EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1789

Cinneadh (CBES) 2023/1789 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 14 Meán Fómhair 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh do mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/614 (EUMPM Niger/2/2023)

ST/12743/2023/INIT

IO L 230, 19.9.2023, p. 12–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1789/oj

19.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/12


CINNEADH (CBES) 2023/1789 ón gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 14 Meán Fómhair 2023

maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh do mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/614 (EUMPM Niger/2/2023)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/2444 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir le misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2022/2444, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean EUMPM Niger a cheapadh (‘Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh’).

(2)

An 14 Márta 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/614 (2) lena gceaptar an Coirnéal Antonio D’AGOSTINO mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUPM Niger.

(3)

An 17 Lúnasa 2023, mhol údaráis mhíleata na hIodáile go gceapfaí an Coirnéal Antonio STASI chun teacht i gcomharbas ar an gCoirnéal Antonio D’AGOSTINO mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ón 19 Meán Fómhair 2023.

(4)

An 23 Lúnasa 2023, thacaigh Ceannasaí Mhisean EUMPM Niger leis an moladh sin.

(5)

An 23 Lúnasa 2023, mhol Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh go gceapfaí an Coirnéal Antonio STASI mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ón 19 Meán Fómhair 2023.

(6)

Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an gCoirnéal Antonio STASI a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ón 19 Meán Fómhair 2023 agus ba cheart Cinneadh (CBES) 2023/614 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar an Coirnéal Antonio STASI mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) ón 19 Meán Fómhair 2023.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2023/614 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 19 Meán Fómhair 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséal, an 14 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 319, 13.12.2022, lch. 86.

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/614 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 14 Márta 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh do mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) (EUMPM Niger/1/2023) (IO L 80, 20.3.2023, lch. 93).


Top