This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1628
Commission Implementing Decision (EU) 2023/1628 of 10 August 2023 rejecting an application for protection of a geographical indication in accordance with Article 52(1) of Regulation (EU) No 1151/2012 of the European Parliament and of the Council (‘Лидский квас/Lidski kvas’ (PGI)) (notified under document C(2023) 5371) (Only the English text is authentic)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1628 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena ndiúltaítear d’iarratas ar thásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Лидский квас/Lidski kvas’ (TGFC)) (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5371) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1628 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena ndiúltaítear d’iarratas ar thásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Лидский квас/Lidski kvas’ (TGFC)) (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5371) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
C/2023/5371
IO L 201, 11.8.2023, p. 7–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
11.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 201/7 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1628 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Lúnasa 2023
lena ndiúltaítear d’iarratas ar thásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(‘Лидский квас/Lidski kvas’ (TGFC))
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5371)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinne an Coimisiún scrúdú ar an iarratas ar chlárú na n-ainmneacha ‘Лидский квас/Lidski kvas’ mar thásc geografach faoi chosaint’ (TGFC). Tagraítear san iarratas do dheoch choipthe a tháirgtear i gcathair Lida na Bealarúise agus chuir an Chuideachta faoi Theorainn Scaireanna ‘Lidskoe Pivo’ de chuid na Bealarúise isteach é an 21 Iúil 2021 (PGI-BY-02788). |
(2) |
Tar éis an ghrinnscrúdaithe, sheol an Coimisiún litir inar iarradh soiléiriú ar roinnt gnéithe den chomhad. Ós rud é go háirithe nach mór uisce a thagann ó fhuaráin ar leith atá lonnaithe ar thalamh ar leis an iarratasóir é a úsáid chun ‘Лидский квас/Лiдскi квас’ a tháirgeadh, agus go ndéantar an táirge a tháirgeadh de réir ‘treoir theicneolaíoch uathúil ar leith’, mar a luaitear sa tsonraíocht táirge (arb é an t-iarratasóir an t-úinéir agus an t-aon úsáideoir), iarradh ar an iarratasóir a mhíniú an féidir le táirgeoirí eile a bheith rannpháirteach i gcomhréir le prionsabail na scéime um thásca geografacha san Aontas. |
(3) |
Thairis sin, mhínigh an Coimisiún go bhféadfar caitheamh le duine nádúrtha nó duine dlítheanach aonair mar ghrúpa agus iarratas á chomhdú aige, i gcás ina léirítear gur comhlíonadh an dá choinníoll in Airteagal 49(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012: (a) is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a chur isteach; agus (b) maidir le tásca geografacha faoi chosaint, tá saintréithe sa limistéar geografach sainithe atá éagsúil go suntasach leis na saintréithe atá i limistéir chomharsanachta nó tá saintréithe an táirge éagsúil leis na táirgí a tháirgtear i limistéir chomharsanachta. Iarradh ar an iarratasóir údair den sórt sin a sholáthar. |
(4) |
Sa fhreagra sholáthair an t-iarratasóir Doiciméad Aonair agus Sonraíocht táirge cothrom le dáta, inar sonraíodh gurb í an Chuideachta Comhstoic ‘Lidskoe Pivo’ an t-aon úinéir agus an t-aon oibreoir ar na toibreacha nach mór a úsáid chun ‘Лидский квас/Lidski kvas’ a tháirgeadh agus go ndéanann an t-iarratasóir an próiseas táirgthe ar fad i gcríoch chathair Lida agus de réir ‘treoir theicneolaíoch uathúil ar leith’, ar treoir í arb é an t-iarratasóir a húinéir agus an t-aon úsáideoir dá cuid. |
(5) |
Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus chuir sé in iúl don iarratasóir sa litir dhiúltaithe, mura mbeidh aon bharúil faighte laistigh de 2 mhí tar éis dó an litir a fháil, go bhfuil sé ar intinn aige tús a chur leis an nós imeachta maidir le cinneadh foirmiúil ón gCoimisiún a ghlacadh lena ndiúltaítear an t-iarratas de bhun Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
(6) |
Chuir an Coimisiún san áireamh gur forbraíodh agus gur ceapadh córas na TGanna chun go mbeidh táirgeoirí in ann a dtáirgí a chosaint, i gcás gur táirgeoirí iad atá lonnaithe i limistéar áirithe agus a bhfuil a dtáirge éagsúil le haon táirge eile ar an margadh mar gheall ar an timpeallacht nádúrtha/shóisialta inar táirgeadh é. |
(7) |
Mheas an Coimisiún go dtugtar cearta comhchoiteanna le tásca geografacha faoi chosaint, murab ionann agus trádmharcanna aonair, agus, i gcodarsnacht le trádmharcanna atá faoi úinéireacht sealbhóirí atá inaitheanta go soiléir, meastar go bhfuil TGanna faoi úinéireacht comhphobail neamhshonraigh, lena gcuimsítear gach táirgeoir atá ann faoi láthair nó a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chloíonn leis an tsonraíocht ghaolmhar. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh aon táirgeoir a urramaíonn ceanglais na sonraíochta táirge an t-ainmniú faoi chosaint a úsáid. |
(8) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur léir nach féidir le táirgeoirí eile a bheith rannpháirteach i gcás ‘Лидский квас/Lidski kvas’, toisc gurb é an t-iarratasóir an t-aon úinéir agus an t-aon oibreoir ar na toibreacha nach mór a úsáid chun an táirge atá i gceist a tháirgeadh. |
(9) |
Thairis sin, chuir an Coimisiún san áireamh gurb é an t-iarratasóir úinéir agus úsáideoir aonair na ‘treorach theicneolaíoch uathúil ar leith’, ar dá réir a tháirgtear an táirge. Dá bhrí sin, ní bhaineann saintréithe an táirge lena thionscnamh geografach faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ach le ‘modh táirgthe speisialta’, mar a thugann an t-iarratasóir tuairisc air, atá i seilbh eisiach an iarratasóra. Tugtar tuairisc ghinearálta ar na teicnící táirgthe trí na céimeanna táirgthe amháin a liostú, gan aon mhionsonraí a sholáthar a fhágfadh go bhféadfadh táirgeoirí féideartha eile a bheith rannpháirteach. |
(10) |
Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 gur cheart iarratais ar TGanna faoi chosaint a bheith curtha isteach ag grúpa táirgeoirí, de ghnáth. Ní fhéadfaidh táirgeoir aonair iarratas a dhéanamh ar chosaint den sórt sin ach amháin má chomhlíontar coinníollacha breise Airteagal 49(1), an dara fomhír. Thug an Coimisiún dá aire nár thug an t-iarratasóir aon údar ina leith sin. |
(11) |
Níor thug an t-iarratasóir freagra ar an litir dhiúltaithe a sheol an Coimisiún laistigh den sprioc-am a leagadh síos. |
(12) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún nach gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú ‘Лидский квас/Lidski kvas’ mar TGFC ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, go sonrach Airteagal 5(2) agus Airteagal 49(1) den Rialachán sin. |
(13) |
Ba cheart, dá bhrí sin, diúltú don iarratas ar an ainm ‘Лидский квас/Lidski kvas’ a chosaint mar thásc geografach faoi chosaint. |
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Diúltaítear don iarratas ar chlárú an ainm ‘Лидский квас/Lidski kvas’.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo ar ionadaí dlíthiúil an iarratasóra:
EUROMARKPAT GERMANY |
v.Füner Ebbinghaus Finck Hano |
European Patent, Trademark and Design Attorneys |
Mariahilfplatz 3 |
81541 München |
An Ghearmáin |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Lúnasa 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún