phacáistíocht díolacháin ar a léirítear go soiléir faisnéis faoin gcion athchúrsáilte sa phacáistíocht díolacháin agus ghrúpáilte agus faoi in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta sin.

    Seiceálfaidh comhlachtaí inniúla an dearbhú comhlíontachta lena sonraítear céatadáin an ábhair phlaistigh athchúrsáilte le haghaidh na pacáistíochta díolacháin arís tar éis an 1 Eanáir 2027.

    Soláthróidh an t-iarratasóir doiciméid chuntasaíochta iniúchta ina léireofar go sainítear an sciar eile (100 % lúide céatadáin an ábhair athchúrsáilte) den chairtchlár agus/nó den pháipéar a úsáidtear le haghaidh na pacáistíochta díolacháin agus na pacáistíochta grúpáilte mar ábhar deimhnithe de réir scéimeanna bailí FSC, PEFC nó scéimeanna coibhéiseacha. Beidh na doiciméid chuntasaíochta iniúchta bailí ar feadh thréimhse iomlán cheadúnas Éicilipéad an AE. Seiceálfaidh na comhlachtaí inniúla na doiciméid chuntasaíochta arís 12 mhí tar éis ceadúnas Éicilipéad an AE a dhámhachtain.

    Fíorófar an cion athchúrsáilte trí EN 45557 nó ISO 14021 a chomhlíonadh agus fíorófar in-athchúrsáilteacht trí EN 13430 nó ISO 18604 a chomhlíonadh.

    Beidh an t-ábhar plaisteach athchúrsáilte sa phacáistíocht i gcomhréir le caighdeáin líne cúraim amhail ISO 22095 nó EN 15343. Féadfar glacadh le modhanna coibhéiseacha má mheasann tríú páirtí iad a bheith coibhéiseach, agus beidh mínithe mionsonraithe ag gabháil leo lena léireofar go bhfuil an ceanglas seo á chomhlíonadh mar aon leis an doiciméadacht tacaíochta ghaolmhar. Soláthrófar sonraisc lena léirítear ceannach an ábhair athchúrsáilte.

    Thairis sin, tástálfar in-athchúrsáilteacht (infhaighteacht agus comhoiriúnacht chun athchúrsáil) na pacáistíochta trí bhíthin nósanna imeachta tástála caighdeánaí. Déanfar measúnú ar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta cairtchláir agus/nó páipéir trí thástáil inlaíonáilteachta agus sa chás sin, léireoidh an t-iarratasóir inlaíonáilteacht na pacáistíochta cairtchláir agus/nó páipéir le tacaíocht ó thorthaí tuarascálacha tástála de réir mhodh PTS PTS-RH 021, chóras meastóireachta ATICELCA 501 nó mhodhanna caighdeánacha coibhéiseacha a nglacann an comhlacht inniúil leo mar mhodh lena soláthraítear sonraí ar cháilíocht eolaíoch choibhéiseach. Glacfar le scéimeanna deighilte nó scéimeanna measctha rialaithe amhail RecyClass mar dheimhniú neamhspleách tríú páirtí le haghaidh pacáistíocht phlaisteach. Féadfar glacadh le modhanna tástála coibhéiseacha má mheasann tríú páirtí iad a bheith coibhéiseach.

    Critéar 9.   Treoraíocht maidir leis an táirge a úsáid agus an táirge agus an phacáistíocht a dhiúscairt

    Cuirfear treoracha faoin táirge deiridh a úsáid ar fáil ar an bpacáistíocht nó ar bhileog phriontáilte agus/nó bileog dhigiteach.

    Beidh treoraíocht ar an bpacáistíocht díolacháin maidir le diúscairt na pacáistíochta díolacháin, na pacáistíochta grúpáilte (más ann di), na gcomhpháirteanna ar leithligh agus maidir le diúscairt an táirge úsáidte. Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a scríobh nó a léiriú trí bhíthin siombailí físeacha ar an bpacáistíocht díolacháin:

    nach sruthlófar an phacáistíocht díolacháin, an phacáistíocht ghrúpáilte (más ann di), na comhpháirteanna ar leithligh ná an táirge úsáidte agus

    an bealach chun an phacáistíocht díolacháin, an phacáistíocht ghrúpáilte (más ann di), na comhpháirteanna ar leithligh agus an táirge úsáidte a dhiúscairt.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir grianghraf ardtaifigh de na treoracha maidir leis an táirge a úsáid.

    Soláthróidh an t-iarratasóir grianghraf ardtaifigh den phacáistíocht díolacháin, ar a bhfuil an fhaisnéis faoin diúscairt le feiceáil go soiléir.

    Critéar 10.   Oiriúnacht don úsáid agus cáilíocht an táirge

    Beidh éifeachtúlacht/cáilíocht an táirge deiridh sásúil agus beidh coibhéiseach le héifeachtúlacht/cáilíocht na dtáirgí atá ar an margadh cheana ar a laghad.

    Tástálfar an oiriúnacht don úsáid i dtaobh na saintréithe agus na bparaiméadar a dtugtar tuairisc orthu i dTábla 10. Beidh na tairseacha feidhmíochta céanna ann, i gcás ina sainaithnítear a leithéid.

    Tábla 10

    Saintréithe agus paraiméadair lena dtugtar tuairisc ar oiriúnacht an táirge atá le tástáil don úsáid

    Saintréith

    Cleachtas tástála is gá (tairseach feidhmíochta)

    Clúidíní linbh

    Pillíní cúraim mná

    Súitíní

    Pillíní cíche

    Tástálacha in úsáid

    U1. Ionsú agus cosaint ar sceitheadh  (26)

    Tástáil painéil tomhaltóirí (rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil)

    U2. Tirimeacht craicinn

    Tástáil painéil tomhaltóirí (rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil)

    Neamhbhainteach

    Mar an gcéanna le clúidíní linbh agus pillíní cúraim mná

    U3. Tomhas agus compord

    Tástáil painéil tomhaltóirí (rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil)

    U4. Feidhmíocht fhoriomlán

    Tástáil painéil tomhaltóirí (rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil)

    Tástálacha teicniúla

    T1. Ionsú agus cosaint ar sceitheadh  (26)

    Ráta ionsúite agus ionsú roimh sceitheadh

    Modh na faighne sintéisí

    Mar an gcéanna le clúidíní linbh agus pillíní cúraim mná

    T2. Tirimeacht craicinn  (26)

    TEWL, modh an athfhliuchta nó tástáil chornaiméadrach

    Neamhbhainteach

    Mar an gcéanna le clúidíní linbh agus pillíní cúraim mná

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthrófar tuarascáil tástála le haghaidh tástálacha in úsáid agus tástálacha teicniúla. Tabharfar tuairisc sa tuarascáil tástála ar a laghad ar na modhanna tástála, ar na torthaí tástála agus ar na sonraí a úsáideadh. Déanfar na tástálacha i saotharlanna atá deimhnithe chun córais bainistithe cáilíochta a chur chun feidhme.

    Déanfar tástálacha ar na cineálacha sonracha táirgí agus ar na méideanna éagsúla táirgí uile a ndéantar an t-iarratas ar Éicilipéad an AE ina leith. Mar sin féin, más féidir a léiriú go mbaineann an fheidhmíocht chéanna leis na táirgí, ní thástálfar ach toise amháin nó meascán ionadaíoch toisí in aghaidh gach dearaidh táirge.

    Déanfar cúram ar leith maidir le táirgí a shampláil, a iompar agus a stóráil chun torthaí in-mhacasamhlaithe a ráthú. Moltar gan táirgí a fholú nó iad a athphacáistiú i bpacáistíocht neodrach mar gheall ar an riosca atá ann go n-athrófaí feidhmíocht táirgí agus/nó pacáistíochta, ach amháin sa chás gur féidir a áirithiú nach mbeidh athrú ann.

    Cuirfear faisnéis faoin tástáil ar fáil do na comhlachtaí inniúla agus lánurraim á tabhairt don rúndacht. Míneofar torthaí tástála go soiléir agus cuirfear i láthair i dteanga, in aonaid agus le siombailí is intuigthe don úsáideoir sonraí. Sonrófar na heilimintí seo a leanas: ionad agus dáta na dtástálacha; na critéir a úsáideadh chun na táirgí a tástáladh a roghnú agus a ionadaí atá siad; saintréithe tástála a roghnaíodh agus, i gcás inarb infheidhme, na cúiseanna nár cuireadh saintréithe áirithe san áireamh; na modhanna tástála a úsáideadh agus na srianta a bhaineann leo más ann dóibh. Soláthrófar treoirlínte soiléire maidir le húsáid torthaí tástála.

    Treoirlínte breise le haghaidh tástálacha in úsáid:

    Beidh an tsampláil, an dearadh tástála, an t-earcú painéil agus anailísiú na dtorthaí tástála i gcomhréir le cleachtais chaighdeánacha staidrimh (AFNOR Q 34-019, ASTM E1958-07e1 nó a gcoibhéis).

    Déanfar measúnú ar gach táirge ar bhonn ceistneora. Mairfidh an tástáil 72 uair an chloig ar a laghad, agus seachtain iomlán i gcás inar féidir, agus déanfar an tástáil faoi ghnáthdhálaí úsáidte an táirge.

    Is éard a bheidh sa líon molta tástálaithe 30 tástálaí ar a laghad (i gcás táirgí a dheartar go sonrach nó táirgí nach ndírítear ar inscne amháin). Beidh an cineál/toise shonrach den táirge atá le tástáil in úsáid faoi láthair ag na daoine aonair a bhíonn rannpháirteach sa suirbhé.

    I gcás nach ndeartar an táirge le haghaidh inscne aonair, is éard a bheidh sa chóimheas idir fir agus mná 1:1.

    Glacfaidh meascán daoine aonair a dhéanann ionadaíocht chionmhar ar ghrúpaí éagsúla tomhaltóirí sa mhargadh páirt sa suirbhé. Luafar aois, tíortha agus inscní go soiléir.

    Ní ghlacfaidh daoine tinne nó daoine ar a bhfuil riochtaí ainsealacha craicinn páirt sa tástáil. I gcás ina n-éiríonn daoine tinn le linn na trialach úsáideora, luafar an méid sin ar an gceistneoir agus ní chuirfear na freagraí san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe.

    I gcás na dtástálacha uile in úsáid (ionsú agus cosaint ar sceitheadh, tirimeacht craicinn, tomhas agus compord agus feidhmíocht fhoriomlán), rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil, agus sannfaidh an tomhaltóir ráta os cionn 60 (ar scála cainníochtúil ó 1 go 100). Mar rogha air sin, rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge mar tháirge maith nó an-mhaith (as measc cúig rogha chainníochtúla: an-olc, olc, measartha, maith, an-mhaith).

    Déanfar meastóireacht staitistiúil ar na torthaí tar éis na trialach úsáideora a chur i gcrích.

    Cuirfear in iúl fachtóirí seachtracha amhail brandáil, sciartha margaidh agus fógraíocht a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar fheidhmíocht bhraite na dtáirgí.

    Ceanglais bhreise le haghaidh tástálacha teicniúla:

    Bunófar modhanna tástála a mhéid is féidir ar mhodhanna atá ábhartha don táirge, modhanna is féidir a mhacasamhlú.

    Tástálfar cúig shampla ar a laghad. Tuairisceofar na meántorthaí mar aon le léiriú den diall caighdeánach.

    Is ionann na tástálacha teicniúla a mholtar le haghaidh pillíní cíche agus na tástálacha a mholtar le haghaidh clúidíní linbh agus pillíní cúraim mná.

    Tabharfar tuairisc ar mheáchan, ar thoisí agus ar ghnéithe dearaidh den táirge agus soláthrófar an tuairisc sin i gcomhréir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh sa mheasúnú ginearálta agus sa téacs fíorúcháin san iarratas.

    Critéar 11.   Freagracht shóisialta chorparáideach maidir le gnéithe saothair

    Leis an gcritéar seo, leagtar amach ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le láithreán cóimeála an táirge ionsúitigh sláinteachais deiridh.

    Ag féachaint don Dearbhú Trípháirteach Prionsabal ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta (27), Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe (Colún 2) (28), Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (29) AGUS Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta (30), gheobhaidh an t-iarratasóir fíorú tríú páirtí, a dtacaítear leis le hiniúchtaí ar an láthair, gur urramaíodh na prionsabail is infheidhme a shonraítear sna téacsanna idirnáisiúnta thuasluaite agus sna forálacha forlíontacha thíos ag an láithreán cóimeála le haghaidh an táirge deiridh.

    Coinbhinsiúin Bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair:

    (i)

    Saothar Leanaí:

    An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138)

    An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is Measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182)

    (ii)

    Saothar Éigeantais nó Éigeantach:

    An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) agus Prótacal 2014 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais

    An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105)

    (iii)

    Saoirse Comhlachais agus an Ceart chun Cómhargála:

    An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87)

    An Coinbhinsiún maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98)

    (iv)

    Idirdhealú:

    An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100)

    An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111)

    Forálacha forlíontacha:

    (v)

    Uaireanta Oibre:

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hUaireanta Oibre (Tionsclaíocht), 1919 (Uimh. 1)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Scíth Sheachtainiúil (Tionsclaíocht), 1921 (Uimh. 14)

    (vi)

    Pá:

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Socrú Íosphá 1970 (Uimh. 131)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Laethanta Saoire le Pá (Athbhreithnithe), 1970 (Uimh. 132)

    Íosphá maireachtála: Áiritheoidh an t-iarratasóir gur leor an pá (lena n-eisiatar aon cháin, íocaíochtaí bónais, liúntais nó pá ragoibre) a íoctar ar ghnáthsheachtain oibre (nach mó ná 48 n-uair an chloig) chun go mbeidh an oibrí in acmhainn íoc as riachtanais bhunúsacha (tithíocht, fuinneamh, cothú, éadaí, cúram sláinte, oideachas, uisce óil, cúram leanaí agus iompar) an oibrí agus teaghlaigh de cheathrar, agus chun roinnt ioncam lánroghnach a sholáthar. Déanfar iniúchadh ar an gcur chun feidhme faoi threoir Threoraíocht SA8000 (31) maidir le ‘Pá’.

    (vii)

    Sláinte agus Sábháilteacht:

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sábháilteacht in Úsáid Ceimiceán ag an Obair, 1981 (Uimh. 170)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde, 1990 (Uimh. 155)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an Timpeallacht Oibre (Truailliú Aeir, Torann agus Creathadh), 1977 (Uimh. 148)

    (viii)

    Cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta:

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cúram Leighis agus le Sochair Bhreoiteachta, 1969 (Uimh. 130)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an tSlándáil Shóisialta (Íoschaighdeáin), 1952 (Uimh. 102)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sochair i gcás Díobháil Fostaíochta, 1964 (Uimh. 121)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cóir Chomhionann (Cúiteamh i gcás Taismí), 1925 (Uimh. 19)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cosaint Mháithreachais 2000 (Uimh. 183)

    (ix)

    Dífhostú cóir:

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foirceannadh Fostaíochta, 1982 (Uimh. 158).

    In áiteanna ina gcuirtear srian ar an tsaoirse comhlachais agus ar an gceart chun cómhargáil faoin dlí, ní chuirfidh an chuideachta srian ar oibrithe sásraí malartacha a fhorbairt chun a ngearáin a chur in iúl agus chun a gcearta a chosaint maidir le dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta agus aithneoidh sí comhlachais dhlisteanacha fostaithe lenar féidir léi saincheisteanna a bhaineann leis an áit oibre a phlé.

    Cuimseofar sa phróiseas iniúchta comhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha atá neamhspleách ar an tionscadal i gceantair áitiúla timpeall láithreáin, lena n-áirítear ceardchumainn, eagraíochtaí pobail, ENRanna agus saineolaithe saothair. Reáchtálfar comhairliúcháin fhiúntacha le dhá pháirtí leasmhara ó dhá fhoghrúpa éagsúla ar a laghad. In áiteanna nach féidir leordhóthanacht na freagrachta sóisialta corparáidí a áirithiú leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta thuasluaite trí bhíthin an dlí náisiúnta, áireofar sa phróiseas iniúchta iniúchtaí láithreáin tríú páirtí arb éard a bheidh iontu spotchigireachtaí gan fhógra a dhéanfaidh measúnóirí atá neamhspleách ar an tionscal.

    Le linn thréimhse bhailíochta cheadúnas Éicilipéad an AE, foilseoidh an t-iarratasóir na torthaí comhiomlána agus na príomhthorthaí ó na hiniúchtaí (lena n-áirítear sonraí (a) faoin líon sáruithe a rinneadh ar gach ceann de na cearta saothair agus na caighdeáin sábháilteachta agus sláinte ceirde agus faoina thromchúisí a bhí na sáruithe sin; (b) faoin straitéis feabhsúcháin – i gcás ina gcuimsítear leis an bhfeabhsúchán seachaint de réir choincheap Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe; (c) faoin measúnú ar na cúiseanna is cionsiocair le sáruithe leanúnacha mar thoradh ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara – cé leis a ndeachthas i gcomhairle, cé na saincheisteanna a tarraingíodh anuas, cén tionchar a bhí ag an méid sin ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí), ar líne chun fianaise a sholáthar maidir leis an bhfeidhmíocht do thomhaltóirí ar suim leo an cás.

    Measúnú agus fíorú:

    Léireoidh an t-iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais trí chóipeanna a sholáthar den leagan is déanaí dá chód iompair a bheidh comhsheasmhach leis na forálacha a shonraítear thuas agus cóipeanna de na tuarascálacha iniúchta tacaíochta le haghaidh gach gléasra deiridh cóimeála táirge i gcás na samhlacha atá le héicilipéadú, mar aon le nasc gréasáin chuig an áit ar féidir teacht ar fhoilsiú na dtorthaí ar líne.

    Maidir leis na hiniúchtaí láithreáin tríú páirtí, déanfaidh measúnóirí iad atá cáilithe chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh láithreán monaraíochta tionsclaíche le caighdeáin shóisialta nó cóid iompair nó i gcás tíortha inar daingníodh Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, 1947 (Uimh. 81) agus go dtugtar le fios le maoirseacht na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair go bhfuil an córas náisiúnta cigireachta saothair éifeachtach (32) agus i gcás ina gcumhdaítear na réimsí thuasluaite le raon feidhme na gcóras cigireachta (33), déanfaidh cigirí saothair a cheapann údarás poiblí iad.

    Glacfar le deimhnithe bailí ó scéimeanna tríú páirtí nó próisis chigireachta lena ndéantar iniúchadh ar chomhlíonadh na bprionsabal is infheidhme a liostaítear i gCoinbhinsiúin Bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus ar chomhlíonadh na bhforálacha forlíontacha maidir le huaireanta oibre, pá agus sláinte agus sábháilteacht agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha. Ní bheidh na deimhnithe sin níos sine ná 12 mhí an dáta a dhéantar an t-iarratas.

    Critéar 12.   Faisnéis atá le feiceáil ar Éicilipéad an AE

    Féadfar lógó Éicilipéad an AE a thaispeáint ar phacáistíocht díolacháin an táirge. Má úsáidtear an lipéad roghnach maille leis an mbosca téacs, beidh na trí ráiteas seo a leanas ann:

    ‘Deartha chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú’,

    ‘Comhlíonann na ceanglais dhiana maidir le substaintí díobhálacha’,

    ‘Feidhmíocht fhíoraithe’,

    Leanfaidh an t-iarratasóir na treoracha maidir leis an gcaoi ar féidir lógó Éicilipéid an AE a úsáid dá bhforáiltear i dTreoirlínte Lógó Éicilipéid an AE:

    http://ec.europa.eu/environment/ecolabel/documents/logo_guidelines.pdf

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh an cheanglais mar aon le grianghraf ardtaifigh de phacáistíocht díolacháin an táirge ina léirítear go soiléir an lipéad, an uimhir chlárúcháin/cheadúnais agus, i gcás inarb ábhartha, na ráitis is féidir a thaispeáint in éineacht leis an lipéad.


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

    (2)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil sa mhargadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

    (6)  Cuirfear glanastaíochtaí P san áireamh sa ríomh. Is féidir P a bhíonn in amhábhair adhmaid agus in uisce go nádúrtha a dhealú ó iomlán na n-astaíochtaí P. Glacfar le laghduithe suas le 0,010 kg/ADt.

    (7)  Tagraíonn an luach níos airde do mhuilte ina n-úsáidtear speicis eocalaipe agus speicis péine dheisceart na Stát Aontaithe ó réigiúin ina bhfuil leibhéil fosfair níos airde agus beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2026. Ón 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag an teorainn 0,03 kg P/ADt maidir le muilte ina n-úsáidtear speicis eocalaipe agus speicis péine dheisceart na Stát Aontaithe ó réigiúin ina bhfuil leibhéil fosfair níos airde.

    (8)  Maidir le muilte neamh-chomhtháite, beidh an laíon amhábhair i gcomhréir leis na luachanna a liostaítear le haghaidh muilte comhtháite, ar cheart na hastaíochtaí a eascraíonn as an bpróiseas tiontaithe a chur leo.

    (9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún, C/2018/8588 (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

    (10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh lamháltas astaíochtaí comhchuibhithe saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

    (11)  Beidh an laíon amhábhair le haghaidh muilte neamh-chomhtháite i gcomhréir leis na luachanna a liostaítear le haghaidh muilte comhtháite, ar cheart na hastaíochtaí a eascraíonn as an bpróiseas tiontaithe a chur leo.

    (12)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

    (13)  maidir le muilte neamh-chomhtháite, beidh an laíon amhábhair i gcomhréir leis na luachanna a liostaítear le haghaidh muilte comhtháite, ar cheart an fuinneamh a úsáidtear le linn an phróisis tiontaithe a chur leo.

    (14)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeacht orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

    (15)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle, PE/62/2017/REV/1 (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

    (16)  Clár Náisiúnta Orgánach, Riail ón tSeirbhís Margaíochta Talmhaíochta an 21/12/2000, 65 FR 80547.

    (17)  I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Creat beartais AE maidir le plaistigh bhithbhunaithe, inmhúirínithe agus in-bhithdhíghrádaithe. Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN-GA/TXT/?from=EN&uri=CELEX%3A52022DC0682.

    (18)  Is éard atá sna modheolaíochtaí is nua an creat a d’fhorbair Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, dá dtagraítear mar an ‘Modh Measúnaithe Saolré Plaisteach’ atá le fáil ag https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC125046 nó an Moladh ón gCoimisiún an 8.12.2022 lena mbunaítear creat measúnaithe Eorpach le haghaidh ceimiceáin atá ‘sábháilte agus inbhuanaithe trí dhearadh’ atá le fáil ag https://research-and-innovation.ec.europa.eu/system/files/2022-12/Commission%20recommendation%20-%20establishing%20a%20European%20assessment%20framework%20for%20safe%20and%20sustainable%20by%20design.PDF.

    (19)  I gcomhréir leis na ceanglais inbhuanaitheachta a bhaineann le hamhábhair bhithbhunaithe a fhoinsiú, de réir an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le Fuinnimh In-athnuaite. Tá na scéimeanna deimhniúcháin a aithníonn an Coimisiún Eorpach le fáil ag: https://ec.europa.eu/energy/topics/renewable-energy/biofuels/voluntary-schemes_ga.

    (20)  An mhodheolaíocht atá ar fáil faoi láthair mar a míníodh cheana.

    (21)   Council of Europe, Committee of Ministers, Resolution AP(89)1 on the use of colorants in plastic materials coming into contact with food [An Chomhairle Eorpach, Comhairle na nAirí, Rún AP (89) 1 maidir le datháin a úsáid in ábhair phlaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia]. Le fáil ag: https://rm.coe.int/16804f8648.

    (22)  https://www.bfr.bund.de/cm/349/IX-Colorants-for-Plastics-and-other-Polymers-Used-in-Commodities.pdf.

    (23)  https://www.blv.admin.ch/dam/blv/fr/dokumente/lebensmittel-und-ernaehrung/rechts-und-vollzugsgrundlagen/lebensmittelrecht2017/anhang2-verordnung-materialien-kontakt-lm-gg.pdf.download.pdf/Annexe_2.pdf.

    (24)  https://www.blv.admin.ch/dam/blv/en/dokumente/lebensmittel-und-ernaehrung/rechts-und-vollzugsgrundlagen/lebensmittelrecht2017/anhang10-verordnung-materialien-kontakt-lm-gg.pdf.download.pdf/Annex-10-ordinance-fdha-materials-and-articles-intended-to-come-into-contact-with-food-stuffs.pdf.

    (25)  https://www.dssmith.com/contentassets/1bbf9877253f458aa0eed26b76f2d705/360-english.pdf.

    (26)  Díolmhaítear pillíní brístín arb é is cuspóir dóibh fo-éadaí mná a chosaint (mionphillíní brístín) ó na ceanglais sin.

    (27)  ILO NORMLEX (http://www.ilo.org/dyn/normlex/en) agus treoraíocht tacaíochta.

    (28)  Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe (Colún 2), https://www.unglobalcompact.org/what-is-gc/participants/141550.

    (29)  Prionsabail Threoracha maidir le Gnó agus Cearta an Duine, https://www.unglobalcompact.org/library/2.

    (30)  Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, https://www.oecd.org/daf/inv/mne/48004323.pdf.

    (31)  Social Accountability International, Social Accountability 8000 International Standard, http://www.sa-intl.org.

    (32)  Féach fonóta 21.

    (33)  Féach fonóta 21.


    IARSCRÍBHINN II

    Critéir Éicilipéad an AE maidir le hÉicilipéad an AE a dhámhachtain do chuacháin mhíosta in-athúsáidte

    Tá critéir Éicilipéad an AE dírithe ar na cuacháin mhíosta in-athúsáidte is fearr dá bhfuil ar an margadh ó thaobh feidhmíocht chomhshaoil de. Tá na critéir dírithe ar na príomhthionchair chomhshaoil a bhaineann le saolré na dtáirgí sin agus cuireann siad gnéithe an gheilleagair chiorclaigh chun cinn.

    Ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin

    Chun Éicilipéad an AE a dhámhachtain do tháirge sonrach, comhlíonfaidh an táirge gach ceanglas. Cuirfidh an t-iarratasóir deimhniú ar fáil i scríbhinn ina sonraítear go gcomhlíontar na critéir uile.

    Tugtar ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin shonracha laistigh de gach critéar.

    I gcás ina gcuirtear de cheangal ar an iarratasóir dearbhuithe, doiciméadacht, anailísí, tuarascálacha tástála, nó aon fhianaise eile a sholáthar chun a léiriú go bhfuil na critéir á gcomhlíonadh, féadfaidh siad teacht ón iarratasóir agus/nó óna sholáthróirí, de réir mar is iomchuí.

    Tabharfaidh comhlachtaí inniúla aitheantas tosaíochta d’fhianuithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha le haghaidh saotharlanna tástála agus calabrúcháin, agus d’fhíoruithe ó chomhlachtaí atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha le haghaidh comhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí.

    I gcás inarb iomchuí, féadfar modhanna tástála eile a úsáid taobh amuigh de na modhanna tástála a shonraítear le haghaidh gach critéir, má ghlacann an comhlacht inniúil a bhfuil measúnú á dhéanamh aige ar an iarratas go bhfuil siad coibhéiseach.

    I gcás inarb iomchuí, féadfaidh comhlachtaí inniúla doiciméadacht tacaíochta a éileamh agus féadfaidh siad fíoruithe neamhspleácha a dhéanamh.

    Tabharfar fógra do chomhlachtaí inniúla faoi athruithe ar sholáthróirí agus ar láithreáin táirgthe i ndáil le táirgí ar dámhadh Éicilipéad an AE dóibh, i dteannta faisnéis tacaíochta ionas gur féidir comhlíontacht leanúnach leis na critéir a fhíorú.

    Mar réamhcheanglas, comhlíonfaidh an táirge ceanglais dhlíthiúla na tíre nó na dtíortha ina mbeartaítear an táirge a chur ar an margadh. Dearbhóidh an t-iarratasóir go bhfuil an táirge i gcomhréir leis an gceanglas sin.

    Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil i dteannta an iarratais ar Éicilipéad an AE:

    (a)

    tuairisc ar an táirge, mar aon le meáchan na n-aonad táirge aonair agus meáchan iomlán an táirge;

    (b)

    tuairisc ar an bpacáistíocht díolacháin, mar aon lena meáchan iomlán, más infheidhme;

    (c)

    tuairisc ar an bpacáistíocht ghrúpáilte, mar aon lena meáchan iomlán, más infheidhme;

    (d)

    tuairisc ar na comhpháirteanna ar leithligh, mar aon lena meáchan aonair;

    (e)

    na comhpháirteanna, na hábhair agus na substaintí go léir a úsáideadh sa táirge agus a meáchan féin, agus i gcás inarb iomchuí, a n-uimhir CAS féin.

    Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘breiseáin’ substaintí a chuirtear le comhpháirteanna, le hábhair nó leis an táirge deiridh chun cuid dá shaintréithe a fheabhsú nó a chaomhnú;

    (2)

    ciallaíonn ‘pacáistíocht ilchodach’ aonad pacáistíochta atá déanta as dhá ábhar éagsúla nó níos mó, seachas ábhair a úsáidtear le haghaidh lipéad, iamh agus séalaithe, nach féidir a dheighilt de láimh agus dá bhrí sin is aonad comhtháite amháin é;

    (3)

    ciallaíonn ‘pacáistíocht ghrúpáilte’, ar a dtugtar pacáistíocht thánaisteach freisin, pacáistíocht arna ceapadh chun líon áirithe aonad díolacháin a ghrúpáil ag an díolphointe cibé acu a dhíoltar na haonaid sin mar aonaid díolacháin leis an úsáideoir deiridh nó nach bhfónann sé ach mar mhodh chun na seilfeanna a athlánú ag an díolphointe nó chun aonad stoc-choimeádta nó dáileacháin a chruthú, agus ar féidir í a bhaint den táirge gan difear a dhéanamh dá shaintréithe;

    (4)

    ciallaíonn ‘eisíontais’ iarmharaigh, truailleáin, éilleáin etc. ó tháirgeadh, lena n-áirítear táirgeadh amhábhar, a fhanann san amhábhar/comhábhar agus/nó sa táirge ceimiceach (a úsáidtear sa táirge deiridh agus in aon chomhpháirt ann) i dtiúchain is lú ná 100 ppm (0,0100 % w/w, 100 mg/kg);

    (5)

    ciallaíonn ‘substaint isteach’ gach substaint a áirítear sa táirge ceimiceach (a úsáidtear sa táirge deiridh agus in aon chomhpháirt ann), lena n-áirítear breiseáin (e.g. leasaithigh agus cobhsaitheoirí) sna hamhábhair. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach faoi dhálaí monaraíochta cobhsaithe (e.g. formaildéad agus airilimín), meastar gur substaintí isteach iad freisin;

    (6)

    ciallaíonn ‘pacáistíocht’ ítimí d’aon ábhar atá beartaithe lena n-úsáid chun táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair agus ar féidir iad a idirdhealú i bhformáidí pacáistíochta bunaithe ar a bhfeidhm, ar a n-ábhar agus ar a ndearadh, lena n-áirítear:

    (a)

    ítimí atá riachtanach chun an táirge a choinneáil, chun tacú leis nó chun é a chaomhnú ar feadh a shaolré gan bheith ina ndlúthchuid den táirge, a bheartaítear a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;

    (b)

    comhpháirteanna agus eilimintí coimhdeacha ítime dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhtháthaítear isteach san ítim;

    (c)

    eilimintí coimhdeacha ítime dá dtagraítear i bpointe (a) atá ar crochadh go díreach ar an táirge, nó ceangailte leis, agus a fheidhmíonn feidhm phacáistíochta gan bheith ina ndlúthchuid den táirge, a bheartaítear a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge; etc;

    (7)

    ciallaíonn ‘ábhair phlaisteacha’, dá dtagraítear mar ‘phlaistigh’ chomh maith, polaiméirí de réir bhrí Airteagal 3(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a bhféadfadh breiseáin nó substaintí eile a bheith curtha leis, agus atá in ann feidhmiú mar phríomh-chomhpháirt struchtúrach de tháirgí deiridh agus agus/nó de phacáistíocht, cé is moite de pholaiméirí nádúrtha nár athraíodh go ceimiceach;

    (8)

    ciallaíonn ‘polaiméir’ substaint arb é atá ann móilíní a bhfuil de thréith acu seicheamh de cheann amháin nó níos mó d’aonaid monaiméirí. Ní mór na móilíní sin a dháileadh thar raon meáchan móilíneach inar féidir na difríochtaí sa mheáchan móilíneach a chur i leith na ndifríochtaí sa líon aonad monaiméirí go príomha. Cuimsítear le polaiméir an méid seo a leanas: (a) tromlach meáchain shimplí de mhóilíní a bhfuil ar a laghad trí aonad monaiméara iontu atá nasctha go comhfhiúsach le haonad monaiméara amháin eile ar a laghad nó le himoibreán amháin eile ar a laghad; (b) níos lú ná tromlach meáchain shimplí de mhóilíní den mheáchan móilíneach céanna. I gcomhthéacs an tsainmhínithe seo, ciallaíonn ‘aonad monaiméara’ an fhoirm imoibrithe de shubstaint mhonaiméara i bpolaiméir, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

    (9)

    ciallaíonn ‘in-athchúrsáilteacht’ méid (mais nó céatadán) ítime atá ar fáil lena athchúrsáil;

    (10)

    ciallaíonn ‘cion athchúrsáilte’ méid ítime (de réir achair, faid, toirte nó maise) a fhaightear ó ábhar athchúrsáilte iarthomhaltais agus/nó iarthionsclaíoch. Is féidir ítim a bheith ina tagairt don táirge nó don phacáistíocht sa chás seo;

    (11)

    ciallaíonn ‘athchúrsáil’, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2008/98/CE, aon oibríocht aisghabhála lena ndéantar ábhair dramhaíola a athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí cibé acu chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile. Áirítear air sin ábhair orgánacha a athphróiseáil ach ní áirítear aisghabháil fuinnimh ná athphróiseáil go hábhair le húsáid mar bhreosla nó le haghaidh oibríochtaí aislíonta;

    (12)

    ciallaíonn ‘pacáistíocht díolacháin’, dá ngairtear príomhphacáistíocht freisin, pacáistíocht arna ceapadh chun gurb é atá inti aonad díolacháin ina bhfuil táirgí agus pacáistíocht le haghaidh an úsáideora deiridh nó an tomhaltóra deiridh ag an díolphointe;

    (13)

    ciallaíonn ‘comhpháirt ar leithligh’, dá ngairtear comhpháirt bhreise freisin, comhpháirt phacáistíochta atá éagsúil le príomhchorp an aonaid pacáistíochta, a d’fhéadfadh a bheith déanta as ábhar difriúil, nach mór a dhíchóimeáil go hiomlán agus go buan ón bpríomhaonad pacáistíochta chun rochtain a fháil ar an táirge, agus bhfaightear réidh léi de ghnáth roimh an aonad pacáistíochta agus ar leithligh uaidh. I gcás cuacháin mhíosta in-athúsáidte, is éard atá ann aon chomhpháirt (ag a bhfuil feidhm chosanta nó sláinteachais) a bhaintear sula n-úsáidtear an táirge, e.g. an mála/tiachóg a dhíoltar leis na cupáin mhíosta go hiondúil;

    (14)

    ciallaíonn ‘substaintí a sainaithníodh go bhfuil airíonna suaite inchrínigh acu’, dá ngairtear freisin suaiteoirí inchríneacha, substaintí a sainaithníodh go bhfuil airíonna suaite inchrínigh acu (sláinte an duine agus/nó an comhshaol) de réir Airteagal 57(f) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (an liosta substaintí inbhreithnithe le haghaidh údarú ar ábhar mór imní iad), nó Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 nó Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nó Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;

    (15)

    ciallaíonn ‘polaiméirí sintéiseacha’ substaintí macramóilín seachas laíon ceallalóis a fhaightear d’aon ghnó trí cheachtar de na modhanna seo a leanas:

    (a)

    próiseas polaiméiriúcháin amhail polasuimiú nó pola-chomhdhlúthú nó trí aon phróiseas comhchosúil eile lena gcomhcheanglaítear monaiméirí agus substaintí tosaigh eile;

    (b)

    modhnú ceimiceach ar mhacramóilíní nádúrtha nó sintéiseacha;

    (c)

    coipeadh miocróbach.

    Critéar 1.   Astaíochtaí le linn tháirgeadh an amhábhair

    1.1.    Astaíochtaí deannaigh agus clóirídí san aer

    (a)   Astaíochtaí deannaigh

    (i)   Tá feidhm ag an gceanglas seo maidir le sileacóin amháin.

    Úsáidfear ceann amháin ar a laghad de na teicnící seo a leanas chun an t-amhábhar sileacóin eilimintigh a stóráil agus a láimhseáil:

    Sileacón eiliminteach a stóráil i stórtha (tar éis meilte);

    Sileacón eiliminteach a stóráil i bhfoscadáin atá cosanta ar an mbáisteach agus ar an ngaoth (tar éis meilte);

    Úsáid a bhaint as trealamh atá deartha le cochall agus ducht chun astaíochtaí deannaigh idirleata a ghabháil le linn sileacón eiliminteach a chur sa stóráil (tar éis meilte);

    Atmaisféar an mheilteora a choinneáil ag brú beagán níos ísle ná brú an atmaisféir.

    (ii)   Tá feidhm ag an gceanglas seo maidir le sileacóin agus leaistiméirí eile araon.

    Beidh meánastaíochtaí clasaithe in aghaidh na bliana níos ísle ná 5 mg/Nm3. Ba cheart monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar na hastaíochtaí deannaigh.

    (b)   Astaíochtaí clóirídí

    (i)   Tá feidhm ag an gceanglas seo maidir le sileacóin amháin.

    Déanfar ocsaídiú teirmeach agus sciúradh ina dhiaidh sin ar na easgháis ó na céimeanna clóiríde meitile, sintéise dírí agus próisis driogtha. Údarófar comhdhúile clóirínithe a dhó sa phróiseas ocsaídithe theirmigh.

    (ii)   Tá feidhm ag an gceanglas seo maidir le leaistiméirí nach sileacóin iad.

    Beidh débheinsi-dé-ocsainí polaclóirínithe (PCDDanna) agus débheinseafúráin (PCDFanna) faoi bhun 0,01 ng TEQ/Nm3 (an meán thar an tréimhse samplála). Ba cheart monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí PCDD/F gach 6 mhí.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh chritéar 1.1 ón soláthróir amhábhair. Ina theannta sin, léireoidh an dearbhú go gcomhlíontar na nithe seo a leanas:

    critéar 1.1(a)i, cuirfidh an soláthróir sileacóin in iúl cén teicníc a úsáidtear ar an láthair, agus soláthróidh pictiúir nó tuairiscí teicniúla, mar shonraí forlíontacha;

    critéar 1.1(a)(ii), soláthróidh an soláthróir amhábhair torthaí na dtomhas deannaigh a thógtar ar an láthair, mar aon le meánastaíochtaí deannaigh in aghaidh na bliana. Is iad EN 15267-1, EN 15267-2, EN 15267-3, EN 15267-4, EN 13284-1 agus EN 13284-2 na modhanna a nglactar leo. I gcás sileacóin a tháirgeadh, cumhdófar leis an tomhas meilt, stóráil agus láimhseáil sileacain eilimintigh ar a laghad;

    critéar 1.1(b)(i), soláthróidh an soláthróir sileacóin sonraí maidir le próiseáil na n-easghás ó na céimeanna clóiríde meitile, sintéise dírí agus driogtha;

    critéar 1.1(b)(ii), soláthróidh an soláthróir amhábhair torthaí thomhas astaíochtaí PCDD/F na ngás cóireáilte. Is iad EN 1948-1, EN 1948-2 agus EN 1948-3 na modhanna a nglactar leo.

    1.2    Astaíochtaí copair agus since san uisce

    Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le sileacóin amháin.

    Déanfar na heisiltigh uisce ón gcéim táirgthe polaidémheitilsiolocsáin (PDMS) a réamhchóireáil trí dheascadh nó trí fhlocasú faoi dhálaí alcaileacha, agus ina dhiaidh sin dríodrú agus scagachán. Áireofar leis sin:

    (a)

    an sloda a dhí-uisciú sula ndéantar é a dhiúscairt; agus

    (b)

    iarmhair mhiotail sholadacha a aisghabháil i ngléasraí aisghabhála miotail.

    Beidh an tiúchan copair san eisilteach cóireáilte faoi bhun 0,5 mg/l, agus beidh an tiúchan since faoi bhun 2 mg/l.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú ón soláthróir sileacóin maidir le comhlíonadh chritéar 1.2, mar aon le cruthúnas go bhfuil córas fuíolluisce i bhfeidhm ag an ngléasra ina bhfuil céim deascaidh/flocasúcháin agus céim dríodraithe ina dhiaidh sin. Thairis sin, soláthróidh an soláthróir sileacóin na torthaí tomhaiste maidir le copar agus sinc san eisilteach cóireáilte.

    1.3    Astaíochtaí CO2

    Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le sileacóin amháin.

    Ní bheidh astaíochtaí CO2 ó tháirgeadh an tsileacóin os cionn 6,58 kg in aghaidh an chileagraim sileacóin, lena n-áirítear astaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais (cibé acu ar an láthair nó lasmuigh den láthair). Áireofar le hastaíochtaí CO2 gach foinse fuinnimh neamh-inathnuaite a úsáidtear le linn an sileacón a tháirgeadh. Úsáidfear luachanna astaíochtaí tagartha de réir Thábla 1 le haghaidh ríomh na n-astaíochtaí CO2 ó fhoinsí fuinnimh. Más gá, is féidir teacht ar fhachtóirí astaíochta CO2 le haghaidh foinsí eile fuinnimh in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/2066, ach ba cheart na fachtóirí astaíochta CO2 le haghaidh leictreachas eangaí a bheith i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.

    Tábla 1

    Luachanna tagartha le haghaidh astaíochtaí CO2 ó fhoinsí fuinnimh éagsúla

    Breosla

    Astaíochtaí CO2

    Aonad

    Tagairt

    Gual

    94,6

    g CO2 iontaise/MJ

    Rialachán (AE) 2018/2066

    Amhola

    73,3

    g CO2 iontaise/MJ

    Rialachán (AE) 2018/2066

    Ola breosla 1

    74,1

    g CO2 iontaise/MJ

    Rialachán (AE) 2018/2066

    Olaí breosla 2-5

    77,4

    g CO2 iontaise/MJ

    Rialachán (AE) 2018/2066

    GPL

    63,1

    g CO2 iontaise/MJ

    Rialachán (AE) 2018/2066

    Gás Nádúrtha

    56,1

    g CO2 iontaise/MJ

    Rialachán (AE) 2018/2066

    Leictreachas ón eangach

    376

    g CO2 iontaise/kWh

    Rialachán (AE) 2019/331

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir sonraí agus ríomhanna mionsonraithe maidir leis na hastaíochtaí CO2 ó tháirgeadh an tsileacóin.

    Áireofar sna sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 gach foinse fuinnimh a úsáidtear le linn an t-amhábhar a tháirgeadh, lena n-áirítear na hastaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais (cibé acu ar an láthair nó lasmuigh den láthair).

    Agus astaíochtaí CO2 á ríomh, astaíocht CO2 nialasach a bheidh sa mhéid fuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a úsáidtear le haghaidh na bpróiseas táirgthe. Maidir le dóchán bithmhaise, ciallaíonn sé sin gur gá don bhithmhais na critéir ábhartha inbhuanaitheachta agus laghduithe gás ceaptha teasa a chomhlíonadh mar a shonraítear i dTreoir (AE) 2018/2001. Cuirfidh an t-iarratasóir doiciméadacht iomchuí ar fáil go bhfuil an cineál sin fuinnimh á úsáid iarbhír sa ghléasra nó gur ceannaíodh go seachtrach é (cóip den chonradh agus sonrasc lena léirítear sciar in-athnuaite an leictreachais a ceannaíodh).

    Beidh an tréimhse le haghaidh na ríomhanna agus/nó na maischothromaíochtaí bunaithe ar an táirgeadh thar 12 mhí. Déanfar na ríomhanna arís ar bhonn bliantúil. I gcás gléasra táirgthe nua nó gléasra táirgthe atógtha, bunófar na ríomhanna ar 45 lá ar a laghad ina dhiaidh sin d’oibriú cobhsaí an ghléasra. Beidh na ríomhanna ionadaíoch ar an bhfeachtas féin.

    I gcás an leictreachais ón eangach, úsáidfear an luach a sholáthraítear thuas (an meán Eorpach) mura dtíolacann an t-iarratasóir doiciméadacht lena mbunaítear an luach sonrach le haghaidh a sholáthróirí leictreachais (conradh le haghaidh leictreachas sonraithe nó leictreachas deimhnithe). Sa chás sin, féadfaidh an t-iarratasóir an luach sin a úsáid in ionad an luacha a luaitear. Áireofar sa doiciméadacht a úsáidfear mar chruthúnas ar chomhlíonadh sonraíochtaí teicniúla a léiríonn an meánluach (e.g. cóip de chonradh).

    Critéar 2.   Bainistíocht chomhshaoil an táirgthe

    Beidh córais chun na nithe seo a leanas a chur chun feidhme ag gach gléasra a tháirgeann amhábhair (sileacón nó leaistiméirí eile) nó na táirgí deiridh:

    (a)

    coigilteas uisce. Déanfar an córas bainistithe uisce a dhoiciméadú nó a mhíniú agus áireofar ann faisnéis faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad: faireachán ar shreafaí uisce; cruthúnas ar uisce a chur i gcúrsaíocht i gcórais dhúnta; agus cuspóirí agus spriocanna feabhsaithe leanúnaigh a bhaineann le giniúint fuíolluisce a laghdú agus rátaí barrfheabhsaithe (más ábhartha, i.e. má úsáidtear uisce sa ghléasra);

    (b)

    bainistiú dramhaíola comhtháite, i bhfoirm plean chun tosaíocht a thabhairt do roghanna cóireála seachas diúscairt le haghaidh na dramhaíola ar fad a ghintear ag na saoráidí monaraíochta agus an t-ordlathas dramhaíola a leanúint i ndáil le dramhaíl a chosc, a athúsáid, a athchúrsáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar deireadh. Déanfar an plean bainistithe dramhaíola a dhoiciméadú nó a mhíniú agus áireofar ann faisnéis faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad: codáin dramhaíola éagsúla a dheighilt; ábhair in-athchúrsáilte a láimhseáil, a bhailiú, a dheighilt agus a úsáid ón sruth dramhaíola neamhghuaisí; ábhair a aisghabháil le haghaidh úsáidí eile; dramhaíl ghuaiseach mar a shainíonn na húdaráis rialála áitiúla agus náisiúnta ábhartha a láimhseáil, a bhailiú, a dheighilt agus a dhiúscairt; agus cuspóirí agus spriocanna feabhsaithe leanúnaigh a bhaineann le dramhaíl a chosc, a athúsáid agus a athchúrsáil agus a bhaineann le haisghabháil codán dramhaíola nach féidir a chosc (lena n-áirítear aisghabháil fuinnimh);

    (c)

    an éifeachtúlacht fuinnimh agus an bainistiú fuinnimh a bharrfheabhsú. Trí bhíthin an chórais bainistithe fuinnimh, tabharfar aghaidh ar na gairis uile a ídíonn fuinneamh, lena n-áirítear innealra, soilsiú, aerchóiriú agus fuarú. Áireofar sa chóras bainistithe fuinnimh bearta chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus áireofar faisnéis ann faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad: plean bailithe sonraí fuinnimh a bhunú agus a chur chun feidhme chun príomhfhigiúirí fuinnimh a shainaithint; anailís ar an tomhaltas fuinnimh lena n-áirítear liosta de chórais, de na próisis agus de na saoráidí a thomhlaíonn fuinneamh; bearta a shainaithint chun fuinneamh a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla; cuspóirí agus spriocanna feabhsaithe leanúnaigh a bhaineann leis an tomhaltas fuinnimh a laghdú.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh an chritéir ó (1) tháirgeoir na n-amhábhar (amhábhar sileacóin nó leaistiméirí eile) agus (2) ón monaróir cuachán míosta in-athúsáidte. Tacófar leis an dearbhú trí bhíthin tuarascáil ina dtugtar miontuairisc ar na nósanna imeachta a ghlac na soláthróirí chun na ceanglais a chomhlíonadh le haghaidh gach ceann de na láithreáin lena mbaineann i gcomhréir le caighdeáin, amhail ISO 14001 agus/nó ISO 50001 le haghaidh pleananna uisce, dramhaíola agus fuinnimh.

    Má dhéantar an bhainistiú dramhaíola a sheachfhoinsiú, soláthróidh an fochonraitheoir dearbhú maidir le comhlíonadh an chritéir seo freisin.

    Iarratasóirí atá cláraithe le Scéim an Aontais um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) agus/nó atá deimhnithe de réir ISO 14001, ISO 50001, EN 16247 nó caighdeán/scéim choibhéiseach, measfar go gcomhlíonann siad na ceanglais sin má dhéanann siad an méid seo a leanas:

    (a)

    doiciméadaítear pleananna bainistithe uisce, dramhaíola agus fuinnimh le haghaidh na láithreán táirgthe i ráiteas EMAS na cuideachta; nó

    (b)

    tugtar aghaidh go leormhaith ar chuimsiú pleananna bainistithe uisce, dramhaíola agus fuinnimh le haghaidh na láithreán táirgthe le ISO 14001, ISO 50001, EN 16247 nó caighdeán/scéim choibhéiseach.

    Critéar 3.   Éifeachtúlacht ábhar i monarú an táirge deiridh

    Beidh feidhm ag na ceanglais a shonraítear sa chritéar seo maidir le láithreán monaraíochta an táirge deiridh.

    Maidir leis an gcainníocht dramhaíola a ghintear le linn mhonarú agus phacáistiú na dtáirgí deiridh agus a chuirtear chuig líonadh talún nó a loisctear gan aisghabháil fuinnimh, ní bheidh an chainníocht sin níos mó ná 4 % de na táirgí deiridh de réir meáchain.

    Measúnú agus fíorú:

    Dearbhóidh an t-iarratasóir go gcomhlíontar an ceanglas thuasluaite.

    Soláthróidh an t-iarratasóir fianaise ar an gcainníocht dramhaíola nár athúsáideadh laistigh den phróiseas monaraíochta agus nach dtiontaítear ina hábhair agus/nó ina fuinneamh.

    Cuirfidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas i láthair:

    (a)

    meáchan an táirge agus na pacáistíochta,

    (b)

    na sruthanna dramhaíola uile a ghintear le linn na monaraíochta, agus

    (c)

    an phróiseáil cóireála faoi seach a dhéantar an an gcodán den dramhaíl aisghafa agus an codán a chuirtear chuig líonadh talún nó a loisctear.

    An cainníocht dramhaíola a chuirtear chuig líonadh talún nó a loisctear gan aisghabháil fuinnimh a dhéanamh, ríomhfar í mar an difríocht idir an méid dramhaíola a tháirgtear agus an méid dramhaíola a aisghabhtar (ath-úsáidte, athchúrsáilte, etc).

    Critéar 4.   Substaintí eisiata agus srianta

    4.1.    Srianta ar shubstaintí a aicmítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008

    Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt ann.

    Ach amháin i gcás maolú air i dTábla 4, ní bheidh substaintí isteach (astu féin nó i meascáin) sa táirge deiridh, ná in aon chomhpháirt ann, ar substaintí iad dár sanntar aon aicme nó catagóir ghuaise nó aon chód ráitis guaise lena mbaineann a shonraítear i dTábla 2 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

    Tábla 2

    Aicmí agus catagóirí guaise agus cód ráitis guaise lena mbaineann a eisiatar

    Carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh

    Catagóirí 1A agus 1B

    Catagóir 2

    H340 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le héalanga géiniteacha

    H341 Ceaptar go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le héalanga géiniteacha

    H350 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le hailse

    H351 Ceaptar go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le hailse

    H350i D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le hailse má ionanálaítear é

    -

    H360F D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht

    H361f Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht

    H360D D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

    H361d Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

    H360FD D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht. D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

    H361fd Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht. Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

    H360Fd D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht. Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

    H362 D’fhéadfadh sé díobháil a dhéanamh do leanaí diúil

    H360Df - D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn. Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht

     

    Géarthocsaineacht

    Catagóirí 1 agus 2

    Catagóir 3

    H300 Marfach má shlogtar

    H301 Tocsaineach má shlogtar

    H310 Marfach i dteagmháil leis an gcraiceann

    H311 Tocsaineach i dteagmháil leis an gcraiceann

    H330 Marfach má ionanálaítear

    H331 Tocsaineach má ionanálaítear

    H304 D’fhéadfadh sé a bheith marfach má shlogtar é agus má théann sé isteach sna haerbhealaí

    EUH070 Tocsaineach trí theagmháil leis an tsúil

    Tocsaineacht sain-spriocorgáin

    Catagóir 1

    Catagóir 2

    H370 Déanann sé damáiste d’orgáin

    H371 D’fhéadfadh damáiste a dhéanamh d’orgáin

    H372 Déanann damáiste d’orgáin trí nochtadh fada nó ilnochtadh

    H373 D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh d’orgáin trí nochtadh fada nó ilnochtadh

    Íogrú riospráide nó craicinn

    Catagóir 1A

    Catagóir 1B

    H317 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn

    H317 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn

    H334 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le siomptóim ailléirge nó asma nó le deacrachtaí análaithe má ionanálaítear é

    H334 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le siomptóim ailléirge nó asma nó le deacrachtaí análaithe má ionanálaítear é

    Suaiteoirí inchríneacha i gcás shláinte an duine agus an chomhshaoil

    Catagóir 1

    Catagóir 2

    EUH380: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le suaitheadh inchríneach sa duine

    EUH381: Ceaptar go bhfuil sé ina chúis le suaitheadh inchríneach sa duine

    EUH430: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le suaitheadh inchríneach sa chomhshaol

    EUH431: Ceaptar go bhfuil sé ina chúis le suaitheadh inchríneach sa chomhshaol

    Marthanach, Inbhithbhailithe agus Tocsaineach

    MIT

    vPvB

    EUH440: Carnann sa chomhshaol agus in orgánaigh bheo lena n-áirítear sa duine

    EUH441: Carnann go mór sa chomhshaol agus in orgánaigh bheo lena n-áirítear sa duine

    Marthanach, Soghluaiste agus Tocsaineach

    MST

    vPvM

    EUH450: D’fhéadfadh truailliú idirleata fadtéarmach ar acmhainní uisce a bheith mar thoradh ar an tsubstaint

    EUH451: D’fhéadfadh truailliú idirleata an-fhadtéarmach ar acmhainní uisce a bheith mar thoradh ar an tsubstaint

    Thairis sin, ní bheidh substaintí isteach (astu féin nó i meascáin) sa táirge deiridh, ná in aon chomhpháirt ann, i dtiúchan is mó ná 0,010 % (meáchan de réir meáchain) ar substaintí iad dá sanntar aon aicme nó catagóir ghuaise nó aon chód ráitis guaise lena mbaineann a shonraítear i dTábla 3 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 – ach amháin má mhaolaítear sin i dTábla 4.

    Tábla 3

    Aicmí agus catagóirí guaise agus cód ráitis guaise lena mbaineann a shriantar

    Guaiseach don chomhshaol uisceach

    Catagóirí 1 agus 2

    Catagóirí 3 agus 4

    H400 An-tocsaineach don saol uisceach

    H412 Díobhálach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha

    H410 An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha

    H413 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le héifeachtaí fadtréimhseacha díobhálacha ar an saol uisceach

    H411 Tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha

     

    Guaiseach don chiseal ózóin

    H420 Déanann díobháil don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol trí ózóin san atmaisféar uachtarach a scriosadh

     


    Tábla 4

    Maoluithe ar shrianta ar shubstaintí lena ngabhann aicmiú comhchuibhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008

    Cineál substainte

    Aicme agus catagóirí guaise agus cód ráitis guaise atá maolaithe

    Coinníollacha an mhaolaithe

    Substaintí lena ngabhann aicmiú comhchuibhithe mar H304

    H304

    Substaintí lena mbaineann slaodacht faoi bhun 20,5 cSt ag 40 °C.

    Dé-ocsaíd tiotáiniam (nanafhoirm)

    H351

    Ach amháin nuair a úsáidtear mar lí é. Ní féidir é a úsáid i bhfoirm púdair ná sprae

    Is do shubstaintí a thagraítear leis na cóid ráitis guaise de ghnáth. Mura féidir faisnéis faoi na substaintí a fháil áfach, beidh feidhm ag na rialacha aicmithe maidir le meascáin.

    Díolmhófar ón gceanglas thuas úsáid na substaintí nó na meascán a mhodhnaítear go ceimiceach le linn an phróisis táirgthe ionas nach mbeidh feidhm a thuilleadh le haon ghuais ábhartha arb ina leith a aicmíodh an tsubstaint nó an meascán faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

    Ní bheidh feidhm ag an gcritéir seo maidir leis an méid seo a leanas:

    substaintí nach gcuimsítear faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 mar a shainítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin;

    substaintí a chumhdaítear faoi Airteagal 2(7)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; lena leagtar amach na critéir chun substaintí a áirítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le clárú, úsáideoirí iartheachtacha agus fíorú.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh fho-chritéar 4.1, in éineacht leis na dearbhuithe ábhartha ó tháirgeoirí na gcomhpháirteanna, liosta de na ceimiceáin a úsáidtear, an bhileog sonraí sábháilteachta nó an dearbhú ón soláthróir ceimiceán agus aon dearbhú ábhartha lena léirítear comhlíonadh an cheanglais.

    I gcás substaintí srianta agus eisíontais dhosheachanta lena ngabhann aicmiú srianta, úsáidfear tiúchan na substainte srianta nó an eisíontais agus fachtóir coinneála toimhdithe de 100 % chun meastachán a dhéanamh ar chainníocht na substainte srianta nó an eisíontais atá sa táirge deiridh. Is féidir eisíontais a bheith sa táirge ceimiceach suas le 0,0100 % w/w. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach nó go n-easraíonn siad as na substaintí isteach agus iad ag díghrádú, meastar gur substaintí isteach iad seachas eisíontais.

    Soláthrófar údair le haghaidh aon chlaonta ó fhachtóir coinneála 100 % (e.g. galú tuaslagóirí) nó maidir le modhnú ceimiceach eisíontais shrianta.

    I gcás substaintí a dhíolmhaítear ó fho-chritéar 4.1 (féach Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006), is leor dearbhú ón iarratasóir maidir leis an méid sin chun comhlíontacht a léiriú.

    Ós rud é gur féidir roinnt táirgí nó táirgí féideartha ina n-úsáidtear na ceimiceáin chéanna próisis a chumhdach le ceadúnas Éicilipéad an AE amháin, ní gá ach an ríomh a chur i láthair le haghaidh gach eisíontais i gcás an táirge nó an chomhpháirt is measa a chumhdaítear leis an gceadúnas (e.g. an t-earra comhpháirte is mó a ndéantar priontáil air agus scagadh á dhéanamh le haghaidh dúigh lena mbaineann haicmithe srianta).

    Is féidir le haon soláthróir i slabhra soláthair an iarratasóra an fhianaise sin thuas a sholáthar go díreach do chomhlachtaí inniúla.

    4.2.    Substaintí ar ábhar mór imní iad

    Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt ann.

    Maidir leis an táirge deiridh, agus aon chomhpháirt ann, ní bheidh substaintí isteach (astu féin nó i meascáin) a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 iontu, ar substaintí isteach iad a sainaithníodh de réir an nós imeachta a thuairiscítear in Airteagal 59 den Rialachán sin agus a áirítear ar an liosta substaintí inbhreithnithe le haghaidh údarú ar ábhar mór imní iad.

    Measúnú agus fíorú

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe nach bhfuil substaintí ar ábhar mór imní iad sa táirge deiridh ná sna comhpháirteanna ann. Tacófar leis an dearbhú le bileoga sonraí sábháilteachta i dtaobh na gceimiceán agus na n-ábhar uile a soláthraíodh agus a úsáideadh chun an táirge deiridh agus na comhpháirteanna ann a tháirgeadh.

    Is féidir liosta substaintí a shainaithnítear mar shubstaintí ar ábhar mór imní iad agus a áirítear sa liosta substaintí inbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a fháil anseo:

    https://www.echa.europa.eu/candidate-list-table.

    Déanfar tagairt don liosta ar an dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar Éicilipéad an AE.

    I gcás eisíontais dhosheachanta a shainaithnítear mar shubstaintí ar ábhar mór imní iad, úsáidfear tiúchan an eisíontais agus fachtóir coinneála toimhdithe de 100 % chun meastachán a dhéanamh ar chainníocht an eisíontais ar ábhar mór imní é sa táirge deiridh. Is féidir eisíontais a bheith sa táirge ceimiceach suas le 0,0100 % w/w. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach nó go n-easraíonn siad as na substaintí isteach agus iad ag díghrádú, meastar gur substaintí isteach iad seachas eisíontais

    Soláthrófar údair le haghaidh aon chlaonta ó fhachtóir coinneála 100 % (e.g. galú tuaslagóirí) nó le haghaidh modhnú ceimiceach eisíontais ar ábhar mór imní é.

    4.3.    Srianta sonracha eile

    4.3.1   Substaintí eisiata sonraithe

    Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt ann.

    Ní chuirfear na substaintí seo a leanas (astu féin nó i meascáin) leis an táirge ceimiceach a úsáidtear sa táirge deiridh ná in aon chomhpháirt ann:

    (a)

    5-chlóra-2-meitil-4-isitiasóilín-3-ón (CMIT);

    (b)

    Eatocsaláití ailcilfeanóil (APEOanna) agus díorthaigh eile ailcilfeanóil [1];

    (c)

    Oibreáin fhrithbhaictéaracha (e.g. nan-airgead agus tríchlósan);

    (d)

    Formaildéad agus scaoilteoirí formaildéid;

    (e)

    Meitilisitiasóilíonón (MIT)

    (f)

    Nítreamuisc agus muisc iltimthriallacha;

    (g)

    Comhdhúile orgánastáin a úsáidtear mar chatalaíoch chun sileacón a tháirgeadh;

    (h)

    Paraibeiní;

    (i)

    Taláití;

    (j)

    Substaintí a shainaithnítear go bhfuil airíonna suaite inchrínigh acu;

    (k)

    Substaintí a mheastar a d’fhéadfadh a bheith ina suaiteoirí inchríneacha i gcatagóir 1 nó i gcatagóir 2 ar liosta tosaíochta an Aontais de shubstaintí a bhfuil imscrúdú níos mó le déanamh orthu le haghaidh éifeachtaí suaite inchríneacha.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir, in éineacht le dearbhuithe ó sholáthróirí, más ábhartha. Ní cheadaítear na substaintí a liostaítear faoin bhfo-chritéar seo ach mar eisíontais agus fiú sa chás sin i dtiúchain níos ísle ná 0,0100 % w/w sa táirge ceimiceach. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach nó go n-easraíonn siad as na substaintí isteach agus iad ag díghrádú, meastar gur substaintí isteach iad seachas eisíontais

    [Nóta:

    [1]

    Ainm na substainte = ‘Ailcilfeanóil’, faoi: https://echa.europa.eu/es/advanced-search-for-chemicals]

    4.3.2   Cumhráin

    Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir leis an táirge deiridh, aon chomhpháirt ann, na comhpháirteanna ar leithligh agus an phacáistíocht.

    Ní chuirfear cumhráin leis an táirge deiridh, aon chomhpháirt ann, na comhpháirteanna ar leithligh ná leis an bpacáistíocht.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir.

    4.3.3   Dúigh agus ruaimeanna

    Tá feidhm ag an bhfo-chritéar maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt ann. Níl feidhm ag an gceanglas seo maidir leis na comhpháirteanna ar leithligh, an phacáistíocht díolacháin ná na bileoga faisnéise.

    Ní bheidh na datháin ruaimnithe ná na dúigh a úsáidtear sa chuachán míosta in-athúsáidte níos mó 2 % de mheáchan iomlán an chuacháin.

    Beidh an méid antamóin, arsanaice, bairiam, caidmiam, cróimiam, luaidhe, mearcair, seiléiniam, aimíní príomhúla aramatacha agus défheinile polaclóirínithe atá ann mar eisíontas sna datháin ruaimnithe agus sna dúigh faoi bhun na teorainneacha a shonraítear i Rún AP (89) 1 ó Chomhairle na hEorpa maidir le datháin a úsáid in ábhair phlaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia (1).

    Thairis sin, comhlíonfaidh na datháin ruaimnithe a úsáidtear moladh IX ó BfR maidir le Datháin le haghaidh Plaisteach agus Polaiméirí eile a úsáidtear i dTráchtearraí (2), nó i Reacht na hEilvéise 817.023.21 Iarscríbhinn 2 (3) agus Iarscríbhinn 10 (4).

    Beidh na datháin ruaimnithe agus na dúigh a úsáidtear i gcomhréir le fo-chritéir 4.1 agus 4.2 freisin.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir thuasluaite, a dtacófar leis le dearbhuithe ó sholáthróirí más ábhartha, mar aon le doiciméadacht chun a áirithiú go bhfuil na heisíontais sa dathán ruaimnithe nó sa dúch i gcomhréir le Rún AP (89) 1 ó Chomhairle na hEorpa, agus go n-údaraítear na ruaimeanna agus na dúigh a úsáidtear i gcomhréir le moltaí BfR dar teideal IX. Colorants for Plastics and other Polymers Used in Commodities, Reacht na hEilvéise 817.023.21 Iarscríbhinn 2 agus Iarscríbhinn 10, nó moladh XXXVI. ó BfR. dar teideal Paper and board for food contact.

    4.3.4   Ciglisiolocsáin

    Tá feidhm ag an bhfo-chritéar maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt ann.

    Ní bheidh ciglipeintisiolocsán deacaimeitile D4 (CAS 556-67-2), ciglipeintisiolocsán deacaimeitile D5 (CAS 541-02-6) ná dóideacaimeitilcigliheicsisiolocsán D6 (CAS 540-97-6) sna hamhábhair sileacóin i dtiúchan os cionn 100 ppm (0,0100 % w/w). Tá an teorainn 100 ppm le cur i bhfeidhm maidir le gach substaint ar leithligh.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir thuasluaite, a dtacófar leis le dearbhuithe ó sholáthróirí más ábhartha.

    Critéar 5.   Pacáistíocht

    Leis an gcritéar seo, leagtar síos ceanglais le haghaidh pacáistíocht díolacháin agus ghrúpáilte.

    Seachnófar an phacáistíocht ghrúpáilte nó déanfar as cairtchlár agus/nó as páipéar amháin í.

    (a)   Cairtchlár agus/nó páipéar a úsáidtear le haghaidh na pacáistíochta

    Maidir le pacáistíocht díolacháin a dhéantar as cairtchlár agus/nó as páipéar, 40 % ábhar athchúrsáilte ar a laghad a bheidh inti.

    Maidir le pacáistíocht ghrúpáilte a dhéantar as cairtchlár agus/nó as páipéar, 80 % ábhar athchúrsáilte ar a laghad a bheidh inti.

    Cumhdófar an sciar eile de chairtchlár agus/nó an páipéar (100 % lúide an céatadán d’ábhar athchúrsáilte) a úsáidtear sa phacáistíocht díolacháin agus sa phacáistíocht ghrúpáilte le deimhnithe bailí um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí a eisíonn scéim deimhniúcháin neamhspleách tríú páirtí amhail FSC, PEFC nó a gcoibhéis. Na comhlachtaí deimhniúcháin a eisíonn na deimhnithe um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí, déanfaidh an scéim deimhniúcháin sin iad a chreidiúnú/a aithint.

    (b)   Plaisteach a úsáidtear sa phacáistíocht

    Go dtí an 31 Nollaig 2026, 20 % ábhar athchúrsáiltear ar a laghad a bheidh i bpacáistíocht díolacháin a dhéantar as plaisteach.

    Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, 35 % ábhar athchúrsáilte ar a laghad a bheidh i bpacáistíocht díolacháin a dhéantar as plaisteach.

    (c)   In-athchúrsáilteacht

    An cion den phacáistíocht díolacháin (cairtchlár agus/nó páipéar nó plaisteach) agus den phacáistíocht ghrúpáilte (cairtchlár agus/nó páipéar) is féidir a athchúrsáil, 95 % den phacáistíocht a bheidh i gceist leis an gcion sin de réir meáchain, agus beidh 5 % ar iarmhair é comhoiriúnach leis an athchúrsáil.

    (d)   Ceanglais bhreise

    Ní cheadaítear pacáistíocht ilchodach (pacáistíocht díolacháin agus pacáistíocht ghrúpáilte) ná plaistigh mheasctha a úsáid ná cairtchláir agus/nó páipéir a bhratú le plaistigh ná le miotail.

    Luafar ar an bpacáistíocht díolacháin cion athchúrsáilte agus in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta díolacháin agus grúpáilte.

    (e)   Comhpháirt ar leithligh: mála nó tiachóg

    Díolfar cupáin mhíosta in-athúsáidte maille le mála nó tiachóg in-athúsáidte a bheidh déanta go hiomlán as snáithíní inbhuanaithe deimhnithe.

    Measúnú agus fíorú:

    Cuirfidh an t-iarratasóir isteach (1) dearbhú comhlíontachta sínithe ina sonraítear céatadáin an ábhair athchúrsáilte sa phacáistíocht díolacháin agus sa phacáistíocht ghrúpáilte i gcás inarb ábhartha; (2) dearbhú comhlíontachta lena sonraítear in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta díolacháin agus grúpáilte agus (3) grianghraf ardtaifigh den phacáistíocht díolacháin ar a léirítear go soiléir faisnéis faoin ábhar athchúrsáilte sa phacáistíocht díolacháin agus ghrúpáilte agus faoi in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta sin.

    Seiceálfaidh comhlachtaí inniúla an dearbhú comhlíontachta lena sonraítear céatadáin an ábhair phlaistigh athchúrsáilte le haghaidh na pacáistíochta díolacháin arís tar éis an 1 Eanáir 2027.

    Soláthróidh an t-iarratasóir doiciméid chuntasaíochta iniúchta ina léireofar go sainítear an sciar eile de chairtchlár agus/nó an páipéar (100 % lúide an céatadán d’ábhar athchúrsáilte) a úsáidtear sa phacáistíocht díolacháin agus sa phacáistíocht ghrúpáilte mar ábhar deimhnithe de réir scéimeanna bailí FSC, PEFC nó scéimeanna coibhéiseacha. Beidh na doiciméid chuntasaíochta iniúchta bailí ar feadh thréimhse iomlán cheadúnas Éicilipéad an AE. Seiceálfaidh na comhlachtaí inniúla na doiciméid chuntasaíochta arís 12 mhí tar éis an cheadúnais a dhámhachtain.

    Fíorófar an cion athchúrsáilte trí EN 45557 nó ISO 14021 a chomhlíonadh agus fíorófar in-athchúrsáilteacht trí EN 13430 nó ISO 18604 a chomhlíonadh.

    Beidh an t-ábhar plaisteach athchúrsáilte sa phacáistíocht i gcomhréir le caighdeáin líne cúraim amhail ISO 22095 nó EN 15343. Féadfar glacadh le modhanna coibhéiseacha má mheasann tríú páirtí iad a bheith coibhéiseach, agus beidh mínithe mionsonraithe ag gabháil leo lena léireofar go bhfuil an ceanglas seo á chomhlíonadh mar aon leis an doiciméadacht tacaíochta ghaolmhar. Soláthrófar sonraisc lena léirítear ceannach an ábhair athchúrsáilte.

    Thairis sin, tástálfar in-athchúrsáilteacht (infhaighteacht agus comhoiriúnacht chun athchúrsáil) na pacáistíochta trí bhíthin nósanna imeachta tástála caighdeánaí. Déanfar measúnú ar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta cairtchláir agus/nó páipéir trí thástáil inlaíonáilteachta agus sa chás sin, léireoidh an t-iarratasóir inlaíonáilteacht na pacáistíochta cairtchláir agus páipéir le tacaíocht ó thorthaí tuarascálacha tástála de réir mhodh PTS PTS-RH 021, chóras meastóireachta ATICELCA 501 nó mhodhanna caighdeánacha coibhéiseacha a nglacann an comhlacht inniúil leo mar mhodh lena soláthraítear sonraí ar cháilíocht eolaíoch choibhéiseach. Glacfar le scéimeanna deighilte nó scéimeanna measctha rialaithe amhail RecyClass mar dheimhniú neamhspleách tríú páirtí le haghaidh pacáistíocht phlaisteach. Féadfar glacadh le modhanna tástála coibhéiseacha má mheasann tríú páirtí iad a bheith coibhéiseach.

    Thairis sin, soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú comhlíontachta a dtacaítear leis le deimhniú bailí um líne chúraim a dheimhnítear go neamhspleách le haghaidh an mhála nó na tiachóige in-athúsáide. Glacfar le scéimeanna FSC, PEFC, OEKO-TEX, GOTS, nó scéimeanna coibhéiseacha mar dheimhniú tríú páirtí neamhspleách.

    Critéar 6.   Treoraíocht maidir leis an táirge agus an phacáistíocht a dhiúscairt

    Beidh treoraíocht ar an bpacáistíocht díolacháin maidir le diúscairt na pacáistíochta díolacháin, na pacáistíochta grúpáilte (más ann di), na gcomhpháirteanna ar leithligh agus maidir le diúscairt an táirge úsáidte. Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a scríobh nó a léiriú trí bhíthin siombailí físeacha ar an bpacáistíocht díolacháin:

    (a)

    nach sruthlófar an phacáistíocht díolacháin, an phacáistíocht ghrúpáilte (más ann di), na comhpháirteanna ar leithligh ná an cuachán, agus

    (b)

    an bealach chun an phacáistíocht díolacháin, an phacáistíocht ghrúpáilte (más ann di), na comhpháirteanna ar leithligh agus an cuachán ag deireadh a shaolré a dhiúscairt i gceart.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir grianghraf ardtaifigh den phacáistíocht díolacháin, ar a bhfuil an fhaisnéis faoin diúscairt le feiceáil go soiléir.

    Critéar 7.   Faisnéis maidir le húsáid an táirge

    Beidh treoir maidir lena úsáid ag gabháil leis an táirge. Áiritheoidh an monaróir go bhfaighidh an t-úsáideoir an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    Conas an tomhas ceart cuacháin a roghnú. Cuirfear an fhaisnéis sin in áit ar féidir leis an úsáideoir rochtain a fháil uirthi roimh an gceannach (e.g. ar an bpríomh-phacáistíocht).

    (b)

    Conas an cuachán a chaitheamh i gceart chun sceitheadh agus/nó míchompord a sheachaint.

    (c)

    An fad is féidir an cuachán a chaitheamh sula bhfolmhaítear é. Beidh staidéir thástála mar thaca leis an bhfaisnéis faoin am caite is faide. Tabharfar an fhaisnéis sin ar bhealach infheicthe, e.g. trí lógó nó i gcló trom, agus cuirfear ar an bpacáistíocht agus ar na treoracha úsáide araon í.

    (d)

    Conas an cuachán a ghlanadh roimh a úsáid agus tar éis sin le linn an mhíostraithe chéanna chéanna, lena n-áirítear, ar a laghad, faisnéis faoin tábhacht a bhaineann leis na lámha a ní, an gá atá le fiuchadh (is gá/ní gá, agus más gá, cá fhad is gá), an t-uisce (te/fuar), an gallúnach (is gá/ní gá, agus más gá, cá mhéad is gá) agus fad an ghlanta. Ba cheart staidéir thástála a bheith mar thaca leis an bhfaisnéis sin.

    (e)

    Conas an cuachán a ghlanadh agus a stóráil sna tréimhsí idir míostrú, lena n-áirítear, ar a laghad, faisnéis faoin tábhacht a bhaineann leis na lámha a ní, an tábhacht a bhaineann le fiuchadh (agus faisnéis faoin aga fiuchta), an t-uisce (te/fuar), an gallúnach (is gá/ní gá, agus más gá, cá mhéad is gá) agus fad an ghlanta. Ba cheart staidéir thástála a bheith mar thaca leis an bhfaisnéis sin.

    (f)

    Cá fhad is féidir an cuachán a úsáid (saolré an chuacháin). Ina theannta sin, ba cheart a lua nach bhfuil aon tionchar ag dídhathúchán an chuacháin ar a shaolré ná ar a fheidhm.

    (g)

    Soláthrófar faisnéis faoin riosca a bhaineann le siondróm suaite thocsainigh a fhorbairt.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir sampla den leathán faisnéise/bileog eolais agus, más ábhartha, den phacáistíocht a dhíoltar leis an gcuachán ar a mbeidh an fhaisnéis don úsáideoir ar taispeáint. Soláthróidh an t-iarratasóir tástálacha/staidéir ábhartha e.g. measúnaithe ar riosca bitheolaíoch nó staidéir thocsaineolaíochta, a thacaíonn leis na ceanglais thuas freisin.

    Critéar 8.   Oiriúnacht don úsáid agus cáilíocht an táirge

    Beidh éifeachtacht/cáilíocht an táirge deiridh sásúil agus beidh sé coibhéiseach le héifeachtúlacht/cáilíocht na dtáirgí atá ar an margadh cheana ar a laghad.

    Tástálfar an oiriúnacht don úsáid i dtaobh na saintréithe agus na bparaiméadar a dtugtar tuairisc orthu i dTábla 5. Beidh na tairseacha feidhmíochta céanna ann, i gcás ina sainaithnítear a leithéid.

    Déanfar tástáil ar oiriúnacht don úsáid i ndáil leis na tástálacha teicniúla dá dtagraítear maidir le bith-chomhoiriúnacht na n-ábhar a úsáidtear chun cuacháin mhíosta in-athúsáidte a mhonarú. Soláthrófar le tástáil bhith-chomhoiriúnachta meastóireacht bhitheolaíoch ar chíteatocsaineacht, pirigineacht, íogrú, greannú craicinn agus ar ionchlannú (90 lá).

    Tábla 5

    Saintréithe agus paraiméadair lena dtugtar tuairisc ar oiriúnacht an táirge atá le tástáil don úsáid

    Saintréith

    Cleachtas tástála is gá (tairseach feidhmíochta)

    Tástálacha in úsáid

    U1. Cosaint ar sceitheadh

    Tástáil painéil tomhaltóirí (rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil)

    U2. Tomhas agus compord

    U3. Feidhmíocht fhoriomlán

    Tástálacha teicniúla

    T1. Bith-chomhoiriúnacht

    Gan aon éifeacht bitheolaíoch ábhartha sna staidéir a rinneadh maidir le cíteatocsaineacht, pirigineacht, íogrú, greannú craicinn agus ionchlannú (90 lá) mar a léirítear in ISO 10993.

    De rogha air sin, d’fhéadfaí comhlíonadh chaighdeán Aicme VI USP (tástáil ar ghéarthocsaineacht sistéamach, tocsaineacht inchraicneach agus tástáil ionchlannaithe) a thuairisciú.

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthrófar tuarascáil tástála ina mbeidh tuairisc ar na modhanna tástála, torthaí na dtástálacha agus na sonraí a úsáideadh. Déanfar na tástálacha i saotharlanna atá deimhnithe chun córais bainistithe cáilíochta a chur chun feidhme.

    Déanfar tástálacha in úsáid ar na táirgí sonracha a ndéantar an t-iarratas ar Éicilipéad an AE ina leith. Mar sin féin, más féidir a léiriú go mbaineann an fheidhmíocht chéanna leis na táirgí, féadfar gur leor tástáil a dhéanamh ar thoise amháin nó ar mheascán ionadaíoch toisí in aghaidh gach dearaidh táirge.

    Déanfar tástálacha teicniúla ar na hábhair a úsáidtear chun cuacháin mhíosta in-athúsáidte a mhonarú a ndéantar an t-iarratas ar Éicilipéad an AE ina leith. Más féidir a léiriú go monaraítear roinnt samhlacha de chuacháin mhíosta in-athúsáidte leis an ábhar céanna, féadfar gur leor an t-ábhar sin a thástáil uair amháin. Ní iarrtar tástálacha teicniúla a dhéanamh ar chuacháin mhíosta in-athúsáidte, ach iarrtar tástálacha teicniúla a dhéanamh ar na hábhair a úsáidtear i dtáirgeadh cuachán (áirítear leis sin sileacóin, leaistiméirí sileacain trasnasctha, leaistiméirí eile, datháin a úsáidtear agus aon ábhar eile).

    Déanfar cúram ar leith maidir leis na hábhair agus táirgí a shampláil, a iompar agus a stóráil chun torthaí in-mhacasamhlaithe a ráthú. Moltar gan táirgí a fholú nó iad a athphacáistiú i bpacáistíocht neodrach mar gheall ar an riosca atá ann go n-athrófaí feidhmíocht táirgí agus/nó pacáistíochta, ach amháin sa chás gur féidir a áirithiú nach mbeidh athrú ann.

    Cuirfear faisnéis faoin tástáil ar fáil do na comhlachtaí inniúla agus lánurraim á tabhairt do shaincheisteanna rúndachta. Míneofar torthaí tástála go soiléir agus cuirfear i láthair i dteanga, in aonaid agus le siombailí is intuigthe don úsáideoir sonraí. Sonrófar na heilimintí seo a leanas: ionad agus dáta na dtástálacha; na critéir a úsáideadh chun na hábhair a tástáladh a roghnú agus a ionadaí atá siad; saintréithe tástála a roghnaíodh agus, i gcás inarb infheidhme, na cúiseanna nár cuireadh saintréithe áirithe san áireamh; na modhanna tástála a úsáideadh agus na srianta a bhaineann leo más ann dóibh. Soláthrófar treoirlínte soiléire maidir le húsáid torthaí tástála.

    Treoirlínte breise le haghaidh tástálacha in úsáid:

    Beidh an tsampláil, an dearadh tástála, an t-earcú painéil agus anailísiú na dtorthaí tástála i gcomhréir le cleachtais chaighdeánacha staidrimh (AFNOR Q 34-019, ASTM E1958-07e1 nó a gcoibhéis).

    Déanfar measúnú ar gach táirge ar bhonn ceistneora. Mairfidh an tástáil 72 uair an chloig ar a laghad, agus seachtain iomlán i gcás inar féidir, agus déanfar an tástáil faoi ghnáthdhálaí úsáidte an táirge.

    Is éard a bheidh sa líon tástálaithe a mholtar 30 duine ar laghad. Beidh an cineál/toise shonrach den táirge atá le tástáil in úsáid faoi láthair ag na daoine aonair a bhíonn rannpháirteach sa suirbhé.

    Glacfaidh meascán daoine aonair a dhéanann ionadaíocht chionmhar ar ghrúpaí éagsúla tomhaltóirí sa mhargadh páirt sa suirbhé. Luafar aois agus tíortha go soiléir.

    Ní ghlacfaidh daoine tinne nó daoine ar a bhfuil riochtaí ainsealacha páirt sa tástáil. I gcás ina n-éiríonn daoine tinn le linn na trialach úsáideora, luafar an méid sin ar an gceistneoir agus ní chuirfear na freagraí san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe.

    I gcás na dtástálacha uile in úsáid (cosaint ar sceitheadh, tomhas agus compord agus feidhmíocht fhoriomlán), rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil, agus sannfaidh an tomhaltóir ráta os cionn 60 (ar scála cainníochtúil ó 1 go 100). Mar rogha air sin, rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge mar tháirge maith nó an-mhaith (as measc cúig rogha chainníochtúla: an-olc, olc, measartha, maith, an-mhaith).

    Déanfar meastóireacht staitistiúil ar na torthaí tar éis na trialach úsáideora a chur i gcrích.

    Cuirfear in iúl fachtóirí seachtracha amhail brandáil, sciartha margaidh agus fógraíocht a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar fheidhmíocht bhraite na dtáirgí.

    Ceanglais bhreise le haghaidh tástálacha teicniúla:

    Bunófar modhanna tástála a mhéid is féidir ar mhodhanna atá ábhartha don táirge, modhanna is féidir a mhacasamhlú.

    Déanfar tástálacha teicniúla i gcomhréir le sraith ISO 10993 nó le caighdeán Aicme VI USP.

    Glacfar le modhanna tástála a meastar go bhfuil a raon feidhme agus a gcaighdeáin cheanglais coibhéiseach le ceann de na caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta ainmnithe agus ar dheimhnigh tríú páirtí neamhspleách a gcoibhéis.

    Tabharfar tuairisc ar mheáchan, ar thoisí agus ar ghnéithe dearaidh den táirge agus soláthrófar an tuairisc sin i gcomhréir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh sa mheasúnú ginearálta agus sa téacs fíorúcháin san iarratas.

    Critéar 9.   Freagracht shóisialta chorparáideach maidir le gnéithe saothair

    Leis an gcritéar seo, leagtar amach ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le láithreán monaraíochta an chuacháin mhíosta in-athúsáidte deiridh.

    Ag féachaint don Dearbhú Trípháirteach Prionsabal ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta (5), Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe (Colún 2) (6), Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (7) AGUS Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta (8), gheobhaidh an t-iarratasóir fíorú tríú páirtí, a dtacaítear leis le hiniúchtaí ar an láthair, gur urramaíodh na prionsabail is infheidhme a shonraítear sna téacsanna idirnáisiúnta thuasluaite agus sna forálacha forlíontacha thíos ag an láithreán cóimeála le haghaidh an táirge deiridh.

    Coinbhinsiúin Bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair:

    (a)

    Saothar Leanaí:

    An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138)

    An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is Measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182)

    (b)

    Saothar Éigeantais nó Éigeantach:

    An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) agus Prótacal 2014 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais;

    An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105)

    (c)

    Saoirse Comhlachais agus an Ceart chun Cómhargála:

    An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87)

    An Coinbhinsiún maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98)

    (d)

    Idirdhealú:

    An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100)

    An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111)

    Forálacha forlíontacha:

    (e)

    Uaireanta Oibre:

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hUaireanta Oibre (Tionsclaíocht), 1919 (Uimh. 1)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Scíth Sheachtainiúil (Tionsclaíocht), 1921 (Uimh. 14)

    (f)

    Pá:

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Socrú Íosphá 1970 (Uimh. 131)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Laethanta Saoire le Pá (Athbhreithnithe), 1970 (Uimh. 132)

    Íosphá maireachtála: Áiritheoidh an t-iarratasóir gur leor an pá (lena n-eisiatar aon cháin, íocaíochtaí bónais, liúntais nó pá ragoibre) a íoctar ar ghnáthsheachtain oibre (nach mó ná 48 n-uair an chloig) chun go mbeidh an oibrí in acmhainn íoc as riachtanais bhunúsacha (tithíocht, fuinneamh, cothú, éadaí, cúram sláinte, oideachas, uisce óil, cúram leanaí agus iompar) an oibrí agus teaghlaigh de cheathrar, agus chun roinnt ioncam lánroghnach a sholáthar. Déanfar iniúchadh ar an gcur chun feidhme faoi threoir Threoraíocht SA8000 (9) maidir le ‘Pá’.

    (g)

    Sláinte agus Sábháilteacht:

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sábháilteacht in Úsáid Ceimiceán ag an Obair, 1981 (Uimh. 170)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde, 1990 (Uimh. 155)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an Timpeallacht Oibre (Truailliú Aeir, Torann agus Creathadh), 1977 (Uimh. 148)

    (h)

    Cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta:

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cúram Leighis agus le Sochair Bhreoiteachta, 1969 (Uimh. 130)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an tSlándáil Shóisialta (Íoschaighdeáin), 1952 (Uimh. 102)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sochair i gcás Díobháil Fostaíochta, 1964 (Uimh. 121)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cóir Chomhionann (Cúiteamh i gcás Taismí), 1925 (Uimh. 19)

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cosaint Mháithreachais 2000 (Uimh. 183)

    (i)

    Dífhostú cóir:

    Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foirceannadh Fostaíochta, 1982 (Uimh. 158).

    In áiteanna ina gcuirtear srian ar an tsaoirse comhlachais agus ar an gceart chun cómhargáil faoin dlí, ní chuirfidh an chuideachta srian ar oibrithe sásraí malartacha a fhorbairt chun a ngearáin a chur in iúl agus chun a gcearta a chosaint maidir le dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta agus aithneoidh sí comhlachais dhlisteanacha fostaithe lenar féidir léi saincheisteanna a bhaineann leis an áit oibre a phlé.

    Cuimseofar sa phróiseas iniúchta comhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha atá neamhspleách ar an tionscadal i gceantair áitiúla timpeall láithreáin, lena n-áirítear ceardchumainn, eagraíochtaí pobail, ENRanna agus saineolaithe saothair. Reáchtálfar comhairliúcháin fhiúntacha le dhá pháirtí leasmhara ó dhá fhoghrúpa éagsúla ar a laghad. In áiteanna nach féidir leordhóthanacht na freagrachta sóisialta corparáidí a áirithiú leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta thuasluaite trí bhíthin an dlí náisiúnta, áireofar sa phróiseas iniúchta iniúchtaí láithreáin tríú páirtí arb éard a bheidh iontu spotchigireachtaí gan fhógra a dhéanfaidh measúnóirí atá neamhspleách ar an tionscal.

    Le linn tréimhse bhailíochta cheadúnas Éicilipéad an AE, foilseoidh an t-iarratasóir na torthaí comhiomlána agus na príomhthorthaí ó na hiniúchtaí (lena n-áirítear sonraí (a) faoin líon sáruithe a rinneadh ar gach ceann de na cearta saothair agus na caighdeáin sábháilteachta agus sláinte ceirde agus faoina thromchúisí a bhí na sáruithe sin; (b) faoin straitéis feabhsúcháin – i gcás ina gcuimsítear leis an bhfeabhsúchán seachaint de réir choincheap Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe; (c) faoin measúnú ar na cúiseanna is cionsiocair le sáruithe leanúnacha mar thoradh ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara – cé leis a ndeachthas i gcomhairle, cé na saincheisteanna a tarraingíodh anuas, cén tionchar a bhí ag an méid sin ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí), ar líne chun fianaise a sholáthar maidir leis an bhfeidhmíocht do thomhaltóirí ar suim leo an cás.

    Measúnú agus fíorú:

    Léireoidh an t-iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais trí chóipeanna a sholáthar den leagan is déanaí dá chód iompair a bheidh comhsheasmhach leis na forálacha a shonraítear thuas agus cóipeanna de na tuarascálacha iniúchta tacaíochta le haghaidh gach gléasra deiridh cóimeála táirge i gcás na samhlacha atá le héicilipéadú, mar aon le nasc gréasáin chuig an áit ar féidir teacht ar fhoilsiú na dtorthaí ar líne.

    Maidir leis na hiniúchtaí láithreáin tríú páirtí, déanfaidh measúnóirí iad atá cáilithe chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh láithreán monaraíochta tionsclaíche le caighdeáin shóisialta nó cóid iompair nó i gcás tíortha inar daingníodh Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, 1947 (Uimh. 81) agus go dtugtar le fios le maoirseacht na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair go bhfuil an córas náisiúnta cigireachta saothair éifeachtach (10) agus i gcás ina gcumhdaítear na réimsí thuasluaite le raon feidhme na gcóras cigireachta (11), déanfaidh cigirí saothair a cheapann údarás poiblí iad.

    Glacfar le deimhnithe bailí ó scéimeanna tríú páirtí nó próisis chigireachta lena ndéantar iniúchadh ar chomhlíonadh na bprionsabal is infheidhme a liostaítear i gCoinbhinsiúin Bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus ar chomhlíonadh na bhforálacha forlíontacha maidir le huaireanta oibre, pá agus sláinte agus sábháilteacht agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha. Ní bheidh na deimhnithe sin níos sine ná 12 mhí an dáta a dhéantar an t-iarratas.

    Critéar 10.   Faisnéis atá le feiceáil ar Éicilipéad an AE

    Féadfar lógó Éicilipéad an AE a thaispeáint ar phacáistíocht díolacháin an táirge. Má úsáidtear an lipéad roghnach maille leis an mbosca téacs, beidh na trí ráiteas seo a leanas ann:

    ‘Deartha chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú’,

    ‘Comhlíonann na ceanglais dhiana maidir le substaintí díobhálacha’,

    ‘Feidhmíocht fhíoraithe’.

    Leanfaidh an t-iarratasóir na treoracha maidir leis an gcaoi ar féidir lógó Éicilipéid an AE a úsáid dá bhforáiltear i dTreoirlínte Lógó Éicilipéid an AE:

    https://ec.europa.eu/environment/ecolabel/documents/logo_guidelines.pdf

    Measúnú agus fíorú:

    Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh an cheanglais mar aon le grianghraf ardtaifigh de phacáistíocht díolacháin an táirge ina léirítear go soiléir an lipéad, an uimhir chlárúcháin/cheadúnais agus, i gcás inarb ábhartha, na ráitis is féidir a thaispeáint in éineacht leis an lipéad.


    (1)  Féach fonóta 16

    (2)  Féach fonóta 17

    (3)  Féach fonóta 18

    (4)  Féach fonóta 19.

    (5)  Féach fonóta 21.

    (6)  Féach fonóta 22.

    (7)  Féach fonóta 23.

    (8)  Féach fonóta 24.

    (9)  Féach fonóta 25.

    (10)  Féach fonóta 21.

    (11)  Féach fonóta 21.


    Top