This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1684
Commission Implementing Decision (EU) 2023/1684 of 31 August 2023 concerning certain interim emergency measures relating to African swine fever in Italy (notified under document C(2023) 5984) (Only the Italian text is authentic) (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1684 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2023 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5984) (An téacs Iodáilise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1684 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2023 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5984) (An téacs Iodáilise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/5984
IO L 217, 4.9.2023, p. 123–125
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 21/09/2023; Arna aisghairm le 32023R1799
4.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 217/123 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1684 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Lúnasa 2023
maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5984)
(An téacs Iodáilise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. |
(2) |
I gcás ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád, tá riosca tromchúiseach ann go bhféadfadh an galar sin leathadh chuig bunaíochtaí eile muc-ainmhithe ar coimeád. |
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc. Go háirithe, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (a), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
(5) |
Chuir an Iodáil an Coimisiún ar an eolas faoi stad fhiabhras Afracach na muc ina críoch faoi láthair, tar éis ráig amháin den ghalar sin i muc-ainmhithe ar coimeád i réigiún Réigiún na Lombairde a dheimhniú an 18 Lúnasa 2023 agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, bhunaigh sí crios srianta a chuimsíonn crios cosanta agus crios faireachais, agus ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta ginearálta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. |
(6) |
Chun suaitheadh gan ghá ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní ar thrádáil ag tríú tíortha nach bhfuil údar leo a sheachaint, is gá an crios srianta, lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais i dtaca le fiabhras Afracach na muc san Iodáil, a shainaithint ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an mBallstát sin. |
(7) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
(8) |
Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart an crios srianta san Iodáil a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad an chriosúcháin sin a shocrú. |
(9) |
Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfaidh an Iodáil an méid seo a leanas a áirithiú:
(a) |
go mbunóidh an Iodáil láithreach crios srianta ina bhfuil crios cosanta agus crios faireachais i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin; |
(b) |
go gcuimseoidh an crios cosanta agus an crios faireachais dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo. |
Airteagal 2
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 18 Samhain 2023.
Airteagal 3
Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Lúnasa 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 65).
IARSCRÍBHINN
Limistéir a bunaíodh mar an crios srianta san Iodáil dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
||||||
Crios cosanta: gach Bardas i gCúige Pavia, i Réigiún na Lombairde atá laistigh de dhá chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointí suite ag na comhordanáidí seo a leanas:
|
28.11.2023 |
||||||
Crios faireachais: gach Bardas i gCúige Pavia, i Réigiún na Lombairde, nach n-áirítear i gcriosanna srianta I agus II cheana féin mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún agus Bardais Isola Sant’Antonio, Molino dei Torti, Alzano Scrivia agus Guazzora, i gCúige Alessandria, Réigiún Piedmont |
28.11.2023 |