EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1635

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1635 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/74 lena leagtar amach an liosta chláir Interreg agus lena léirítear méid foriomlán na tacaíochta iomláine ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó gach ionstraim maoinithe sheachtraigh den Aontas le haghaidh gach cláir agus liosta na méideanna a aistreofar idir sraitheanna faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh don tréimhse 2021 go 2027 (a tugadh fógra faoi le doiciméad C (2023) 5459)

C/2023/5459

IO L 203, 16.8.2023, p. 11–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1635/oj

16.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 203/11


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1635 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Lúnasa 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/74 lena leagtar amach an liosta chláir Interreg agus lena léirítear méid foriomlán na tacaíochta iomláine ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó gach ionstraim maoinithe sheachtraigh den Aontas le haghaidh gach cláir agus liosta na méideanna a aistreofar idir sraitheanna faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh don tréimhse 2021 go 2027

(a tugadh fógra faoi le doiciméad C (2023) 5459)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (1), agus go háirithe Airteagal 11(1) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste a bunaíodh le hAirteagal 115(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/74 (3), leag an Coimisiún amach liosta na gclár Interreg agus léirigh sé méid foriomlán na tacaíochta iomláine ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) agus, i gcás inarb infheidhme, an tacaíocht iomlán ó gach ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais le haghaidh gach cláir, arna miondealú de réir Ballstáit don tréimhse 2021 go 2027.

(2)

Tá athrú ó bhonn tagtha ar staid slándála na hEorpa mar gheall ar an bhfogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin agus mar gheall ar an gcoinbhleacht armtha atá ar siúl ó shin. Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach an t-ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le rannpháirtíocht na Bealarúise san ionsaí sin.

(3)

Mar thoradh air sin, tá an Coimisiún tar éis ullmhú chláir Interreg idir an tAontas agus Cónaidhm na Rúise agus an Bhealarúis, faoi seach, a chur ar fionraí, agus tá sraith smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas i gcoinne an dá thír. Na méideanna foriomlána le haghaidh 2022 a leithdháileadh ar chláir Interreg um chomhar trasteorann agus ar cuireadh an t-ullmhúchán ina leith ar fionraí, rinneadh iad a athdháileadh ar chláir Interreg eile in 2022 de bhun Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2021/1059.

(4)

Ós rud é go bhfuil an fogha i gcoinne na hÚcráine fós ar siúl, maidir leis an staid atá ann faoi láthair i dtaca le cláir a raibh Cónaidhm na Rúise agus an Bhealarúis le bheith rannpháirteach iontu, tá an t-athrú bunúsach ar an gcaidreamh le Cónaidhm na Rúise agus leis an mBealarúis tar éis dul i gcion ar an staid sin ar bhealach a fhágann nach bhféadfaí na coinníollacha chun na cláir chomhair leo a chur chun feidhme a athbhunú faoi na coinníollacha agus laistigh de na tréimhsí ama a bhfuil coinne leo le Rialachán (AE) 2021/1059.

(5)

Dá bhrí sin, chomhaontaigh an Coimisiún agus na Ballstáit a bhfuil difear á dhéanamh dóibh gan leanúint de chláir Interreg a ullmhú le Cónaidhm na Rúise agus leis an mBealarúis sa chlárthréimhse 2021-2027. Ba cheart, dá bhrí sin, na cláir a bhí beartaithe i dtús báire a scriosadh ó liosta na gclár Interreg atá le tacaíocht a fháil. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart rannpháirtíocht Chónaidhm na Rúise agus na Bealarúise in dhá chlár thrasnáisiúnta, a bhí pleanáilte i dtús báire, a chur ar ceal.

(6)

Sa chomhthéacs sin, na leithdháiltí atá curtha i leataobh don chlárthréimhse iomlán go dtí 2027 maidir le cláir i gcomhar le Cónaidhm na Rúise agus leis an mBealarúis nach bhformheasfar le linn na tréimhse sin, ba cheart iad a athdháileadh in aon chéim amháin ar chláir Interreg eile atá ann cheana. Leis an athdháileadh, is é a d’fhéadfadh a bheith ann go háirithe na hacmhainní CFRE atá curtha i leataobh a aistriú chuig clár Interreg eile a fhaigheann tacaíocht freisin ón Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais arna leithdháileadh ar chomhar trasteorann (IPA III CBC) nó ó chistí na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta arna leithdháileadh ar chomhar trasteorann don limistéar geografach comharsanachta (ICFCI-CBC) nó ar chláir Interreg trasteorann inmheánacha ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann rannpháirteach.

(7)

Ina theannta sin, de bhun Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) 2021/1059, chuir roinnt Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoin modhnú ar an dáileadh dá sciar a tugadh le fios i dtús báire i dtaca le gach clár ina bhfuil siad rannpháirteach. Ba cheart na méideanna arna dtabhairt cothrom le dáta a léiriú sa Chinneadh seo freisin. Ina theannta sin, tar éis cinneadh a bheith déanta i gcás dhá chlár thrasnáisiúnta an cumhdach geografach a leathnú chuig tíortha eile, ba cheart Iarscríbhinn III a thabhairt cothrom le dáta.

(8)

De réir na faisnéise uile a chuir na Ballstáit lena mbaineann in iúl, is gá, dá bhrí sin, liosta na gclár Interreg a thabhairt cothrom le dáta, mar aon le méid foriomlán na tacaíochta iomláine ó CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, an tacaíocht iomlán ó gach ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais le haghaidh gach cláir, arna miondealú de réir Ballstáit.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/74 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/74 mar a leanas:

1.

Cuirtear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I;

2.

cuirtear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn II;

3.

cuirtear Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn III.

Airteagal 2

Is ar na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Elisa FERREIRA

Comhalta den Choimisiún


(1)  (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94).

(2)  (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/74 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2022 lena leagtar amach liosta chláir Interreg agus lena léirítear méid foriomlán na tacaíochta iomláine ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó gach ionstraim maoinithe sheachtraigh den Aontas le haghaidh gach cláir agus liosta na méideanna a aistreofar idir sraitheanna faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh don tréimhse 2021 go 2027 (IO L 12, 19.1.2022, lch. 151).


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN I

Liosta clár um chomhar trasteorann ina léirítear méid foriomlán na tacaíochta iomláine ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón Ionstraim Réamhaontachais (IPA III) agus ón Ionstraim um Fhorbairt Chomharsanachtaí agus um Chomhar Idirnáisiúnta (ICFCI)

Uimhir

CCI

Ainm an chláir

Ballstáit

Stáit nach Ballstáit iad

Ranníocaíocht fhoriomlán ó CFRE

Ranníocaíocht ó IPA II

Ranníocaíocht ó ICFCI

Iomlán

1

2021TC16RFCB001

(Interreg VI-A) Maas-Rijn/Meuse-Rhin/Maas-Rhein (NL-BE-DE)

NL BE DE

 

125 677 095

 

 

125 677 095

2

2021TC16RFCB002

(Interreg VI-A) an Ostair-an tSeicia

AT CZ

 

86 821 148

 

 

86 821 148

3

2021TC16RFCB003

(Interreg VI-A) an tSlóvaic-an Ostair

SK AT

 

55 500 000

 

 

55 500 000

4

2021TC16RFCB004

(Interreg VI-A) an Ostair-an Ghearmáin/an Bhaváir

AT DE

 

61 547 037

 

 

61 547 037

5

2021TC16RFCB005

(Interreg VI-A) an Spáinn-an Phortaingéil (POCTEP)

ES PT

 

320 622 726

 

 

320 622 726

6

2021TC16RFCB006

(Interreg VI-A) an Spáinn-an Fhrainc-Andóra (POCTEFA)

ES FR

AD

243 079 964

 

 

243 079 964

7

2021TC16RFCB007

(Interreg VI-A) an Ungáir-an Chróit

HU HR

 

58 070 103

 

 

58 070 103

8

2021TC16RFCB008

(Interreg VI-A) an Ghearmáin/an Bhaváir- an tSeicia

DE CZ

 

99 064 772

 

 

99 064 772

9

2021TC16RFCB009

(Interreg VI-A) an Ostair-an Ungáir

AT HU

 

49 561 200

 

 

49 561 200

10

2021TC16RFCB010

(Interreg VI-A) an Ghearmáin/Brandenburg-an Pholainn

DE PL

 

88 300 000

 

 

88 300 000

11

2021TC16RFCB011

(Interreg VI-A) an Pholainn-an tSlóvaic

PL SK

 

132 526 462

 

 

132 526 462

12

2021TC16RFCB012

(Interreg VI-A) an Pholainn-an Danmhairg-an Ghearmáin-an Liotuáin-an tSualainn (Muir Bhailt Theas)

PL DK DE LT SE

 

93 802 411

 

 

93 802 411

13

2021TC16RFCB013

(Interreg VI-A) an Fhionlainn-an Eastóin-an Laitvia-an tSualainn (Muir Bhailt Láir)

FI EE LV SE

 

162 499 043

 

 

162 499 043

14

2021TC16RFCB014

(Interreg VI-A) an Ungáir-an tSlóvaic

HU SK

 

133 270 755

 

 

133 270 755

15

2021TC16RFCB015

(Interreg VI-A) an tSualainn-an Iorua

SE

NO

47 200 000

 

 

47 200 000

16

2021TC16RFCB016

(Interreg VI-A) an Ghearmáin/an tSacsain- an tSeicia

DE CZ

 

152 364 968

 

 

152 364 968

17

2021TC16RFCB017

(Interreg VI-A) an Pholainn-an Ghearmáin/an tSacsain

PL DE

 

60 275 000

 

 

60 275 000

18

2021TC16RFCB018

(Interreg VI-A) an Ghearmáin/Mecklenburg Pomerania Thiar/Brandenburg-an Pholainn

DE PL

 

124 580 000

 

 

124 580 000

19

2021TC16RFCB019

(Interreg VI-A) an Ghréig-an Iodáil

EL IT

 

79 582 928

 

 

79 582 928

20

2021TC16RFCB020

(Interreg VI-A) an Rómáin-an Bhulgáir

RO BG

 

163 497 401

 

 

163 497 401

21

2021TC16RFCB021

(Interreg VI-A) an Ghréig-an Bhulgáir

EL BG

 

67 162 945

 

 

67 162 945

22

2021TC16RFCB022

(Interreg VI-A) an Ghearmáin-an Ísiltír

DE NL

 

240 775 132

 

 

240 775 132

23

2021TC16RFCB023

(Interreg VI-A) an Ghearmáin-an Ostair-an Eilvéis-Lichtinstéin (Alpenrhein-Bodensee-Hochrhein)

DE AT

CH LI

47 569 062

 

 

47 569 062

24

2021TC16RFCB024

(Interreg VI-A) an tSeicia-an Pholainn

CZ PL

 

178 870 508

 

 

178 870 508

25

2021TC16RFCB025

(Interreg VI-A) an tSualainn-an Danmhairg-an Iorua (Öresund-Kattegat-Skagerrak)

SE DK

NO

141 300 000

 

 

141 300 000

26

2021TC16RFCB026

(Interreg VI-A) an Laitvia-an Liotuáin

LV LT

 

45 926 498

 

 

45 926 498

27

2021TC16RFCB027

(Interreg VI-A) an tSualainn-an Fhionlainn-an Iorua (AURORA)

SE FI

NO

125 314 359

 

 

125 314 359

28

2021TC16RFCB028

(Interreg VI-A) an tSlóivéin-an Chróit

SI HR

 

41 844 493

 

 

41 844 493

29

2021TC16RFCB029

(Interreg VI-A) an tSlóvaic-an tSeicia

SK CZ

 

85 323 597

 

 

85 323 597

30

2021TC16RFCB030

(Interreg VI-A) an Liotuáin-an Pholainn

LT PL

 

99 681 967

 

 

99 681 967

31

2021TC16RFCB031

(Interreg VI-A) an Iodáil-an Fhrainc (Muirí)

IT FR

 

154 636 861

 

 

154 636 861

32

2021TC16RFCB032

(Interreg VI-A) an Fhrainc-an Iodáil (ALCOTRA)

FR IT

 

182 330 487

 

 

182 330 487

33

2021TC16RFCB033

(Interreg VI-A) an Iodáil-an Eilvéis

IT

CH

82 346 673

 

 

82 346 673

34

2021TC16RFCB034

(Interreg VI-A) an Iodáil-an tSlóivéin

IT SI

 

70 898 662

 

 

70 898 662

35

2021TC16RFCB035

(Interreg VI-A) an Iodáil-Málta

IT MT

 

46 083 225

 

 

46 083 225

36

2021TC16RFCB036

(Interreg VI-A) an Fhrainc-an Ghearmáin-an Eilvéis (an Réin Uachtair)

FR DE

CH

125 117 615

 

 

125 117 615

37

2021TC16RFCB037

(Interreg VI-A) an Fhrainc-an Eilvéis

FR

CH

69 766 796

 

 

69 766 796

38

2021TC16RFCB038

(Interreg VI-A) an Iodáil-an Chróit

IT HR

 

178 179 438

 

 

178 179 438

39

2021TC16RFCB039

(Interreg VI-A) an Bheilg-an Fhrainc (Wallonie-Vlaanderen-an Fhrainc)

BE FR

 

286 882 570

 

 

286 882 570

40

2021TC16RFCB040

(Interreg VI-A) an Fhrainc-an Bheilg-an Ghearmáin-Lucsamburg (Grande Région/Großregion)

FR BE DE LU

 

181 942 401

 

 

181 942 401

41

2021TC16RFCB041

(Interreg VI-A) an Bheilg-an Ísiltír (Vlaanderen-Nederland)

BE NL

 

205 405 605

 

 

205 405 605

42

2021TC16RFCB042

(Interreg VI-A) an Rómáin-an Ungáir

RO HU

 

140 752 020

 

 

140 752 020

43

2021TC16RFCB043

(Interreg VI-A) an Eastóin-an Laitvia

EE LV

 

27 868 129

 

 

27 868 129

44

2021TC16RFCB044

(Interreg VI-A) an Iodáil-an Ostair

IT AT

 

73 071 805

 

 

73 071 805

45

2021TC16RFCB045

(Interreg VI-A) an tSlóivéin-an Ungáir

SI HU

 

14 109 017

 

 

14 109 017

46

2021TC16RFCB046

(Interreg VI-A) an tSlóivéin-an Ostair

SI AT

 

45 846 198

 

 

45 846 198

47

2021TC16RFCB047

(Interreg VI-A) an Ghréig-an Chipir

EL CY

 

45 991 214

 

 

45 991 214

48

2021TC16RFCB048

(Interreg VI-A) an Ghearmáin-an Danmhairg

DE DK

 

93 771 505

 

 

93 771 505

49

2014TC16RFPC001

PEACE PLUS Éire-Tuaisceart Éireann/an Ríocht Aontaithe

IE

AN RÍOCHT AONTAITHE

234 474 919

 

 

234 474 919

50

2021TC16IPCB006

(Interreg VI-A) IPA an Bhulgáir - an Mhacadóin Thuaidh

BG

MK

12 916 849

13 562 691

 

26 479 540

51

2021TC16IPCB007

(Interreg VI-A) IPA an Bhulgáir - an tSeirbia

BG

RS

15 804 360

16 594 578

 

32 398 938

52

2021TC16IPCB005

(Interreg VI-A) IPA an Bhulgáir - Türkiye

BG

TR

14 269 738

14 983 225

 

29 252 963

53

2021TC16IPCB003

(Interreg VI-A) IPA an Chróit-an tSeirbia

HR

RS

18 673 977

19 607 676

 

38 281 653

54

2021TC16IPCB004

(Interreg VI-A) IPA an Chróit-an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin-Montainéagró

HR

BA ME

57 407 658

60 278 041

 

117 685 699

55

2021TC16IPCB010

(Interreg VI-A) IPA an Ghréig - an Albáin

EL

AL

13 000 000

13 650 000

 

26 650 000

56

2021TC16IPCB009

(Interreg VI-A) IPA an Ghréig - an Mhacadóin Thuaidh

EL

MK

13 000 000

13 650 000

 

26 650 000

57

2021TC16IPCB001

(Interreg VI-A) IPA an Ungáir - an tSeirbia

HU

RS

31 000 000

32 550 000

 

63 550 000

58

2021TC16IPCB008

(Interreg VI-A) IPA an Iodáil-an Albáin-Montainéagró (Muir Aidriad Theas)

IT

AL ME

32 695 846

34 330 638

 

67 026 484

59

2021TC16IPCB002

(Interreg VI-A) IPA an Rómáin - an tSeirbia

RO

RS

36 374 062

38 192 765

 

74 566 827

60

2021TC16NXCB010

(Interreg VI-A) NEXT an Ungáir-an tSlóvaic-an Rómáin-an Úcráin

HU SK RO

UA

30 998 055

 

52 183 994

83 182 049

61

2021TC16NXCB013

(Interreg VI-A) NEXT an Iodáil - an Túinéis

IT

TN

16 010 314

 

16 330 520

32 340 834

62

2021TC16NXCB009

(Interreg VI-A) NEXT an Pholainn-an Úcráin

PL

UA

87 900 000

 

147 976 156

235 876 156

63

2021TC16NXCB011

(Interreg VI-A) NEXT an Rómáin-Poblacht na Moldóive

RO

MD

36 250 000

 

61 025 434

97 275 434

64

2021TC16NXCB012

(Interreg VI-A) NEXT an Rómáin-an Úcráin

RO

UA

25 350 000

 

42 675 717

68 025 717

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán:

6 112 737 573

257 399 614

320 191 821

6 690 329 008


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN II

Liosta na gclár um chomhar trasnáisiúnta ina léirítear méid foriomlán na tacaíochta iomláine ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón Ionstraim Réamhaontachais (IPA III) agus ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI)

Uimhir

CCI

Ainm an chláir

Ballstáit

Stáit nach Ballstáit iad

Ranníocaíocht fhoriomlán ó CFRE

Ranníocaíocht ó IPA III

Ranníocaíocht ó ICFCI

Iomlán

1

2021TC16IPTN001

(Interreg VI-B) IPA Muir Aidriad-Muir Iónach

EL HR IT SI

AL BA ME RS SM MK

65 848 129

70 840 386

 

136 688 515

2

2021TC16RFTN001

(Interreg VI-B) Spás na nAlp

DE FR IT AT SI

CH LI

107 051 188

 

 

107 051 188

3

2021TC16RFTN002

(Interreg VI-B) Limistéar an Atlantaigh

ES FR PT IE

 

113 075 964

 

 

113 075 964

4

2021TC16FFTN003

(Interreg VI-B) Réigiún Mhuir Bhailt

DE DK EE LV LT PL FI SE

NO

250 984 823

 

 

250 984 823

5

2021TC16RFTN003

(Interreg VI-B) an Eoraip Láir

CZ DE IT HR HU AT PL SI SK

 

224 623 802

 

 

224 623 802

6

2021TC16FFTN004

(Interreg VI-B) Danube

AT BG CZ DE HR HU RO SI SK

BA ME RS MD UA

165 424 228

30 000 000

29 179 524

224 603 752

7

2021TC16FFTN001

(Interreg VI-B) Eora-Mheánmhuir (EURO MED)

BG EL ES FR HR IT CY MT PT SI

ME MK AL BA

216 559 226

18 340 000

 

234 899 226

8

2021TC16FFTN005

(Interreg VI-B) Imeall Thuaidh agus Artach

IE FI SE

FO GL IS NO

43 716 415

 

 

43 716 415

9

2021TC16RFTN004

(Interreg VI-B) an Mhuir Thuaidh

BE DK DE FR NL SE

NO

171 154 311

 

 

171 154 311

10

2021TC16RFTN005

(Interreg VI-B) an Eoraip Thiar Thuaidh

BE DE FR IE NL LU

CH

310 480 455

 

 

310 480 455

11

2021TC16RFTN006

(Interreg VI-B) an Eoraip Thiar Theas (SUDOE)

ES FR PT

AD

125 237 199

 

 

125 237 199

12

2021TC16NXTN001

(Interreg VI-B) NEXT Imchuach na Meánmhara (NEXT MED)

EL ES FR IT MT CY PT

TR DZ EG IL JO LB PS TN

96 199 962

9 500 000

157 394 763

263 094 725

13

2021TC16NXTN003

(Interreg VI-B) NEXT an tAtlantach Láir

ES PT

MA

36 123 317

 

36 418 825

72 542 142

14

2021TC16NXTN002

(Interreg VI-B) NEXT Imchuach na Mara Duibhe

BG EL RO

TR UA AM GE MD

14 552 489

9 500 000

60 958 067

85 010 556

Iomlán:

1 941 031 508

138 180 386

283 951 179

2 363 163 073


IARSCRÍBHINN III

‘IARSCRÍBHINN III

Liosta na gclár um chomhar idir-réigiúnach ina léirítear méid foriomlán na tacaíochta iomláine ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), agus ón Ionstraim Réamhaontachais (IPA III) agus ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI)

Uimhir

CCI

Ainm an chláir

Ballstáit

Stáit nach Ballstáit iad

Ranníocaíocht fhoriomlán ó CFRE

IPA III ranníocaíocht

Ranníocaíocht ó ICFCI

Iomlán

1

2021TC16RFIR001

(Interreg VI-C) lnterreg an Eoraip

Na Ballstáit uile

NO CH UA MD

AL BA ME MK RS

379 482 670

 

5 000 000

384 482 670

2

2021TC16FFIR001

(Interreg VI-C) Urbact IV

Na Ballstáit uile

NO CH UA MD

AL BA ME MK RS

79 769 799

5 000 000

2 000 000

86 769 799

3

2021TC16RFIR004

(Interreg VI-C) Clár um Chomhar ESPON 2030

Na Ballstáit uile

NO CH IS LI

48 000 000

 

 

48 000 000

4

2021TC16RFIR002

(Interreg VI-C) Interact

Na Ballstáit uile

NO CH

45 000 000

 

 

45 000 000

Iomlán:

552 252 469

5 000 000

7 000 000

564 252 469


Top