EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1767

Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/11776/2023/INIT

IO L 226, 14.9.2023, p. 104–202 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1767/oj

14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 226/104


CINNEADH (CBES) 2023/1767 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

An 13 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/572 (2), agus ar an gcaoi sin rinne sí na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(3)

I bhfianaise gníomhaíochtaí leanúnacha lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, ba cheart Cinneadh 2014/145/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(4)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle maidir leis na hainmniúcháin aonair a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES, ba cheart an fhaisnéis maidir le 140 dhuine aonair agus 41 eintiteas a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le duine éagtha amháin mar aon le triúr eile a scriosadh ón Iarscríbhinn sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 15 Márta 2024.’;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 75I, 14.3.2023, lch. 134).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

(1)

scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine seo a leanas:

901.

Farkhad AKHMEDOV;

911.

Aleksandr Aleksandrovich SHULGIN (Александр Александрович ШУЛЬГИН);

918.

Grigory Viktorovich BEREZKIN (Григорий Викторович БЕРЁЗКИН);

1464.

Georgy Ivanovich SHUVAEV (Георгий Иванович ШУВАЕВ);

(2)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na daoine agus leis na heintitis a liostaítear thíos:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1.

Sergey Valeryevich AKSYONOV

Sergei Valerievich AKSENOV (Сергей Валерьевич АКСЁНОВ)

Serhiy Valeriyovych AKSYONOV (Сергiй Валерiйович АКСЬОНОВ)

Dáta breithe: 26.11.1972

Áit bhreithe: Beltsy (Bălți), APSS (Poblacht na Moldóive anois)

Inscne: fireann

Toghadh Sergey Aksyonov mar ‘Príomh-Aire na Crimé’ in Verkhovna Rada na Crimé an 27 Feabhra 2014 i láthair gunnadóirí atá ar son na Rúise. D’fhoraithin Uachtarán gníomhach na hÚcráine Oleksandr Turchynov ‘toghadh’ Aksyonov a bheith míbhunreachtúil an 1 Márta 2014. Rinne sé stocaireacht ghníomhach i leith ‘reifreann’ an 16 Márta 2014 agus bhí sé ar dhuine de chomhshínitheoirí ‘an Chonartha maidir le hAontachas na Crimé le Cónaidhm na Rúise’ an 18 Márta 2014. An 9 Aibreán 2014, cheap Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin é ina ‘Ceann’ gníomhach ar ‘Poblacht na Crimé’ mar a ghairtear di. An 9 Deireadh Fómhair 2014, ‘toghadh’ Aksyonov go foirmiúil ina ‘Ceann’ ar ‘Poblacht na Crimé’ mar a ghairtear di. ‘Atoghadh’ sa phost sin é i mí Mheán Fómhair 2019.

Comhalta de Chomhairle Stáit na Rúise. Ó mhí Eanáir 2017 i leith, tá sé ina chomhalta d’Ardchomhairle Pháirtí na Rúise Aontaithe.

Mar thoradh ar a rannpháirtíocht i bpróiseas na hionghabhála, bronnadh ordú Stáit na Rúise ‘I ngeall ar Fhiúntas don Athartha’ (an chéad chéim) air.

Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá sé fós gníomhach ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha, lena n-áirítear ‘náisiúnú’ sócmhainní pholaiteoirí na hÚcráine i bPoblacht na Crimé.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

17.3.2014

2.

Vladimir Andreevich KONSTANTINOV

(Владимир Андреевич КОНСТАНТИНОВ)

Volodymyr Andriyovych KONSTANTINOV

(Володимир Андрiйович КОНСТАНТИНОВ)

Dáta breithe: 19.11.1956

Áit bhreithe: Vladimirovka (ar a dtugtar freisin Vladimirovca), Réigiún Slobozia, APSS (Poblacht na Moldóive anois) nó Bogomol, APSS (Poblacht na Moldóive anois)

Inscne: fireann

Ina cháil mar spéicéir ar Ardchomhairle ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach, bhí ról ábhartha ag Vladimir Konstantinov sna cinntí a rinne an ‘Ardchomhairle’ maidir leis an ‘reifreann’ i gcoinne iomláine chríochach na hÚcráine agus d’iarr sé ar an lucht vótála vóta a chaitheamh ar son neamhspleáchas na Crimé sa ‘reifreann’ an 16 Márta 2014. Bhí sé ar dhuine de chomhshínitheoirí an ‘Chonartha maidir le hAontachas na Crimé le Cónaidhm na Rúise’ an 18 Márta 2014.

Ón 17 Márta 2014 i leith, is é ‘Cathaoirleach’ ar ‘Chomhairle Stáit’‘Phoblacht na Crimé’ mar a ghairtear di. ‘Atoghadh’ sa phost sin é i mí Mheán Fómhair 2019.

Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá sé fós gníomhach ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha, lena n-áirítear ‘náisiúnú’ sócmhainní pholaiteoirí na hÚcráine i “Poblacht na Crimé”.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

17.3.2014

8.

Sergey Pavlovych TSEKOV

(Сергей Павлович ЦЕКОВ)

Serhiy Pavlovych TSEKOV

(Сергiй Павлович ЦЕКОВ)

Dáta breithe: 28.9.1953 nó 28.8.1953

Áit bhreithe: Simferopol, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

Ina cháil mar Leas-Spéicéir ar Verkhovna Rada na Crimé, thionscain Sergey Tsekov, in éineacht le Sergey Aksyonov, briseadh neamhdhleathach rialtas ‘Poblacht na Crimé’ Féinrialaitheach. Mheall sé Vladimir Konstantinov isteach san iarracht sin, agus bhagair sé go mbrisfí as a phost é. D’aithin sé go poiblí gurbh iad na Comhaltaí Parlaiminte ón gCrimé ba chúis le cuireadh a thabhairt do shaighdiúirí Rúiseacha seilbh a ghlacadh ar Verkhovna Rada na Crimé. Bhí sé ar dhuine de na chéad Cheannairí sa Chrimé a d’iarr go poiblí go ndéanfaí an Chrimé a ionghabháil isteach sa Rúis.

Comhalta de Chomhairle Cónaidhme Chónaidhm na Rúise ó ‘Poblacht na Crimé’, mar a ghairtear di, ó 2014 i leith, athcheapadh é i mí Mheán Fómhair 2019. Comhalta den Chomhairle Coiste Cónaidhme maidir le Gnóthaí Eachtracha.

Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá sé fós gníomhach ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha, lena n-áirítear ‘náisiúnú’ sócmhainní pholaiteoirí na hÚcráine i “Poblacht na Crimé”.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

17.3.2014

29.

Vladislav Yurievich SURKOV

(Владислав Юрьевич СУРКОВ)

Dáta breithe: 21.9.1964

Áit bhreithe: Solntsevo, réigiún Lipetsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Iar-Shainchabhróir ag Uachtarán Chónaidhm na Rúise. Bhí sé ar dhuine de lucht eagraithe an phróisis sa Chrimé lenar slógadh pobail áitiúla Crimé chun deireadh a chur le gníomhaíochtaí a bhain an bonn d’údaráis na hÚcráine sa Chrimé.

21.3.2014

32.

Igor Nikolaevich (Mykolayovich) TURCHENYUK

(Игорь Николаевич ТУРЧЕНЮК)

Feidhm: Coirnéal Ginearál

Dáta breithe: 5.12.1959

Áit bhreithe: Osh, APSS (an Chirgeastáin anois)

Inscne: fireann

Iar-Cheannasaí de facto ar na trúpaí Rúiseacha a imscaradh sa Chrimé, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, (agus dá dtagraíonn an Rúis fós go hoifigiúil dóibh mar ‘mílístí féinchosanta áitiúla’). Iar-Leas-Cheannasaí ar Cheantar Míleata an Deiscirt tráth.

Ceann Cheantar an Deiscirt de Gharda Náisiúnta na Rúise.

I mí Aibreáin 2023, fuair a cheantar bonn Zhukov as ‘misneach agus dúthracht’ a léiriú, agus fuair Turchenyuk féin ‘I ngeall ar Fhiúntas don Athartha’ (an 3ú céim).

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais, agus chuir sé chun feidhme iad, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.3.2014

37.

Sergei Ivanovich MENYAILO

(Сергей Иванович МЕНЯЙЛО)

Dáta breithe: 22.8.1960

Áit bhreithe: Alagir, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Iar-Ghobharnóir ar chathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil uirthi, san Úcráin.

Iar-Ionadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise chuig Ceantar Cónaidhme na Sibéire. Comhalta de Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise.

Ceann North Ossetia-Alania ón 19 Meán Fómhair 2021 i leith.

Tá sé fós gníomhach ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha, lena n-áirítear rannpháirtíocht trodaithe i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus soláthar trealaimh mhíleata ó North Ossetia-Alania don chogadh sin.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais, agus chuir sé chun feidhme iad, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

29.4.2014

76.

Rashid Gumarovich NURGALIEV

(Рашид Гумарович НУРГАЛИЕВ)

Dáta breithe: 8.10.1956

Áit bhreithe: Zhetikara, APSS (an Chasacstáin anois)

Inscne: fireann

Comhalta agus, ó bhí Feabhra 2023 ann, Céad Leas-Rúnaí Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise. Mar chomhalta den Chomhairle Slándála, a chuireann comhairle ar fáil maidir le gnóthaí slándála náisiúnta agus a chomhordaíonn na gnóthaí sin, bhí baint aige le beartas Rialtas na Rúise a mhúnlú, ar bagairt é ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

25.7.2014

81.

Alexander Nikolayevich TKACHYOV

(Александр Николаевич ТКАЧËВ)

Dáta breithe: 23.12.1960

Áit bhreithe: Vyselki, réigiún Krasnodar, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Iar-Ghobharnóir ar Krasnodar Krai.

Bhronn Ceann Gníomhach ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach bonn air as ‘saoradh na Crimé’ mar gheall ar an tacaíocht a thug sé d’ionghabháil neamhdhleathach na Crimé. Ar an ócáid sin, dúirt Ceann Gníomhach ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach go raibh Tkachyov ar dhuine de na chéad daoine a léirigh a thacaíocht do ‘ceannaireacht’ nua na Crimé.

Iar-Aire Talmhaíochta Chónaidhm na Rúise.

Príomh-scairshealbhóir na cuideachta Agrocomplex, a d’urghabh críocha móra talún talmhaíochta i réigiúin na hÚcráine atá faoi fhorghabháil.

Gheall Tkachyov go poiblí go dtacódh sé le fir a slógadh chun páirt sa chogadh ar an Úcráin.

25.7.2014

83.

Ekaterina Yurievna GUBAREVA

(Екатерина Юрьевна ГУБАРЕВА)

Kateryna Yuriyivna GUBARIEVA (HUBARIEVA)

(Катерина Юрiївна ГУБАРЄВА)

Dáta breithe: 5.7.1983 nó 10.3.1983

Áit bhreithe: Kakhovka (réigiún Kherson), APSS (an Úcráin anois)

Inscne: baineann

Ina cáil mar Iar-‘Aire Gnóthaí Eachtracha’ mar a ghairtear di, bhí sí freagrach as ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ mar a ghairtear di, a chosaint, rud a bhain an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Agus í ag glacadh na cáile sin chuici agus ag gníomhú di dá réir, thug sí tacaíocht do ghníomhaíochtaí agus do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Fós gníomhach ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha.

Is iar-chomhalta í de ‘Daon-Chomhairle’, mar a ghairtear di, ‘Dhaon-Phoblacht Donetsk’ (go dtí mí na Samhna 2018).

“Leas-cheann riaracháin mhíleata-shibhialta i réigiún Kherson” idir mí an Mheithimh agus mí na Nollag 2022.

25.7.2014

87.

Vladimir ANTYUFEYEV

(ar a dtugtar freisin Vladimir SHEVTSOV, Vladimir Iurievici ANTIUFEEV, Vladimir Gheorghievici ALEXANDROV, Vadim Gheorghievici SHEVTSOV)

(Владимир Юрьевич АНТЮФЕЕВ)

Dáta breithe: 19.2.1951

Áit bhreithe: Novosibirsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Iar-‘Aire Slándála Stáit’ i réigiún scarúnaíoch an Tras-dnístria. Iar-leas-phríomhaire de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, agus é freagrach as slándáil agus as forfheidhmiú an dlí. Sa cháil seo, bhí sé freagrach as gníomhaíochtaí ‘rialtasacha’ bolscaireachta scarúnaíocha ‘rialtas Dhaon-Phoblacht Donetsk’ mar a ghairtear de.

Comhalta boird agus Leas-Ard-Stiúrthóir ‘United Engine Corporation’, ar leis an Stát é, comhalta boird de chuid JSC Research and Production Enterprise ‘Temp’ ar leis an Stát é agus ainmnithe as F.Korotkov.

Fós gníomhach ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha.

25.7.2014

92.

Arkady Romanovich ROTENBERG

Arkadii Romanovich ROTENBERG

(Аркадий Романович РОТЕНБЕРГ)

Dáta breithe: 15.12.1951

Áit bhreithe: Leningrad, APSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Is mórphearsa gnó é Arkady Rotenberg a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis a bhfuil dlúthcheangal pearsanta aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Ó mhí an Mhárta 2014 i leith, tá conarthaí Stáit de luach os cionn USD 7 mbilliún faighte ag Rotenberg, nó ag a chuideachtaí. In 2015, bhí Rotenberg ar bharr liosta iad siúd a fuair conarthaí rialtais ó thaobh luacha de, tar éis dó conarthaí arbh fhiú RUB 555 bhilliún a fháil ó Rialtas na Rúise. Bronnadh an chuid de na conarthaí sin gan aon phróiseas foirmiúil iomaíochta. An 30 Eanáir 2015, shínigh an Príomh-Aire, Dmitry Medvedev, foraithne lenar bronnadh conradh Stáit ar Stroygazmontazh, cuideachta de chuid Rotenberg, chun droichead Kerch a thógáil ón Rúis chuig ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Trí na conarthaí sin, fuair sé tairbhe airgeadais ó chinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú oirthear na hÚcráine.

Iar-úinéir na cuideachta Stroygazmontazh é, ar bronnadh conradh Stáit uirthi chun droichead Kerch a thógáil ón Rúis chuig ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach, rud a dhaingnigh a lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise agus lena mbaintear an bonn a thuilleadh d’iomláine chríochach na hÚcráine. Ar an gcaoi chéanna, i mí Eanáir 2017, bronnadh conradh stáit ar Stroygazmontazh arbh fhiú RUB 17 mbilliún é chun líne iarnróid a thógáil ar dhroichead Kerch, rud a chuir leis an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach na hÚcráine.

Úinéir dhá chuideachta, Mostotrest agus Stroygazmontazazh-Most, atá ainmnithe mar gheall ar a ngníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den cheannasacht na hÚcráine (eintitis Uimh. 43 agus 46 san Iarscríbhinn seo). In 2019 dhíol Rotenberg an chuideachta tógála píblíne gáis Stroygazmontazh.

Mar gheall ar a rannpháirtíocht maidir le droichead Kerch a thógáil, bronnadh ordú Stáit na Rúise ‘Laoch Saothair de chuid Chónaidhm na Rúise’ air i mí an Mhárta 2020.

Tá sé ina chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí an chomhlachta foilsitheoireachta Prosvescheniye, a sheol an tionscadal ‘To the Children of Russia: Address – Crimea [Do Leanaí na Rúise: Seoladh – An Chrimé], arb é a bhí ann feachtas caidrimh phoiblí a ceapadh lena chur ina luí ar leanaí na Crimé gur saoránaigh de chuid na Rúise iad a raibh cónaí orthu sa Rúis agus, ar an gcaoi sin, tacú le beartas Rialtas na Rúise an Chrimé a lánpháirtiú sa Rúis.

An 30 Eanáir 2021, mhaígh Arkady Rotenberg gurbh é tairbhí ‘Pálás Putin’ mar a ghairtear de in Gelendzhik, a léirítear san imscrúdú a rinne Fondúireacht Alexey Navalny in aghaidh Éilliú.

15.3.2015

105.

Mikhail Sergeyevich SHEREMET

(Михаил Сергеевич ШЕРЕМЕТ)

Mykhaylo Serhiyovych SHEREMET

(Михайло Сергiйович ШЕРЕМЕТ)

Dáta breithe: 23.5.1971

Áit bhreithe: Dzhankoy, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

Comhalta den Dúma stáit, tofa ó Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Iar-‘Céad-Leas-Phríomh-Aire na Crimé’, mar a ghairtear de. Bhí ról lárnach ag Sheremet i reifreann a eagrú agus a chur i bhfeidhm an 16 Márta 2014 sa Chrimé maidir le haontú leis an Rúis. Tráth an reifrinn, tuairiscíodh go raibh ‘fórsaí féinchosanta’ sa Chrimé a bhí ar son Moscó faoi cheannas Sheremet. Dá bhrí sin, thacaigh sé le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

An 18 Meán Fómhair 2016, toghadh ina fheisire é den Dúma ó Leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach agus an 19 Meán Fómhair 2021, mar chomhalta den Dúma stáit a toghadh ó Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Comhalta de Choiste an Dúma stáit maidir leis an tSlándáil agus in aghaidh Éilliú.

An 15 Feabhra 2022, thacaigh Sheremet, sa Dúma stáit, leis an rún lenar iarradh ar Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine a aithint mar stáit neamhspleácha.

Mar chomhalta den Dúma stáit, thacaigh sé le daingniú cinntí rialtais i ndáil leis na ‘Conarthaí maidir le Cairdeas, Comhar agus Cúnamh Frithpháirteach idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’.

An 3 Deireadh Fómhair 2022, vótáil sé i bhfabhar conarthaí a dhaingniú agus dlíthe a ghlacadh maidir le haontachas ‘Dhaon Phoblachtaí’ Donetsk agus Luhansk agus réigiúin Kherson agus Zaporizhzhia le Cónaidhm na Rúise.

12.9.2014

106.

Yuri Leonidovich VOROBIOV

(ar a dtugtar freisin Yury Leonidovich VOROBYOV)

(Юрий Леонидович ВОРОБЬЕВ)

Dáta breithe: 2.2.1948

Áit bhreithe: Krasnoyarsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Comhalta agus Leas-Spéicéir Chomhairle Cónaidhme Chónaidhm na Rúise, ina gcomhordaíonn sé obair Choiste na Comhairle Cónaidhme um Chosaint agus Slándáil, dá dtugann sé treoracha, agus ina rialaíonn sé feidhmiú na dtreoracha sin. An 1 Márta 2014, thacaigh Vorobiov go poiblí, sa Chomhairle Cónaidhme, le himscaradh fhórsaí na Rúise san Úcráin. Vótáil sé ina dhiaidh sin i bhfabhar na foraithne gaolmhaire.

Mar Chomhalta den Chomhairle Cónaidhme bhí sé páirteach i ndaingniú cinntí rialtais maidir leis an ‘‘Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus leis an ‘Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’’.

An 22 Feabhra 2022, thacaigh Vorobiov go poiblí, sa Chomhairle Cónaidhme, le himscaradh fhórsaí na Rúise san Úcráin.

An 4 Deireadh Fómhair 2022, thacaigh Vorobiov, sa Chomhairle Cónaidhme, leis an reachtaíocht chun réigiúin Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia san Úcráin a ionghabháil.

12.9.2014

108.

Vladimir Abdualiyevich VASILYEV

(Владимир Абдуалиевич ВАСИЛЬЕВ)

Dáta breithe: 11.8.1949

Áit bhreithe: Klin, Réigiún Mhoscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Iar-Leas-Spéicéir den Dúma stáit. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar an dréacht-Dlí Bhunreachtúil Cónaidhme ‘maidir le Poblacht na Crimé a ghlacadh isteach i gCónaidhm na Rúise agus maidir le foirmiú, laistigh de Chónaidhm na Rúise, comheintiteas nua cónaidhme — ‘Poblacht na Crimé’ agus Cathair Stádais Cónaidhme Sevastopol’.

Iarcheann Phoblacht na Dagastáine. IarChomhairleoir ag Uachtarán Chónaidhm na Rúise.

Comhalta den Dúma stáit agus ceannaire fhaicsean United Russia ag an Dúma stáit. Sa cháil sin, ghlac sé páirt i ndaingniú cinntí rialtais maidir leis na ‘Conarthaí Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’’.

An 3 Deireadh Fómhair 2022, thacaigh Vasilyev, sa Dúma stáit, leis an reachtaíocht chun réigiúin Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia san Úcráin a ionghabháil.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais i bhfeidhm lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

12.9.2014

111.

Vladimir Stepanovich NIKITIN

(Владимир Степанович НИКИТИН)

Dáta breithe: 5.4.1948

Áit bhreithe: Opochka, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Iarchomhalta den Dúma Stáit agus Iar-Chéad-Leas-Chathaoirleach ar Choiste Dhúma an Stáit um Ghnóthaí Chomhlathas na Stát Neamhspleách, um Lánpháirtiú Eoráiseach agus um Chaidreamh le Comhthírigh. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘maidir le glacadh ‘Poblacht na Crimé’ i gCónaidhm na Rúise agus foirmiú, laistigh de Chónaidhm na Rúise, eintiteas nua cónaidhme ‘Poblacht na Crimé’ agus Cathair Stádais Cónaidhme Sevastopol’.

Iar-chomhalta de Phraesaidiam Lárchoiste Pháirtí Cumannach Chónaidhm na Rúise.

Ceannaire ar an ngluaiseacht phoiblí uile-Rúiseach ‘Russian Concord’, arb é is aidhm di sibhialtacht uathúil Rúiseach a chruthú agus seasamh na Rúise san iar-spás Sóivéadach agus in CIS a neartú.

12.9.2014

118.

Sergey Viktorovich CHEMEZOV

(Сергей Викторович ЧЕМЕЗОВ)

Dáta breithe: 20.8.1952

Áit bhreithe: Cheremkhovo, Réigiún Irkutsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Tá Sergei Chemezov ar dhuine de na dlúthpháirtithe aitheanta d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin; bhí an bheirt acu ina n-oifigigh KGB a cuireadh ar postú in Dresden agus is comhalta é d’Ardchomhairle ‘United Russia’. Tá sé ag baint tairbhe as na naisc atá aige le hUachtarán na Rúise trí chur chun cinn a dhéanamh i bpoist shinsearacha i ngnólachtaí atá faoi rialú an Stáit. Tá sé ina chathaoirleach ar ilchuideachta Rostec, an phríomhchorparáid cosanta stáit agus déantúsaíochta tionsclaíche de chuid na Rúise atá faoi rialú an Stáit. Mar thoradh ar chinneadh ó rialtas na Rúise, tá sé beartaithe ag Technopromexport, fochuideachta de Rostec, gléasraí fuinnimh a thógáil sa Chrimé, rud a thacóidh lena lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise.

Thairis sin, thacaigh Rosoboronexport, fochuideachta de Rostec, le comhtháthú chuideachtaí cosanta na Crimé i dtionscal cosanta na Rúise, rud a dhéanann ionghabháil neamhdhleathach na Crimé isteach i gCónaidhm na Rúise a chomhdhlúthú.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é Sergei Chemezov a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábhartha agus ó thaobh airgeadais de, do chinnteoirí na Rúise atá freagrach as nasc-ghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine, agus tairbhe a bhaint astu. Ar deireadh, tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábhartha do Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus as bheith ag tairbhiú de, arb é an rialtas sin atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

12.9.2014

119.

Alexander Mikhailovich BABAKOV

(Aлександр Михайлович БАБАКОВ)

Dáta breithe: 8.2.1963

Áit bhreithe: Chisinau, APSS ( Poblacht na Moldóive anois)

Inscne: fireann

Comhalta agus Leas-Chathaoirleach ar an Dúma stáit. Iarchomhalta de Chomhairle Cónaidhme Chónaidhm na Rúise. Iarchomhalta den Choiste Gnóthaí Eachtracha. Comhalta mór le rá den pháirtí polaitiúil ‘United Russia’ ab ea é. Atoghadh é chuig an Dúma Stáit i mí Mheán Fómhair 2021 mar chomhalta den pháirtí ‘A Just Russia’. Is pearsa gnó é a bhfuil infheistíochtaí móra aige san Úcráin agus sa Chrimé.

An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréachtdlí bunreachtúil cónaidhme ‘maidir le ‘Poblacht na Crimé’ a ghlacadh isteach i gCónaidhm na Rúise agus eintitis nua cónaidhme –‘Poblacht na Crimé’ agus ‘cathair stádais cónaidhme Sevastopol’ a bhunú laistigh de Chónaidhm na Rúise.

Tar éis do na páirtithe polaitíochta ‘A Just Russia’, ‘For Truth’ agus ‘Patriots of Russia’ a bheith cumasctha, ceapadh Babakov ina Rúnaí ar an Praesaidiam Comhairle Láir an eintitis chumaiscthe.

Mar chomhalta den Dúma stáit, dhaingnigh sé cinntí rialtais i ndáil leis na ‘Conarthaí Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Frithpháirtaigh idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’’. An 3 Deireadh Fómhair 2022, vótáil sé i bhfabhar billí maidir le daingniú conarthaí maidir le haontachas ‘Dhaon-Phoblachtaí’ Donetsk agus Luhansk agus réigiúin Kherson agus Zaporizhizhia le Cónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

12.9.2014

126.

Dmitry Aleksandrovich SEMYONOV

Dmitrii Aleksandrovich SEMENOV

(Дмитрий Александрович СЕМЕНОВ)

Dáta breithe: 1.6.1977

Áit bhreithe: APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Iar-‘Leas-Phríomh-Aire Airgeadais’ i ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige do ghníomhaíochtaí agus do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Oibríonn sé mar Leas-Reachtaire um Straitéis agus Caidreamh Rialtais na hOllscoile Airgeadais faoi Rialtas Chónaidhm na Rúise i Moscó.

Tá sé fós gníomhach ag tacú le struchtúir scarúnaíocha LNR.

29.11.2014

128.

Lesya Mikhaylovna LAPTEVA

(Леся Михайловна ЛАПТЕВА)

Lesya Mykhaylivna LAPTIEVA

(Леся Михайлiвна ЛАПТЄВА)

Ainm pósta: Lesya TARASYUK

(Леся ТАРАСЮК)

Dáta breithe: 11.3.1976

Áit bhreithe: Dzhambul/Jambul/Taraz APSS (an Chasacstáin anois)

Inscne: baineann

Iar‘Aire Oideachais, Eolaíochta, Cultúir agus Reiligiúin’ i ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di.

Agus í ag glacadh na cáile sin chuici agus ag gníomhú di sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aici, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Oibríonn sé don chiste ‘Mir Detiam’ i Moscó.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

29.11.2014

130.

Ihor Volodymyrovych KOSTENOK

(ar a dtugtar freisin Igor Vladimirovich KOSTENOK)

(Игорь Владимирович КОСТЕНОК)

Dáta breithe: 15.3.1961

Áit bhreithe: Vodyanske, dúiche Dobropillia, Réigiún Donetsk, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

Iar-‘Aire Oideachais’, mar a ghairtear de i ‘Daon-Phoblacht Donetsk’.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Tá sé ag obair d’Acadamh Bainistithe agus Seirbhíse Sibhialta Donetsk faoi ‘Ceann Dhaon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di.

Ó Mheán Fómhair 2018, Ollamh i Roinn Riarachán an Stáit agus na mBardas ag an Institiúid Ardoideachais um Buiséad an Stáit ‘Ollscoil Eacnamaíochta na Rúise. G.V. Plekhanov’.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

29.11.2014

131.

Yevgeniy Vyacheslavovich ORLOV

(ar a dtugtar freisin Yevhen Vyacheslavovych ORLOV)

(Евгений Вячеславович ОРЛОВ)

Dáta breithe: 21.10.1983

Áit bhreithe: Snizhn, Réigiún Donetsk, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

Iar-Chomhalta de ‘Comhairle Náisiúnta’ an ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Iar-chathaoirleach ar an ngluaiseacht phoiblí ‘Gluaiseacht Saoirse Donbass’ [Free Donbass] agus iarcheannasaí ar ‘Cathlán Don’ [Don battalion].

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Iar-Leas-Chathaoirleach ar Choiste Thionól Náisiúnta Dhaon-Phoblacht Donetsk um Thionsclaíocht agus Trádáil.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

29.11.2014

132.

Vladyslav Mykolayovych DEYNEGO

(ar a dtugtar freisin Vladislav Nikolayevich DEYNEGO)

Vladislav Nikolaevich DEINEGO)

(Владислав Миколайович ДЕЙНЕГО)

(Владислав Николаевич ДЕЙНЕГО)

Dáta breithe: 12.3.1964

Áit bhreithe: Romny, Réigiún Sumy, APSS (an Úcráin anois)

nó b’fhéidir in Hirnytskyi village, Perevalsk district, Réigiún Luhansk, an Úcráin

Inscne: fireann

Iar-‘Leas-Chathaoirleach’ de ‘Daon-Chomhairle’‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

‘Aire Gnóthaí Eachtracha’, mar a ghairtear de, de chuid ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

29.11.2014

137.

Eduard Aleksandrovich BASURIN

(Эдуард Александрович БАСУРИН)

Eduard Oleksandrovych BASURIN

(Едуард Олександрович БАСУРIН)

Dáta breithe: 27.6.1966

Áit bhreithe: Donetsk, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

Urlabhraí agus Leas-Cheann ‘Daon-Mhílíste Donbass’ de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Iar-Leas-Aire Cosanta ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Iar-Leas-Cheann agus ionadaí oifigiúil ‘Roinn Daon-Mhílíste Dhaon-Phoblacht Donetsk’.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

16.2.2015

140.

Sergey Yurevich KUZOVLEV

(ar a dtugtar freisin IGNATOV, TAMBOV)

(Сергей Юрьевич КУЗОВЛЕВ (ar a dtugtar freisin Сергей; ИГНАТОВ, ТAMБOB))

Dáta breithe: 7.1.1967

Áit bhreithe: Michurinsk, Réigiún Tambov, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Iar-Ard-Cheannasaí, mar a ghairtear de, ar Dhaon-Mhílíste ‘Daon-Phoblacht Luhansk’.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Iar-Cheannasaí ar an 8ú hArm de chuid Fhórsa Armtha na Rúise. Iar-Cheann Foirne agus Iar-Chéad-Leas-Cheannasaí Cheantar Míleata Dheisceart na Rúise. Is é Ceannasaí an Cheantair sin é ó mhí Eanáir 2023.

16.2.2015

143.

Evgeny Vladimirovich MANUYLOV

(Евгений Владимирович МАНУЙЛОВ)

Yevhen Volodymyrovych MANUYLOV

(Євген Володимирович МАНУЙЛОВ)

Dáta breithe: 5.1.1967

Áit bhreithe: Baranykivka, Bilovodsk Raion, réigiún Luhansk, APSS (an Úcráin anois) с. Бараниковка Беловодского района Луганской области, Украина

Inscne: fireann

‘Aire Airgeadais agus Cánach’, mar a ghairtear de, ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

16.2.2015

149.

Andrei Valeryevich KARTAPOLOV

(Андрей Валерьевич КАРТAПOЛOВ)

Dáta breithe: 9.11.1963

Áit bhreithe: Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine (an Ghearmáin anois)

Inscne: fireann

Is comhalta den Dúma stáit Andrei Kartapolov ó bhí an 19 Meán Fómhair 2021 ann. Tá sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Cosanta agus ina Chomhchathaoirleach ar Choimisiún Dhúma an Stáit chun breithniú a dhéanamh ar chaiteachas buiséid cónaidhme atá dírithe ar chosaint náisiúnta, slándáil náisiúnta agus forfheidhmiú an dlí a áirithiú. Iar-Cheannasaí ar Dhúiche Mhíleata an Iarthair. Iar-Stiúrthóir na Príomh-Roinne Oibríochtaí agus leas-cheann Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise. Rannpháirteach go gníomhach i bhfeachtas míleata fhórsaí na Rúise san Úcráin a mhúnlú agus a chur chun feidhme.

De réir ghníomhaíochtaí dearbhaithe na foirne ginearálta, trí rialú oibriúcháin a fheidhmiú ar na fórsaí armtha, bhí sé rannpháirteach go gníomhach i múnlú agus i gcur chun feidhme bheartas rialtas na Rúise lena gcuirtear iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine i mbaol.

An tIar-Leas-Aire Cosanta.

An 3 Deireadh Fómhair 2022, vótáil sé i bhfabhar billí maidir le daingniú conarthaí maidir le haontachas ‘Dhaon-Phoblachtaí’ Donetsk agus Luhansk agus réigiúin Kherson agus Zaporizhizhia le Cónaidhm na Rúise.

16.2.2015

151.

Valery Fedorovich RASHKIN

(Валерий Фëдoрoвич РАШКИН)

Dáta breithe: 14.3.1955

Áit bhreithe: Zhilino, réigiún Kaliningrad, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

An Chéad Leas-Chathaoirleach ar Choiste Dhúma an Stáit maidir le saincheisteanna eitneachais.

Is é bunaitheoir na gluaiseachta sibhialta ‘Krassnaya MoskvaRed MoscowPatriotic Front Aid’ (Moscó Dearg — Cúnamh Fronta Thírghrách) a d’eagraigh léirsithe poiblí a thacaigh le scarúnaithe, lenar tacaíodh, ar an gcaoi sin, le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘maidir le Poblacht na Crimé a ghlacadh isteach i gCónaidhm na Rúise agus foirmiú, laistigh de Chónaidhm na Rúise, eintiteas nua cónaidhme — ‘Poblacht na Crimé’ agus Cathair Stádais Cónaidhme Sevastopol’.

An 22 Feabhra 2022, thacaigh Rashkin, sa Dúma stáit, le daingniú cinntí rialtais i ndáil leis an ‘Conradh maidir le Cairdeas, Comhar agus Cúnamh Frithpháirteach idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’” agus leis an ‘Conradh maidir le Cairdeas, Comhar agus Cúnamh Frithpháirteach idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’’.

16.2.2015

152.

Ruslan Ismailovich BALBEK

(Руслан Исмаилович БАЛЬБЕК)

Dáta breithe: 28.8.1977

Áit bhreithe: Bekabad, APSS (an Úisbéiceastáin anois)

Inscne: fireann

Iar-Chomhalta den Dúma stáit, tofa ó ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Iar-Leas-Chathaoirleach ar Choiste an Dúma um Ghnóthaí Eitneacha.

In 2014, ceapadh Balbek ina Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle na nAirí de chuid ‘Poblacht na Crimé’, mar a ghairtear di, agus bhí sé ag obair sa cháil sin chun leithinis na Crimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, a chomhtháthú i gCónaidhm na Rúise, ar ina leith a bronnadh bonn air ‘I ngeall ar ‘Poblacht na Crimé’ a Chosaint’. Thacaigh sé le hionghabháil na Crimé i ráitis phoiblí, lena n-áirítear ar a phróifíl ar shuíomh gréasáin na Rúise Aontaithe (brainse na Crimé) agus in alt preasa a foilsíodh ar shuíomh gréasáin NTV an 3 Iúil 2016.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

9.11.2016

153.

Konstantin Mikhailovich BAKHAREV

(Константин Михайлович БАХАРЕВ)

Dáta breithe: 20.10.1972

Áit bhreithe: Simferopol, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

Comhalta den Dúma stáit, tofa ó ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Comhalta de Choiste an Dúma um Margaí Airgeadais.

I mí an Mhárta 2014, ceapadh Bakharev ina Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Stáit ‘Phoblacht na Crimé’, mar a ghairtear di, agus i mí Lúnasa 2014 ceapadh é ina Chéad Leas-Chathaoirleach ar an gcomhlacht sin. D’admhaigh sé go raibh sé féin rannpháirteach in imeachtaí 2014 as ar eascair ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol, rud ar thacaigh sé leis go poiblí, lena n-áirítear in agallamh a foilsíodh ar shuíomh gréasáin gazetakrimea.ru an 22 Márta 2016 agus ar shuíomh gréasáin c-pravda.ru an 23 Lúnasa 2016. Bhronn ‘údaráis Phoblacht na Crimé’ an t-ordú ‘dílseacht don dualgas’ air.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

9.11.2016

154.

Dmitry Anatolievich BELIK

(Дмитрий Анатольевич БЕЛИК)

Dáta breithe: 17.10.1969

Áit bhreithe: Kular. Ust-Yansky district, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Comhalta den Dúma stáit, tofa ó chathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Comhalta de Choiste an Dúma um Ghnóthaí Idirnáisiúnta.

Mar chomhalta d’údarás bardasach Sevastopol ó mhí Feabhra go mí an Mhárta 2014, thacaigh sé le gníomhaíochtaí ‘Méara na nDaoine’, mar a ghairtear de, Alexei Chaliy. D’admhaigh sé go poiblí go raibh sé rannpháirteach in imeachtaí 2014 as ar eascair ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol, rud ar chosain sé go poiblí, lena n-áirítear ar a shuíomh gréasáin pearsanta agus in agallamh a foilsíodh an 21 Feabhra 2016 ar shuíomh gréasáin nation-news.ru.

Mar thoradh ar a rannpháirtíocht i bpróiseas na hionghabhála bronnadh ordú den dara céim de chuid Stáit na Rúise ‘Ord Fiúntais air don Athartha, céim 2’ air.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

9.11.2016

155.

Andrei Dmitrievich KOZENKO

(Андрей Дмитриевич КОЗЕНКО)

Dáta breithe: 3.8.1981

Áit bhreithe: Simferopol, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

IarChomhalta den Dúma stáit, tofa ó ‘Poblacht na Crimé’ Féinrialaitheach a ionghabhadh go neamhdhleathach.

IarChomhalta de Choiste an Dúma maidir le margaí airgeadais.

I mí an Mhárta 2014, ceapadh Kozenko ina Leas-Chathaoirleach den Ardchomhairle de ‘Poblacht na Crimé’, mar a ghairtear di. D’admhaigh sé go poiblí go raibh sé rannpháirteach in imeachtaí 2014 as ar eascair ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol, rud ar chosain sé go poiblí, lena n-áirítear in agallamh a foilsíodh ar an suíomh gréasáin gazetacrimea.ru an 12 Márta 2016. Bhronn na ‘húdaráis’ áitiúla bonn air ‘I ngeall ar ‘Poblacht na Crimé’ a chosaint’ as ucht a bheith rannpháirteach i bpróiseas na hionghabhála.

Tá sé ina chomhordaitheoir ar an gcoiste lánpháirtíochta ‘Russia-Donbas’.

Ó mhí Iúil 2022, is é ‘Leas-Cheann’, mar a ghairtear de, ‘Riarachán Réigiúnach Zaporizhzhia’, mar a ghairtear de, a bhunaigh fórsaí na Rúise in Melitopol, cathair atá faoi fhorghabháil.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

9.11.2016

156.

Svetlana Borisovna SAVCHENKO

(Светлана Борисовна САВЧЕНКО)

Dáta breithe: 24.6.1965

Áit bhreithe: Belohirsk, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: baineann

IarChomhalta den Dúma stáit, tofa ó ‘Poblacht na Crimé’ Féinrialaitheach a ionghabhadh go neamhdhleathach.

IarChomhalta de choiste cultúir an Dúma.

Tá sí ina comhalta d’Ardchomhairle ‘Poblacht na Crimé’ Féinrialaitheach ó 2012 i leith agus amhail ó mhí an Mhárta 2014 thacaigh sí le comhtháthú na Crimé agus Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i gCónaidhm na Rúise. I mí Mheán Fómhair 2014, toghadh Svetlana Borisovna Savchenko ar Ardchomhairle ‘Poblacht na Crimé’, mar a ghairtear de. Chosain sí ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol go mion minic i ráitis phoiblí, lena n-áirítear in agallaimh a foilsíodh ar an suíomh gréasáin c-pravda.ru an 2 Aibreán 2016 agus an 20 Lúnasa 2016. Bhronn ‘údaráis’‘Poblacht na Crimé’ ordú Stáit na Rúise ‘I ngeall ar dhualgais don mháthairthír’ – céim II uirthi in 2014 agus an t-ordú ‘I ngeall ar dhílseacht don dualgas’ uirthi in 2015.

Tá sí ina comhairleoir do Chathaoirleach Ardchomhairle ‘Poblacht na Crimé’.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

9.11.2016

159.

Evgeniy Petrovich GRABCHAK

(Евгений Петрович ГРАБЧАК)

Dáta breithe: 18.7.1981

Áit bhreithe: Ust-Labinsk, Réigiún Krasnodar, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí JSC ‘Krymenergo’ ó 2020 i leith, ag feidhmiú in earnáil an fhuinnimh agus na n-acmhainní nádúrtha. Iar-Cheann Roinne in Aireacht Fuinnimh Chónaidhm na Rúise agus freagrach in Aireacht Fuinnimh Chónaidhm na Rúise as tionscnaimh leictrea-fhuinnimh a fhorbairt sa Chrimé. Leis na tionscadail sin cuidítear le soláthar cumhachta neamhspleách a bhunú don Chrimé agus Sevastopol chun tacú lena scaradh ón Úcráin, agus baintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

Leas-Aire Fuinnimh i gCónaidhm na Rúise.

4.8.2017

167.

Olga Valerievna POZDNYAKOVA/Olga Valeryevna POZDNYAKOVA

(Ольга Валерьевна ПОЗДНЯКОВА)

Olga Valeriyivna POZDNYAKOVA

(Ольга Валерiївна ПОЗДНЯКОВА)

Dáta breithe: 30.3.1982

Áit bhreithe: Shakhty, Réigiún Rostov, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: baineann

Iar-‘Cathaoirleach’ ar ‘an Lárchoimisiún Toghchánach’‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Sa cháil sin, ghlac sí páirt in eagrú ‘toghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 11 Samhain 2018 in ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, agus, ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh agus chuir sí na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

Iar-Cheann na Stiúrthóireachta um Beartas Intíre laistigh de riarachán ‘Ceann Dhaon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear de.

Tá sí ina stiúrthóir ar Chiste Nekrasov, eagraíocht shóisialta agus chultúrtha atá lonnaithe in Donetsk agus arna maoiniú ag an bpearsa gnó Vladimir Nekrasov, a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí a chuireann beartais cheannaireacht ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, chun cinn.

10.12.2018

168.

Elena Valerievna KRAVCHENKO/ Elena Valeryevna KRAVCHENKO

(Елена Валериевна КРАВЧЕНКО)

Olena Valeriyivna KRAVCHENKO

(Олена Валерiївна КРАВЧЕНКО)

Dáta breithe: 22.2.1983

Áit bhreithe: Sverdlovsk (Ekaterinburg), APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: baineann

‘Cathaoirleach’ ar ‘Coimisiún Lárnach Toghchán Dhaon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Sa cháil sin, ghlac sí páirt in eagrú ‘thoghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 11 Samhain 2018 i ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, agus, ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Bhí ról gníomhach aici maidir le reifrinn neamhdhleathaigh a eagrú i mí Mheán Fómhair 2022 i réigiúin na hÚcráine atá faoi fhorghabháil chun go mbeadh siad mar chuid de Chónaidhm na Rúise, agus bhunaigh a coimisiún suíomhanna vótála i ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, freisin.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

10.12.2018

169.

Leonid Ivanovich PASECHNIK

(Леонид Иванович ПАСЕЧНИК)

Leonid Ivanovych PASICHNYK

(Леонiд Iванович ПАСIЧНИК)

Dáta breithe: 15.3.1970

Áit bhreithe: Voroshvlovhad, Luhansk, Réigiún Voroshilovghrad, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

‘Ceannaire tofa’‘Dhaon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

10.12.2018

171.

Denis Nikolaevich MIROSHNICHENKO

(Денис Николаевич МИРОШНИЧЕНКО)

Dáta breithe: 8.12.1987

Áit bhreithe: Luhansk, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

‘Cathaoirleach’ ar ‘Daon-Chomhairle’, mar a ghairtear di, ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

Comhalta den pháirtí United Russia agus a rúnaí i ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di.

10.12.2018

173.

Vladimir Yurievich VYSOTSKIY

(Владимир Юрьевич ВЫСОЦКИЙ)

Volodymyr Yuriyovych VYSOTSKYI

(Володимир Юрiйович ВИСОЦЬКИЙ)

Dáta breithe: 7.4.1985

Áit bhreithe: Likarstvenne village, APSS (‘Poblacht Féinrialaitheach na Crimé’, an Úcráin anois)

Inscne: fireann

Bhí sé ina ‘Rúnaí’, tráth, ar ‘Coimisiún Lárnach Toghchán Dhaon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, agus is é Ceann reatha ‘Coimisiún Lárnach Toghchán Dhaon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, é. Sa cháil sin, ghlac sé páirt in eagrú ‘thoghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 11 Samhain 2018 i ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, agus leis sin tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh agus chuir sé na beartais sin chun feidhme.

Bhí ról gníomhach aige maidir le reifrinn neamhdhleathaigh a eagrú i mí Mheán Fómhair 2022 i réigiúin na hÚcráine atá faoi fhorghabháil chun go mbeadh siad mar chuid de Chónaidhm na Rúise, agus bhunaigh a choimisiún suíomhanna vótála in ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, freisin.

Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.

10.12.2018

185.

Lidia Aleksandrovna BASOVA

(Лидия Александровна БАСОВА)

Lidiya Oleksandrivna BASOVA

(Лiдiя Олександрiвна БАСОВА)

Dáta breithe: 4.9.1972

Inscne: baineann

Iar-Leas-Cheann an Sevastopol Electoral Commission. Sa cháil sin, ghlac sí páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

28.1.2020

187.

Ekaterina Borisovna ALTABAEVA

(Екатерина Борисовна АЛТАБАЕВА)

Kateryna Borysivna ALTABAEVA

(Катерина Борисiвна АЛТАБАЄВА)

Dáta breithe: 27.5.1956

Áit bhreithe: Uglich, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: baineann

Comhalta de Chomhairle Cónaidhme Chónaidhm na Rúise do Chathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus Leas-Chathaoirleach Choiste na Comhairle Cónaidhme um Eolaíocht, Oideachas agus Cultúr. Comhalta den pháirtí rialaithe United Russia. An 22 Feabhra 2022, thacaigh Altabaeva, sa Chomhairle Cónaidhme, le daingniú cinntí rialtais i ndáil leis an ‘Conradh maidir le Cairdeas, Comhar agus Cúnamh Frithpháirteach idir Cónaidhm na Rúise agus’ Daon-Phoblacht Donetsk’’ agus leis an ‘Conradh maidir le Cairdeas, Comhar agus Cúnamh Frithpháirteach idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’’.

An 22 Feabhra 2022, thacaigh Altabaeva go poiblí, sa Chomhairle Cónaidhme, le himscaradh fhórsaí na Rúise san Úcráin.

An 4 Deireadh Fómhair 2022, thacaigh Altabaeva, sa Chomhairle Cónaidhme, leis an reachtaíocht chun réigiúin Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia san Úcráin a ionghabháil.

Ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

28.1.2020

190.

Mikhail Vladimirovich RAZVOZHAEV

(Михаил Владимирович РАЗВОЖАЕВ)

Mykhailo Volodymyrovich RAZVOZHAEV

(Михайло Володимирович РАЗВОЖАЄВ)

Dáta breithe: 30.12.1980

Áit bhreithe: Krasnoyarsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

‘Gobharnóir’, mar a ghairtear de, ar chathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi. Comhalta de Phraesaidiam Chomhairle Stáit Chónaidhme na Rúise ón 21 Nollaig 2020 i leith. Ag gníomhú dó sa cháil sin ‘an Gobharnóir’, a ghlac sé air féin, d’oibrigh sé chun cathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, a lánpháirtiú a thuilleadh i Cónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

28.1.2020

209.

Oleksandr Viktorovych YANUKOVYCH

(Олександр Вiкторович ЯНУКОВИЧ)

Dáta breithe: 10.7.1973

Áit bhreithe: Yenakiyeve, Réigiún Donetsk, APSS (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Úcránach

Inscne: fireann

Pearsa gnó agus mac le hiar-Uachtarán na hÚcráine Viktor Yanukovych is ea Oleksandr Yanukovych. Le linn uachtaránacht Viktor Yanukovych agus a bhuí leis an nasc pearsanta a bhí aige le grúpa daoine a bhí gar dá athair, chuir sé le chéile scata leasanna gnó agus bhailigh sé saibhreas mór. Tá sé fós i mbun a ghníomhaíochtaí gnó i réigiún Donbas atá faoi rialú grúpaí scarúnaíocha, go háirithe in earnálacha an fhuinnimh, an ghuail, na tógála, na baincéireachta agus an eastáit réadaigh. Go háirithe, a bhuí le dlúthnaisc leis na scarúnaithe ar son na Rúise, fuair sé príomhshócmhainní eacnamaíocha sna ‘Daonphoblachtaí scarúnaíocha Donetsk agus Luhansk’ mar a ghairtear díobh, inter alia in earnálacha an fhuinnimh, an ghuail agus an eastáit réadaigh. Chosain cathlán scarúnaíoch OPLOT (liostaithe ó mhí Feabhra 2015) a thionscadail forbartha eastáit réadaigh i ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ mar a ghairtear di.

Aistríodh cuideachta sealbhaíochta MAKO Oleksandr Yanukovych go hoifigiúil chuig dlínse na Rúise agus tá sé cláraithe anois i Donetsk. Sular aistríodh chuig dlínse na Rúise é, bhí grúpa cuideachtaí MAKO de jure faoi dhlínse na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá Oleksandr Yanukovych freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin agus rinne sé idirbhearta leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine.

Ina theannta sin, tá baint aige lena athair Viktor Yanukovych, atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar bagairt iad d’iomláine chríochach, do cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus do chobhsaíocht agus slándáil an stáit.

4.8.2022

210.

Viktor Fedorovych YANUKOVYCH

(Вiктор Федорович ЯНУКОВИЧ)

Dáta breithe: 9.7.1950

Áit bhreithe: Yenakiyeve, Réigiún Donetsk, APSS (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Úcránach

Feidhm: IarUachtarán na hÚcráine, Mórphearsa gnó

Inscne: fireann

Ó 2010 go dtí 2014, bhí Viktor Yanukovych ina Uachtarán ar an Úcráin. Shaothraigh sé beartas ar son na Rúise nuair a bhí sé in oifig. Chinn cúirt Úcránach go raibh Viktor Yanukovych ciontach i dtréas tar éis dó cuireadh a thabhairt do Chónaidhm na Rúise ionradh a dhéanamh ar an Úcráin. Tar éis dó a bheith curtha as cumhacht, bhog sé go dtí an Rúis, áit óna leanann sé dá ghníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh an Úcráin a dhíchobhsú.

Chuidigh sé le cur isteach míleata na Rúise san Úcráin trí iarraidh ar Uachtarán Chónaidhm na Rúise trúpaí Rúiseacha a chur chuig an Úcráin i mí an Mhárta 2014. Thacaigh Viktor Yanukovych le polaiteoirí ar son na Rúise a raibh oifigí poiblí sa Chrimé faoi fhorghabháil acu. In 2021, cuireadh tús le himscrúdú réamhthrialach san Úcráin ar dá réir a fuarthas gur ndearna Viktor Yanukovych, i dteannta beirt iarAirí Cosanta leis, laghdú, d’aon ghnó, ar acmhainneacht slándála na hÚcráine, go háirithe i ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach.

An 21 Aibreán 2010, shínigh Viktor Yanukovych, arb é Uachtarán na hÚcráine ag an am, agus Dmitry Medvedev, arb é Uachtarán na Rúise ag an am, comhaontú idir an Úcráin agus Cónaidhm na Rúise, ar dá réir a cuireadh síneadh le téarma Chabhlach na Mara Duibhe de Chónaidhm na Rúise in Sevastopol ó 2017 go 2042. Trí na comhaontuithe a shíniú, chruthaigh Yanukovych dálaí fabhracha chun láithreacht mhíleata na Rúise san Úcráin a mhéadú agus chun airm Chabhlach na Mara Duibhe a athfheistiú agus a nuachóiriú i gcríoch na Crimé. Ina dhiaidh sin, úsáideadh airm Rúiseacha a bhí ar chríoch na hÚcráine chun ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach agus cathair Sevastopol a ionghabháil in 2014.

Measann sé féin gurb é Uachtarán dlisteachanach na hÚcráine agus tá seasamh ar son na Rúise curtha i láthair aige go seasta ina chuid idirghabhálacha poiblí. De réir foinsí éagsúla, bhí Viktor Yanukovych páirteach in oibríocht speisialta de chuid na Rúise, arbh é ab aidhm di é féin a chur isteach in ionad Uachtarán na hÚcráine, le linn na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Anuas air sin, d’iarr Uachtarán Phoblacht na Seisnia, Ramzan Kadrov, go n-aistreodh Uachtarán na hÚcráine a chumhachtaí go léir go Viktor Yanukovych.

Dá bhrí sin, tá Viktor Yanukovych freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar bagairt iad d’iomláine chríochach, do cheannasacht agus do neamhspleáchas na hÚcráine, agus do chobhsaíocht agus do shlándáil an stáit.

4.8.2022

212.

Sergei Kuzhugetovich SHOIGU

(Сергей Кужугетович ШОЙГУ)

Dáta breithe: 21.5.1955

Áit bhreithe: Chadan, Republic of Tuva, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Feidhm: Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise

Inscne: fireann

Is é Sergei Shoigu Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise. Chuir sé a thuairimí in iúl go poiblí faoin gCrimé a bheith ina cuid den Rúis agus fanacht de bheith ina cuid den Rúis. Faoina cheannas agus faoina orduithe, chuir trúpaí na Rúise druileanna míleata ar bun sa Chrimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus sheol siad ionradh míleata iomlán ar an Úcráin. Ós é Aire Cosanta an post atá aige, ar deireadh thiar tá sé freagrach as aon ghníomhaíocht mhíleata i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme.

23.2.2022

214.

Marat Shakirzyanovich KHUSNULLIN

(Марат Шакирзянович ХУСНУЛЛИН)

Dáta breithe: 9.8.1966

Áit bhreithe: Kazan, Republic of Tatarstan, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Leas-Phríomh-Aire na Rúise don Fhoirgníocht agus don Fhorbairt Réigiúnach

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Marat Khusnullin Leas-Phríomh-Aire na Rúise don Fhoirgníocht agus don Fhorbairt Réigiúnach. Sa cháil sin, tá sé freagrach as beartais rialtasacha na Rúise maidir leis an gCrimé faoi fhorghabháil, lena n-áirítear uisce a sholáthar don Chrimé agus do Sevastopol, chomh maith le tionscadail tógála i réigiúin Donetsk agus Luhansk atá faoi fhorghabháil san Úcráin.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

23.2.2022

219.

Igor Vladimirovich OSIPOV

(Игорь Владимирович ОСИПОВ)

Dáta breithe: 6.3.1973

Áit bhreithe: Novo-Shunoe settlement, Fedorovsky district, réigiún Kostanay, APSS (an Chasacstáin anois)

Feidhm: Iar-Ardcheannasaí ar Chabhlach na Mara Duibhe

Grád: Aimiréil

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Igor Osipov an tIar-Ardcheannasaí ar Chabhlach na Mara Duibhe. Mar sin, bhí sé freagrach as an oibríocht mhuirí san Úcráin nó chuig an Úcráin tríd an Muir Dhubh agus as srian a chur leis an tsaoirse loingseoireachta sa Mhuir Dhubh.

Dá bhrí sin, bhí sé freagrach as tacaíocht ghníomhach a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus de chobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine agus as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme.

23.2.2022

220.

Oleg Leonydovych SALYUKOV

(Олег Леонидович САЛЮКОВ)

Dáta breithe: 21.5.1955

Áit bhreithe: Saratov, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Ardcheannasaí ar Fhórsaí Talún na Rúise

Grád: Ginearál an Airm

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Oleg Salyukov an tArdcheannasaí ar Fhórsaí Talún na Rúise. Mar sin, tá sé freagrach as oibríochtaí talún na Rúise san Úcráin nó chuig an Úcráin. Tá baint aige freisin le heagrú imeachtaí tírghrá arb é is aidhm dóibh an tacaíocht d’arm na Rúise a chothú.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, agus atá ina mbagairt orthu, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme.

23.2.2022

221.

Sergei SUROVIKIN

(Cергей СУРОВИКИН)

Dáta breithe: 11.10.1966

Áit bhreithe: Novosibirsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Ceannasaí Ginearálta Airm Aerospace Forces

Grád: Ginearál an Airm

Eintitis chomhlachaithe: Russian Aerospace Forces – Aireacht Cosanta

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Sergei Surovikin Ceannasaí Ginearálta Airm ar Russian Aerospace Forces ón 31 Deireadh Fómhair 2017. Mar sin, tá sé freagrach as oibríochtaí aeir san Úcráin nó chuig an Úcráin. Bhí sé ina cheannasaí ar fhórsaí uile na Rúise in ionradh na Rúise ar an Úcráin ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go dtí mí Eanáir 2023. Le linn na tréimhse sin, rinne fórsaí na Rúise ionsaithe móra ar spriocanna sibhialtacha, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh na hÚcráine. Faoi láthair, tá sé ina leascheannasaí ar fhórsaí uile na Rúise in ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme.

23.2.2022

223.

Violetta PRIGOZHINA

(Виолетта ПРИГОЖИНА)

Daoine aonair comhlachaithe: Yevgeniy Viktorovich Prigozhin (mac); Lyubov Valentinovna Prigozhina (beanchliamhain)

Dáta breithe: 12.1.1939

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is Violetta Prigozhina máthair Yevgeniy Prigozhin, mórphearsa gnó ag feidhmiú sa Rúis, agus iar-úinéir Concord Management agus Consulting LLC, atá nasctha le gnóthaí eile de chuid ‘teaghlach Concord’, lena n-áirítear Kombinat Pitaniiya. Tá dlúthbhaint ag gnólachtaí de chuid ‘teaghlach Concord’ le Yevgeniy Prigozhin. Is iar-chomhúinéir í ar chuideachtaí eile a bhfuil naisc acu lena mac, lena n-áirítear ‘NOVYI VEK’ Restaurant Equestrian Sport Complex LLC. Dá bhrí sin, is garghaol Violetta Prigozhina a bhaineann tairbhe as Yevgeniy Prigozhin.

23.2.2022

234.

Yevgeniy Viktorovich PRIGOZHIN

(Евгений Викторович ПРИГОЖИН)

Dáta breithe: 1.6.1961

Áit bhreithe: Leningrad, APSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: mórphearsa gnó, a bhfuil dlúthcheangail aige le lucht ceannais pholaitiúil na Rúise

Daoine gaolmhara: Lyubov Valentinovna Prigozhina (a chéile); Violetta Prigozhina (a mháthair)

Eintitis chomhlachaithe: an Grúpa Wagner, Internet Research Agency, Concord company group, Concord Management and Consulting LLC, Megaline LLC

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Mórphearsa gnó is ea Yevgeniy Prigozhin a bhfuil dlúthcheangail aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le hAireacht Cosanta na Rúise. Dhearbhaigh sé go poiblí gurb é a bhunaigh an Grúpa Wagner, eintiteas míleata neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis, agus atá freagrach as amhais an Ghrúpa Wagner a imscaradh san Úcráin. In 2022, bunaíodh agus cláraíodh cuideachta comhstoic ar a dtugtar ‘PMC Wagner Center’ i gCathair Pheadair, agus é mar aidhm aici ‘timpeallacht chompordach a sholáthar chun smaointe nua a ghiniúint chun cumas cosanta na Rúise a fheabhsú’. Bhí ról tábhachtach ag an nGrúpa Wagner, faoi stiúir Yevgeniy Prigozhin, i gcomhrac agus i bhforghabháil críoch in Oirthear na hÚcráine.

Tá Concord, ar a dtugtar freisin KOMBINAT PITANIYA KONKORD OOO, cuideachta a bhunaigh Prigozhin agus ar leis é go dtí mí na Samhna 2019 agus grúpa cuideachtaí eile a bhfuil ceangal acu leis, lena n-áirítear Concord Management and Consulting LLC agus Megaline LLC, ag baint tairbhe as conarthaí móra poiblí le Aireacht Cosanta na Rúise mar thoradh ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé ag Cónaidhm na Rúise, agus ar fhorghabháil Oirthear na hÚcráine ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é Yevgeniy Prigozhin atá ag feidhmiú sa Rúis. Tá sé freagrach, freisin, as gníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus tá na gníomhaíochtaí sin curtha chun feidhme go gníomhach aige. Ina theannta sin bhain sé tairbhe chomh maith as cinnteoirí Rúiseacha a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé, agus as díchobhsú oirthear na hÚcráine.

21.4.2022

348.

Vyacheslav Alexandrovich FETISOV

(Вячеслав Александрович ФЕТИСОВ)

Dáta breithe: 20.4.1958

Inscne: fireann

Comhalta den Dúma stáit a vótáil i bhfabhar Rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh a thuilleadh an Úcráin.

23.2.2022

403.

Timofey Timofeyevich BAZHENOV

(Тимофей Тимофеевич БАЖЕНОВ)

Dáta breithe: 25.1.1976

Inscne: fireann

Comhalta den Dúma stáit a vótáil i bhfabhar Rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh a thuilleadh an Úcráin.

23.2.2022

437.

Anatoliy Vladimirovich VORONOVSKIY

(Анатолий Владимирович ВОРОНОВСКИЙ)

Dáta breithe: 28.12.1966

Inscne: fireann

Comhalta den Dúma stáit a vótáil i bhfabhar Rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh a thuilleadh an Úcráin.

23.2.2022

527.

Denis Vasilievich MAIDANOV

(Денис Васильевич МАЙДАНОВ)

Dáta breithe: 17.2.1976

Inscne: fireann

Comhalta den Dúma stáit a vótáil i bhfabhar Rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh a thuilleadh an Úcráin.

23.2.2022

642.

Nikita Gennadievich RUMYANTSEV

(Никита Геннадьевич РУМЯНЦЕВ)

Dáta breithe: 27.4.1988

Inscne: fireann

Comhalta den Dúma stáit a dhaingnigh cinntí rialtais maidir leis na ‘Conarthaí Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’”.

25.2.2022

643.

Mikhail Sergeyevich KISELYOV

(Михаил Сергеевич КИСЕЛЁВ)

(ar a dtugtar freisin Mikhail Sergeyevich KIZEEV)

(Михаил Владимирович КИЗЕЕВ)

Dáta breithe: 18.6.1986

Inscne: fireann

Comhalta den Dúma stáit a dhaingnigh cinntí rialtais maidir leis na Conarthaí Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’.

25.2.2022

661.

Sergei Dmitrevich SIMONENKO

(Сергей Дмитриевич СИМОНЕНКО)

Feidhm: Maor-Ghinearál, Iar-Leas-Aire Cosanta Armála, Ceann Armála

Dáta breithe: 2.4.1968

Áit bhreithe: Kostyukovichi, Réigiún Mogilyov, APSS (an Bhealarúis anois)

Inscne: fireann

Is maorghinearál é Sergei Simonenko, Iar-Leas-Aire Cosanta Armála, an Ceann Armála de Phoblacht na Bealarúise. Ba chomhalta d’arm na Bealarúise é, a bhfuil tacaíocht á tabhairt aige do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022 i leith agus a d’éascaigh an cogadh fogha sin, go háirithe trí fhreachnaimh chomhpháirteacha fhórsaí armtha na Bealarúise agus na Rúise a óstáil sna seachtainí roimh an bhfogha míleata agus trí pháirt a ghlacadh sna freachnaimh sin. Ina phost mar Mhaor-Ghinearál agus mar Leas-Aire Cosanta Armála Phoblacht na Bealarúise mar a bhí, bhí Sergei Simonenko, dá bhrí sin, freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin agus thacaigh sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.

25.2.2022

666.

Igor Viktorovich DEMIDENKO

(Игорь Викторович ДЕМИДЕНКО)

Dáta breithe: 5.2.1971

Áit bhreithe: Mogilev, APSS (an Bhealarúis anois)

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Feidhm: Maorghinearál Iar-Cheannasaí Cheannasaíocht Oibríochta an Iarthair

Inscne: fireann

Is é Igor Viktorovich Demidenko Maorghinearál agus Iar-Cheannasaí Cheannasaíocht Oibríochta an Iarthair de Phoblacht na Bealarúise. Ba chomhalta d’arm na Bealarúise é, a thug tacaíocht do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine an 24 Feabhra 2022. Sa phost sin a bhí aige, bhí sé freagrach as rannpháirtíocht na dtrúpaí a bhí faoina cheannas i bhfreachnaimh mhíleata chomhpháirteacha na Bealarúise agus na Rúise, lenar réitíodh agus lenar éascaíodh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ghlac sé páirt freisin agus rinne sé maoirseacht ar rannpháirtíocht a thrúpaí sna cleachtaí sin.

Dá bhrí sin, bhí Igor Demidenko freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus thacaigh sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.

25.2.2022

673.

Alisher USMANOV

(Rúisis: Алишер Бурханович УСМАНОВ;

Úisbéiceastáinis: Alisher USMONOV)

Dáta breithe: 9.9.1953

Áit bhreithe: Chust, APSS (an Úisbéiceastáin anois)

Pas: Pas Rúiseach uimh. 55 0314316, bailí ón 6.12.2019 go dtí an 6.12.2029

Feidhm: Mórphearsa gnó Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Alisher Usmanov ar dhuine de na príomhphearsana gnó atá ar son na Creimile a bhfuil leasanna aige i gcuideachtaí amhiarainn agus cruach, na meán, teileachumarsáide agus idirlín. Is é an gabháltas is mó atá aige an mórchuideachta cruach Metalloinvest, atá, mar aon le cuideachtaí eile, ag feidhmiú san earnáil mianraí, ag soláthar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas na Rúise. Tá dlúthnaisc ag Alisher Usmanov le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Tagraíodh dó mar cheann de na mórphearsana gnó is ansa le Vladimir Putin. Meastar go bhfuil sé ar dhuine d’oifigigh ghnó na Rúise, ar cuireadh de chúram orthu freastal ar shreabha airgeadais ach is ar thoil an Uachtaráin a bhraitheann a bpoist. Tuairiscítear gur ghníomhaigh Usmanov thar cheann Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus gur réitigh sé a chuid fadhbanna gnó. Tá dlúthbhaint aige freisin le Dmitry Medvedev, Leas-Chathaoirleach Chomhairle Cónaidhme na Rúise agus iarUachtarán agus iarPhríomh-Aire na Rúise, a bhain tairbhe as úsáid phearsanta tithe cónaithe sómasacha faoi rialú Usmanov.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine. Thairis sin, tá sé ar dhuine de na príomhdhaoine gnó ag feidhmiú sa Rúis agus is pearsa gnó é atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch a thugann foinse shuntasach ioncaim do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

Nuair a ghlac Usmanov ceannas ar ‘Kommersant’, nuachtán laethúil gnó, cuireadh srian ar shaoirse na foirne eagarthóireachta agus ghlac an nuachtán seasamh follasach ar son na Creimile. D’fhoilsigh Kommersant, faoi úinéireacht Usmanov, alt bolscaireachta frith-Úcráine le Dmitry Medvedev, inar áitigh iarUachtarán na Rúise nach raibh aon chiall le páirt a ghlacadh i gcainteanna le húdaráis reatha na hÚcráine, a bhí, dar leis, faoi rialú díreach coigríche.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach le beartais rialtas na Rúise maidir le díchobhsú na hÚcráine.

28.2.2022

674.

Petr Olegovich AVEN

(Пëтр Олегович АВЕН)

Dáta breithe: 16.3. 1955

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Mórphearsa gnó a bhfuil dlúthcheangal aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Duine de phríomh-scairshealbhóirí Ghrúpa Alfa

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, Mikhail Fridman, German Borisovich Khan, Alexey Kuzmichev

Is pearsa gnó Rúiseach é Petr Aven a bhfuil dlúthnaisc aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, ag dul siar go luath sna 1990í. Is scairshealbhóir tábhachtach de chuid ABH Financial Limited é, ar a n-áirítear banc mór de chuid na Rúise, Alfa Bank. Is scairshealbhóir é freisin sa ghnólacht infheistíochta, LetterOne.

Tá sé ar cheann de thart ar 50 pearsashaibhir gnó ón Rúis a bhuaileann go rialta le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin sa Chreimil. Ghlac sé treoracha ó Uachtarán na Rúise agus chuir sé a chlár oibre beartais eachtraigh chun feidhme. Bhí Aven agus a chomhpháirtí gnó Mikhail Fridman i mbun iarrachtaí an Kremlin deireadh a chur le smachtbhannaí an Iarthair a eisíodh chun beartas foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chomhrac.

An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Petr Aven, mar aon le 36 phearsa gnó eile le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, léirítear gur comhalta é de dlúthciorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Léiríonn an cuireadh speisialta seo go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin.

Bhain Aven tairbhe as a naisc rialtais. Rinne sé garanna d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin mar chúiteamh ar thacaíocht pholaitiúil dá ghnó agus ar mhaithe le gnóthachain airgeadais.

Thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin luach saothair do Alfa Group Consortium as a dhílseacht d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta eachtracha Alfa Group Consortium.

Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, fochuideachta eile d’Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata ‘Z’ orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é Petr Aven ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé go gníomhach, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé freisin le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

28.2.2022

675.

Mikhail Maratovich FRIDMAN

(Михаил Маратович ФРИДМАН)

Dáta breithe: 21.4.1964

Áit breithe: Lviv, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, Petr Aven, German Borisovich Khan, Alexey Kuzmichev

Is pearsa gnó Rúiseach é Mikhail Fridhail. Is ceann de phríomh-scairshealbhóir ABH Financial Limited é, ar a n-áirítear banc mór de chuid na Rúise, Alfa Bank. Is scairshealbhóir é freisin sa ghnólacht infheistíochta, LetterOne. D’éirigh leis naisc láidir a chothú le rialtas Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, agus tagraíodh dó mar an airgeadaí is mó sa Rúis agus mar áisitheoir dhlúthchiorcal Putin. D’éirigh leis sócmhainní stáit a fháil trí naisc rialtais. Rinne sé garanna do Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin mar chúiteamh ar thacaíocht pholaitiúil dá ghnó agus ar mhaithe le gnóthachain airgeadais. Thug Vladimir Putin luach saothair do Alfa Group Consortium as a dhílseacht d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta eachtracha Alfa Group Consortium.

Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, fochuideachta eile d’Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata ‘Z’ orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn. Bhí Fridman agus a chomhpháirtí gnó Petr Aven ag gabháil d’iarrachtaí na Creimile deireadh a chur le smachtbhannaí an Iarthair a eisíodh chun dul i ngleic le beartas ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é Mikhail Fridman a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé go gníomhach, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as nasc-ghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé freisin le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

28.2.2022

676.

Sergei Pavlovich ROLDUGIN

(Сергей Павлович РОЛДУГИН)

Dáta breithe: 28.9.1951

Áit bhreithe: Réigiún Sakhalin, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: dordveidhleadóir, pearsa ghnó, cara mór le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin

Inscne: fireann

Is pearsa ghnó é Roldugin agus a bhfuil dlúthnaisc aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Tá sé mar chuid de líonra airgeadais Putin. Tá cúig eintiteas eischósta ar a laghad faoi úinéireacht aige agus coimeádann sé a chuid sócmhainní in Bank Rossiya (faoi smachtbhannaí ag an Aontas), ar a dtugtar ‘Sparán Putin’ i Moscó. De réir an imscrúdaithe a rinne Cuibhreannas Idirnáisiúnta d’Iriseoirí Iniúchacha, tá an Roldugin freagrach as USD 2 bhilliún ar a laghad a atheagrú trí bhainc agus trí chuideachtaí eischósta mar chuid de líonra airgeadais rúnda Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Ghlac sé páirt freisin in ‘Troika Laundromat’, agus threoraigh sé na billiúin USD tríd an gcóras. Thairis sin, fuair sé níos mó ná 69 milliún USD trí chuideachtaí laistigh den ‘Troika Laundromat’. Tá sé admhaithe ag Cúirt de chuid na hEilvéise nach ag gníomhú ar a leas féin a bhí Sergei Roldugin.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as a bheith ag tacú go gníomhach, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, le cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

28.2.2022

681.

Andrey Anatolyevich TURCHAK

(Андрей Анатольевич ТУРЧАК)

Dáta breithe: 20.12.1975

Áit bhreithe: Leningrad, APSS (Cathair Pheadair,Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Rúnaí Chomhairle Ginearálta an pháirtí United Russia; Céad leas-spéicéir ar an gComhairle Cónaidhme

Inscne: fireann

Tá Andrey Turchak ina rúnaí ar Ardchomhairle pháirtí United Russia agus is é an chéad leas-chainteoir ar an gComhairle Cónaidhme é. Baineann a rath polaitiúil lena athair, Anatoly Turchak, a fuair oiliúint júdó le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le deartháireacha Rotenberg. Chuir sé dearcadh dearfach chun cinn maidir le haitheantas a thabhairt do na ‘Daon-Phoblachtaí’ scarúnaíocha, Donetsk agus Luhansk, mar a ghairtear díobh.

D’iarr sé ar údaráis na Rúise ard-armáin a chur ar fáil do na fórsaí scarúnaíocha atá ar son na Rúise i réigiún Donbas. Dúirt sé go poiblí nach raibh sé indéanta coimhlint Donbas a réiteach ar bhealach síochánta le húdaráis na hÚcráine. Mhaígh sé gan bhunús go raibh ionsaí míleata beartaithe ag an Úcráin in Donbas. Chuaigh sé i mbun caibidlíocht le Denis Pushilin, ceannaire an réigiúin scarúnaíoch, ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Thug sé cuairt ar phointe slógaidh de chuid na bhfórsaí armtha scarúnaíocha i limistéar túslíne Donbas chun comhghairdeas a dhéanamh go pearsanta le saighdiúirí an réigiúin scarúnaíoch, ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, ar ‘Defender of the Fatherland Day’. Chosain sé go poiblí cinneadh na Rúise ‘poblachtaí’ scarúnaíocha Donbas a aithint. Dúirt sé gur cuma leis an Rúis faoi smachtbhannaí an Iarthair.

Ceapadh é mar cheannaire ar ghrúpa um chomhordú parlaiminteach arb é a phríomhchúram soláthar arm na Rúise a fheabhsú agus an reachtaíocht is gá a ullmhú.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as a bheith ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó as beartais nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a chuireann cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin i mbaol.

28.2.2022

686.

Roman Georgievich BABAYAN

(Роман Георгиевич БАБАЯН)

Dáta breithe: 7.12.1967

Áit bhreithe: Baku, an Asarbaiseáin

Feidhm: Iriseoir, láitheoir an seó teilifíse ‘ Own Truth’ ar chainéal NTV. Príomheagarthóir ar raidió ‘ Moscow Speaks’; Comhalta de Dhúma Chathair Mhoscó

Inscne: fireann

Is iriseoir é Roman Babayan ar comhalta é de Dhúma Chathair Mhoscó. Is é a dhéanann an clár teilifíse ‘ Ár bhFírínne’ a óstáil ar chainéal NTV. Is príomheagarthóir ar raidió ‘ Moscow Speaks’ é freisin. Tá bolscaireacht frith-Úcráine scaipthe aige agus chuir sé dearcadh dearfach chun cinn maidir le gníomhaíochtaí scarúnaithe in Donbas.

Le linn agallaimh a thug sé ar Ukraina.ru dúirt sé go soiléir gurbh fhearr le gach cónaitheoir in Donbas dul isteach sa Rúis, agus cheistigh sé ceart na hÚcráine chun a críoch féin. Ina theannta sin, chuir sé i leith údaráis na hÚcráine go raibh géarleanúint bunaithe ar eithneacht ar siúl acu in Donbas agus cinedhíothú de facto, agus dúirt sé gur mharaigh muintir na hÚcráine leanaí agus daoine scothaosta in Donbas. Thacaigh sé freisin le hinsint na Rúise ar ‘ réimeas faisisteacha’ san Úcráin. Chun é sin a dhéanamh, chuir sé taifead gan choinne i láthair le saighdiúirí a raibh comhartha cabhlaigh Ghearmánach na Naitsithe orthu, agus rinne sé cur síos orthu mar Úcránaigh.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as a bheith ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó as beartais nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a chuireann cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin i mbaol

28.2.2022

688.

Anton Vyacheslavovich KRASOVSKY

(Антон Вячеславович КРАСОВСКИЙ)

(ar a dtugtar freisin Anton Vyacheslavovich KUZNETSOV-KRASOVSKY)

(Антон Вячеславович КУЗНЕЦОВ-КРАСОВСКИЙ)

Dáta breithe: 18.7.1975

Áit bhreithe: Podolsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Gníomhaí, iriseoir, bolscaire, iar-láithreoir ar an gclár cainte ‘The Antonyms’ ar RT, cainéal teilifíse stát-mhaoinithe de chuid na Rúise

Inscne: fireann

Is iriseoir é Anton Krasovsky, a dhéanadh an clár cainte ‘The Antonyms’ ar RT, cainéal teilifíse stát-mhaoinithe na Rúise, a óstáil. Tá bolscaireacht fhrith-Úcránach scaipthe aige. Thug sé talamh Rúiseach ar an Úcráin agus tharraing sé droch-cháil ar Úcránaigh mar náisiún ann. Chomh maith leis sin, rinne sé bagairt ar an Úcráin go ndéanfadh an Rúis ionradh uirthi dá ndruidfeadh an Úcráin níos gaire do chomhaltacht de ECAT. Dúirt sé go gcuirfeadh gníomhaíocht den sórt sin deireadh le bunreacht na hÚcráine á ‘dul i gcrích’ agus ‘dóigh sé ar Khreshchatyk’. Ina theannta sin, mhol sé go mba cheart don Úcráin dul leis an Rúis.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as a bheith ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó as beartais nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a chuireann cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin i mbaol.

28.2.2022

692.

Rustam Usmanovich MURADOV

(Рустам Усманович МУРАДОВ)

Dáta breithe: 21.3.1973

Áit bhreithe: Dagestan, APSS (Cónaidhm na Rúise)

Feidhm: Coirnéal-Ginearál, Ceannasaí Dhúiche Mhíleata an Oirthir, Iar-Leas-Cheannasaí ar Cheantar Míleata an Deiscirt

Inscne: fireann

Is Coirnéal-Ginearál agus Ceannasaí Dhúiche Mhíleata an Oirthir é Rustam Muradov ón 7 Deireadh Fómhair 2022. Ba leas-cheannasaí ar Dhúiche Mhíleata an Deiscirt é roimhe sin, a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí míleata i gcoinne na hÚcráine. I mí Iúil 2022 ainmníodh é mar cheannasaí ar ghrúpa fórsaí na Rúise ‘Vostok’ atá ag feidhmiú san Úcráin.

Le déanaí tá Dúiche Mhíleata an Deiscirt tar éis díriú go príomha ar an Úcráin. Mar gheall air sin, bunaíodh an 8ú hArm nua agus cuireadh le láithreacht an District ar chríoch leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Ó lár mhí Dheireadh Fómhair 2021, chuir fórsaí míleata na Rúise tús le méadú míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar theorainn na hÚcráine nó gar di agus laistigh de réigiún na Crimé atá faoi fhorghabháil san Úcráin. I ndáil leis sin, tá a lán breathnóirí agus lucht déanta beartas tar éis a n-imní a chur in iúl faoi ionradh nua nó gníomhaíochtaí foghacha eile a d’fhéadfadh an Rúis a dhéanamh ar an Úcráin. Rinne trúpaí ó Dhúiche Mhíleata an Deiscirt druileanna míleata i gceantair timpeall ar an Úcráin agus bhog siad grúpaí oirbheartaíochta airtléire agus cathláin isteach i leithinis na Crimé. Rinne Dúiche Mhíleata an Deiscirt maoirseacht freisin ar chleachtaí míleata fhórsaí armtha ‘ poblachtaí’ scarúnaíocha. Tar éis chinneadh Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin aitheantas a thabhairt do ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear díobh, chuaigh saighdiúirí Dhúiche Mhíleata an Deiscirt isteach i gcríoch an dá phoblacht féinfhógartha sin. An 24 Feabhra 2022 sheol an Rúis ionradh míleata iomlán ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Rustam Muradov freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin, nó lena mbagraítear orthu.

28.2.2022

694.

Gennady Nikolayevich TIMCHENKO

(Геннадий Николаевич ТИМЧЕНКО)

Dáta breithe: 9.11.1952

Áit bhreithe: Leninakan, APSS (Gyumri, an Airméin anois)

Náisiúntacht: Airméanach, Rúiseach, Fionlannach

Feidhm: Úinéir an ghrúpa phríobháidigh infheistíochta Volga Group

Inscne: fireann

Tá aithne fada ag Gennady Timchenko ar Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus déantar cur síos ginearálta air mar dhuine dá rúnchairde.

Tá sé ag baint tairbhe as na naisc atá aige le cinnteoirí na Rúise. Is bunaitheoir agus scairshealbhóir é de chuid Volga Group, grúpa infheistíochta a bhfuil punann infheistíochtaí aige i bpríomhearnálacha gheilleagar na Rúise. Cuireann Grúpa Volga go mór le geilleagar na Rúise agus lena forbairt.

Is scairshealbhóir de chuid Bank Rossiya é freisin, a mheastar gur banc Putin agus a chomhpháirithe é. Ó ionghabhadh an Chrimé go mídhleathach, tá brainsí oscailte ag Bank Rossiya ar fud na Crimé agus Sevastopol, rud a dhaingníonn a lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise.

Thairis sin, tá scaireanna ag Bank Rossiya sa National Media Group, cuideachta sealbhaíochta meán a rialaíonn 28 bhfiontar meán sa Rúis a bhfuil bolscaireacht agus bréagaisnéis á scaipeadh go gníomhach acu a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, is mórphearsa gnó é bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

Tá sé freagrach freisin as tacaíocht a thabhairt, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, agus as tairbhe a bhaint as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

28.2.2022

695.

Alexey Alexandrovits MORDASCHOV

(Алексей Александрович МОРДАШОВ)

Dáta breithe: 26.9.1965

Áit bhreithe: Cherepovets, APSS (Cónaidhm na Rúise)

Feidhm: Cathaoirleach Severstal agus Severgroup

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Comhlaigh: Yuriy Kovalchuk; Nikolay Shamalov

Is pearsa gnó Rúiseach í Alexey Mordashov a bhfuil dlúthnaisc aige le Rialtas na Rúise. An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Alexey Mordashov, mar aon le 36 phearsa ghnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, léirítear gur chomhalta é de dlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Ina theannta sin bhí sé i measc na ndaoine gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid inar iarr sé ar lucht an ollrachmais ‘an tírghrá a chur roimh an mbrabús’. Tá Alexey Mordashov ina chathaoirleach ar Severgroup, cuideachta infheistíochta príobháideach a n-oibríonn a fhochuideachta, Severstal, san earnáil cruach agus mianadóireachta agus a sholáthraíonn táirgí cruach speisialta don tionscal míleata, lena n-áirítear cruach treisithe.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

Thairis sin, tacaíonn Alexey Mordashov le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

Lena chois sin, tá sé freagrach freisin as tacaíocht airgeadais agus ábhartha a chur ar fáil, agus as tairbhe a bhaint as rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

28.2.2022

699.

Oleg Leonidovich VOINOV

(Rúisis: Олег Леонидович ВОИНОВ)

(Bealarúiseach: Алег Леанiдавiч ВОIНАЎ)

Dáta breithe: 26.3.1967

Áit bhreithe: Dnipropetrovsk, APSS, (Dnipro, an Úcráin anois)

Feidhm: Stiúrthóir ar Chartlann Stairiúil Náisiúnta na Bealarúise

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Tá Oleg Voinov ina Stiúrthóir ar Chartlann Stairiúil Náisiúnta na Bealarúise ó mhí na Bealtaine 2022. Roimhe seo bhí Oleg Vovinov ina cheannaire ar an Roinn Comhair Mhíleata Idirnáisiúnta in Aireacht Cosanta na Bealarúise agus ina Chúntóir don Aire Cosanta um Chomhar Míleata Idirnáisiúnta.

Tá an Bhealarúis rannpháirteach i cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí chead a thabhairt don Rúis diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ón mBealarúis isteach san Úcráin, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú sa Bhealarúis (iompar bóthair agus iarnróid) go dtí an Úcráin, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt os cionn aerspás na Bealarúise isteach san Úcráin, trí phointí athbhreoslaithe a chur ar fáil sa Bhealarúis d’aerárthaí míleata na Rúise atá i mbun gníomhaíochtaí i gcoinne na hÚcráine, agus trí airm agus trealamh míleata de chuid na Rúise a stóráil sa Bhealarúis.

Mar chomhalta ardchéime d’fhórsaí armtha na Bealarúise, tá Oleg Vovinov rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Bealarúise atá ag tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

2.3.2022

706.

Alexander Ivanovich BAS

(Rúisis: Александр Иванович БАС)

(Bealarúiseach: Аляксандр Iванавiч БАС)

Dáta breithe: 17.8.1971

Áit bhreithe: Khotomel, APSS, (an Bhealarúis anois)

Feidhm: Maorghinearál, Ceann na Príomh-Stiúrthóireachta Traenála Comhraic na bhFórsaí Armtha

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Tugadh ardú céime d’Alexander Bas go céim Maor-Ghinearál agus tá sé ina Cheann ar Phríomh-Stiúrthóireacht Traenála Comhraic na bhFórsaí Armtha ó mhí Eanáir 2023. Roimhe sin, bhí Alexander Bas ina Leas-Cheannasaí ar Cheannasaíocht Oibríochta an Iarthair sa Bhealarúis.

Tá an Bhealarúis rannpháirteach i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí chead a thabhairt don Rúis diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ón mBealarúis isteach san Úcráin, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú sa Bhealarúis (iompar bóthair agus iarnróid) go dtí an Úcráin, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt os cionn aerspás na Bealarúise isteach san Úcráin, trí phointí athbhreoslaithe a chur ar fáil sa Bhealarúis d’aerárthaí míleata na Rúise atá i mbun gníomhaíochtaí i gcoinne na hÚcráine, agus trí airm agus trealamh míleata de chuid na Rúise a stóráil sa Bhealarúis.

Mar chomhalta ardchéime d’fhórsaí armtha na Bealarúise, tá Alexander Ivanovich BAS rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Bealarúise atá ag tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

2.3.2022

711.

Vadim Evgenievich SHADURA

(Rúisis: Вадим Евгеньевич ШАДУРА)

Feidhm: Ceann Foirne – An Chéad Leas-Cheannasaí ar Thrúpaí Cheannasaíocht Oibríochta Iar-Thuaisceart na Bealarúise, MaorGhinearál

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Tá Vadim Shadura ina Cheann Foirne – An Chéad Leas-Cheannasaí ar Thrúpaí Cheannasaíocht Oibríochta Iar-Thuaisceart na Bealarúise agus tugadh ardú céime dó go dtí Maorghinearál.

Tá an Bhealarúis rannpháirteach i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí chead a thabhairt don Rúis diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ón mBealarúis isteach san Úcráin, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú sa Bhealarúis (iompar bóthair agus iarnróid) go dtí an Úcráin, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt os cionn aerspás na Bealarúise isteach san Úcráin, trí phointí athbhreoslaithe a chur ar fáil sa Bhealarúis d’aerárthaí míleata na Rúise atá i mbun gníomhaíochtaí i gcoinne na hÚcráine, agus trí airm agus trealamh míleata de chuid na Rúise a stóráil sa Bhealarúis.

Mar chomhalta ardchéime d’fhórsaí armtha na Bealarúise, tá Vadim Shadura rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Bealarúise atá ag tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

2.3.2022

714.

Vyacheslav Aleksandrovich LENKEVICH

(Rúisis: Вячеслав Александрович ЛЕНКЕВИЧ)

Feidhm: Ceann Rannóg Riaracháin Breosla agus Bealaidh Aireacht Cosanta na Bealarúise, Coirnéal

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Tugadh ardú céime do Vyacheslav Lenkevich go Ceann Rannóg Riaracháin Breosla agus Bealaidh Aireacht Cosanta na Bealarúise i mí Mheán Fómhair 2022. Roimhe sin ba é Vyacheslav Aleksandrovich Lenkevich an leas-cheannasaí ar Thrúpaí le haghaidh na Lóistíochta agus ceannaire ar an Roinn Lóistíochta, Ceannasaíocht Oibríochta Iarthar na Bealarúise.

Tá an Bhealarúis rannpháirteach i cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí chead a thabhairt don Rúis diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ón mBealarúis isteach san Úcráin, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú sa Bhealarúis (iompar bóthair agus iarnróid) go dtí an Úcráin, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt os cionn aerspás na Bealarúise isteach san Úcráin, trí phointí athbhreoslaithe a chur ar fáil sa Bhealarúis d’aerárthaí míleata na Rúise atá i mbun gníomhaíochtaí i gcoinne na hÚcráine, agus trí airm agus trealamh míleata de chuid na Rúise a stóráil sa Bhealarúis.

Mar chomhalta ardchéime d’fhórsaí armtha na Bealarúise, tá Vyacheslav Lenkevich rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Bealarúise atá ag tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

2.3.2022

720.

Alexander Semenovich VINOKUROV

(Александр Семёнович ВИНОКУРОВ)

Dáta breithe: 12.10.1982

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Duine gnó, Comhpháirtí Bainistíochta agus Uachtarán Ghrúpa Maraton; Comhalta bhord stiúrthóirí Magnit

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is duine de lucht gnó na Rúise é Alexander Vinokurov a bhfuil leasanna gnó aige sa mhiondíol bia, sa chógaisíochta, sa talmhaíocht agus sa bhonneagar. Tá poist cheannaireachta aige le Maraton Group, cuideachta infheistíochta, agus Magnit, an miondíoltóir bia is mó sa Rúis. Tá scaireanna aige freisin in Demetra Holding, atá ar cheann de na cuideachtaí trádála gráin is mó sa Rúis atá gníomhach san onnmhairiú gráin, agus is í an Rúis an t-onnmhaireoir cruithneachta is mó ar domhan. Tá sé pósta ar Ekaterina Sergeevna Vinokurova, íníon Sergey Lavrov, Aire Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise. Is é Semen Vinokurov a athair, a bhí ina cheann ar State Unitary Enterprise ‘Capital Pharmacies’ agus meastar gurb é duine de na fiontraithe is mó i dtionscal cógaisíochta na Rúise. Tá dlúthbhaint ag Alexander Vinokurov, dá bhrí sin, le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus tá baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim don rialtas sin, atá freagrach as an gCrimé a ionghabháil agus as an Úcráin a dhíchobhsú.

An 24 Feabhra 2022, i ndiaidh na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Alexander Vinokurov, in éineacht le 36 dhuine eile den lucht gnó, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus baill eile de rialtas na Rúise chun tionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair a phlé. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Léiríonn sé sin freisin gur príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Comhthacaítear leis sin a thuilleadh de bharr an dhlúthcheangail phearsanta atá ag Alexander Vinokurov leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Sergey Lavrov atá freagrach as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus as beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, cheannasacht agus de neamhspleáchas an stáit sin nó ar bagairt iad na beartais sin ar an méid sin.

9.3.2022

721.

Andrey Igorevich MELNICHENKO

(Андрей Игоревич МЕЛЬНИЧЕНКО)

Dáta breithe: 8.3.1972

Áit bhreithe: Gomel, APSS (an Bhealarúis anois)

Feidhm: Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin JSC SUEK, Comhalta de Bhord EuroChem Group

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is tionsclaí Rúiseach é Andrey Melnichenko a rialaíonn fós an mórtháirgeoir leasacháin EuroChem Group agus an chuideachta ghuail SUEK. Ón 9 Márta 2022, d’aistrigh Melnichenko a chuid leasanna in SUEK agus Eurochem Group chuig a chéile, Aleksandra Melnichenko. Leanann sé de bheith ag baint tairbhe as an saibhreas a d’aistrigh sé chuig a bhean chéile.

Baineann Andrey Melnichenko leis an gciorcal is mó tionchar i lucht gnó na Rúise a bhfuil dlúthnaisc acu le Rialtas na Rúise. An 24 Feabhra 2022, tar éis chéimeanna tosaigh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Andrey Melnichenko, mar aon le 36 phearsa gnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na gníomhaíochta a rinneadh i ndiaidh don Iarthar smachtbhannaí a fhorchur, rud a léirigh a thábhacht mar phríomhphearsa gnó sa Rúis. Ina theannta sin bhí sé i measc na ndaoine gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid inar iarr sé ar lucht an ollrachmais ‘an tírghrá a chur roimh an mbrabús’.

Léirítear leis sin freisin go bhfuil sé ar dhuine de na mórphearsana gnó a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a chuireann foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as an gCrimé a ionghabháil agus as an Úcráin a dhíchobhsú.

9.3.2022

722.

Dmitry Alexandrovich PUMPYANSKY

(ar a dtugtar freisin Dmitry A. PUMPIANSKY)

(Дмитрий Алekcандрович ПУМПЯНСКИЙ)

Dáta breithe: 22.3.1964

Áit bhreithe: Ulan-Ude, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Leas-Uachtarán, Comhalta de Bhiúró Bhord Aontas na Rúise de Lucht Tionscail agus Fiontair, Comhchathaoirleach ar an gCoiste um Beartas Tionsclaíoch agus Rialáil Theicniúil de chuid an Aontais sin

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Dmitry A. Pumpyansky ar dhuine de mhórphearsana gnó na Rúise a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis. Is Leas-Uachtarán agus comhalta é de Bhiúró Bhord Aontas na Rúise de Lucht Tionscail agus Fiontair (RSPP), Comhchathaoirleach ar an gCoiste um Beartas Tionsclaíoch agus Rialáil Theicniúil de chuid RSPP. Is comhalta de Chomhairle an Chomhaltais Tráchtála agus Tionscail (CCI) Chónaidhm na Rúise agus Uachtarán Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i réigiún Sverdlovsk (SOSPP) é.

Bhí poist shinsearacha aige i bhfiontair mhiotalacha mhóra de chuid na Rúise. Iarchathaoirleach ar bhord stiúrthóirí TMK PAO, agus iarUachtarán agus comhalta boird Group Sinara é. Sa dá cháil sin, thacaigh sé le fiontair atá faoi úinéireacht Stáit, iarnróid na Rúise, Gazprom, Rosneft san áireamh, agus bhain sé tairbhe as comhar leo. Dá bhrí sin, tá sé rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

An 24 Feabhra 2022, tar éis chéimeanna tosaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Dmitry Pumpyansky agus 36 dhuine gnó eile le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun tionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair a phlé. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

Ina theannta sin, bronnadh Ord Fiúntais air don Athartha, céim IV, Ord na hOnóra. Bhí sé ar na daoine gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid inar iarr sé ar lucht an ollrachmais ‘an tírghrá a chur roimh an mbrabús’. Léiríonn sé sin freisin gur príomhphearsa gnó é a oibríonn sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

9.3.2022

723.

Dmitry Arkadievich MAZEPIN

(Дмитрий Аркадьевич МАЗЕПИН)

Dáta breithe: 18.4.1968

Áit bhreithe: Minsk APSS (an Bhealarúis anois)

Feidhm: iarPOF JSC UCC Uralchem

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is mórúinéir agus iarPOF na cuideachta leasacháin mianraí Uralchem é Dmitry Mazepin. Monaróir Rúiseach is ea Uralchem Group a dhéanann raon leathan táirgí ceimiceacha, leasacháin mhianracha agus sailpítear amóiniach san áireamh. De réir na cuideachta, is é an táirgeoir is mó níotráit amóiniam agus an dara táirgeoir is mó leasacháin amóinia agus nítrigine sa Rúis. Is pearsa gnó Dmitry Mazepin, dá bhrí sin, atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as an gCrimé a ionghabháil agus as an Úcráin a dhíchobhsú.

An 24 Feabhra 2022, tar éis chéimeanna tosaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Dmitry Mazepin agus 36 dhuine gnó eile le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun tionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair a phlé. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Taispeánann sé freisin gur príomhphearsa gnó é atá ag feidhmiú sa Rúis. Ina theannta sin bhí sé i measc na ndaoine gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid inar iarr sé ar lucht an ollrachmais ‘an tírghrá a chur roimh an mbrabús’.

I mí na Nollag 2021, d’athscríobh Dmitry Mazepin a chuideachtaí a bhí lonnaithe sa Chipir, Uralchem Holding agus CI-Chemical Invest, a rialaíonn ‘Uralchem’, chuig dlínse na Rúise ag an gceantar riaracháin speisialta ar Oileán Oktyabrsky i Réigiún Kaliningrad.

9.3.2022

724.

Galina Evgenyevna PUMPYANSKAYA

(Галина Евгеньевна ПУМПЯНСКАЯ)

Dáta breithe: 10.2.1966

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is í Galina Pumpyanskaya céile Dmitry Pumpyansky, duine de phríomhdhaoine gnó na Rúise, comhalta de Chomhairle an Chomhaltais Tráchtála agus Tionscail (CCI) Chónaidhm na Rúise agus Uachtarán Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i réigiún Sverdlovsk (SOSPP). Is Leas-Uachtarán agus comhalta é a fear chéile freisin de Bhiúró Bhord Aontas na Rúise Lucht Tionscail agus Fiontair (RSPP), Comhchathaoirleach ar an gCoiste um Beartas Tionsclaíoch agus Rialáil Theicniúil de chuid an Aontais sin. Is Iarchathaoirleach ar bhord stiúrthóirí PJSC Pipe Metallurgic Company é freisin, agus is iarUachtarán agus iarchomhalta boird Group Sinara é. Tacaíonn an dá cuideachta le húdaráis Chónaidhm na Rúise agus fiontair atá faoi úinéireacht Stáit, iarnróid na Rúise, Gazprom, Rosneft san áireamh, agus baineann siad tairbhe as comhar leo.

Dá bhrí sin, is garghaol Galina Pumpyanskaya a bhaineann tairbhe as a fear céile Dmitry Pumpyansky.

9.3.2022

728.

Vadim Nikolaevich MOSHKOVICH

(Вадим Николаевич МОШКОВИЧ)

Dáta breithe: 6.4.1967

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: iarchathaoirleach bhord stiúrthóirí Rusagro Group

Náisiúntacht: Rúiseach, Cipireach

Inscne: fireann

Is fiontraí Rúiseach é Vadim Moshkovich a bhfuil leasanna gnó sa talmhaíocht agus san fhorbairt réadmhaoine. In 2004, bhunaigh Vadim Moshkovich Rusagro Group ar táirgeoir mór muiceola, saillte agus siúcra é, arbh é a bhí sa chéad áit i measc gnólachtaí talmhaíochta sa Rúis in 2021. Is pearsa gnó Vadim Moshkovich a bhíonn páirteach, dá bhrí sin, in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Vadim Moshkovich, mar aon le 36 dhuine gnó eile le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus comhaltaí eile de Rialtas Chónaidhm na Rúise chun tionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair a phlé. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Taispeánann sé freisin gur príomhphearsa gnó é atá ag feidhmiú sa Rúis.

9.3.2022

730.

Andrey Andreevich GURYEV

(Андрей Aндреевич ГУРЬЕВ)

Dáta breithe: 7.3.1982

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Príomhoifigeach feidhmiúcháin agus Cathaoirleach bhord bainistíochta PJSC PhosAgro; D’oibrigh sé le PhosAgro ó 2004 i leith, agus bhí poist éagsúla aige Comhalta de Bhord Bainistíochta Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair (RSPP) ón 30 Meán Fómhair 2019

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is iarChomhalta Boird agus iar-Phríomhoifigeach feidhmiúcháin PJSC PhosAgro é Andrey Guryevev. Is scairshealbhóir é de PJSC PhosAgro agus is é Uachtarán Comhlachas na Rúise de Tháirgeoirí Leasacháin (RAPU). Ina theannta sin, is comhalta biúró é ar bhord Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair. Is í an Rúis an t-onnmhaireoir is mó de leasacháin ar domhan agus tá PhosAgro ar cheann de na príomhtháirgeoirí leasacháin atá bunaithe ar fhosfáití. Is é an Chuideachta an táirgeoir leasacháin fosfáite is mó san Eoraip, an táirgeoir is mó ar domhan de charraig fosfáite ardghráid agus an dara táirgeoir is mó ar domhan (gan an tSín a áireamh) d’fhosfáit mhonamóiniam (MAP) agus d’fhosfáit diammonium (DAP).

Dá bhrí sin, tá Andrey Guryev ar dhuine de na príomhdhaoine gnó atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch a thugann foinse shuntasach ioncaim do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

Anuas air sin, tá sé freagrach as bheith ag tacú go hábhartha le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

9.3.2022

731.

Dmitry Vladimirovich KONOV

(Дмитрий Владимирович КОНОВ)

Dáta breithe: 2.9.1970

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: iarchathaoirleach bhord PJSC SIBUR Holding; Comhalta de Bhord Maoirseachta Alrosa PAO agus den Choiste Pleanála Straitéise; Comhalta d’Aontas Fiontar na Rúise agus Eagraíocht an Choimpléasc Cheimicigh (Ruschemunion);

d’oibrigh sé ag Roinn an Státchiste de OAO NK YUKOS; poist éagsúla aige le ‘AKB Trust agus Investment Bank’, lena n-áirítear Leas-Uachtarán – Ceannaire roinn na baincéireachta infheistíochta agus Stiúrthóir Bainistíochta de Roinn an Airgeadais Corparáidighagus iarchomhalta é de bhord stiúrthóirí OAO Gazprom neftekhim Salavat agus OAO Gazprombank

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Dmitriy Konov ina iarChathaoirleach ar bhord bainistíochta PJSC SIBUR Holding, agus sa cháil sin rinne sé maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na cuideachta. Is é SIBUR Holding an chuideachta peitriceimiceach chomhtháite is mó sa Rúis agus tá sé ar cheann de na cuideachtaí is mó fás sa tionscal peitriceimiceach domhanda. Is grúpa peitriceimiceach ar thús cadhnaíochta agus an táirgeoir peitriceimiceach is mó i margadh fuinnimh na Rúise é SIBUR. Tá tromlach geallta SIBUR faoi úinéireacht mórphearsana gnó ag a bhfuil dlúthchaidreamh le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin: Leonid Mikhelson agus Gennady Timchenko.

Tá dlúthcheangal ag SIBUR Holding le rialtas na Rúise agus is foinse thábhachtach ioncaim é an t-ioncam a ghineann sé do rialtas na Rúise, dá bhrí sin.

Tá naisc ag Dmitriy Konov leis an tionscal ceimiceach trína bhallraíocht in Aontas Fiontar na Rúise agus in Eagraíocht an Choimpléasc Cheimicigh (Ruschemunion), eagraíocht atá ag comhoibriú le húdaráis na Rúise chun leasanna thionscal ceimiceach na Rúise a chosaint agus é a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos táirgiúla. Tá tionscal ceimiceach na Rúise faoi cheannas roinnt geallsealbhóirí a bhfuil dlúthcheangal acu leis an gCreimil.

Tá Dmitriy Konov ina chomhalta de Bhord Maoirseachta agus de Choiste Pleanála Straitéisí Alrosa. Is cuideachta faoi úinéireacht an stáit é Alrosa atá ag feidhmiú sa tionscal diamant agus téann a bhrabúis go díreach chuig an gCreimil. Trína róil in Alrosa, rannchuidíonn Dmitriy Konov le maoiniú ghníomhaíochtaí Rialtas na Rúise a bhaineann inter alia le díchobhsú na hÚcráine.

An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail sé ar chruinniú mórphearsa gnó le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin sa Chreimil chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur chomhalta é de dhlúthchiorcal na mórphearsa gnó a bhfuil dlúthchaidreamh acu le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Putin.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó Dmitriy Konov a oibríonn sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

9.3.2022

732.

Nikita Dmitrievich MAZEPIN

(Никита Дмитриевич МАЗЕПИН)

Dáta breithe: 2.3.1999

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Iar-thiománaí rásaíochta Rúiseach le Haas F1 Team i gCraobhchomórtas Fhoirmle a hAon an Domhain 2022 faoi bhratach neodrach a dhéanann ionadaíocht don Russian Automobile Federation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is mac le Dmitry Mazepin, úinéir agus iar-Ardstiúrthóir JSC UCC Uralchem, é Nikita Mazepin. Bhí sé ina thiománaí ag Haas F1 Team go dtí mí an Mhárta 2022, arna urrú ag Dmitry Mazepin trí fhochuideachta Uralchem, Uralkali. Tá sé socraithe gur le cistí ó Uralkali a mhaoineofar a fhondúireacht ‘We compete as one’ [Is foireann muid]. Tá baint aige freisin lena athair trí chomhleasa gnó sa chuideachta Hitech GP, a bhí faoi pháirt-úinéireacht Dmitry Mazepin trí Uralkali agus a bhfuil sé mar chuspóir aige gairm bheatha Nikita Mazepin a chur chun cinn mar thiománaímótarspóirt, agus atá faoi úinéireacht chomhlach gnó coiteann na beirte sin anois.

Is garghaol a bhaineann tairbhe as a athair agus atá comhlachaithe leis, arb é sin Dmitry Mazepin, mórphearsa ghnó, ag a bhfuil baint le hearnálacha eacnamaíocha lena gcuirtear foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

9.3.2022

806.

Igor Nikolayevich MOROZOV

(Игорь Николаевич МОРОЗОВ)

Dáta breithe: 13.10.1956

Inscne: fireann

Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le ‘Conarthaí Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’’.

9.3.2022

823.

Alexander Yuryevich PRONYUSHKIN

(Александр Юрьевич ПРОНЮШКИН)

Dáta breithe: 31.7.1987

Inscne: fireann

Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le ‘Conarthaí Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’’.

9.3.2022

852.

Oleg Polikarpovich TKACH

(Олег Поликарпович ТКАЧ)

Dáta breithe: 23.9.1967

Inscne: fireann

Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le ‘Conarthaí Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’’.

9.3.2022

879.

Roman Arkadyevich ABRAMOVICH

(Роман Аркадьевич АБРАМОВИЧ)

Dáta breithe: 24.10.1966

Áit bhreithe: Saratov, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Mórphearsa gnó a bhfuil dlúthcheangal aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin; mór-scairshealbhóir in Evraz; iarghobharnóir Chukotka

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Seoladh: 1 Lipovaya Aleya, Nemchinovo, Odinsovo district, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Daoine aonair comhlachaithe: Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin

Mórphearsa gnó is ea Roman Abramovich a bhfuil dlúthchaidreamh aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin le fada an lá. Bhí rochtain phribhléideach aige ar an Uachtarán, agus choinnigh sé dlúthchaidreamh leis. A bhuí leis an nasc sin leis an gceannaire Rúiseach bhí sé in ann a mhaoin nach beag a choimeád. Mór-scairshealbhóir i ngrúpa cruach Evraz is ea é, grúpa atá ar cheann de na cáiníocóirí is mó sa Rúis.

Dá bhrí sin, thairbhigh sé de chinnteoirí Rúiseacha atá freagrach an gCrimé a ionghabháil agus as an Úcráin a dhíchobhsú. Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó Rúiseach é a oibríonn sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

15.3.2022

880.

German Borisovich KHAN

(Rúisis: Герман Борисович ХАН)

Dáta breithe: 24.10.1961

Áit bhreithe: Cív, APSS (an Úcráin anois)

Feidhm: Mórphearsa gnó a bhfuil dlúthcheangal aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Duine de phríomh-scairshealbhóirí Ghrúpa Alfa

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Vladimir Putin, Mikhail Fridman, Petr Aven, Alexey Kuzmichev

Eintitis chomhlachaithe: Grúpa Alfa, Alfa Bank

Is duine gnó Rúiseach é German Khan a bhfuil dlúthchaidreamh aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, cosúil lena chomhpháirtithe gnó, Mikhail Fridman agus Petr Aven. Le blianta fada, bhí sé ar ceann de phríomh-scairshealbhóirí ABH Financial Limited, lena n-áirítear an mórbhanc Rúiseach, Alfa Bank. Bhí sé ina scairshealbhóir den ghnólacht infheistíochta LetterOne freisin. In 2022, agus é ag tabhairt aghaidh ar smachtbhannaí an Iarthair ina choinne, d’aistrigh sé úinéireacht a chuid scaireanna in ABH Financial Limited agus LetterOne chuig a chomhpháirtí gnó fadtéarmach, Andrei Kosogov. Lean sé de bheith ag bainistiú sócmhainní na gcuideachtaí sin atá bunaithe ar an Rúis. Creidtear gur duine de na daoine is mó tionchar sa Rúis é. Rinne sé garanna d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin mar chúiteamh ar thacaíocht pholaitiúil dá ghnó agus ar mhaithe le gnóthachain airgeadais. Thug Vladimir Putin luach saothair do Alfa Group Consortium as a dhílseacht d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta eachtracha Alfa Group Consortium.Ina theannta sin bhí sé i measc na ndaoine gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid inar iarr sé ar lucht an ollrachmais ‘an tírghrá a chur roimh an mbrabús’.

Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, fochuideachta eile de Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata ‘Z’ orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go gníomhach, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, le cinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó díchobhsú na hÚcráine, agus tairbhíonn sé de. Is príomhphearsa gnó é freisin a oibríonn sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

15.3.2022

881.

Viktor Filippovich RASHNIKOV (Rúisis: Виктор Филиппович РАШНИКОВ)

Magnitogorsk Iron & Steel Works (MMK).

Dáta breithe: 13.10.1948

Áit bhreithe: Magnitorsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Mórphearsa gnó. Úinéir, cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí agus cathaoirleach ar an Coiste Pleanála Straitéisí Magnitogorsk Iron & Steel Works (MMK)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Magnitogorsk Iron & Steel Works (MMK)

Pearsa gnó Rúiseacha is ea Viktor Rashnikov agus is é is úinéir agus cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí an chomhlachta Magnitogorsk Iron & Steel Works (MMK). Tá MMK ar cheann de na cáiníocóirí is mó sa Rúis. Mhéadaigh an t-ualach cánach ar an gcuideachta le déanaí, rud a d’fhág go ndeachaigh fáltais i bhfad níos airde isteach i mbuiséad stáit na Rúise. Faigheann Viktor Rashnikov tacaíocht ó Rialtas agus ó chinnteoirí na Rúise. Ina theannta sin bhí sé ar na daoine gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid inar iarr sé ar lucht an ollrachmais ‘an tírghrá a chur roimh an mbrabús’.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise agus a thairbhíonn féin den rialtas sin, ar rialtas é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

15.3.2022

882.

Alexey Viktorovich KUZMICHEV

(ar a dtugtar freisin Alexey Viktorovich KUZMICHOV)

(Rúisis: Алексей Викторович КУЗЬМИЧЁВ)

Feidhm: Mórphearsa gnó a bhfuil dlúthcheangal aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Duine de phríomh-scairshealbhóirí Ghrúpa Alfa.

Dáta breithe: 15.10.1962

Áit bhreithe: Kirov, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, Mikhail Fridman, Petr Aven, German Khan

Eintitis chomhlachaithe: Grúpa Alfa, Alfa Bank

Mór-scairshealbhóir i gcuibhreannas Alfa Group is ea Alexey Kuzmichev, lena n-áirítear Alfa Bank, ar ceann de na cáiníocóirí is mó sa Rúis é. Creidtear gur duine de na daoine is mó tionchar sa Rúis é. Tá naisc sheanbhunaithe le huachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin aige. Thug Vladimir Putin luach saothair do dhílseacht Alfa Group d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta coigríche Alfa Group.

Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, fochuideachta eile de Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata ‘Z’ orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go gníomhach, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, le cinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó díchobhsú na hÚcráine, agus tairbhíonn sé de. Is duine mór gnó Rúiseach é chomh maith atá ag feidhmiú sa Rúis agus atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

15.3.2022

884.

Alexander Nikolayevich SHOKHIN

(Rúisis: Александр Николаевич ШОХИН)

Dáta breithe: 25.12.1951

Áit bhreithe: Savinskoye, Kirillovsky District, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Uachtarán ar Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair; Iar-Leas-Chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Mechel PAO; Comhalta de Bhiúró na hArdchomhairle den pháirtí polaitiúil ‘United Russia’

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Alexander Shokhin ina uachtarán ar Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair (RSPP) – brúghrúpa, a chuireann leasanna gnó sa Rúis chun cinn. Tá sé ina chathaoirleach freisin ar an gComhairle Comhordaithe maidir le hIonadaíocht Allmhairithe agus Neamhspleáchas Teicneolaíochta RSPP. Tá sé ina iar-Leas-Chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Mechel PAO chomh maith – ceann de na cuideachtaí móra mianadóireachta agus miotail Rúiseacha, a ghineann foinse ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Tar éis don Rúis an Chrimé a ionghabháil, chuir Shokhin in iúl go poiblí gur gá níos mó infheistíochta Rúiseach a dhíriú ar an gCrimé chun aon bhac eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann ón Iarthar a shárú. An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail Shokhin ar chruinniú mhórphearsa gnósa Chreimil le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal na mórphearsa gnó a bhfuil dlúthchaidreamh acu le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

Léiríonn an méid sin freisin gur duine de na ceannairí gnó is mó é freisin in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

15.3.2022

886.

Armen Sumbatovich GASPARYAN (Rúisis: Армен Сумбатович ГAСПАРЯН)

Dáta breithe: 4.7.1975

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Poiblitheoir, bolscaire, comhalta de bhord ‘Russia Today’, comhalta den Seomra Sibhialta

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá a chlár féin Nablyudenye ag Armen Gasparyan d’eagraíocht Rúiseach na meán Sputnik agus clár raidió aige ar ‘Vesti FM’. Foilsíonn sé leabhair agus closleabhair freisin agus feidhmíonn sé mar shaineolaí ar an gclár raidió Polnyi kontakt (‘Lánteagmháíl’) de chuid bholscaire eile Vladimir Solovyov. An 6 Aibreán 2023, ainmníodh é mar chomhalta de Sheomra Sibhialta Chónaidhm na Rúise.

Bíonn bolscaireacht Gasparian ag teacht le bolscaireacht na Creimile i gcónaí. Tá úsáid bainte aige as falláis loighciúla chun cúrsaí idirnáisiúnta a mhíniú, bhréagnaigh sé ceannasacht na hÚcráine ar an gCrimé, agus chosain sé gníomhaíochtaí na Rúise i gCaolas Kerch nuair a ghabh sí árthach Úcránach.

Leanann sé de bheith ag foilsiú bolscaireachta ar son na Rúise a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin agus séanann sé ceannasacht na hÚcráine go gníomhach.

Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus de shlándáil na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

15.3.2022

891.

Suleyman Abusaidovich KERIMOV

(Rúisis: Сулейман Абусаидович КЕРИМОВ)

Dáta breithe: 12.3.1966

Áit bhreithe: Derbent, APSS Dagestan, (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Tá sé ina comhalta de Chomhairle Cónaidhme Thionól Cónaidhmeach Chónaidhm na Rúise agus den Choiste maidir le Rialacha Nós Imeachta agus Rialachas Parlaiminteach. Iar-úinéir an ghrúpa airgeadais agus thionsclaíoch Nafta Moscow

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is mórphearsa gnó Suleyman Kerimov agus tá sé ina comhalta de Chomhairle Cónaidhme Thionól Cónaidhmeach Chónaidhm na Rúise agus den Choiste maidir le Rialacha Nós Imeachta agus Rialachas Parlaiminteach. Is é iar-úinéir an ghrúpa airgeadais agus thionsclaíoch Nafta Moscow é. Meastar go bhfuil glanluach USD 9.8 billiún ag Kerimov agus a mhuintir. Fuair sé suimeanna móra airgid ó Sergei Roldugin, atá ina chúramóir ar shaibhreas Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin.

An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail Kerimov ar chruinniú mhórphearsa gnó sa Chreimil le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal na mórphearsa gnó a bhfuil dlúthchaidreamh acu le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

Dá bhrí sin, is duine de phríomhdhaoine gnó é a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

15.3.2022

892.

Tigran Oganesovich KHUDAVERDYAN

(Тигран Оганесович ХУДАВЕРДЯН)

Dáta breithe: 28.12.1981

Áit bhreithe: Yerevan, APSS (an Airméin anois)

Feidhm: Iar-Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus iar-Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Yandex NV

Náisiúntacht: Airméanach

Inscne: fireann

Is iar-Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Yandex N.V. é Tigran Khudaverdyan, a d’éirigh as na poist sin tar éis don Aontas Eorpach é a ainmniú. Tá sé fós i measc na mbainisteoirí is mó ar Yandex, rud a fhágann go mbíonn lámh aige ag múnlú gníomhaíochtaí na cuideachta.

Is é Yandex an gnólacht teicneolaíochta is mó sa Rúis. Tugann sé ioncam cánach suntasach do Rialtas Chónaidhm na Rúise. Sa bhliain 2019, d’aontaigh Yandex le hathstruchtúrú a thug ‘scair órga’ don Fhondúireacht Leasa Poiblí nuabhunaithe a tógadh chun ‘leasanna Chónaidhm na Rúise a chosaint’. Tríd an bhFondúireacht Leasa Poiblí, tá Rialtas Chónaidhm na Rúise in ann crosadh a bheith acu thar liosta sainithe saincheisteanna.

Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lean Yandex beartas faisnéise agus cinsireacht Rialtas Chónaidhm na Rúise. Chomhlíon torthaí cuardaigh inneall cuardaigh Yandex éilimh údaráis na Rúise, nach léiríonn ach na foinsí a bhaineann le bolscaireacht Rúiseach ar son an chogaidh. Thairis sin, chabhraigh Yandex le suíomhanna gréasáin atá ag brú éileamh bréagach agus ar son na Rúise faoi ionradh na hÚcráine le brabús a dhéanamh trí fhógraíocht dhigiteach.

An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail Khudaveryan ar chruinniú mhórphearsa gnó sa Chreimil le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal na mórphearsa gnó a bhfuil dlúthchaidreamh acu le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

Is duine de phríomhdhaoine gnó é atá ag feidhmiú sa Rúis agus atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus thacaigh sé go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de le Rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

15.3.2022

893.

Vladimir Valerievich RASHEVSKY / Vladimir Valeryevich RASHEVSKIY

(Rúisis: Владимир Валерьевич РАШЕВСКИЙ)

Dáta brithe: 29.9.1973

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin & Stiúrthóir ag EuroChem Group AG

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Vladimir Rashevsky ina iar-Phríomhfheidhmeannach agus ina Stiúrthóir ar EuroChem Group AG, agus d’ éirigh sé as an bpost sin go foirmiúil tar éis dó a bheith liostaithe faoi bhearta sriantacha an Aontais, cé go leanann sé de thionchar a imirt trí chuideachtaí caocha. Tá EuroChem ar cheann de na táirgeoirí de leasacháin mianraí is mó ar domhan. Roimhe seo (idir 2004 agus 2020), bhí sé ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar chuideachta ghuail JSC SUEK. Is iad seo cuideachtaí móra na Rúise – faoi comhúinéireacht Aleksandra Melnichenko, bean chéile an bhilliúnaí Rúisigh, Andrei Melnichenko – a ghineann agus a thugann foinse shuntasach airgeadaí do rialtas na Rúise. Oibríonn siad i gcomhar le húdaráis na Rúise freisin, lena n-áirítear Vladimir Putin. Sholáthair cuideachtaí Eurochem Group níotráit amóinia do na limistéir Donbas atá faoi fhorghabháil. Shínigh SUEK conarthaí le sanatóirí na Crimé i gcomhair chláir sláinte fostaithe.

Dá bhrí sin, tá sé ag tacú, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, nó ag baint tairbhe as, Rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

An 24 Feabhra 2022, d’ fhreastail Rashevsky ar chruinniú olagarc sa Kremlin le Vladimir Putin chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal na n-olagarc a bhfuil dlúthchaidreamh acu le Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

15.3.2022

896.

Viatcheslav Moshe KANTOR

(Вячеслав Моше Кантор)

(ar a dtugtar freisin Viatcheslav Vladimirovich KANTOR)

(ar a dtugtar freisin Вячеслав Владимирович Кантор)

Dáta breithe: 8.9.1953

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Scairshealbhóir mór den Acron Group, a thrádáiltear go poiblí, ar ceann de na táirgeoirí leasacháin is mó sa Rúis é

Náisiúntacht: Rúiseach, Iosraelach agus Briotanach

Inscne: fireann

Mórphearsa gnó Rúiseach is ea Viatcheslav Kantor agus is úinéir tairbheach é den Acron Group, a liostaítear go poiblí, ar ceann de na táirgeoirí leasacháin is mó sa Rúis é. Tá dlúthcheangal aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. A bhuí leis an gceangal sin le hUachtarán na Rúise bhí sé in ann a mhaoin nach beag a choimeád. Is iomaí uair a dhearbhaigh sé go poiblí a thacaíocht d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin chomh maith lena chairdeas leis, agus tá dea-chaidreamh leis an gCreimil.

Dá bhrí sin, thairbhigh sé de chinnteoirí Rúiseacha a bhí freagrach as an ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar Leithinis na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine. Tá sé ar dhuine de phríomhdhaoine gnó Rúiseacha chomh maith atá ag feidhmiú sa Rúis agus is duine gnó é a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha lena gcuirtear foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as an ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar Leithinis na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

8.4.2022

903.

Elena Petrovna TIMCHENKO (ERMAKOVA (YERMAKOVA) a hainm baiste)

Елена Петровна Тимченко (ЕРМАКОВА))

Feidhm: Comhuachtarán an Foundation Timchenko

Náisiúntacht: Rúisis, Fionlainnis

Duine aonair comhlachaithe: Gennady Timchenko (fear céile)

Inscne: baineann

Is í Elena Timchenko bean chéile Gennady Timchenko, a bhfuil aithne aige le fada ar Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus é ar dhuine dá rúnchairde.

Déanann sí gníomhaíochtaí gnó, in éineacht lena fear céile, tríd an gcuideachta eastát réadach Sci Ruth agus an gcuideachta Maples S.A., agus fuair sí eastát réadach i gcomhpháirt lena fear céile, rud a léiríonn ceangail thábhachtacha maoine eatarthu.

Ina theannta sin, glacann sí páirt i ngnóthaí poiblí a fir chéile tríd na fondúireachtaí Neva Foundation agus Timchenko Foundation, a bhunaigh sí lena fear céile agus bhfuil ról tábhachtach aici ann agus dlúthbhaint aici ann lena fear céile. Ina theannta sin, déanann an Fhondúireacht Neva cuid dá gníomhaíochtaí i bpáirt leis an ngrúpa infheistíochta Volga Group a chuireann go mór leis an ngeilleagar na Rúise agus a forbairt, grúpa a bhunaigh Gennady Timchenko, atá ar cheann de na scairshealbhóirí ann. Dá bhrí sin, baineann Elena Timchenko tairbhe as a fear céile, go háirithe ó thaobh staid shóisialta agus téarmaí airgeadais de. Tá baint aici, dá bhrí sin, le Gennady Timchenko, atá liostaithe faoi Chinneadh 2014/145/CBES ar na forais, inter alia, go bhfuil sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus as tacaíocht airgeadais agus ábhartha a thabhairt do chinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus as tairbhe a bhaint as na cinnteoirí sin.

8.4.2022

908.

Kirill Nikolayevich SHAMALOV

(Кирилл Николаевич ШАМАЛОВ)

Dáta breithe: 22.3.1982

Áit bhreithe: Leiningrad, APSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Leas-chathaoirleach bhord bainistíochta Sibur Holding PJSC

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Kirill Shamalov ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta agus tá sé freagrach as forbairt inbhuanaithe laistigh de Choiste Bainistíochta Sibur Holding PJSC, an chuideachta pheitriceimiceach comhtháite is mó sa Rúis. D’fhan sé ina scairshealbhóir de Sibur Holding agus choinnigh sé post bainistíochta sa chuideachta. Ina theannta sin, tá sé ag baint tairbhe as a naisc phearsanta leis an gCreimil agus bhí poist shinsearacha aige i go leor cuideachtaí móra Rúiseacha.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

8.4.2022

909.

Igor Albertovich KESAEV

(Игорь Альбертович КЕСАЕВ)

Dáta breithe: 30.10.1966

Áit bhreithe: Vladikavkaz, North Ossetia, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Úinéir agus uachtarán Mercury Group

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is scairshealbhóir é Igor Kesaev in Mercury Group agus is é an t-iar-úinéir é, cuideachta a bhí comhlachaithe le Megapolis Group, an príomhdháileoir tobac i gCónaidhm na Rúise. Tá naisc aige le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus lena fórsaí slándála trí Monolit Fund, atá á reáchtáil ag iar-oifigigh de chuid sheirbhísí slándála Chónaidhm na Rúise, agus a chuireann cúnamh airgeadais ar fáil d’oifigigh seirbhíse slándála agus do phearsanra míleata atá ar scor.

Is scairshealbhóir mór é de Mercury Group agus Megapolis Group, chomh maith le cuideachtaí JSC ‘ Turbokholod’ agus LLC ‘ Consensus-R’, a rannchuidíonn le Ciste Monolit. Thairis sin, tríd an leas a bhí aige sa ghnólacht infheistíochta OOO Globalvoyentreyding, ba é an príomh-scairshealbhóir de Degtyarev Plant é, comhlacht Rúiseach a tháirgeann airm a úsáideann fórsaí armtha na Rúise. Tá scaireanna aige sna slabhraí alcóil, Red & White agus Bristol agus dearbhaíonn sé smacht ar an International Tobacco Group LLC.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, tacaíonn sé go hábhartha agus baineann sé tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise.

8.4.2022

913.

Evgeny Borisovich ZUBITSKIY

(Евгений Борисoвич ЗУБИЦКИЙ)

Dáta breithe: 10.3.1968

Áit bhreithe: Kemerovo, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Fiontraí, comhúinéir agus cathaoirleach bhord agus POF Industrial Metallurgical Holding (PMH)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Evgeny Zubitskiy comhúinéir agus cathaoirleach bhord agus POF Industrial Metallurgical Holding (PMH). Is scairshealbhóir é sa Koks Group, máthairghnóthas PMH agus an táirgeoir is mó sa Rúis de chóc indíolta, arna bhunú ag an bhfeisire sa Dúma stáit Boris Zubitsky.

Is duine de na príomhdhaoine gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis, dá bhrí sin, agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

8.4.2022

917.

Musa Yusupovich BAZHAEV

(Муса Юсупович БАЖАЕВ)

Dáta breithe: 11.5.1966

Áit bhreithe: Achkoy Martan, Seisnia, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: duine gnó Rúiseach; faoi láthair is é an t-uachtarán ar an Moscow Alliance group ar leis sócmhainní i ngnólachtaí ola, tógála, teicstíle, bia, airgeadais, agus meán; iarChathaoirleach ar Russian Platinum

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Musa Bazhaev an tUachtarán ar an JSC Alliance Group, arb iad na príomhchliaint atá acu, na hionadaithe is mó ó thionscail an gháis agus na hola, ó na saoráidí tionsclaíocha, ón earnáil teileachumarsáide agus ó fhóntais tithíochta agus phoiblí.

Ina theannta sin, tá sé ina iarChathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Russian Platinum, a aithníodh mar cheann de phríomhchuideachtaí mianadóireachta na Rúise a chuireann foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise. In 2021, shínigh VEB.RF, VTB Group agus Russian Platinum meabhrán intinne chun taisce mianaigh nicile-copair-platanaim de chuid Chernogorsk i réigiún Krasnoyarsk a mhaoiniú. Bhí an searmanas sínithe ar siúl le linn Fhóram Idirnáisiúnta Eacnamaíoch Chathair Pheadair agus Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, i láthair. Tá Musa Bazhaev ar dhuine de na príomhphearsa gnó a fheidhmíonn sa Rúis, agus is é duine de na 200 Rúiseach is saibhre, agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Ina theannta sin, tá baint ag Musa Bazhaev le VEB.RF, institiúid forbartha airgeadais Rúiseach a thugann tacaíocht ghníomhach, ábharach nó airgeadais, do chinnteoirí Rúiseacha atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, nó a bhaineann tairbhe astu sin.

8.4.2022

919.

Serguey Achotovich MNDOIANTS

(Сергей Ашотович МНДОЯНЦ)

Dáta breithe: 21.9.1961

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Pearsa gnó Rúiseach ag feidhmiú mar leas-uachtarán na hilchuideachta AFK Sistema; Bunaitheoir an ghnólachta comhairliúcháin VLM Invest

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is iar-leas-uachtarán feidhmiúcháin é Serguey Mndoiants atá i gceannas ar chaidreamh rialtais don ilchuideachta Rúiseach AFK Sistema PAO, atá gníomhach in earnáil na teileachumarsáide agus na teicneolaíochta faisnéise. Tá Serguey Mndoiants ina iar-leas-uachtarán sinsearach ar VLM Invest, agus ina scairshealbhóir de, gnólacht comhairliúcháin a fheidhmíonn mar idirghabhálaí idir cuideachtaí príobháideacha agus comhlachtaí rialtais Chónaidhm na Rúise. Tá scaireanna aige freisin sa First Independent Rating Agency (Fira) agus san Fhondúireacht Phoiblí Réigiúnach um Fhorbairt Comhar Gnó agus Fiontraíochta. Is comhalta é Serguey Mndoiants de bhord na Comhairle um an mbeartas eachtrach agus cosanta (SVOP), meitheal machnaimh a chuireann comhairle ar Rialtas Chónaidhm na Rúise maidir le seoladh an bheartais eachtraigh agus cosanta.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é freisin a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

8.4.2022

921.

Igor Arkadyevich ROTENBERG

(Игорь Аркадьевич РОТЕНБЕРГ)

Dáta breithe: 9.5.1973

Áit bhreithe: Leningrad, APSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois)

Daoine aonair comhlachaithe: Arkady Rotenberg (athair), Boris Rotenberg (uncail)

Eintitis chomhlachaithe: SGM Group (Stroygazmontazh), Gazprom Drilling, NPV Engineering Group

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is mórphearsa ghnó Rúiseach é Igor Rotenberg, is é mac is sine agus oidhre Arkady Rotenberg, mórphearsa ghnó Rúiseach agus iar-chomh-úinéir SGM (Stroygazmontazh) Group. Tá sé ina iar-úinéir ar Gazprom Drilling agus scairshealbhóir in Platon Electronic Toll Collection. Tá dlúthbhaint ag muintir Rotenberg le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Mar gheall ar na poist atá agus a bhí aige i bpríomhfhiontair na Rúise, a bhfuil conarthaí móra stáit faighte acu, agus a dhlúthnaisc le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, leanann Igor Rotenberg de bheith ag baint tairbhe as cinnteoirí na Rúise agus as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, is duine nádúrtha é a bhfuil baint aige le Arkady Rotenberg agus le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, atá siad beirt liostaithe faoi bhearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

8.4.2022

922.

Ekaterina IGNATOVA

(ar a dtugtar freisin Jekatarina Ignatova)

(Екатерина ИГНАТОВА)

Dáta breithe: 1968

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Daoine aonair comhlachaithe: Sergei Chemezov (fear céile)

Anastasia Ignatova (iníon)

Lyudmila Rukavishnikova (máthair)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is í Ekaterina Ignatova bean chéile Sergei Chemezov, POF chorparáid stáit na Rúise, Rostec (an Chorparáid Stáit um Fhorbairt, Táirgeadh agus Onnmhairiú Táirgí Ardteicneolaíochta a chur chun cinn). Mar bhean chéile Sergei Chemezov, tá sócmhainní móra ag Ekaterina Ignatova atá nasctha leis. Ar dhearbhú sócmhainne poiblí is déanaí Sergei Chemezov in 2019, áiríodh ioncam bliantúil USD 24 mhilliún Ekaterina Ignatova.

Is garghaol Ekaterina Ignatova a bhaineann tairbhe as a fear céile Sergei Chemezov.

8.4.2022

923.

Anastasia IGNATOVA

(Анастасия ИГНАТОВА)

Daoine aonair comhlachaithe: Sergei Chemezov (leasathair)

Ekaterina Ignatova (máthair)

Lyudmila Rukavishnikova (seanmháthair)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is í Anastasia Ignatova leasiníon Sergei Chemezov, POF chorparáid stáit na Rúise, Rostec (an Chorparáid Stáit um Fhorbairt, Táirgeadh agus Onnmhairiú Táirgí Tionscail Ardteicneolaíochta a chur chun cinn).

Mar leasiníon Sergei Chemezov, tá sócmhainní móra aici atá nasctha leis trí chuideachtaí eischósta. Bhí an bád 85 mhéadar ‘Valerie’, ar fiú USD 140 milliún (níos mó ná RUB 10 billiún) é, faoi úinéireacht ag Anastasia Ignatova go foirmiúil trí chuideachta ar Ógh-Oileáin na Breataine ar a dtugtar Delima Services Limited. Ina theannta sin, is tairbhí í de chuideachtaí eischósta a bhfuil na céadta milliún dollar i sócmhainní acu.

Is garghaol Anastasia Ignatova a bhaineann tairbhe as a leasathair Sergei Chemezov.

8.4.2022

924.

Lyudmila RUKAVISHNIKOVA

Daoine aonair comhlachaithe: Sergei Chemezov (cliamhain)

Ekaterina Ignatova (iníon)

Anastasia Ignatova (gariníon)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is í Lyudmila Rukavishnikova máthair chéile Sergei Chemezov, POF chorparáid stáit na Rúise, Rostec (an Chorparáid Stáit um Fhorbairt, Táirgeadh agus Onnmhairiú Táirgí Tionscail Ardteicneolaíochta a chur chun cinn). Mar mháthair chéile Sergei Chemezov, tá sócmhainní móra aici atá nasctha leis, lena n-áirítear scaireanna cuideachtaí ar leo maoin a úsáideann Rostec.

Is garghaol Lyudmila Rukavishnikova a bhaineann tairbhe as a mac céile Sergei Chemezov.

8.4.2022

926.

Said KERIMOV

Dáta breithe: 6.7.1995

Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Feidhm: Oidhre Suleiman Kerimov, Comhalta den choiste Straitéise agus Bord Stiúrthóir Polyus

Duine aonair comhlachaithe: Suleiman Kerimov (athair)

Eintiteas chomhlachaithe: Polyus

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Said Kerimov mac Suleiman Kerimov. Is billiúnaí atá lonnaithe sa Rúis é Suleiman Kerimov, bunaitheoir Suleiman Kerimov Foundation agus is ionadaí é ó Republic of Dagestan i gComhairle Chónaidhme na Rúise. D’aistrigh Suleiman Kerimov cuid mhór dá shócmhainní, lena n-áirítear a scair den táirgeoir óir is mó sa Rúis, Polyus Gold, chuig a mhac, Said Kerimov.

Is garghaol Said Kerimov a bhaineann tairbhe as a athair Suleiman Kerimov.

Ina theannta sin, tá Said Kerimov ina mhór-úinéir ar aerfort Makhachkala a sholáthraíonn tacaíocht lóistíochta d’fhórsaí slándála na Rúise, a bhaineann úsáid as an aerfort le haghaidh oibríochtaí éagsúla. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

8.4.2022

929.

Oleg Vladimirovich DERIPASKA

(Олег Владимирович ДЕРИПАСКА)

Dáta breithe: 2.1.1968

Áit bhreithe: Dzerzhinsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Pearsa gnó Rúiseach; uinéir Russian Machines, Military Industrial Company agus Arzamas Machine-Building Plant

Eintitis chomhlachaithe: Russian Machines, Military Industrial Company agus Arzamas Machine-Building Plant

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Oleg Deripaska ar dhuine de na príomhdhaoine gnó, is é úinéir Rusal, atá ar cheann de na cuideachta is mó ar domhan sa tionscal alúmanaim domhanda. I mí an Mhárta 2022, d’fhreastail sé ar Fhóram Eacnamaíoch Krasnoyarsk, ceann de phríomhchomhdhálacha eacnamaíocha na Rúise a dhíríonn ar fhorbairt réigiúnach. Tá sé ina úinéir tairbhiúil freisin ar GAZ Group, ilchuideachta mótarfheithiclí Rúiseach, lena n-áirítear an Military Industrial Company LLC, soláthraí mór arm agus trealaimh mhíleata chuig fórsaí armtha na Rúise. Is cuid de Military Industrial Company LLC é Arzamas Machine-Building Plant, a mhonaraíonn na hiompróirí armúrtha pearsanra amfaibiach BTR-80, a d’úsáid an Rúis sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Is príomhphearsa gnó Oleg Deripaska a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó de chobhsaíocht nó de shlándáil san Úcráin nó ar bagairt iad ar an méid sin.

8.4.2022

932.

Alexander Yevgenevych ANANCHENKO

(Александр Евгеньевич АНАНЧЕНКO)

Dáta breithe: 2.2.1966

Inscne: fireann

Iar-‘Príomh-Aire’, mar a ghairtear de, an ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Comhalta den Chomhairle Cónaidhme de Choiste na Comhairle Cónaidhme um Struchtúr Feidearálach, Beartas Réigiúnach, Féin-Rialtas Áitiúil agus Gnóthaí an Tuaiscirt.

8.4.2022

936.

Vladimir Nikolaevich ANTONOV

(Владимир Николаевич АНТОНОВ / Володимир Миколайович АНТОНОВ)

Dáta breithe: 24.12.1979

Inscne: fireann

Bhí sé ina ‘Leas-Chathaoirleach Rialtais’, mar a ghairtear de, ar ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

8.4.2022

939.

Aleksandr Aleksandrovich OPRISCHENKO

(Александр Александрович ОПРИЩЕНКО / Олександр Олександрович ОПРИЩЕНКО)

Dáta breithe: 24.4.1976

Inscne: fireann

Bhí sé ina ‘Aire Sláinte Gníomhach’, mar a ghairtear de, ar ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, agus faoi láthair tá sé ina ‘Chéad Leas-Aire Cúraim Sláinte’. Agus é ag glacadh na gcáileanna sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

8.4.2022

940.

Natalya Yurevna NIKONOROVA

(Наталья Юрьевна Никонорова / Наталя Юр'ївна НIКОНОРОВА)

Dáta breithe: 28.9.1984

Áit bhreithe: Donetsk, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: baineann

Bhí sí ina ‘Aire Gnóthaí Eachtracha’, mar a ghairtear de, de chuid ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, agus faoi láthair is comhalta de Choiste na Comhairle Cónaidhme um Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Seanadóir de chuid ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Agus í ag glacadh na cáile sin chuici agus ag gníomhú di dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aici d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

8.4.2022

942.

Aleksandr Yurevich GROMAKOV

(Александр Юрьевич ГРОМАКОВ / Олександр Юрiйович ГРОМАКОВ)

Dáta breithe: 4.9.1958

Áit bhreithe: Donetsk, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

Bhí sé ina ‘Aire Óige, Spórt agus Turasóireachta, mar a ghairtear de, i ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

8.4.2022

943.

Mikhail Nikolaevich KUSHAKOV

(Михаил Николаевич Кушаков / Михайло Миколайович КУШАКОВ)

Dáta breithe: 23.11.1958

Áit bhreithe: APSS (Poblacht na Moldóive anois)

Inscne: fireann

Bhí sé ina ‘Aire Oideachais agus Eolaíochta’, mar a ghairtear de, i ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Tá sé ina Reachtaire ar acadamh dlí Donbass. Agus é ag glacadh na gcáileanna sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

8.4.2022

947.

Sergei Sergeevich NAUMETS

(Сергей Сергеевич НАУМЕЦ / Сергiй Сергiйович НАУМЕЦЬ)

Dáta breithe: 13.7.1976

Inscne: fireann

Bhí sé, tráth, ina ‘Aire Tógála, Tithíochta, agus Seirbhísí Comhchoiteanna’, mar a ghairtear de, i ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

8.4.2022

1073.

Mikhail Vasilyevich GOLUBOVICH

(Михаил Васильевич ГОЛУБОВИЧ)

Dáta breithe: 21.11.1943

Áit bhreithe: Zolotonosha, APSS (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

Bhí sé tráth ina chomhalta de ‘Daon-Chomhairle’, mar a ghairtear di, ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Ceapadh é mar Shaoránach Oinigh Luhansk in 2016 agus mar Dhaon-ealaíontóir ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, in 2015. Tá sé ina stiúrthóir ealaíne ar Amharclann Acadúil Ceoil agus Drámaíochta na hÚcráine (Luhansk) ar an Oboronna. In 2022, bronnadh teastas onórach Dhaon-Chomhairle ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, air. In 2023, fuair sé litir bhuíochas ó Leas-Chathaoirleach Dúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise agus buíochas ó Aire Cultúir Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

8.4.2022

1110.

Gulbakhor ISMAILOVA

(ar a dtugtar freisin Ismailova Gulbakhor)

Гульбахор ИСМАИЛОВА

Dáta breithe: 22.12.1959

Áit bhreithe: APSS (An Úisbéiceastáin anois)

Seoladh: Apartment 81-83, 79 Ustabayeva Street 1000187 Tashkent, an Úisbéiceastáin

Duine aonair comhlachaithe: Alisher Usmanov, deartháir

Náisiúntacht: Rúiseach

Pasuimhir: 71 3059195 (Rúiseach)

Inscne: baineann

Is deirfiúr le Alisher Usmanov, mórphearsa gnó ar son an Kremlin atá liostaithe faoi Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, í Gulbakhor Ismailova. Léirigh imscrúduithe a rinne an German Federal Criminal Police Office (Bundeskriminalamt) gur aistrigh Alisher Usmanov sócmhainní go hindíreach chuig a dheirfiúr Gulbakhor Ismailova. Go háirithe, is é úinéir an luaimh ‘Dilbar’ Navis Marine Ltd. (Oileáin Cayman) arb é Almenor Holdings Ltd. (an Chipir) a scairshealbhóir. Tá na scaireanna uile sa chuideachta shealbhaíochta sin á sealbhú ag Pomerol Capital SA (an Eilvéis) ar iontaobhas ar mhaithe le ‘ The Sisters Trust’. Ó 2017 i leith, níl Alisher Usmanov ina scairshealbhóir den chuideachta iontaobhais sin a thuilleadh, rud a fhágann gurb í a dheirfiúr, Gulbakhor Ismailova, aon úinéir tairbhiúil an luaimh ‘Dilbar’.

Tá nasc aici freisin le só-réadmhaoin san Iodáil agus sa Laitvia, só-réadmhaoin is féidir a nascadh lena deartháir Alisher Usmanov. Braitheann sí ar líonra cuideachtaí caocha chun saibhreas a deartháir a cheilt. Dá bhrí sin, is garghaol í ag baint tairbhe as a deartháir Alisher Usmanov.

8.4.2022

1156.

Marina Alexandrovna MORDASHOVA

(Rúisis: Марина Александровна МОРДАШОВА

Dáta breithe: 17.5.1979

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Daoine aonair comhlachaithe:

Alexey Mordashov (páirtí)

Kirill Mordashov (leasmhac)

Nikita Mordashov (leasmhac)

Eintitis chomhlachaithe:

Ondero Limited, Ógh-Oileáin na Breataine

Unifirm Limited, an Chipir

Ranel Assets Limited, Ógh-Oileáin na Breataine

Rayglow Limited, An Chipir

ServerGroup LLC (Cónaidhm na Rúise)

KN-Holding LLC (Cónaidhm na Rúise)

Is compánach saoil Alexey Mordashov, cathaoirleach na cuideachta Severgroup, í Marina Mordashova. D’aistrigh Alexey Mordashov a chuid scaireanna sa chuideachta ollmhór taistil, TUI, agus sa chuideachta óir, Nordgold, ar fiú os cionn EUR 1.5 billiún iad le chéile, chuig a chompánach saoil, Marina Mordashova, trí chuideachtaí éagsúla amach ón gcósta, lena n-áirítear Unifirm Limited, Ondero Limited agus Ranel Assets Limited, atá faoi úinéireacht Marina Mordashova nó atá á rialú aici. Dá bhrí sin, is garghaol Marina Mordashova a bhaineann tairbhe as a comhpháirtí saoil Alexey Mordashov.

3.6.2022

1157.

Mikhail Evgenievich MIZINTSEV

(Rúisis: Михаил Евгеньевич МИЗИНЦЕВ)

Dáta breithe: 10.9.1962

Áit bhreithe: Averinskaya, Syamzhensky district, réigiún Vologda, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Iar-Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise; Iarcheann an National Defense Control Center de chuid Chónaidhm na Rúise, Coirnéal-Ginearál

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é an Coirnéal-Ginearál Mikhail Mizintsev Iar-Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise agus iarCheann Ionad Rialaithe Cosanta Náisiúnta Chónaidhm na Rúise. Tugtar ‘ Búisteoir Mariupol’ mar leasainm ar Mizintsev agus sainaithníodh é mar an té a bhí i gceannas ar léigear Mariupol, áit a ndeachaigh sé i muinín na n-oirbheart a úsáideadh roimhe seo i léigear Aleppo sa tSiria, agus fórsaí na Rúise á stiúradh aige sa bhuamáil a rinneadh ar Mariupol. Cuirtear i leith Mizintsez go háirithe gur eagraigh sé bombarduithe chathair Mariupol, inar maraíodh na céadta sibhialtach, lena n-áirítear tuairgneáil ospidéil máithreachais agus amharclainne in Mariupol, inar maraíodh na céadta leanaí. Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Mikhail Mizintsev atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de cobhsaíocht nó de shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

3.6.2022

1172.

Aleksandra MELNICHENKO

(Seirbis: Александра МЕЉНИЧЕНКО)

(Cróitis: Aleksandra MELJNIČENKO)

Dáta breithe: 21.4.1977

Áit bhreithe: Béalgrád, an Iúgslaiv (Poblacht na Seirbia anois)

Duine aonair comhlachaithe: Andrey Igorevich Melnichenko (fear céile)

Náisiúntacht: Seirbiach, Crótach

Inscne: baineann

Pasuimhir: Pas na Cróite uimh. 012516964 (in éag: 5.5.2033)

Is í Aleksandra Melnichenko bean chéile Andrey Melnichenko, tionsclaí Rúiseach a d’aistrigh an úinéireacht éifeachtach agus an leas atá aige sa mhórtháirgeoir leasacháin EuroChem Group agus an chuideachta guail SUEK chuici an 9 Márta 2022.

Baineann Aleksandra Melnichenko leas as an saibhreas agus baineann sí tairbhe as rachmas a fir chéile. I mí an Mhárta 2022, ghlac Aleksandra Melnichenko áit a fir chéile mar úinéir tairbhiúil ar Firstline Trust, atá á bhainistiú ag Linetrust PTC Ltd, cuideachta atá ina húinéir deiridh ar EuroChem Group.

Dá bhrí sin, is garghaol a bhaineann tairbhe as a fear céile Andrey Melnichenko agus atá nasctha leis trí leasanna airgeadais coiteanna.

3.6.2022

1174.

Pavel Evgenevich PRIGOZHIN

(Павел Евгеньевич ПРИГОЖИН)

Dáta breithe: 18.6.1998

Náisiúntacht: Rúiseach

Cláruimhir aitheantais cháiníocóra: 780103765308

Daoine aonair comhlachaithe: Yevgeniy Viktorovich Prigozhin (athair), Lyubovna Valentinovna Prigozhina (máthair), Polina Evgenievna Prigozhina (deirfiúr)

Eintitis chomhlachaithe: Lakhta Park, Lakhta Park Premium, Lakhta Plaza, Turtrans

Inscne: fireann

Mac é Pavel Prigozhin le Yevgeniy Prigozhin, duine mór gnó a fheidhmíonn sa Rúis agus a bhfuil dlúthcheangail aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le hAireacht Cosanta na Rúise. Is é Yevgeniy Prigozhin bunaitheoir agus ceann neamhoifigiúil an Ghrúpa Wagner, eintiteas míleata neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis, agus atá freagrach as amhais a imscaradh san Úcráin.

Tá Concord, ar a dtugtar freisin KOMBINAT PITANIYA KONKORD OOO, cuideachta a bhunaigh Yevgeniy Prigozhin agus ar leis é go dtí mí na Samhna 2019 agus grúpa cuideachtaí eile a bhfuil ceangal acu leis, lena n-áirítear Concord Management agus Consulting LLC agus Megaline LLC, ag baint tairbhe as conarthaí móra poiblí le hAireacht Cosanta na Rúise mar thoradh ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé ag Cónaidhm na Rúise, agus ar fhorghabháil Oirthear na hÚcráine ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu.

Tá Pavel Prigozhin comhlachaithe le roinnt cuideachtaí a bhí faoi úinéireacht a mháthar, Lyubov Valentinovna Prigozhina, roimhe seo: Beta LLC, Turstatus, Lakhta Park Premium LLC, Lakhta Park LLC agus Lakhta Plaza LLC. Ina theannta sin, tá Pavel Prigozhin bainteach leis an gcuideachta JSC Businessprof, ar leis an tIonad Gnó Sinop i gCathair Pheadair.

Dá bhrí sin, tá baint aige le mórdhaoine gnó nó le daoine dlíthiúla, eintitis nó comhlachtaí atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Is garghaol é freisin a bhaineann tairbhe as a athair Yevgeniy Prigozhin.

Thairis sin, d’fhóin Pavel Prigozhin sa Ghrúpa Wagner sa tSiria. Dheimhnigh sé go poiblí go bhfuil baint aige leis na hoibríochtaí míleata i gcoinne na hÚcráine trí bheith ag fónamh in aonad den Ghrúpa Wagner i réigiún Donbass. Dá bhrí sin, tacaíonn sé go gníomhach freisin le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

3.6.2022

1175.

Arkady Yurievich VOLOZH

(Аркадий Юрьевич ВOЛОЖ)

Dáta breithe: 11.2.1964

Áit bhreithe: Atyrau, APSS (an Chasacstáin anois)

Feidhm: comhbhunaitheoir agus príomhoifigeach feidhmiúcháin Yandex N.V.

Náisiúntacht: Rúiseach, Máltach

Inscne: fireann

Is duine mór gnó Rúiseach é Arkady Volozh a bhfuil leasanna gnó i TF agus teicneolaíocht aige. Is é bunaitheoir agus iar-Phríomhoifigeach feidhmiúcháin Yandex é, a d’éirigh as an bpost sin tar éis don Aontas Eorpach é a liostú. Is mórscairshealbhóir é in Yandex, an chuideachta idirlín is mó sa Rúis, a oibríonn an innill cuardaigh is mó tóir sa Rúis. Feidhmíonn Yandex san earnáil TFC, a thugann ioncam cánach suntasach do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Is scairshealbhóirí agus infheisteoirí in Yandex iad bainc sa Rúis atá faoi úinéireacht Stáit, amhail Sberbank agus VTB.

Sa bhliain 2019, d’aontaigh Yandex le hathstruchtúrú a thug ‘ scair órga’ don Public Interest Foundation nuabhunaithe a tógadh chun ‘leasanna Chónaidhm na Rúise a chosaint’. Tríd an Public Interest Foundation, tá Rialtas Chónaidhm na Rúise in ann liosta sainithe saincheisteanna a chrosadh amhail maoin intleachtúil ábharach a dhíol, agus sonraí pearsanta úsáideoirí na Rúise a dhíol le cuideachtaí eachtracha nó iad a aistriú chucu, ceisteanna a mheastar a théann i bhfeidhm ar ‘leas náisiúnta’ na Rúise. Tá Yandex freagrach freisin as meáin Stáit agus insintí an stáit a chur chun cinn ina thorthaí cuardaigh, agus ábhar ina gcáintear an Chreimil a dhí-aicmiú agus a bhaint, amhail ábhar a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ó thús an chogaidh, lean Yandex beartas faisnéise agus cinsireacht Rialtas Chónaidhm na Rúise. Chomhlíon torthaí cuardaigh inneall cuardaigh Yandex éilimh údaráis na Rúise, nach léiríonn ach na foinsí a bhaineann le bolscaireacht Rúiseach ar son an chogaidh. Thairis sin, chabhraigh Yandex le suíomhanna gréasáin atá ag brú éileamh bréagach agus ar son na Rúise faoi ionradh na hÚcráine le brabús a dhéanamh trí fhógraíocht dhigiteach.

Dá bhrí sin, is duine gnó é Volozh atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, bhí sé ag tacú, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

3.6.2022

1183.

Sharip Sultanovich DELIMKHANOV

(Шарип Султанович ДЕЛИМХАНОВ)

Dáta breithe: 23.4.1980

Áit bhreithe: Dzhalka, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ceannasaí ar bhrainse Seisniach Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise.

Freagrach as bheith i gceannas ar fhórsaí na Seisnia le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear i réigiúin Kyiv agus Donbass. Bronnadh an teideal ‘Laoch Phoblacht na Seisnia’ air as a chuid gníomhaíochtaí i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Tá sé freagrach, sa cháil sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1190.

Alexey Mikhailovich KUZMENKOV

(Алексей Михайлович КУЗЬМЕНКОВ)

Dáta breithe: 10.6.1971

Áit bhreithe: Horlivka, APSS (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ceapadh Aleksey Kuzmenkov mar Leas-Aire Cosanta um Lóistíocht. Bhí sé tráth ina Leas-Stiúrthóir ar Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia) - leas-Ardcheannasaí Rosgvardia.

Seoladh aonaid Rosgvardia chuig na ceantair atá faoi smacht údaráis na Rúise, amhail Kherson, Henichesk, Berdyansk agus limistéir áirithe de Mariupol, chun agóidí an phobail áitiúil a chur faoi chois. Ghlac siad páirt freisin i marú, éigniú agus céasadh sibhialtach in Bucha na hÚcráine. Tá comhaltaí de Rosgvardia tar éis saoránaigh ar son na hÚcráine a ghabháil agus tá riarachán míleata-póilíní curtha ar bun acu. Tá comhaltaí de Rosgvardia tar éis saoránaigh ar son na hÚcráine a ghabháil agus tá riarachán míleata-póilíní curtha ar bun acu.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, sa cháil a bhí aige agus sa cháil atá aige faoi láthair, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1193.

Konstantin Vladimirovich IVASHCHENKO

(Rúisis: Константин Владимирович ИВАЩЕНКО;

Úcráinis: Костянтин Володимирович IВАЩЕНКО)

Dáta breithe: 3.10.1963

Áit bhreithe: Mariupol, APSS (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Úcránach

Inscne: fireann

Tar éis d’fhórsaí armtha na Rúise cathair Mariupol a ghabháil, cheap ‘Ceann Dhaon-Phoblacht Donetsk’ Denis Pushilin, mar a ghairtear de, Konstantin Ivashchenko ina mhéara ar Mariupol an 6 Aibreán 2022. Briseadh as a phost é i mí Eanáir 2023. Thacaigh sé go poiblí leis na hullmhúcháin do na reifrinn neamhdhleathacha sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin agus bhí sé rannpháirteach sna hullmhúcháin chéanna.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1197.

Andrei Vladimirovich SHEVCHIK

(Rúisis: Андрей Владимирович ШЕВЧИК)

Dáta breithe: 17.6.1973

Áit bhreithe: Krasnoyarsk-26, APSS (Zheleznogorsk, Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Iar-Mhéara, mar a ghairtear de, de Enerhodar. D’eagraigh sé cruthú ‘comhairle féineagraíochta chathair Enerhodar’ an 27 Márta 2022, nár thacaigh údaráis na hÚcráine leis.

Bhí sé freagrach, dá bhrí sin, sa cháil sin a bhí aige tráth, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1201.

Maiya Nikolaevna BOLOTOVA (TOKAREVA a hainm báiste)

(ar a dtugtar freisin Maiya/Mayya/Maija/Maja Nikolaevna BOLOTOVA)

(Майя Николаевна БОЛОТОВА (ТОКАРЕВА))

Dáta breithe: 18.1.1975

Áit bhreithe: Karaganda, APSS (an Chasacstáin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is í Maya Bolotova (Tokareva a hainm baiste) iníon le Nikolay Tokarev, POF Transneft, mórchuideachta ola agus gáis sa Rúis. Tá só-réadmhaoin ag Maya Bolotova agus ag a hiar-fhear céile, Andrei Bolotov, i Moscó, sa Laitvia agus sa Chróit ar fiú níos mó ná USD 50 milliún í agus ar féidir í a nascadh le Nikolay Tokarev. Tá naisc aici freisin leis an gcuideachta Ronin, a bhainistíonn an ciste pinsin do Transneft. Nuair a rinne sí iarratas ar shaoránacht na Cipire, liostaigh sí seoladh Ronin Europe mar a seoladh féin sa phreasráiteas. Ina theannta sin, tá baint aici leis an Ronin Trust, a bhainistíonn ciste pinsin Transneft, trína cuideachta eastáit réadaigh Ostozhenka 19 (ar a dtugtaí RPA Esteit tráth). Dá bhrí sin, is garghaol Maya Bolotova a bhaineann tairbhe as Nikolay Tokarev, príomhphearsa gnó atá ag feidhmiú sa Rúis.

21.7.2022

1202.

Pavel EZOUBOV

(Павел EЗУБОВ)

Dáta breithe: Lúnasa 1975

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Pavel Ezubov col ceathrair Oleg Deripaska, ar leis é an ilchuideachta thionsclaíoch Russian Machines, lena n-áirítear an Military Industrial Company, soláthraí mór arm agus trealaimh mhíleata chuig fórsaí armtha na Rúise. Tá Oleg Deripaska tar éis sócmhainní móra a aistriú chuig a chol ceathrair Pavel Ezubov, lena n-áirítear roinnt maoine sa Fhrainc, trí chuideachta shealbhaíochta atá ar leEzubov í, óstán in Lech na hOstaire, tríd an gcuideachta shealbhaíochta Gost Hotel Management LLC atá bunaithe sa Rúis agus atá faoi úinéireacht Ezubov agus rialú na cuideachta Terra Limited. Dá bhrí sin, is garghaol Pavel Ezubov a bhaineann tairbhe as a chol ceathrair Oleg Deripaska.

21.7.2022

1213.

Andrey Anatolyevich KOZITSYN

(Андрей Анатольевич КОЗИЦЫН)

Dáta breithe: 9.6.1960

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Andrey Kozitsyn ar dhuine de phríomhdhaoine gnó Rúiseach. Is iar-Phríomhoifigeach feidhmiúcháin é de Ural Mining Metallurgical Company (UMMC/UGMK), ceann de phríomhtháirgeoirí mór-tráchtearraí sa Rúis (lena n-áirítear copar, sinc, gual, ór, agus airgead) agus leanann sé de bheith ina fhigiúr gnó gníomhach i go leor earnálacha gnó éagsúla. Aithnítear é as a rannchuidiú tábhachtach le geilleagar na Rúise agus le forbairt réigiún Ural. Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

21.7.2022

1244.

Evgeniy Alexandrovich SOLNTSEV

(Евгений Александрович СОЛНЦЕВ)

Dáta breithe: 1980

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

‘Leas-Chathaoirleach Rialtas Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear de, ón 8 Meitheamh 2022.

An 30 Márta 2023, ceapadh é ina Chathaoirleach ar Rialtas ‘Dhaon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di.

Ag gníomhú dó sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó den cobhsaíocht nó den tslándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, nó lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

6.10.2022

1264.

Sayed Hojatollah QUREISHI

(سید حجت الله قریشی)

(ar a dtugtar freisin Sayyed Hojatolah GHOREISHI)

Dáta breithe: 27.9. 1964

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Grád: Ginearál

Post: Ceann na Rannóige Soláthair, Taighde agus Gnóthaí Tionsclaíocha ag Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL)

Pas N42881363 (an Iaráin) ag dul in éag an 10 Deireadh Fómhair 2022; nó Pas D9021706 (an Iaráin) ag dul in éag an 14 Iúil 2021; nó Pas D10007155 (an Iaráin) ag dul in éag an 17 Lúnasa 2025; nó Pas A59655618 (an Iaráin) ag dul in éag an 15 Meán Fómhair 2027; Uimhir Aitheantais Náisiúnta: 5929869741 (an Iaráin)

Is é Ginearál Sayed Qureishi Ceann na Rannóige Soláthair, Taighde agus Gnóthaí Tionsclaíocha ag Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL) agus tá sé freagrach as caibidlíocht a dhéanamh don chomhaontú le Cónaidhm na Rúise maidir le soláthar Aerfheithiclí Gan Foireann de dhéantús na hIaráine (UAVanna) lena n-úsáid sa chogadh foghach I gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá an Ginearál Sayed Qureishi freagrach as tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.10.2022

1271.

Hamid VAHEDI

(حمید واحدی)

Dáta breithe: Márta/Aibreán 1965

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Céim: Briogáidire-Ghinearál

Post: Ardcheannasaí Aerfhórsa na hIaráine

Is é an Briogáidire-Ghinearál Hamid Vahedi Ardcheannasaí ar Aerfhórsa na hIaráine.

Sa phost sin, tá baint aige le próiseas cinnteoireachta maidir le clár Aerárthaí Gan Foireann na hIaráine, onnmhairí Aerárthaí Gan Foireann agus comhar cosanta le Cónaidhm na Rúise sa réimse sin, rud a d’fhág go bhfuil Aerárthaí Gan Foireann de chuid na hIaráine á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá an Briogáidire-Ghinearál Hamid Vahedi ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

12.12.2022

1273.

Denis Sergeevich KURASHOV

(Денис Сергеевич КУРАШОВ)

Dáta breithe: 31.5.1978

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Denis Sergeevich Kurashov ina Leas-Aire, agus ó mhí na Bealtaine 2023, mar Aire Cumarsáide in ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Mar chuid de rialtas, mar a ghairtear de, réigiún Donetsk a ionghabhadh go neamhdhleathach, tá baint aige le gníomhaíochtaí scarúnaíocha agus tá sé freagrach as reifreann a eagrú chun go mbeadh Donetsk mar chuid den Rúis. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

16.12.2022

1274.

Dmitriy Vladimirovich SHMELEV

(Дмитрий Владимирович ШМЕЛЕВ)

Dáta breithe: 1981

Áit bhreithe: Gelendzhik, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Dmitry Shmelev ina Aire Ioncaim ‘Dhaon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, go dtí an 21 Feabhra 2023. Mar chuid de rialtas, mar a ghairtear de, réigiún Donetsk a ionghabhadh go neamhdhleathach, bhí baint aige le gníomhaíochtaí scarúnaíocha agus tá sé freagrach as reifreann a eagrú chun go mbeadh Donetsk mar chuid den Rúis. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

16.12.2022

1275.

Timur Ilgizovich SAMATOV

(Тимур Ильгизович САМАТОВ)

Dáta breithe: 4.4.1992

Áit bhreithe: Kazan, Cónaidhm na Rúise

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Cheap rialtas na Rúise Timur Samatov mar Aire Tionscail agus Trádála ‘Dhaon-Phoblacht Luhansk’ , mar a ghairtear di. Mar chuid de rialtas, mar a ghairtear de, réigiún Luhansk a ionghabhadh go neamhdhleathach, tá baint aige le gníomhaíochtaí scarúnaíocha agus tá sé freagrach as reifreann a eagrú chun go mbeadh Luhansk mar chuid den Rúis. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

16.12.2022

1384.

Valeriy Mikhailovich PAKHNITS

(Валерий Михайлович ПАХНИЦ/Валерiй Михайлович ПАХНИЦЬ)

Dáta breithe: 22.1.1953

Áit bhreithe: Mariupol, APSS (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Úcránach

Inscne: fireann

Seoladh: 5 Myslichenko St. Chmyrevka village, Starobilskyi district, réigiún Luhansk, an Úcráin

Uimhir aitheantais chánach: 1938008353 (an Úcráin)

Bhí Valeriy Pakhnits tráth ina cheannaire gníomhach ar riarachán cheantar Starobilskyi, ar ceapachán é a rinne an Rúis. Ina ról, rinne sé maoirseacht ar urghabháil táirgí talmhaíochta agus gráin na hÚcráine lena n-aistriú isteach sa Rúis. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

16.12.2022

1405.

Aleksey Aleksandrovich PETROV

(Алексей Александрович ПЕТРОВ)

Dáta breithe: 29.9.1995

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Aleksey Petrov ina Chomhairleoir d’Oifig an Choimisinéara um Chearta Leanaí i gCónaidhm na Rúise. Sa ról sin, tá baint aige le leanaí ón Úcráin a bheith á n-iompar go neamhdhleathach chuig an Rúis agus a bheith á n-uchtú ag teaghlaigh Rúiseacha. Sáraíonn gníomhaíochtaí Aleksey Aleksandrovich Petrov cearta leanaí na hÚcráine agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine agus dá bhrí sin tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

16.12.2022

1420.

Andrey Alexandrovich SPIVAK

(Андрей Александрович СПИВАК)

Dáta breithe: 14.12.1977

Áit bhreithe: Dnipropetrovsk, APSS (Dnipro, an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Iar-Ionchúisitheoir de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ mar a ghairtear di, a ionghabhadh go neamhdhleathach, faoi údarás Oifig an Ionchúisitheora de chuid Chónaidhme na Rúise. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, thacaigh sé, dá bhrí sin, le gníomhaíochtaí agus le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

25.2.2023

1425.

Vladimir Ivanovich BULAVIN

(Владимир Иванович БУЛАВИН)

Dáta breithe: 11.2.1953

Áit bhreithe: Ploskim, APSS (Stanovoye, Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Vladimir Bulavin an t-IarCheann ar Seirbhís Chónaidhme Custaim Chónaidhm na Rúise agus is Comhalta de Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise é. Ina ról mar Cheann ar an tSeirbhís Cónaidhme Custaim, mhaoirsigh sé iarrachtaí chun allmhairí comhthreomhara isteach sa Rúis a dhaingniú chun an bonn a bhaint de shrianta trádála agus custaim. D’údaraigh sé freisin go n-osclófaí oifigí agus go bhfeidhmeofaí údarás díreach ar phróisis chustaim i gcríocha Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus go ndéanfaí cód custaim na Rúise a fhorchur ar na críocha sin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

25.2.2023

1443.

Aleksey Aleksandrovich UCHENOV

(Алексей Александрович УЧЕНОВ)

Dáta breithe: 13.2.1986

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Iar-Leas-Aire Tionscail agus Trádála

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Aleksey Uchenov ina Leas-Aire san Aireacht Tionscail agus Trádála ó 2021 go mí Mhárta 2023.Is é an Aireacht Tionscail agus Trádála an comhlacht feidhmiúcháin cónaidhme atá freagrach as beartas stáit agus rialáil dlí a fhorbairt i réimse, inter alia, an choimpléasc thionsclaíoch mhíleata, gníomhaíochtaí spáis agus fhorbairt na teicneolaíochta eitlíochta. Déanann an Roinn maoirseacht ar thionscal arm agus cosanta na Rúise, agus tá ról ríthábhachtach aige ó thaobh an trealamh míleata a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a sholáthar. Agus é in oifig mar Leas-Aire i Roinn an Tionscail agus na Trádála, tá sé freagrach as gníomhartha agus as gníomhaíochtaí de chuid na Roinne sin lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus is duine nádúrtha é a thacaíonn leis Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

25.2.2023

1487.

Vyacheslav Aleksandrovich BOGUSLAYEV

(Вячесла’в Алекса’ндрович БОГУСЛА’ЕВ)

Dáta breithe: 28.10.1938

Áit bhreithe: Oral/ Uralsk, APSS (an Chasacstáin anois)

Feidhm: Ard-Stiúrthóir JSC MOTOR SICH; Iarchomhalta de pharlaimint na hÚcráine

Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach

Inscne: fireann

Is iar-ionadaí Úcránach é Vyacheslav Boguslayev de chuid páirtí na réigiún atá ar son na Rúise agus is é príomh-scairshealbhóir na cuideachta JSC MOTOR SICH, monaróir innill aerárthaí Úcránach. Tá sé freagrach as innill a sholáthar d’arm na Rúise chun héileacaptair comhraic a tháirgeadh agus a dheisiú (Mi-8, Mi24, Mi28 agus Ka-52), a úsáideadh go forleathan le linn na coinbhleachta san Úcráin, go háirithe ag tús an chogaidh. Lean sé de threalamh míleata a chur ar fáil do thrúpaí na Rúise in ainneoin na coinbhleachta, agus tá sé fós ag tacú le fórsaí armtha na Rúise.

Choinnigh údaráis na hÚcráine é i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus chuir siad ina leith go ndearna sé gníomhaíochtaí comhoibritheacha, chomh maith le bheith ‘comhpháirteach le stát an ionsaitheora’ agus go ndearna sé tréas.

D’íoc Vyacheslav Boguslaev cánacha agus íocaíochtaí custaim freisin i bhfabhar ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, a úsáideadh chun teorainneacha na hÚcráine a athrú go héigeantach. Dá bhrí sin, bíonn idirbhearta á ndéanamh aige freisin leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

25.2.2023

1491.

Ghassem DAMAVANDIAN

(قاسم دماوندیان)

Dáta breithe: 2.5.1968

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Feidhm: POF agus stiúrthóir bainistíochta Qods Aviation Industries

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimhreacha eile doiciméad aitheantais: 0052944492 (an Iaráin)

Eintitis chomhlachaithe: Qods Aviation Industries

Is é Ghassem Damavandian Príomhoifigeach feidhmiúcháin agus stiúrthóir bainistíochta Qods Aviation Industry (QAI), eintiteas atá ag díol ladrainn Mohajer-6 leis an Rúis chun iad a úsáid i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Thug sé cuairt ar Mhoscó mar ionadaí oifigiúil na hIaráine chun plé a dhéanamh ar shaoráid nua a thógáil sa Rúis ina dtógfar ladrainn sa todhchaí. Agus an ról sin aige, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

25.2.2023’;

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘13.

State Unitary Enterprise of the City of Sevastopol, ‘Sevastopol seaport’

ГУП ГС ‘Севастопольский морской порт’

(ar a dtugtaí fiontar Stáit ‘Sevastopol commercial seaport’ tráth

Государственное предприятие ‘Севастопольский морской торговьй порт’

Gosudarstvenoye predpriyatiye ‘Sevastopolski morskoy torgovy port’)

Seoladh: Nakhimov Square 5, 299011 Sevastopol

(пл. Нахимова, 5, г. Севастополь, 299011)

Uimhir chlárúcháin: 1149204004707

Suíomh gréasáin: https://www.sevmp.ru/

Ríomhphost: gupsmp@mail.ru

Aistríodh úinéireacht an eintitis de shárú ar dhlí na hÚcráine. An 17 Márta 2014 ghlac ‘Parlaimint na Crimé’ Rún Uimh. 1757-6/14 ‘Maidir le náisiúnú a dhéanamh ar roinnt cuideachtaí ar le haireachtaí bonneagair nó talmhaíochta na hÚcráine iad’ inar dearbhaíodh go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid an fhiontair stáit ‘Calafort tráchtála Sevastopol’ a ghabháil thar ceann ‘Poblacht na Crimé’. Tá ‘údaráis’ na Crimé, más ea, tar éis an fiontar a choigistiú a mhórán nó a bheagán. In 2023, fógraíodh go n-aistreofaí úinéireacht Fiontar Aonadach Stáit Chathair Sevastopol ‘Sevastopol seaport’ chuig Cónaidhm na Rúise. Ó thaobh méid na trádála de, is é an calafort tráchtála is mó sa Chrimé é. Athchláraíodh an 6 Meitheamh 2014 é mar State Unitary Enterprise of the City of Sevastopol (Institiúid Aonadach Stáit de chuid Chathair Sevastopol) ‘calafort Sevastopol’ (Государственное унитарное предприятие города Севастополя ‘Севастопольский морской порт’). Bunaitheoir: Rialtas Sevastopol (Правительство Севастополя).

25.7.2014

21.

Cuideachta Comhstoic Almaz-Antey air and space defence corporation (corparáid cosanta aeir agus spáis)

Акционерное общество ‘Концерн воздушно-космической обороны ‘Алмаз — Антей’’

(ar a dtugtar freisin Concern Almaz-Antey); Almaz-Antey corp; ar a dtugtar freisin Almaz-Antey defense corporation; ar a dtugtar freisin Almaz-Antey JSC; Концерн ВКО ‘Алмаз — Антей’)

Seoladh: 41 ul. Vereiskaya street, Moscó 121471, Cónaidhm na Rúise;

Suíomh gréasáin: www.almaz-antey.ru

Ríomhphost: antey@almaz-antey.ru

Uimhir chlárúcháin: 1027739001993

Cuideachta faoi úinéireacht stát na Rúise is ea Almaz-Antey. Déanann an chuideachta armra frith-aerárthaigh lena n-áirítear diúracáin dromchla go haer, a sholáthraíonn sí d’arm na Rúise. Tá armra trom á sholáthar ag údaráis na Rúise do scarúnaithe in Oirthear na hÚcráine, rud a chuireann le díchobhsú na hÚcráine. Úsáideann na scarúnaithe na hairm sin, lena n-áirítear chun eitleáin a scaoileadh anuas. Mar chuideachta atá faoi úinéireacht Stáit, cuireann Almaz-Antey le díchobhsú na hÚcráine dá bhrí sin.

Leanann fórsaí míleata na Rúise de bheith ag baint úsáide as córais diúracán mar shampla an déanamh S-300 de dhiúracáin dromchla go haer, diúracán frith-aerárthaigh Strela-10 agus Sosna-R, ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, diúracáin a d’fhorbair agus a tháirgeann Almaz-Antey. Dá bhrí sin, tá an comhlacht corpraithe Almaz-Antey freagrach as tacú go hábhartha le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

30.7.2014

23.

PJSC ‘Russian National Commercial Bank’

(Публичное акционерное общество ‘Российский национальный коммерческий банк’)

Seoladh: 295000, Simferopol, Naberezhnaja str (a ainmníodh as comóradh 60 bliain ar an bhfód d’Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha), 34

295000, Симферополь, ул. Набережная имени 60–летия СССР, д. 34

Suíomh gréasáin: http://www.rncb.ru

Uimhir chlárúcháin: 1027700381290

Tar éis ionghabháil neamhdhleathach na Crimeé, bhí Russian National Commercial Bank (RNCB) go hiomlán faoin úinéireacht ‘Poblacht na Crimé’ mar a ghairtear di. I mí Eanáir 2016 tháinig sé ina mhaoin de chuid Federal Agency for State Property Management, ar a dtugtar Rosimushchestvo freisin (Федеральное агентство по управлению государственным имуществом (Росимущество)).

Tá sé ina ghníomhaí ceannasach sa mhargadh anois, cé nach raibh sé in Crimeé roimh an ionghabháil. Trí bhrainsí de bhainc a bhí ag feidhmiú in bPoblacht na Crimé ach a bhí ag imeacht a cheannach nó a ghabháil ar láimh, thacaigh RNCB ar bhonn ábhartha agus ar bhonn airgeadais le gníomhaíochtaí rialtas na Rúise an Chrimé a lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise, rud a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine.

An 29 Eanáir 2020 chinn Russian Central Bank Sevastopol Marine Bank a atheagrú le rannpháirtíocht RNCB. Ghlac an banc páirt in dhá mhórthionscadal bonneagair i bPoblacht na Crimé - maoiníonn sé ionad nua críochfoirt aeir a thógáil in Simferopol agus i saoráidí giniúna (Balaklavskaya TPP agus Tavricheskaya TPP).

In 2023, rinneadh fochuideachta de chuid VTB Bank de RNCB, banc atá faoi úinéireacht an stáit agus arb é an banc is mó sa Rúis agus atá ina institiúid airgeadais de chuid rialtas na Rúise lena ngabhann tábhacht shistéamach agus atá fós ina phríomhfhoinse ioncaim do Chónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, tugann RNCB tacaíocht ó thaobh airgeadais de le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Is duine dlíthiúil é RNCB chomh maith a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a chuireann foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

30.7.2014

25.

An ghluaiseacht phoiblí ‘Síocháin do réigiún Luhansk’ (Mir Luganschine)

Общественное движение ‘ Мир Луганщине’

Seoladh: Karl Marx Street 7, Luhansk, an Úcráin

улица Карла Маркса, 7, г. Луганск, Украина

Suíomh gréasáin: https://mir-lug.info/

Ríomhphost: info@mir-lug.info

‘Eagraíocht’ poiblí a rinne ionadaíocht ar na hiarrthóirí sna ‘toghcháin’, mar a ghairtear díobh, in ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, an 2 Samhain 2014 agus an 11 Samhain 2018. Bhí na ‘toghcháin’ sin ina sárú ar dhlí na hÚcráine agus neamhdhleathach dá réir. Ón 17 Feabhra 2018 i leith, is é Leonid PASECHNIK cathaoirleach na heagraíochta sin agus dá bhrí sin, tá baint aige le duine atá ainmnithe ag an gComhairle. Bhí baint aici freisin le gníomhaíochtaí earcaíochta United Russia Party sna críocha sin a ndearnadh ionghabháil orthu.

I mí Iúil 2022 shínigh an ghluaiseacht phoiblí ‘Peace to Luhansk Region’ comhaontú comhair i bpáirt leis an bpáirtí ‘United Russia’ agus bhí sí ríthábhachtach do ghníomhaíochtaí ‘United Russia’ sna críocha ar a ndearnadh forghabháil. Tríd na gníomhaíochtaí sin agus trí pháirt a ghlacadh sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.

29.11.2014

46.

Stroygazmontazh-Most OOO (SGM-Most OOO)

OOO Стройгазмонтаж-Мост

(ООО СГМ-Мост)

Seoladh: Barklaya street 6, building 7 Moscó, 121087 Cónaidhm na Rúise

Uimhir aitheantais chlárúcháin: 1157746088170

Uimh. aitheantais chánach: 7730018980

Ríomhphost: kerch-most@yandex.ru

Suíomh gréasáin: http://kerch-most.ru/

Faoi phróiseas leachtaithe

Leachtaitheoir: Igor Staloverov

Bhí Stroygazmontazh-Most OOO ina fhochuideachta den phríomh-chonraitheoir Stroygazmontazh a rinne bainistiú ar thionscadal tógála an droichid thar Chaolas Kerch agus ghlac sí páirt sa tógáil. Ina theannta sin, is le duine aonair (Arkady Rotenberg) é, atá ainmnithe cheana féin mar gheall ar a chuid gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht na hÚcráine (duine Uimh. 92 san Iarscríbhinn seo). Dá bhrí sin, tá an chuideachta ag tacú le comhdhlúthú leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach i gCónaidhm na Rúise, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

31.7.2018

47.

CJSC VAD

AKTSIONERNOE OBSHCHESTVO VAD

АО ‘ВАД’

Seoladh:

133 Chernyshevskogo street, Vologda, réigiún Vologodskaya, 160019 Cónaidhm na Rúise

122, Grazhdanskiy Prospect, suite 5, Liter A, Cathair Pheadair, 195267 Cónaidhm na Rúise

Uimhir aitheantais chlárúcháin: 1037804006811 (An Rúis)

Uimh. aitheantais chánach: 7802059185

Suíomh gréasáin: www.zaovad.com

Ríomhphost: office@zaovad.com

Teileafón: (812) 328-89-80

Is é CJSC VAD an príomhchonraitheoir chun Mórbhealach Tavrida a thógáil sa Chrimé, an bóthar thar Dhroichead Kerch agus na bóithre rochtana air. Cuirfidh Mórbhealach Tavrida rochtain iompair ar fáil ar an gCrimé trí chóras bóithre nuathógtha a fheidhmíonn mar phríomhnasc le Droichead Kerch. Dá bhrí sin, tá CJSC VAD ag tacú le comhdhlúthú leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach i gCónaidhm na Rúise, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

Ina theannta sin, fuair CJSC VAD roinnt conarthaí móra stáit chun tionscadail bhonneagair a thógáil sa Chrimé, atá faoi fhorghabháil, le luach iomlán dar méid na billiúin Rúbal. Dá bhrí sin tá CJSC VAD, ag baint tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

31.7.2018

52.

Internet Research Agency

(Агентство интернет-исследований)

Dáta a cruthaithe: 2013

Seoladh: Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise

Daoine aonair comhlachaithe: Yevgeny Prigozhin

Is cuideachta Rúiseach í Internet Research Agency atá rannpháirteach in oibríochtaí tionchair ar líne thar ceann na Rúise. Is é an cuspóir deiridh atá aici ná tuairimí an phobail a ionramháil.

Bíonn feachtais bhréagaisnéise idir lámha ag an gcuideachta atá dírithe ar chlár oibre na hÚcráine trí thionchar a imirt ar thoghcháin nó ar bhraistintí faoi ionghabháil na Crimé nó faoin gcoinbhleacht in Donbas. Sa cháil sin, tá Internet Research Agency freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairtí iad ar an méid sin.

Is é Yevgeny Prigozhin a rinne an chuideachtaí a chruthú, a bhainistiú agus a mhaoiniú, agus dá bhrí sin tá baint aici le duine liostaithe.

23.2.2022

54.

PROMSVYAZBANK

(ПАО ‘Промсвязьбанк’)

In 1995 a bunaíodh é

Seoladh: Moscó; Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: psbank.ru

Daoine aonair comhlachaithe: Petr Fradkov, príomhoifigeach feidhmiúcháin

Teileafón: 8 (800) 333 0303, +7 495 787 33 33

OGRN:1027739019142

INN: 7744000912

Is banc faoi úinéireacht Stát na Rúise é PROMSVYAZBANK, a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil d’earnáil cosanta na Rúise agus d’fhórsaí míleata na Rúise, atá freagrach as imscaradh ollmhór trúpaí Rúiseacha feadh na teorann leis an Úcráin agus as trúpaí Rúiseacha a bheith i láthair i leithinis na Crimé.

Tugann Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, treoir dhíreach do PROMSVYAZBANK agus, dá bhrí sin, cuireann sé tacaíocht airgeadais agus ábhartha ar fáil do chinnteoirí na Rúise atá freagrach as díchobhsú oirthear na hÚcráine agus as ionghabháil neamhdhleathach na Crimé.

Oibríonn Promsvyazbank i leithinis na Crimé agus i gcríocha eile san Úcráin atá faoi fhorghabháil ag an Rúis. In 2023, rinne PROMSVYAZBANK dhá bhanc a cheannach ar le Daon-Phoblachtaí Donetsk agus Luhansk iad. Dá bhrí sin tá idirbhearta á ndéanamh aige leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine.

23.2.2022

55.

VEB.RF

(ar a dtugtar freisin Vnesheconombank; VEB)

Bunaíodh é in 1922 mar bhanc agus in 2007 mar institiúid forbartha

Seoladh: st. Vozdvizhenka, 10, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: veb.ru

Daoine aonair comhlachaithe: Igor Shuvalov, Cathaoirleach

Teileafón: +7 (495) 604-63

Is institiúid mhór forbartha airgeadais é VEB.RF a gceapann Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, a cathaoirleach go díreach agus a ghlacann treoracha go díreach uaidh. Cruthaíonn VEB.RF foinse thábhachtach ioncaim do Rialtas na Rúise agus bainistíonn sé a chistí pinsean Stáit.

Tá ról gníomhach ag VEB.RF in éagsúlú earnáil cosanta Chónaidhm na Rúise agus tá tionscadail aige le cuideachtaí an tionscail cosanta, lena n-áirítear Rostec, a thacaíonn le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

Dheonaigh VEB iasachtaí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide sa Chrimé agus measann sé gur ‘réigiún tosaíochta’ é agus tá comhpháirtíochtaí aige le Roinn Gnóthaí na Crimé, atá freagrach as ‘Poblacht na Crimé’ Féinrialaitheach a ionghabhadh a chomhtháthú le Cónaidhm na Rúise.

Sa cháil sin, tugann VEB.RF tacaíocht ábhartha nó airgeadais, go gníomhach, do chinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó díchobhsú oirthear na hÚcráine, nó a bhaineann tairbhe as an méid sin.

23.2.2022

66.

JSC Arzamas Machine-Building Plant

(АО ‘Арзамасский машиностроительный завод’)

Seoladh: Ulitsa 9 Maya, 2, Arzamas, Réigiún Nizhny Novgorod, 607220 Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 831 4740780

Suíomh gréasáin: amz.ru

ríomhphost: oao_amz@amz.ru

Uimhir chánach: 5243001767

Cláruimhir stáit: 1025201335730

Is cuid de Military Industrial Company, cuideachta de chuid Oleg Deripaska é Arzamas Machine-Building Plant. Déantar na hiompróirí armúrtha pearsanra amfaibiach BTR-80, a d’úsáid an Rúis le linn a cogadh foghach i gcoinne hÚcráine in 2022, a mhonarú ann. Tá feabhas á chur aige freisin ar thréithe armúir fheithiclí míleata na Rúise a bhíonn in úsáid sa chogadh i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá Arzamas Machine-Building Plant freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhain an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

8.4.2022

67.

JSC Ruselectronics

(АО ‘Росэлектроника’)

Seoladh: Vereiskaya Str., 29, p. 141., Moscó 115184, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 495 777 42 82

Suíomh gréasáin: https://www.ruselectronics.ru/

Uimhir chánach: 7710277994

Cláruimhir stáit: 1027739000475

Máthairchuideachta: ROSTEC

Is cuideachta sealbhaíochta leictreonaice Rúiseach faoi úinéireacht Rostec é Ruselectronics.

Bhain fórsaí armtha na Rúise úsáid as aonaid ilfheidhmeacha de chóras armán cogaíochta leictreonaí Borisoglebsk-2 a d’fhorbair agus a mhonaraigh JSC Sozvezdie Concern le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2022. Roimhe sin, úsáideadh córas Borisoglebsk-2 ar chríoch scarúnaíoch ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, in Oirthear na hÚcráine.

Chuir Ruselectronics an córas taiscéalaíochta Penicillin ar fáil freisin d’Fhórsaí Armtha na Rúise, a úsáideadh sa chogadh ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Ruselectronics freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhain an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

8.4.2022

79.

Otkritie FC Bank

(ar a dtugtaí NOMOS Bank tráth)

Cineál cuideachta: Cuideachta comhstoic poiblí

Seoladh: D. 2, str. 4, ul. Letnikovskaya, 115114, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: https://www.open.ru/

Teileafón: +7 (495) 224-44-00

Dáta clárúcháin: 15.12.1999

Uimhir chlárúcháin: 1027739019208

Uimhir aitheantais chánach: 7706092528

SWIFT/BIC: JSNMRUMM

Duine aonair comhlachaithe: Igor Finogenov, Comhbhunaitheoir (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Eurasian Development Bank anois)

Comhlaigh: Banc Ceannais na Rúise; Rialtas Chónaidhm na Rúise

Tá Otkritie FC Bank, ar a dtugtaí NOMOS Bank tráth, ar cheann de na 10 mbanc is mó sa Rúis agus institiúid airgeadais atá tábhachtach go sistéamach do Rialtas Chónaidhm na Rúise. Is é Banc Ceannais na Rúise príomhinfheisteoir Otkritie Bank, a bhfuil 99-100 % de na scaireanna ina sheilbh aige. Mar cheann de na hinstitiúidí airgeadais is mó atá faoi úinéireacht stáit na Rúise, gineann Otkritie Bank ioncam ard do Bhanc Ceannais na Rúise agus do Rialtas Chónaidhm na Rúise. Is eintiteas nó comhlacht é Otkritie Bank dá bhrí sin a thacaíonn, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais, nó a bhaineann tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine chomh maith le duine dlíthiúil, eintiteas nó comhlacht a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a chuireann foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

8.4.2022

85.

JSC OBORONENERGO

(Rúisis: АО Оборонэнерго)

Seoladh: 107140, Moscó, 1st Krasnoselsky lane, 11, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 (495) 532-13-06

Suíomh gréasáin: https://oboronenergo.su

Ríomhphost: info@oen.su

Is soláthróir cumhachta míleata é JSC Oboronenergo ar le JSC Garnizon é agus a chuireann, faoi chonarthaí rialtais, seirbhísí soláthair leictreachais ar fáil d’aonaid mhíleata na Rúise agus d’eintitis eile atá faoi réir na hAireachta Cosanta. Ghlac sé páirt sa nuachóiriú a rinneadh ar an aer-bhunáit mhíleata in Korenovsk, a bhí á húsáid ag fórsa armtha Chónaidhm na Rúise chun ionsaithe a dhéanamh ar thargaidí san Úcráin le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go hábhartha le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus bhain sé tairbhe as. Thacaigh sé le gníomhaíochtaí ábharacha a bhain an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

3.6.2022

91.

PJSC KAMAZ ar a thugtar freisin KAMAZ PTC

(Rúisis: ПАО ‘КАМАЗ’)

Seoladh: Avtozavodskiy Prospekt, 2, Naberezhnye Chelny, Poblacht na Tatarstáine, 423827 Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 (800) 555-00-99

Suíomh gréasáin: https://kamaz.ru/en

ríomhphost: callcentre@kamaz.ru

Is forbróir agus monaróir feithiclí agus trealaimh mhíleata de chuid na Rúise é KAMAZ. Tháirg sé na feithiclí KAMAZ-5350, KAMAZ-6350, KAMAZ 6560, feithiclí a mbaineann Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise úsáid astu le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. I mí na Samhna, luaigh KAMAZ go raibh a mhonarcha ag oibriú ag na teorainneacha acmhainneachta a bhí aige chun orduithe arm a chomhlíonadh. D’eisigh sé físeán freisin i mí Aibreáin 2022 inar baineadh úsáid as an tsiombail ‘Z’, a léiríonn tacaíocht don oibríocht san Úcráin.

Dá bhrí sin, tá sí freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

3.6.2022

93.

Tatshina LLC

(OOO ТАТШИНАУК)

Ar a dtugtaí Management Company Tatneft-Neftekhim LLC tráth

(Rúisis: OOO УК Татнефть-Нефтехим))

Seoladh: Korpus AIK-24, Industrial zone Territory, Nizhnekamsk, Nizhnekamskij District, Republic of Tatarstan, 423570 Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7(8555) 49-73-42,

+7(8555) 49-75-86,

+7 (855) 549-74-39

Facs: +7(8555) 49-75-86

Suíomh gréasáin: www.neftehim.tatneft.ru

Ríomhphost: nhk@tnnh.tatneft.ru

Uimhir chlárúcháin: TIN 1644024517

IEC 165101001

PSRN 1021601627090 an 25.11.2002

OKPO 57243722

Eintitis chomhlachaithe:

 

JSC Nizhnekamskshina;

 

LLC Nizhnekamsk Truck Tyre Factory;

 

Nizhnekamsk SSC Tyre Factory;

 

JSC Nizhnekamsktekhuglerod;

 

JSC Nizhnekamsk Mechanical Plant);

 

TD ‘ Kama’ Trading House;

 

LLC ‘ Kama’ Scientific & Technical Center;

 

LLC TATNEFT-Neftekhimsnab;

 

JSC Yarpolimermash-Tatneft;

 

LLC Energoshinservis

Tar éis ainmniú Management Company Tatneft-Neftekhim LLC, dhíol Tatneft Group a rannpháirtíocht sa chuideachta bhainistíochta ‘Tatneft-Neftekhim’ le JSC Tatneftekhiminvest-Holding, a d’athraigh a ainm go Tatshina LLC. Déanann Tatshina LLC (ar a dtugtaí Management Company Tatneft-Neftekhim tráth) fochuideachtaí bonn PJSC Nizhnekamskneftekhim a bhainistiú agus a chomhordú, lena n-áirítear TD KAMA, Nizhnekamskshina agus Nizhnekamsk All-Steel Tyre Plant. Tugann sé gach fiontar a bhaineann le gnó bonn JSC Tatneftekhiminvest-Holding le chéile, agus bainistíonn sé a dtáirgeadh, a bpróisis phleanála, a n-oibríochtaí gnó, a n-acmhainní daonna agus a gcaidreamh poiblí.

Cuireann TD KAMA, dáileoir ginearálta táirgí gnó bonn JSC Tatneftekhiminvest-Holding, boinn ar fáil d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise agus do Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise. Monaraíonn Nizhnekamskshina boinn atá feistithe ar fheithiclí armúrtha K4386 Typhoon-VDV. I measc tháirgí Nizhnekamsk All-Steel Tyre Plant, tá boinn KAMA NU402 atá feistithe ar fheithiclí soghluaisteachta coisithe Tigr a iompraíonn diúracáin shoghluaiste fhritancacha Kornet. D’úsáid Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise feithiclí armúrtha K4386 Typhoon-VDV, feithiclí soghluaisteachta coisithe Tigr agus diúracáin shoghluaiste fhritancacha Kornet le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Cuireann Tatshina LLC agus TD KAMA tacaíocht ábhartha ar fáil freisin d’fhostaithe arna slógadh don chogadh san Úcráin.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábhartha do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábhartha le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

3.6.2022

95.

PJSC Nizhnekamskshina

(Rúisis: ПАО ‘Нижнекамскшина’)

Seoladh: 423570, Republic of Tatarstan, Nizhnekamsk, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +8 555 49-79-30,

Facs: + 8 555 24-15-70

Suíomh gréasáin: https://shina-kama.ru

Ríomhphost: minnegalievfg@kamatyres.com

Eintitis chomhlachaithe:

 

Tatneft

 

Trading House KAMA

 

Management Company Tatneft-Neftekhim

 

Nizhnekamsk All-Steel Tyre Plant

Is é Nizhnekamskshina príomh-mhonaróir bonn de chuid na Rúise. Ba fhochuideachta de Tatneft é. An 1 Meitheamh 2022, díoladh Nizhnekamskshina le JSC Tatneftekhiminvest-Holding. Déanann sé boinn faoi na brandaí KAMA agus Viatti. Áirítear ar a chuid táirgí boinn dé-úsáide agus mhíleata a sholáthraítear do rialtas Chónaidhm na Rúise. Monaraíonn sé boinn atá feistithe ar fheithiclí armúrtha K4386 Typhoon-VDV. D’úsáid Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise K4386 Typhoon-VDV le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Cuireann Nizhnekamskshina tacaíocht ábhartha agus airgeadais ar fáil freisin d’fhostaithe arna slógadh don chogadh san Úcráin.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábhartha do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábhartha le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

3.6.2022

98.

JSC REMDIZEL

(Rúisis: АО ‘Ремдизель’)

Seoladh: 423800, Republic of Tatarstan, Naberezhnye Chelny, Menzelinsky tract, 40, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 (8552) 55-15-88 / 7 (8552) 30-80-00

Suíomh gréasáin: http://www.remdizel.com

Ríomhphost: remdizel@kamaz.ru

Eintitis chomhlachaithe:

KAMAZ

Déanann Remdizel feithiclí ar rothaí agus ar rian agus déanann sé deisiúcháin ar fheithiclí ar rothaí agus ar rian. Monaraíonn sé na feithiclí Typhoon K-63968 atá frithsheasmhach in aghaidh mianach agus cosanta ó luíocháin, feithiclí a leanann Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise de bheith ag baint úsáid astu le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Táirgeann Remdizel freisin feithiclí nua armúrtha, mar shampla K-4386 Typhoon VDV agus Akhmat chun tacú le fogha na Rúise faoin Úcráin.

Dá bhrí sin, tá sí freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

3.6.2022

99.

JSC SUKHOI Company

(Rúisis: ПАО Компания ‘Сухой’)

Seoladh: 125284, Cónaidhm na Rúise, Moscow, st. Polikarpova, 23B, PO box 604

Teileafón: +7 (499) 550-01-06

Suíomh gréasáin: https://www.sukhoi.org

Ríomhphost: info@sukhoi.org

Eintitis chomhlachaithe:

United Aircraft Corporation (máthairchuideachta)

Is monaróir aerárthaí de chuid na Rúise é Sukhoi. D’úsáid Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise aerárthaí arna monarú ag Sukhoi le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Forbraíonn an chuideachta freisin samhlacha nua aerárthaí comhraic a úsáidtear go forleathan sa chogadh, mar shampla an Su-24, Su-30, Su-34, Su-35 agus Su-57. An 21 Samhain 2022, d’fhógair an scairshealbhóir is mó atá aici, OAK, gur seachadadh SU30SM2anna nua chuig an Aireacht Cosanta. De réir tuarascálacha oifigiúla, tá lucht míleata na Rúise ag cruthú sárghrúpa comhraic eitlíochta a mbeidh Su-24anna agus Su-34anna de dhéantús Sukhoi in úsáid aige.

Dá bhrí sin, tá sí freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

3.6.2022

100.

JSC ‘121 AIRCRAFT REPAIR PLANT’

(Rúisis: Акционерное общество ‘121 авиационный ремонтный завод’)

Seoladh: Cónaidhm na Rúise, 143079, réigiún Mhoscó, Odintsovo, Stary Gorodok, st. Postal, 10

Teileafón: +7(498) 677-95-11

Suíomh gréasáin: https://121arz.ru

Ríomhphost: info@121arz.ru

Déanann 121 Aircraft Repair Plant deisiúcháin ar aerárthaí Su-25, Su-27, MiG-29 agus MiG-31. Is é an t-aon fhiontar amháin sa Rúis a dheisíonn aerárthaí Su-25 agus a dhéanann iad a uasghrádú ina leaganacha Su-25 SM ag an am céanna. Bhain Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise úsáid as Su-25 SM agus MiG-31 le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Seoladh pearsanra de chuid na Bealarúise chuig an suíomh seo freisin chun cabhrú le haerárthaí comhraic a dheisiú ionas gur féidir iad a athúsáid i bhfogha na Rúise faoin Úcráin.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábhartha do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tacaíonn sé freisin, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, nó baineann sé tairbhe as.

3.6.2022

103.

Nightwolves MC

(Моторклуб, Ночные Волки)

Seoladh: Nizhniye Mnevniki, 110, Bike Centre, Moscó, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Grúpa Gluaisrothaíochta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 1989

Is club náisiúnta gluaisrothaíochta é Nightwolves MC a bunaíodh i Moscó in 1989 arb é Alexander Zaldastanov a cheannaire agus a bhfuil tuairim is 45 chraobh aige ar fud an domhain, lena n-áirítear in go leor Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh. Ghlac Nightwolves MC páirt ghníomhach i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí thacaíocht phoiblí a thabhairt d’ionghabháil na Crimé in 2014 agus don chogadh ar an Úcráin in 2022, trí bholscaireacht i gcoinne na hÚcráine agus ar son na Rúise a leathadh go gníomhach agus trí bheith ag troid i bpáirt le grúpaí atá ar son na Rúise san Úcráin, nó trí thacú leo, tar éis ionghabháil na Crimé agus chogadh na Rúise ar an Úcráin in 2022. Tá an grúpa nasctha le ‘Wolf Holding Security Structures’, cuideachta a oibríonn campaí oiliúna le haghaidh ‘féinchosaint’ in Sevastopol, agus a chuireann oiliúint mhíleata ar fáil.

Is foinse bharrthábhachtach tacaíochta de chuid rialtas na Rúise é an grúpa, agus tacaíonn sé go gníomhach le bolscaireacht stáit na Rúise sa Rúis, san Eoraip agus sna Balcáin Thiar, agus séanann sé go poiblí ceart na hÚcráine chun státachta agus iarrann sé ‘dínaitsiú’ na tíre, agus iarrann sé freisin go ndéanfaí an tír a ‘dhí-Úcránú’, ag cur chun cinn an smaoinimh gur cheart don Úcráin a bheith mar dhlúthchuid den Rúis.

Tá dlúthnaisc ag an ngrúpa freisin le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, agus le rialtas na Rúise agus fuair sé cistiú stáit ón gCreimil idir 2013 agus 2015. Tá sé léirithe arís agus arís eile ag an ngrúpa go dtacaíonn sé leis an oibríocht mhíleata, go háirithe trí chuid dá bhaill a chur chuig an arm ar bhonn deonach. Dá bhrí sin, is eintiteas nó comhlacht é Nightwolves a thacaíonn, go hábhartha, le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, is eintitis é atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

104.

The Alexander Gorchakov Public Diplomacy Fund

(Фонд общественной дипломатии Александра Горчакова)

Seoladh: 10/1 Yakovoapostolsky pereulok, Moscó 105064, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Eagraíocht Neamhrialtasach

Áit chlárúcháin: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: Feabhra2010

Uimhir chlárúcháin: 1107799026752

Bhunaigh Uachtarán na Rúise, Dmitry Medvedev, the Alexander Gorchakov Public Diplomacy Fund in 2010. Is í Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Rúise bunaitheoir an Chiste agus is é an tAire Gnóthaí Eachtracha, mar atá faoi láthair, ceann an bhoird iontaobhaithe. Is í an Aireacht a chistíonn an Gorchakov Fund, agus tugann sé sin cistiú dá réir sin do mheithleacha machnaimh agus do GONGOnna (ENRanna arna n-eagrú ag rialtais).

Tá an Gorchakov Fund ceaptha le tacú le comhthírigh Rúiseacha sa spás iar-Shóivéideach i gcomhréir le cuspóirí idé-eolaíochta na Creimile. Is gnéithe tábhachtacha de dhioscúrsa bheartas eachtrach na Rúise iad na tionscadail a d’eagraigh an Gorchakov Fund. In 2015, dhún Rialtas na hÚcráine Oifig The Gorchakov Public Diplomacy Fund i gCív mar gheall ar bholscaireacht i gcoinne an stáit.

Dá bhrí sin, tá The Gorchakov Public Diplomacy Fund freagrach as tacú go gníomhach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus as tairbhe a bhaint as.

21.7.2022

124.

Oje Parvaz Mado Nafar Company (Mado)

شرکت اوژه پرواز مادو نفر (مادو)

(ar a dtugtar freisin Owj Parvaz Mado Nafar Company LLC)

Seoladh: Qom, No. 1106, 11 Hemmat Corner, Hemmat Square, Hemmat Boulevard, Shokuhieh Industrial Town, Qom Province, 3718116354, an Iaráin

Uimhir chlárúcháin: 10590042155

Is cuideachta é Oje Parvaz Mado Nafar Company (Mado) atá lonnaithe san Iaráin atá speisialaithe i monaraíocht comhpháirteanna Aerárthaí Gan Foireann.

Tháirg Mado innill Aerárthaí Gan Foireann d’eintitis a bhfuil baint acu le Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC), lena n-áirítear innill a úsáidtear in Aerárthaí Gan Foireann Shahed-136. Tá Aerárthaí Gan Foireann Shahed-136 á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, faoin ainm Geran-2.

Dá bhrí sin, tá Mado freagrach as tacú le gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

12.12.2022

125.

Paravar Pars Company

(شرکت پراور پارس)

(ar a dtugtar freisin Paravar Pars Aerospace Research and Engineering Services; Paravar Pars Aerospace Research Institute; Paravar Pars Engineering and Services Aerospace Research Company; Paravar Pars; Pravarpars Engineering Research and Design Company)

Príomhionad gnó: 13 km de Shahid Babaei Highway, thart ar Ollscoil Imam Hossein, in aice le Telo Road, Tehran, an Iaráin

Ríomhphost: info@paravar-pars.com

Uimhir chlárúcháin: 10101373495

Tá dlúthbhaint ag Paravar Pars Company le hOllscoil Imam Hossein, atá faoi rialú Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC).

Thairg Paravar Pars Company Aerárthaí Gan Foireann d’fhórsa aeraspáis IRGC (IRGC AF) agus tá tástálacha déanta aige ar Aerárthaí Gan Foireann do Chabhlach IRGC. Go sonrach, bhí baint ag Paravar Pars Company le taighde, forbairt agus táirgeadh Shahed-171 de chuid na hIaráine, Aerárthach Gan Foireann arna fhorbairt ag IRGCAF. Tá Aerárthaí Gan Foireann Shahed-171 arna dtáirgeadh san Iaráin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá Paravar Pars Company freagrach as tacú le gníomhaíochtaí ábhartha lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

12.12.2022

126.

CREDIT BANK OF MOSCOW

(Rúisis: Московский кредитный банк)

Seoladh: 2 Lukov pereulok, building 1, Moscó 107045, Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: https://mkb.ru/

Teileafón: +7 (495) 777-48-88

Ríomhphost: info@mkb.ru

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic poiblí

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 1992

Uimhir chlárúcháin: 1027739555282

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Is é Credit Bank of Moscow an banc poiblí is mó nach de chuid an stáit é sa Rúis agus is é an séú institiúid airgeadais is mó sa Rúis. Is institiúid airgeadais é a bhfuil tábhacht shistéamach aici do Rialtas Chónaidhm na Rúise. Oibríonn an banc in earnáil na seirbhísí airgeadais, a bhfuil tábhacht straitéiseach aici do gheilleagar na Rúise agus ar foinse shuntasach ioncaim í do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Faigheann Credit Bank of Moscow tacaíocht stáit. I mí na Bealtaine 2022 fuair sé ceadúnas onnmhairithe óir ón rialtas. Dá bhrí sin, baineann sé tairbhe dhíreach as Rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

Tá Credit Bank of Moscow rannpháirteach, dá bhrí sin, in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim í do Rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Anuas air sin, tá Credit Bank of Moscow ag baint tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

130.

New People

(Rúisis: Новые люди)

Seoladh: Bolshoy Trekhgornyy Pereulok, building 11, entrance 2, Moscó 123022, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 (800) 550-10-39

Suíomh gréasáin: https://newpeople.ru/

Ríomhphost: info@newpeople.ru

Is páirtí polaitiúil Rúiseach é New People. Thacaigh sé le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus thacaigh sé freisin leis an ionghabháil neamhdhleathach neamhaitheanta a rinne an Rúis ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine. Bhunaigh sé freisin brainse réigiúnach i ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacú go hábhartha le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

131.

Liberal Democratic Party of Russia

(Rúisis: Либерально-демократическая партия России)

Seoladh: 1st Basmanny Lane, building 3, entrance 1, Moscó 107045, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 (495) 530-62-62

Suíomh gréasáin: https://ldpr.ru/

Ríomhphost: office@ldpr.ru

Is páirtí polaitiúil Rúiseach é an Liberal Democratic Party of Russia. Thacaigh sé le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus thacaigh sé freisin leis an ionghabháil neamhdhleathach neamhaitheanta a rinne an Rúis ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine. Tá go leor brainsí réigiúnacha curtha ar bun aige freisin i gcríocha faoi fhorghabháil na hÚcráine.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacú go hábhartha le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

132.

Just Russia — Patriots — For Truth

(Rúisis: ‘Справедливая Россия — Патриоты — За правду’)

Seoladh:

Seoladh dlíthiúil: 29 Bolshaya Tatarskaya St. Moscó 115184, Cónaidhm na Rúise

Seoladh poist: 14 Akademika Pilugina str., entr. 2, 117393, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 495 787 85 15

Suíomh gréasáin: https://spravedlivo.ru/main

Ríomhphost: info@spravedlivo.ru

Is páirtí polaitiúil Rúiseach é Just Russia — Patriots — For Truth. Thacaigh sé le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus thacaigh sé freisin leis an ionghabháil neamhdhleathach neamhaitheanta a rinne an Rúis ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine. Tá go leor brainsí réigiúnacha curtha ar bun aige freisin i gcríocha faoi fhorghabháil na hÚcráine.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacú go hábhartha le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

133.

Communist Party of the Russian Federation

(Rúisis: Коммунистическая партия Российской Федерации)

Seoladh: 3 Maly Sukharevsky Pereulok, bldg. 1, Moscó, 103051, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7-495-692-7646

Suíomh gréasáin: https://kprf.ru/

Ríomhphost: inter@kprf.ru

Is páirtí polaitiúil Rúiseach é Communist Party of the Russian Federation. Thacaigh sé le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus thacaigh sé freisin leis an ionghabháil neamhdhleathach neamhaitheanta a rinne an Rúis ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine.

Tá go leor brainsí réigiúnacha curtha ar bun aige freisin i gcríocha faoi fhorghabháil na hÚcráine.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacú go hábhartha le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

138.

JSC KAZAN OPTICAL AND MECHANICAL PLANT (JSC KOMZ)

(Rúisis: АО КАЗАНСКИЙ ОПТИКО-МЕХАНИЧЕСКИЙ ЗАВОД (AO КОМЗ))

Seoladh: st. Lipatova, 37, Kazan, Republic of Tatarstan, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7(843) 235-80-35

Suíomh gréasáin: https://komzrt.ru/

Ríomhphost: Info@komzrt.ru

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Is fiontar éagsúlaithe Rúiseach é JSC KOMZ atá speisialaithe i bhforbairt agus táirgeadh feistí optúla agus trealaimh leictreonaigh cogaíochta (lena n-áirítear radair, déshúiligh, etc).

Táirgeann JSC KOMZ an trealamh leictreonach cogaíochta, Moscow-1 (Москва-1), Rychag-AV (Рычаг-АВ) agus Quicksilver-BM (Ртуть-БМ), atá á seachadadh d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus a mbaintear úsáid astu i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá JSC KOMZ freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Tairbhíonn JSC KOMZ de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar chuireann sé le soláthar córas leictreonach cogaíochta d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus baineann, dá bhrí sin, tairbhe dhíreach as an ngá méadaitheach le hairm. Mar gheall ar an ngá méadaitheach seo le hairm, tá JSC KOMZ ag tairbhiú de Rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

139.

JSC ENIKS

(Rúisis: АО ‘ЭНИКС’)

Seoladh: st. Korolenko 120, Kazan, Republic of Tatarstan, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 (843) 212-07-08

Suíomh gréasáin: https://enics.aero/

Ríomhphost: uav@enics.ru

Cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 6.6.2003

Uimhir chlárúcháin: 1031632202227

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Is cuideachta Rúiseach í JSC ENIKS atá i mbun forbairt, táirgeadh, oibriú agus deisiú coimpléasc aersprice agus aerfheithiclí gan foireann (UAVanna), córas chianfhaireachais agus trealaimh cogaíochta eile. Soláthraíonn agus monaraíonn JSC ENIKS UAVanna monaraithe (Eleron-3 agus Eleron-10) d’Fhórsaí Armtha na Rúise, a mbaintear úsáid astu sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá JSC ENIKS freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

16.12.2022

144.

JSC A.E. NUDELMAN DESIGN BUREAU OF PRECISION MACHINE BUILDING (KB TOCHMASH)

(Rúisis: АО КОНСТРУКТОРСКОЕ БЮРО ТОЧНОГО МАШИНОСТРОЕНИЯ ИМ. А. Э. НУДЕЛЬМАНА (КБ ТОЧМАШ))

Seoladh: str. Vvedensky, 8, Moscó, Cónaidhm na Rúise (HQ)

Suíomh gréasáin: http://www.kbtochmash.ru/

Teileafón: +7 (495) 333-01-65

Ríomhphost: mail@kbtochmash.ru

Cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Tá KB TOCHMASH mar chuid den chuideachta faoi úinéireacht stáit na Rúise, Almaz-Antey Concern, agus is forbróir arm Rúiseach é a mhonaraíonn réimse leathan de chórais chosanta frith-aerárthaí, MANPADS, diúracáin, lena n-áirítear airm bheachtais mhéadaithe.

Táirgeann KB TOCHMASH córais diúracán frith-aerárthaí Strela-10 agus Sosna-R, córais a bhfuil úsáid fhorleathan á baint astu le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2022.

Dá bhrí sin, tá KB TOCHMASH freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bhagairt iad ar an méid sin. Tairbhíonn KB TOCHMASH de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar chuireann sé le soláthar córas diúracán frith-aerárthaí d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus baineann, dá bhrí sin, tairbhe as an ngá méadaitheach le hairm. Dá bhrí sin tá KB TOCHMASH, ag baint tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

145.

JSC Automobile Plant URAL

(Rúisis: АО Автомобильный завод ‘УРАЛ’)

Seoladh: 1 Avtozavodtsev Prospect, Miass, Réigiún Chelyabinsk, 456304 Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: https://uralaz.ru/

Teileafón: +7 (3513) 55-49-83

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Réigiún Chelyabinsk, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 22.6.2000

Uimhir chlárúcháin: 1027400870826

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Is monaróir Rúiseach trucailí é JSC Automobile Plant URAL agus é mar cheann de phríomhsholáthróirí trucailí armúrtha do fhórsaí armtha na Rúise. Tá baint ag Automobile Plant URAL le clár feithiclí móra Typhoon na Rúise. Is sraith é Typhoon d’fheithiclí comhraic armúrtha (AFV) Rúiseacha atá frithsheasmhach do mhianach agus cosanta ar luíocháin (MRAP) agus atá i seirbhís ó 2014. Tá sraith trucailí Typhoon cláraithe i gClár Arm Stát na Rúise (Russian State Arms Program). Déantar na feithiclí sin a chóimeáil san Automobile Plant URAL faoi chonradh stáit le hAireacht Cosanta na Rúise.

Táirgeann Ural Automobile Plant feithiclí Ural – 4320 agus Typhoon, a bhfuil úsáid á baint acu ag Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2022.

Dá bhrí sin, tá Ural Automobile Plant freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Tairbhíonn Ural Automobile Plant de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar chuireann sé le soláthar trucailí armúrtha d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus baineann, dá bhrí sin, tairbhe as an ngá méadaitheach le hairm. Dá bhrí sin tá Ural Automobile Plant, ag baint tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

147.

JSC NAUCHNO-PROIZVODSTVENNOE OBEDINENIE RUSSKIE BAZOVYE INFORMACIONNYE TEHNOLOGII (JSC RPA RUSBITECH)

(Rúisis: АО ‘НАУЧНО-ПРОИЗВОДСТВЕННОЕ ОБЪЕДИНЕНИЕ РУССКИЕ БАЗОВЫЕ ИНФОРМАЦИОННЫЕ ТЕХНОЛОГИИ’ (АО ‘НПО РУСБИТЕХ’)

Seoladh: Varshavskoe sh. 26 building 11, Moscó, Cónaidhm na Rúise (HQ)

Suíomh gréasáin: https://rusbitech.ru/

Teileafón: +7 (495) 648-06-40

Ríomhphost: mail@rusbitech.ru

Cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 22.9.2008

Uimhir chlárúcháin: 5087746137023

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Is cuideachta Rúiseach teicneolaíochta í JSC RPA RUSBITECH atá speisialaithe i dtáirgeadh réitigh ardteicneolaíochta do struchtúir forfheidhmithe na Rúise, go príomha d’Fhórsaí Armtha na Rúise. An táirge is fearr aithne air ná an córas oibriúcháin ríomhaireachta ar a dtugtar Astra Linux, arb é a úsáidtear sa lá atá inniu ann ar fud fhórsaí míleata na Rúise ina n-iomláine beagnach. Tá príomhchórais faisnéise Cheanncheathrú Arm na Rúise bunaithe ar Astra Linux. Tá aithne freisin ar an gcuideachta mar mhonaróir na bpointí ceannais den chineál APE-5, a mbaintear úsáid ghníomhach astu don chumarsáid allamuigh le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá JSC RPA RUSBITECH freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bhagairt iad ar an méid sin.

16.12.2022

148.

JSCConcern Radio-Electronic Technologies KRET

(Rúisis: АО ‘Концерн Радиоэлектронные технологии’ (КРЭТ)

Seoladh: Goncharnaya st., 20/1, 109240, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 (495) 587-70-70

Suíomh gréasáin: https://www.kret.tech/

Ríomhphost: info@kret.com

Is é Concern Radio-Electronic Technologies príomhfhorbróir agus príomh-mhonaróir táirgí raidió-leictreonacha míleata na Rúise. Is fochuideachta de chuid Rostec é. Ba é a mhonaraigh na córais cogaíochta leictreonaí Krasucha-4 ar bhain Fórsaí Armtha na Rúise úsáid astu le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú, ar bhonn ábhartha nó airgeadais le gníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bhagairt iad ar an méid sin.

16.12.2022

154.

PJSC ‘Motovilikhinskiye Zavody’

(Rúisis: Публичное акционерного общество специального машиностроения и металлургии ‘Мотовилихинские заводы’

ПАО ‘Мотовилихинские заводы’)

Seoladh: Cónaidhm na Rúise, 614014, Perm, str. 1905, building 35

Suíomh gréasáin: http://mz.perm.ru/

Teileafón: +7 (342) 264-70-00

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic poiblí

Áit chlárúcháin: Perm, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 11.12.1992

Uimhir chlárúcháin: 1025901364708

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Is monaróir poiblí arm agus armlóin Rúiseach é PJSC Motovilikhinskiye Zavody. Is í an chuideachta ‘RT-Capital’ de chuid na Corparáide Stáit Rostec a bhainistíonn é. Is é príomhghníomhaíocht PJSC Motovilikhinskiye Zavody trealamh míleata a tháirgeadh, mar shampla, páirteanna airtléire, moirtéir, agus ilteilgeoirí roicéad. Forbraíonn agus monaraíonn PJSC Motovilikhinskiye Zavody feithiclí comhraic agus iompar-luchtaithe do na córais ilteilgin roicéad Grad, Smerch, Tornado-G, agus Tornado-S. Is é an t-aon mhonaróir Rúiseach le haghaidh feithiclí comhraic agus iompar-luchtaithe mar chuid de chórais ilteilgin roicéad den chineál ‘Grad’, ‘Smerch’ agus na leaganacha modhnaithe díobh ‘Tornado-G’ agus‘Tornado-S’.

Tá PJSC Motovilikhinskiye Zavody bainteach le táirgeadh na gcóras ilteilgin roicéad (MLRS) ‘Tornado-G’ agus ‘Tornado-S’, atá á seachadadh d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus á n-úsáid sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá PJSC Motovilikhinskiye Zavody freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bhagairt iad ar an méid sin. Tairbhíonn PJSC Motovilikhinskiye Zavody freisin de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar chuireann sé le soláthar córas ilteilgin roicéad (MLRS) d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus baineann, dá bhrí sin, tairbhe dhíreach as an ngá méadaitheach le hairm. Mar gheall ar an ngá méadaitheach seo le hairm, tá PJSC Motovilikhinskiye Zavody ag tairbhiú de Rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

155.

All-Russia State Television and Radio Broadcasting Company (VGTRK)

(Rúisis: Всероссиийская государственная телевизионная и радиовещательная компания (ВГТРК))

Seoladh: str. 5th Yamskogo Polya 19-21, 125124, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: https://vgtrk.ru/

Cinéal eintitis: Fiontar Aonadach an Stáit Chónaidhme

Áit chlárúcháin: Pokhodnyy Proyezd 3-2, 125373, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 14.10.2002

Uimhir chlárúcháin: 1027700310076

Príomhionad gnó: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Is cuideachta sealbhaíochta meán í VGTRK, a rialaíonn cainéil teilifíse mar shampla Rossiya 1, Rossiya 24, RTR Planeta, radio station Vesti FM agus eile. Is í Cónaidhm na Rúise atá ina húinéir uirthi agus a rialaíonn í agus d’aithin Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin í mar fhiontar straitéiseach. In 2022, i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, mhéadaigh Rialtas na Rúise an maoiniú le haghaidh na meán atá faoi rialú an stáit; Tá VGTRK le RUB 25,2 billiún a fháil. Dá bhrí sin, tá VGTRK ag tairbhiú de chinnteoirí Rúiseacha a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine.

Na cainéil ar le VGTRK iad, cuireann siad ardán ar fáil do Olga Skabeyeva, Dmitry Kiselyov, Vladimir Soloviev agus daoine eile, a bhfuil bolscaireacht agus bréagaisnéis á scaipeadh acu a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá VGTRK ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus tá sé comhlachaithe le daoine nádúrtha a thacaíonn leis na beartais agus na gníomhaíochtaí sin. Anuas ar sin, tá VGTRK ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus tá sé ag tairbhiú de, arb é an rialtas sin atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

156.

National Media Group

(Rúisis: ‘Национаальная Медиа Группа’ (НМГ))

Seoladh: Prechistenskaya embankment, 13, building 1, 119034, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: https://nmg.ru/

Teileafón: +7 (495) 988-11-12

Ríomhphost: pr@nmg.ru

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Dáta clárúcháin: 1.2.2008

Uimhir chlárúcháin: 1087746152207

Uimhir Aitheantais Cáiníocóra: 7704676655

Is cuideachta sealbhaíochta meán í National Media Group, a rialaíonn 28 fiontar meán sa Rúis, lena n-áirítear Channel One, Channel 5, REN TV agus STS, 78.ru, an nuachtán náisiúnta Izvestia, Delovoy Peterburg agus cinn eile. Tá sí faoi úinéireacht Bank Rossiya, arb é Yuriy Kovalchuk a phríomh-gheallsealbhóir. Is é Alina Kabaeva cathaoirleach boird NMG. Tá baint ag NMB dá bhrí sin le daoine agus le heintitis atá faoi bhearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

Tá bolscaireacht agus bréagaisnéis a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine á scaipeadh go gníomhach ag na meáin atá á rialú ag NMG. Dá bhrí sin, tá NMG ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

16.12.2022

157.

Strategic Culture Foundation

(Rúisis: Фонд стратегической культуры)

Seoladh: Bolshaya Polyanka st., 50/1 STR.1, 119180, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: https://www.fondsk.ru/

Ríomhphost: info@fondsk.ru

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Bolshaya Polyanka st., 50/1 STR.1, 119180, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 21.2.2005

Uimhir chlárúcháin: 1057746290469

Uimhir aitheantais chánach: 7706569306

Príomhionad gnó: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Is eagraíocht í Strategic Culture Foundation, arna maoiniú ag Cónaidhm na Rúise, a bhfuil dlúthbhaint aici. De réir tuarascálacha oifigiúla, le seirbhísí speisialta na Rúise, lena n-áirítear an SVR.

Sna suíomhanna gréasáin atá faoi rialú Strategic Culture Foundation, strategic-culture.org agus fondsk.ru, déantar dearcthaí atá fabhrach don Chreimil a chraobhscaoileadh agus féachtar le pobal eachtrannach a shroicheadh leis an mbréagaisnéis sin i bhfabhar na Creimile. Dá bhrí sin, tá Strategic Culture Foundation ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Anuas air sin, tá Strategic Culture Foundation ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus tá sí ag tairbhiú de, arb é an rialtas sin atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

158.

ANO TV-Novosti

(Rúisis: АНО ‘ТВ-новости’)

Seoladh: Eagraíocht neamhbhrabúis uathrialaitheach (ANO) ‘TV-Novosti’, BOROVAYA ULITSA, D.3, K.1, Moscó, 111020, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7(499)750-00-75, +7(495)926-28-30, +7(495)649-89-89

Suíomh gréasáin: https://partners.rt.com/contacts/

Ríomhphost: info@rttv.ru

Is eagraíocht Rúiseach meán í TV-Novosti a bhfuil nasc aici le Rialtas na Rúise. Maoinítear é ó bhuiséad cónaidhmeach Chónaidhm na Rúise. Trína fomheáin, lena n-áirítear RT, scaip sí bolscaireacht agus bréagaisnéis arís agus arís eile a bhí fabhrach don Chreimil agus thacaigh sí le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tríd an ábhar a chuireann sé amach, scaipeann RT scéalta bréagacha faoi réimeas na Rúise chun an bonn a bhaint den Úcráin agus, ar an gcaoi sin, tá sé ag tacú le feachtas bréagaisnéise ar mórscála chun deireadh a chur leis an tacaíocht idirnáisiúnta don Úcráin.

Dá bhrí sin, thug sí tacaíocht ábharach nó airgeadais do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, bhain sé tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

168.

JSC ‘Zavolzhsky plant of caterpillar tractors’ (‘ZZGT’)

(Rúisis: ЗАО ‘Заволжский завод гусеничных тягачей’ (ЗЗГТ))

Seoladh: 606522, Réigiún Nizhny Novgorod, Ceantar Gorodetsky, Zavolzhye, Zheleznodorozhnaya str., 1, Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: https://zzgt.ru/

Teileafón: +7 (831) 612-14-00

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Dáta clárúcháin: 26.9.2011

Áit chlárúcháin: Réigiún Nizhny Novgorod, Cónaidhm na Rúise

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Is fiontar tógála meaisíní Rúiseach é JSC ‘Zavolzhsky plant of caterpillar tractors’, a tháirgeann agus a sholáthraíonn feithiclí uile-thír-raoin le crios boinn GAZ-3344-20.

Soláthraíonn JSC ‘Zavolzhsky plant of caterpillar tractors’ feithiclí GAZ-3344-20 d’Fhórsaí Armtha na Rúise, a mbaintear úsáid astu sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá JSC ‘Zavolzhsky plant of caterpillar tractors’ freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

209

SUN Ship Management (D) Ltd.

Áit chlárúcháin: Dubai, United Arab Emirates (Unit OT 17-32, Level 17, Central Park Offices, Dubai International Financial Centre, Dubai, 507065, United Arab Emirates)

Dáta clárúcháin: 2.8.2012

Uimhir chlárúcháin: 1244

Príomhionad gnó: United Arab Emirates, Russian Federation, European Union

Eintitis agus daoine aonair comhlachaithe:

 

Sovcomflot (máthairchuideachta)

 

Vladimir Oskirko (stiúrthóir)

 

Alexey Khaidukov (stiúrthóir)

 

Alexander Verbo (stiúrthóir)

 

Andrey Kontsenebin (stiúrthóir)

 

SCF Overseas Holding Limited

Tá Sun Ship Management (D) Ltd., ar a dtugtaí SCF Management Services (Dubai) Ltd., ina chuideachta bainistíochta long Dubai-bhunaithe, atá mar chuid de PAO Sovcomflot (SCF Group), an chuideachta loingseoireachta is mó sa Rúis, atá ag sainfheidhmiú in iompar gáis leachtaithe, amhola, agus táirgí peitriliam, chomh maith le seirbhísiú a dhéanamh ar tháirgeadh fuinnimh réamhtheachtach amach ón gcósta. Bainistíonn agus oibríonn Sun Ship Management (D) Ltd. cabhlach de bheagnach céad ola, gás nádúrtha leachtaithe, agus soithí ceimiceacha a bhfuil toilleadh de níos mó ná 150 000 tonnáiste meálasta acu. Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá Sun Ship Management (D) Ltd. ag feidhmiú mar cheann de na príomhchuideachtaí a bhainistíonn agus a fheidhmíonn iompar muirí ola na Rúise. Go suntasach, mar chuid de chuideachta loingseoireachta stáit na Rúise PAO Sovcomflot, is é Cónaidhm na Rúise tairbhí deiridh na seirbhísí a thairgeann SUN Ship Management (D) Ltd. Cuireann seirbhísí den sórt sin foinse shuntasach ioncaim ar fáil do rialtas Chónaidhm na Rúise, arb ionann iad agus níos mó ná 70 % d’ioncam fuinnimh na Rúise, rud a chuireann ar chumas na Creimile a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine a mhaoiniú.

Dá bhrí sin, is eintiteas é SUN Management Long (D) Ltd. a thacaíonn, go hábhartha agus ó thaobh airgeadais de, le Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus a bhaineann tairbhe as. Thairis sin, is eintiteas é SUN Management Long (D) Ltd. a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a chuireann foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

25.2.2023’


Top