Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1801

Cinneadh (AE) 2023/1801 ón gComhairle an 19 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Banco de España

ST/12389/2023/INIT

IO L 233, 21.9.2023, pp. 83–84 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1801/oj

21.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 233/83


CINNEADH (AE) 2023/1801 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Banco de España

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27.1 de,

Ag féachaint don Mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Meitheamh 2023 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banco de España (ECB/2023/16) (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, le hiniúchadh a dhéanamh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tháinig deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Banco de España, an chomhlachais shealadaigh gnóthas Mazars Auditores, S.L.P. — Mazars, S.A., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2022. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh ón mbliain airgeadais 2023.

(3)

Roghnaigh Banco de España KPMG Auditores S.L. mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2027.

(4)

Mhol Comhairle Rialaithe BCE go gceapfaí KPMG Auditores S.L. mar iniúchóirí seachtracha ar Banco de España do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2027.

(5)

De réir an mholta ó Chomhairle Rialaithe BCE, ba cheart Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle (2) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 1 de Chinneadh 1999/70/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Leis seo, ceaptar KPMG Auditores S.L. mar iniúchóirí seachtracha Banco de España do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2027.’.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an mBanc Ceannais Eorpach.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO C 226, 28.6.2023, lch 1.

(2)  Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle an 25 Eanáir 1999 a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta (IO L 22, 29.1.1999, lch. 69).


Top