Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1592

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/1592 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

    ST/11883/2023/REV/1

    IO L 195I, 3.8.2023, p. 31–60 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1592/oj

    3.8.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 195/31


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/1592 ÓN gCOMHAIRLE

    an 3 Lúnasa 2023

    lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES.

    (2)

    I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis agus a rannpháirtíochta in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ba cheart 38 nduine aonair agus 3 eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Lúnasa 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    P. NAVARRO RÍOS


    (1)  IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

    (1)

    cuirtear na daoine nádúrtha seo a leanas leis an tábla ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 3(1) agus 4(1)’:

     

    Ainmneacha

    (Traslitriú an litrithe Bealarúisise)

    (Traslitriú an litrithe Rúisise)

    Ainmneacha

    (litriú Bealarúisise)

    (litriú Rúisise)

    Faisnéis Aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    ‘196.

    Aliaksandr Uladzimirovich KARNIENKA

    Alexander Vladimirovich KORNIENKO

    Аляксандр Уладзiмiравiч КАРНIЕНКА

    Александр Владимирович КОРНИЕНКО

    Post/poist: Iarcheann Choilíneacht Phionósach IK-17 Shklov, Leifteanant-Choirnéal na Seirbhíse Inmheánaí

    Post reatha: Cigire Ceantair; Roinn Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Cheantar Slutsk

    Dáta breithe: 9.1.1979

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Ina phost mar iarcheann Choilíneacht Phionósach IK-17 in Shklov, tá Aliaksandr Karnienka freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céastóireacht, a tugadh ar na príosúnaigh pholaitiúla agus ar shaoránaigh eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach sin tar éis thoghchán uachtaránachta 2020 agus na n-agóidí síochánta ina dhiaidh sin. Bhí sé i gceannas ar an gcoilíneacht phionósach nuair a fuair an príosúnach polaitiúil Vitold Ashurak bás sa choilíneacht phionósach an 21 Bealtaine 2021, in imthosca nár míníodh.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    197.

    Andrei Siarheevich PALCHIK

    Andrei Sergeevich PALCHIK

    Андрэй Сяргеевiч ПАЛЬЧЫК

    Андрей Сергеевич ПАЛЬЧИК

    Poist: Iarcheann ar choilíneacht cheartúcháin Uimh. 1 in Novopolotsk

    Dáta breithe: 3.3.1981

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Sa phost a bhí aige mar cheann ar choilíneacht cheartúcháin Uimh. 1 in Novopolotsk, bhí Andrei Palchik freagrach as céastóireacht agus drochíde, pionóis mhí-úsáideacha, lena n-áirítear gaibhniú aonair a úsáid arís agus arís eile, agus as páirt a ghlacadh sa mhéid sin, i gcoinne na bpríosúnach polaitiúil agus na saoránach eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach sin, go háirithe tar éis thoghchán uachtaránachta 2020 agus na n-agóidí síochánta ina dhiaidh sin. Mar cheann na coilíneachta pionósaí sin, ní hamháin go bhfuil Andrei Palchik freagrach as na mí-úsáidí sin a ordú agus maoirseoireacht a dhéanamh orthu, ach tá cuntas teiste doiciméadaithe aige maidir le rannpháirtíocht phearsanta i ngníomhartha céastóireachta agus foréigin i gcoinne príosúnach. Le linn riarachán Andrei Palchik ó 2017 go mí an Mhárta 2023, tá droch-cháil tagtha ar choilíneacht cheartúcháin Uimh. 1 in Novopolotsk mar gheall ar na dálaí coinneála atá ann atá thar a bheith crua agus mar gheall ar an drochíde a thugtar do na príosúnaigh, go leor acu ina bpríomhghníomhaithe polaitiúla agus ina n-ionadaithe ar an tsochaí shibhialta arna gcoinneáil toisc go raibh siad i gcoinne réimeas an Uachtaráin Lukashenka. Tar éis dó aistriú ó Choilíneacht Phionósach Uimh. 1, leanann Andrei Palchik de phost gníomhach ardchéimnitheach a bheith aige i saoráid choinneála eile agus dá bhrí sin tá sé ag obair don chóras smachtúil go fóill.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    198.

    Aliaksandr Uladzimiravich KAROL

    Aleksandr Vladimirovich KAROL

    Аляксандр Уладзiмiравiч КАРОЛЬ

    Александр Владимирович КОРОЛЬ

    Post/poist: Ionchúisitheoir Sinsearach i Roinn Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta

    Dáta breithe: 28.6.1992

    Áit bhreithe: Bobruisk, réigiún Mogilev, Poblacht na Bealarúise

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3280692M019PB8

    Ina phost mar Ionchúisitheoir Sinsearach i Roinn Oifig Ionchúisitheora Ghinearálta na Bealarúise, tá Aliaksandar Karol freagrach as an iliomad cásanna coiriúla dar siocair an pholaitíocht i gcoinne chosantóirí chearta an duine sa Bhealarúis. Go háirithe, tá baint aige le hionchúiseamh ionadaithe de chuid Viasna, eagraíocht chearta an duine sa Bhealarúis, ar chúiseanna dar siocair an pholaitíocht, lena n-áirítear Ales Bialiatski, cathaoirleach Viasna, Valiantsin Stefanovic, leas-chathaoirleach Viasna, an dlíodóir Uladzimir Labkovich, Viasna, Marfa Rabkova, comhordaitheoir líonra deonach, Leanid Sudalenka, ceann oifig Viasna in Gomel, agus an deonach Andrei Chapiuk, mar aon leis an deonach Tatsiana Lasitsa a scaoileadh ó choilíneacht phionósach Gomel an 24 Meán Fómhair 2022.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint, go tromchúiseach, ón smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    199.

    Mikhail Mikhailavich MURASHKIN

    Mikhail Mikhailovich MURASHKIN

    Мiхаiл Мiхайлавiч МУРАШКIН

    Михаил Михайлович МУРАШКИН

    Post/poist: Iar-Leas-Cheann ar Roinn Bardasach Gnóthaí Inmheánacha (Municipal Department of Internal Affairs) in Zhodino - Ceann na bPóilíní Slándála Poiblí (Public Security Police); Céad-Leas-Cheann ar Roinn Ceantair Gnóthaí Inmheánacha (District Department of Internal Affairs) in Borisov - Ceann na bPóilíní Slándála Poiblí (Public Security Police) ón 29.10.2021 ar aghaidh

    Dáta breithe: 8.9.1989

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Ina phost mar iarcheann ar na Póilíní Slándála Poiblí in Zhodino, d’ordaigh Mikhail Murashkin do thrúpaí na bpóilíní agus do phóilíní círéibe OMON agóidí síochánta a chur faoi chois go brúidiúil tar éis an thoghcháin uachtaránachta in 2020, agóideoirí a bhatráil agus foréigean a dhéanamh orthu. Tá baint aige freisin le hiriseoirí neamhspleácha a chlúdaigh na hagóidí sa tréimhse roimh na toghcháin uachtaránachta a choinneáil arís agus arís eile.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. Tá post ardchéime den chineál céanna aige i gcónaí laistigh den Roinn Gnóthaí Inmheánacha.

    3.8.2023

    200.

    Mikalai Vasilievich MAKSIMAVICH

    Nikolai Vasilievich MAKSIMOVICH

    Мiкалай Васiльевiч МАКСIМАВIЧ

    Николай Васильевич МАКСИМОВИЧ

    Post/poist: Leas-Cheann ar an Mílíste Slándála Poiblí (Public Security Militia), Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha (Internal Affairs Directorate) Choiste Feidhmiúcháin Réigiúnach Mhionsc

    Dáta breithe: 25.2.1977

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Seoladh: Mionsc, sráid Yankee Brylya 21, árasán 224;

    Mionsc, sráid Kolesnikova 32, árasán 3

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3250277M077PB2

    Ina phost mar Leas-Cheann Mhílíste Slándála Poiblí Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Réigiúnach Mhionsc, tá Mikalai Maksimavich freagrach as an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil ar agóidí síochánta sa tréimhse roimh na toghcháin uachtaránachta i mí Lúnasa 2020 agus ina dhiaidh sin. Tá orduithe tugtha aige go pearsanta do na póilíní círéibe OMON na léirsithe a chur faoi chois go foréigneach, na hagóideoirí agus na hiriseoirí neamhspleácha a chlúdaigh na himeachtaí sin a choinneáil, agus iad a chur faoi choinníollacha diana coinneála.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    201.

    Piotr Aleksandrovich ARLOU

    Petr Aleksandrovich ORLOV

    Пётр Александровiч АРЛОЎ

    Петр Александрович ОРЛОВ

    Post/poist: Breitheamh i gCúirt Chathrach Mhionsc (Minsk City Court)

    Dáta breithe: 6.4.1967

    Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3040667A088PB0

    Seoladh: Mionsc, sráid Sharangovicha 78, árasán 60

    Agus é ina bhreithimh i gCúirt Chathrach Mhionsc, tá ionadaíocht déanta ag Piotr Arlou do réimeas Lukashenka in iliomad trialacha polaitiúla agus tá sé freagrach as na fíoraisc fhada atá tugtha in absentia i gcoinne roinnt comhaltaí den fhreasúra daonlathach; Sviatlana Tsikhanouskaya (15 bliana), Pavel Latushka (18 mbliana), agus Volha Kavalkova, Maryia Maroz agus Siarhei Dyleuski (12 bliana an duine).

    Tá Piotr Arlou freagrach freisin as stiúradh na trialach agus na fíoraisc dar siocair an pholaitíocht i gcoinne an bhlagálaí Eduard Palchys (13 bliana príosúnachta) agus an iriseora Katsiaryna Andreyeva (2 bhliain). Tá na fíoraisc sin mar chuid de dhiúltú córasach a bheith á dhéanamh ag údaráis na Bealarúise d’fheidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus de phionós a chur má fheidhmítear an tsaoirse sin. Is samplaí iad fíoraisc Piotr Arlou den chur faoi chois córasach atá á dhéanamh ar an easaontú.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    202.

    Ruslan Khikmetavich MASHADZEOU

    Ruslan Khikmetovich MASHADIYEV

    Руслан Хiкметовiч МАШАДЗЕЎ

    Руслан Хикметович МАШАДИЕВ

    Post/poist: Iar-Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 1; Ceann Reatha Choilíneacht Phionósach Uimh. 1

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Ina phost mar Cheann agus iarLeas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 1, tá Ruslan Mashadziyeu freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céastóireacht, a tugadh ar na príosúnaigh pholaitiúla agus ar shaoránaigh eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach sin tar éis thoghchán uachtaránachta 2020 agus na n-agóidí síochánta ina dhiaidh sin. Bhí sé i gceannas ar an gcoilíneacht phionósach nuair a fuair an príosúnach polaitiúil Vitold Ashurak bás sa choilíneacht phionósach sin an 21 Bealtaine 2021, in imthosca nár míníodh.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    203.

    Siarhei Uladzimiravich KARCHEUSKY

    Sergey Vladimirovitch KARCHEVSKY

    Сяргей Уладзiмiравiч КАРЧЭЎСКI

    Сергей Владимирович КАРЧЕВСКИЙ

    Post/poist: Maor agus Ceann roinn réimis Choilíneacht Phionósach Uimh.17 Shklow

    Dáta breithe: 15.6.1983

    Seoladh: 6 Sráid Fatina, árasán 100, Mogilev, an Bhealarúis

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Uimhir Aitheantas Phearsanta: 3150683MO74PB5

    Mar cheann roinn réimis Choilíneacht Phionósach Uimh. 17 in Shklow, tá Siarhei Kharcheusky freagrach go díreach as dálaí mídhaonna coinneála sa choilíneacht, as na cleachtais fhoréigneacha a dhéantar ar phríosúnaigh agus as an drochíde a thugtar dóibh, go háirithe príosúnaigh pholaitiúla. Bhí baint phearsanta aige le batráil agus gníomhaithe eile foréigin mhíchuibheasaigh a dhéanamh i gcoinne príosúnach agus tá baint dhíreach aige le bás an phríosúnaigh pholaitiúil, Vitold Ashurak, sa choilíneacht phionósach sin an 21 Bealtaine 2021 agus tá sé freagrach go díreach as an mbás sin.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    204.

    Siarhei Vasilyevich MASLIUKOU

    Sergey Vasilyevich MASLIUKOV

    Сяргей Васiльевiч МАСЛЮКОЎ

    Сергей Васильевич МАСЛЮКОВ

    Post/poist: Príomhchoirnéal sheirbhís inmheánach Choilíneacht Oideachais Uimh 2 in Bobruysk

    Áit bhreithe: Shklov, an Bhealarúis

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Seoladh amhrasta: Bobruysk

    Ina phost mar Phríomhchoirnéal sheirbhís inmheánach Choilíneacht Oideachais Uimh. 2 in Bobruysk, tá Siarhei Masliukou freagrach as íde mhídhaonna tháireach mionaoiseach. Tá sé freagrach as ocras, céastóireacht, saothar éignithe agus cineálacha éagsúla foréigin fhisiciúil agus shíceolaíoch a chur ar leanaí. Tá sé freagrach freisin as rochtain ar chúram leighis a bhaint de dhaoránaigh faoi aois.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    205.

    Sviatlana Aliaksandrauna BANDARENKA

    Svetlana Aleksandrovna BONDARENKO

    Святлана Аляксандраўна БАНДАРЭНКА

    Светлана Александровна БОНДАРЕНКО

    Post/poist: Breitheamh ag cúirt i ndúiche Moskovsky de Mhionsc

    Inscne: baineann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Ina post mar Bhreitheamh i ndúiche Moskovsky de Mhionsc, tá Sviatlana Bandarenka freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht. Tá pianbhreith gearrtha aici ar roinnt saoránach de chuid na Bealarúise as páirt a ghlacadh in agóidí agus as barúlacha frithrialtais a fhoilsiú ar Telegram. Ghearr sí pianbhreith freisin ar an iriseoir Ekaterina Borisevich agus ar an dochtúir éigeandála san ospidéal Artyom Sorokin as rúin leighis a nochtadh faoi Roman Bondarenko, a bhuail na fórsaí slándála chun báis.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealrúis.

    3.8.2023

    206.

    Sviatlana Paulauna PAKHODAVA

    Svetlana Pavlovna POKHODOVA

    Святлана Паўлаўна ПАХОДАВА

    Светлана Павловна ПОХОДОВА

    Post/poist: Ceann Choilíneacht Phionósach Uimh. 4 do mhná in Gomel

    Inscne: baineann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    An áit a meastar ina bhfuil sí: Gomel

    Ina post mar Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 4 do mhná in Gomel, tá Sviatlana Pakhodava freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céastóireacht, a tugadh do na príosúnaigh pholaitiúla agus do shaoránaigh eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach bhan sin. Bhí sí ina ceann cheana féin ar an gcoilíneacht phionósach nuair a ionchúisíodh Maria Kalesnikava, príosúnach polaitiúil ar tugadh pianbhreith choimeádta 11 bhliain di as a rannpháirtíocht sna hagóidí i gcoinne riail fhorlámhach Aliaksandr Lukashenko sa choilíneacht phionósach. Baineadh cearta uile na bpríosúnach di, lena n-áirítear an ceart dul i gcomhairle le dlíodóir.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    207.

    Tatsiana Valerieuna PIROZHNIKAVA

    Tatiana Valeryevna PIROZHNIKOVA

    Таццяна Валер’еўна ПIРОЖНIКАВА

    Татьяна Валерьевна ПИРОЖНИКОВА

    Post/poist: Breitheamh ag cúirt i ndúiche Moskovsky de Mhionsc

    Dáta breithe: 8.1.1987

    Inscne: baineann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4010887M019PB2

    Ina post mar bhreitheamh i ndúiche Moskovsky de Mhionsc, ghearr Tatsiana Pirozhnikava pianbhreith ar roinnt saoránach de chuid na Bealarúise ar fhorais pholaitiúla, lena n-áirítear as a rannpháirtíocht in agóidí agus as tuairimí frithrialtais a fhoilsiú ar Telegram. Tá fianaise ann go ngearrann sí, ó am go chéile, pianbhreitheanna níos déine ná iad siúd a iarrann an t-ionchúisitheoir.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealrúis.

    3.8.2023

    208.

    Tatsiana Aliaksandrauna GRAKUN

    Tatyana Alexandrovna GRAKUN

    Таццяна Аляксандраўна ГРАКУН

    Татьяна Александровна ГРАКУН

    Post/poist: Ionchúisitheoir Sinsearach in Oifig Ionchúisitheora Réigiún Mhionsc um Maoirseacht ar Chomhlíonadh Dlí na gCinntí Cúirte i gCásanna Coiriúla; Comhairleoir Sóisearach an Cheartais

    Inscne: baineann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Is ionchúisitheoir Bealarúiseach í Tatsiana Grakun atá ag obair in Oifig Ionchúisitheora Réigiún Mhionsc. Sa phost sin, tá ionadaíocht déanta aici do réimeas Lukashenka i gcásanna dar siocair an pholaitíocht i gcoinne iriseoirí. Go háirithe, d’ionchúisigh sí Maryna Zolatava, príomheagarthóir TUT.BY, ar gearradh téarma príosúnachta 12 bhliain uirthi, agus Liudmila Chekina, stiúrthóir ginearálta TUT.BY, ar gearradh téarma príosúnachta 12 bhliain uirthi i mí an Mhárta 2023, bunaithe ar na cúisimh gan forais, ‘dochar a dhéanamh do shlándáil náisiúnta Phoblacht na Bealarúise’.

    Tá Tatsiana Grakun freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    209.

    Valentina Mikalaeuna ZIANKEVICH

    Valentina Nikolaevna ZENKEVICH

    Валянцiна Мiкалаеўна ЗЯНКЕВIЧ

    Валентина Николаевна ЗЕНЬКЕВИЧ

    Post/poist: Coláiste Breithiúnach um Chásanna Coiriúla Chúirt Chathrach Mhionsc, Breitheamh

    Dáta breithe: 8.1.1969

    Inscne: baineann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Is breitheamh Bealarúiseach í Valentina Ziankevich atá ag obair i gColáiste Breithiúnach um Chásanna Coiriúla Chúirt Chathrach Mhionsc. D’eisigh sí rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Chiontaigh sí seachtar saoránach de chuid na Bealarúise ar a laghad ar fhorais pholaitiúla, lena n-áirítear Maryna Zolatava, príomheagarthóir TUT.BY, ar gearreadh téarma príosúnachta 12 bhliain uirthi, agus Liudmila Chekina, stiúrthóir ginearálta TUT.BY, ar gearreadh téarma príosúnachta 12 bhliain uirthi i mí an Mhárta 2023. Tá neart fianaise ann de rialuithe dar siocair an pholaitíocht a d’eisigh sí i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise ó 2022.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    210.

    Yauheni Valerievich BUBICH

    Yevgeny Valerievich BUBICH

    Яўген Валер’евiч БУБIЧ

    Евгений Валерьевич БУБИЧ

    Post/poist: Ceann Choilíneacht Phionósach uimh. 2; Leifteanant-Choirnéal na seirbhíse inmheánaí

    Dáta breithe: 3.6.1979

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Seoladh: Bobruysk, sráid Kovzana 60, árasán 42;

    Bobruysk, sráid Kovzana 5/485;

    Bobruysk, sráid Internationalnaya 66B, árasán 31

    Ina phost mar Cheann Choilíneacht Uimh. 2 in Bobruysk, tá Yauheni Bubich freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céastóireacht, saothar éignithe, agus foréigean fisiciúil agus síceolaíoch, a tugadh do na príosúnaigh.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    211.

    Yuri Ivanavich VASILEVICH

    Yury Ivanovich VASILEVICH

    Юры Iванавiч ВАСIЛЕВIЧ

    Юрий Иванович ВАСИЛЕВИЧ

    Post/poist: Ceann Choilíneacht Phionósach Uimh. 14 in Novosady

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Ina phost mar Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 14, tá Yury Vasilevich freagrach as an drochíde a tugadh do na ciontuithe arna gcoinneáil faoina dhlínse, agus as íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céastóireacht, a tugadh do na príosúnaigh pholaitiúla agus do shaoránaigh eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach sin.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    212.

    Raman Ivanavich BIZIUK

    Roman Ivanovich BIZYUK

    Раман Iванавiч БIЗЮК

    Роман Иванович БИЗЮК

    Post/poist: Ionchúisitheoir

    Dáta breithe: 25.3.1986

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3250386H012PB7

    Seoladh: Mionsc, 30 Masherova Ave., árasán 25

    Ina phost mar ionchúisitheoir ag Cúirt Dúiche Mhionsc, tá ionadaíocht déanta ag Raman Biziuk do réimeas Lukashenka in iliomad cásanna dar siocair an pholaitíocht, go háirithe i gcoinne Marfa Rabkova, agus Andrei Chapiuk, ar forchuireadh breitheanna rífhada orthu de 15 bliana agus 6 bliana sa phríosún faoi seach, agus a n-ochtair comhchosantóirí, ar gearradh téarmaí príosúnachta idir 5 bliana agus 17 mbliana orthu.

    Cuireadh Marfa Rabkova i bpríosún ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht dar bunús ‘oiliúint a chur ar dhaoine chun páirt a ghlacadh i gcíréibeacha ollmhóra nó na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú’, an tseirbhís saorálaithe a chomhordú sa ghrúpa um chearta an duine a aithnítear go hidirnáisiúnta, Viasna, agus faireachán ar thoghchán Lúnasa 2020 a eagrú. Tá taifead fianaise aici freisin ar chásanna céastóireachta agus ar dhrochíde eile i gcoinne agóideoirí atá á gcoinneáil. Bhí Marfa Rabkova ar dhuine de na chéad bhaill de Viasna ar dhírigh na húdaráis uirthi le cúisimh choiriúla dar siocair an pholaitíocht tar éis na n-agóidí i Lúnasa 2020.

    Cúisíodh Andrei Chapiuk as páirt a ghlacadh in eagraíocht choiriúil agus as fuath a ghríosú, i measc nithe eile, agus as a rannpháirtíocht in Viasna mar shaorálaí.

    Reáchtáladh a dtriail go rúnda ar iarraidh ón ionchúisitheoir Raman Biziuk agus ar fhormheas an bhreithimh Siarhei Khrypach mar gheall ar ‘ábhair de chineál antoisceach’ a líomhnaíodh a bheith bainteach leis an gcás.

    Tá Raman Biziuk freagrach freisin as an ionchúiseamh dar siocair an pholaitíocht i gcoinne na gcomhchosantóirí sa triail chéanna, eadhon Akihiro Haeuski-Hanada, Alyaksandr Frantaskevich, Alykaksei Galauko, Alyaksandr Kazlyanka, Pavel Shpteny, Mikita Dranets, Andrei Marach agus Daniil Chul. Tá sé freagrach freisin as na cúisimh dar siocair an pholaitíocht i gcoinne Andrei Linnik agus Anton Bialenski, chomh maith leis an iochúiseamh i gcoinne Dzmitry Kanapelka, Vitalii Kavalenka, Tsimur Pipiya, Dzianis Boltuts, Vital Shyshlou agus Emil Huseinau.

    Tá Raman Biziuk freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go mór den daonlathas nó den smacht reachta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    213.

    Siarhei Fiodaravich KHRYPACH

    Sergey Fedorovich KHRIPACH

    Сяргей Фёдаравiч ХРЫПАЧ

    Сергей Федорович ХРИПАЧ

    Post/poist: Breitheamh ag Cúirt Réigiúnach Mhionsc

    Dáta breithe: 16.4.1966

    Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3160466A077PB2

    Seoladh: Mionsc, sráid Odintsova 105, árasán 206

    Ina phost mar bhreitheamh ag Cúirt Réigiúnach Mhionsc, tá ionadaíocht déanta ag Siarhei Khrypach do réimeas Lukashenka in iliomad cásanna dar siocair an pholaitíocht, go háirithe i gcoinne Marfa Rabkova, Andrei Chapyuk, ar forchuireadh pianbhreitheanna rífhada orthu de 15 bliana agus 6 bliana sa phríosún faoi seach) agus a n-ochtair comhchosantóirí, ar gearradh pianbhreitheanna coimeádta idir 5 bliana agus 17 mbliana orthu.

    Cuireadh Marfa Rabkova i bpríosún ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht dar bunús ‘oiliúint a chur ar dhaoine chun páirt a ghlacadh i gcíréibeacha ollmhóra nó na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú’, an tseirbhís saorálaithe a chomhordú sa ghrúpa um chearta an duine a aithnítear go hidirnáisiúnta, Viasna, agus faireachán ar thoghchán Lúnasa 2020 a eagrú. Tá taifead fianaise aici freisin ar chásanna céastóireachta agus ar dhrochíde eile i gcoinne agóideoirí atá á gcoinneáil. Bhí Marfa Rabkova ar dhuine de na chéad bhaill de Viasna ar dhírigh na húdaráis uirthi le cúisimh choiriúla dar siocair an pholaitíocht tar éis na n-agóidí i Lúnasa 2020.

    Cúisíodh Andrei Chapiuk as páirt a ghlacadh in eagraíocht choiriúil agus as fuath a ghríosú i measc nithe eile, agus as a rannpháirtíocht in Viasna mar shaorálaí.

    Reáchtáladh a dtriail go rúnda ar iarraidh ón ionchúisitheoir Raman Biziuk agus ar fhormheas an bhreithimh Siarhei Khrypach mar gheall ar ‘ábhair de chineál antoisceach’ a líomhnaíodh a bheith bainteach leis an gcás.

    Tá Siarhei Khrypach freagrach freisin as stiúradh na trialach agus na fíoraisc dar siocair an pholaitíocht i gcoinne na gcomhchosantóirí sa triail chéanna, eadhon Akihiro Haeuski-Hanada, Alyaksandr Frantaskevich, Alykaksei Galauko, Alyaksandr Kazlyanka, Pavel Shpteny, Mikita Dranets, Andrei Marach and Daniil Chul.

    Tá Siarhei Khrypach freagrach freisin as an bhfíorasc dar siocair an pholaitíocht i gcoinne Yegor Dudnikov, i mBealtaine 2021.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go mór den daonlathas nó den smacht reachta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    214.

    Vadim Frantzavich GIGIN

    Vadim Franzevich GIGIN

    Vadzim HIHIN

    Вадзiм Францавiч ГIГIН

    Вадим Францевич ГИГИН

    Post/poist: Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na Bealarúise, iarcheann ar chumann rialtais na Bealarúise ‘Knowledge’, agus déan Dhámh na Fealsúnachta agus na nEolaíochtaí Sóisialta, Ollscoil Stáit na Bealarúise, iarrthóir ar eolaíocht stairiúil

    Dáta breithe: 21.10.1977

    Áit bhreithe: Mionsc, iar-Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise (an Bhealarúis anois)

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Tá Vadim Gigin ar na daoine is glóraí agus is mó tionchair ó thaobh chóras bholscaireacht stát na Bealarúise a chur chun cinn. Tacaíonn sé go córasach le réimeas Lukashenka agus is minic a chuireann sé a thuairimí i láthair ar chainéal teilifíse an stáit ONT agus ag Belarus 1. Thacaigh Vadim Gigin agus thug sé údar le cos ar bolg a imirt ar an bhfreasúra daonlathach, ar an tsochaí shibhialta agus na meáin neamhspleácha, go háirithe tar éis na dtoghchán uachtaránachta i Lúnasa 2020. Scaipeann Vadim Gigin a chuid scéalta bolscaireachta ndáil le ‘réimeas Naitsíoch san Úcráin’, clúmhilleadh an Iarthair agus údar a thabhairt le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

    Go mí an Mheithimh 2023, bhí Vadim Gigin i gceannas ar an gcumann Bealarúiseach ‘Knowledge’, a aithnítear mar eagraíocht neamhrialtasach státurraithe a chuireann Lukashenka agus a réimeas chun cinn. Thug Lukashenka aitheantas do rannchuidiú Gigin leis an réimeas i mí Mheán Fómhair 2021 nuair a bronnadh an bonn ‘For Labor Merits’ ar Gigin. Thairis sin, i mí Feabhra 2023, ceapadh é ina chomhalta den Choimisiún a bhreithníonn achomhairc saoránach den Bhealarúis thar lear maidir le cionta a rinne siad, faoi cheannas Ard-Ionchúisitheoir na Bealarúise, Andrei Shved.

    Tá Vadim Gigin, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.

    3.8.2023

    215.

    Ksenia Piatrouna LEBEDZEVA

    Ksenia Petrovna LEBEDEVA

    Ксенiя Пятроўна ЛЕБЕДЗЕВА

    Ксения Петровна ЛЕБЕДЕВА

    Post/poist: Bolscaire agus fostaí den chainéil stáit ‘Belarus 1’ agus TV News Agency.

    Dáta breithe: 12.12.1987

    Áit bhreithe: Mogilev, iar-Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise (an Bhealarúis anois)

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: baineann

    Tá Ksenia Lebedzeva ar dhuine de phríomhbholscairí réimeas Lukashenka agus tá dlúthbhaint aici le meáin an réimis. Is láithreoir teilifíse Bealarúiseach í ag an gcainéal ‘Belarus 1’, atá faoi úinéireacht an stáit. Tá an clár faisnéise anailíseach ‘This is different’ á chur i láthair aici ó mhí Iúil 2021, ar an gcainéal teilifíse ‘Belarus 1’, atá faoi úinéireacht an stáit. Ina colún agus ina tuairiscí don chainéal teilifíse ‘Bealarus 1’, cuireann sí bolscaireacht na Rúise chun cinn maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, mar aon le bolscaireacht stáit na Bealarúise atá dírithe ar an bhfreasúra agus ar thíortha comharsanachta. Tá an smaoineamh go bhfuil an Úcráin, in éineacht le ECAT, ag seoladh faisnéise agus oibríochtaí speisialta síceolaíocha i gcoinne na Bealarúise ó 2020 á chur chun cinn ag Ksenia Lebedzeva, mar aon le cuntas Lukashenka go bhfuil ionadaithe an fhreasúra á maoiniú ag tíortha an Iarthair.

    An 16.1. 2021, bhronn Lukashenka buíochas ar Ksenia Lebedzeva as ‘rannchuidiú suntasach le cur chun feidhme bheartas faisnéise an stáit, ardghairmiúlacht, clúdach oibiachtúil agus cuimsitheach ar imeachtaí shaol sochpholaitiúil agus soch-chultúrtha na tíre’.

    Tá Ksenia Lebedeva, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú le réimeas Lukashenka.

    3.8.2023

    216.

    Zinaida Vasilieuna BALABALAVA

    Zinaida Vasilievna BALABALAVA

    Зiнаiда Васiльеўна БАЛАБАЛАВА

    Зинаида Васильевна БАЛАБОЛАВА

    Post/poist: Breitheamh ag Cúirt Chathrach Navapolatsk

    Inscne: baineann

    Ina post mar bhreitheamh de Chúirt Chathrach Navapolatsk, tá Zinaida Balabalava freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar an gceannaire ceardchumainn Volha Bytsikava, agus ar na gníomhaithe Hanna Tukava agus Andrei Halavyryn. Ghearr sí fíneálacha agus d’ordaigh sí go ngabhfaí daoine as comharthaí frithchogaíochta a fhoilsiú nó as tuairisciú neamhspleách ar thrialacha.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    217.

    Halina KNIZHONAK

    Galina KNIZHONAK

    Галiна КНIЖОНАК

    Галина КНИЖОНАК

    Post/poist: Breitheamh i gCúirt Dúiche Mazyr

    Inscne: baineann

    Ina post mar bhreitheamh i gcúirt dúiche Mazyr, tá Halina Knizhonak freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar Hleb Koipish, Uladzislau Hancharou, Aliaksandr Tsimashenka agus Daniil Skipalski. Tá téarma príosúnachta gearrtha aici ar dhaoine as páirt a ghlacadh in agóidí síochánta i gcoinne réimeas Lukashenka.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    218.

    Hanna Barisauna LIAVUSIK

    Anna Borisovna LEUSIK

    Ганна Барысаўна ЛЯВУСIК

    Анна Борисовна ЛЕУСИК

    Post/poist: Breitheamh i gcúirt dúiche Leninsky in Hrodna/Grodno

    Dáta breithe: 7.10.1973

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: baineann

    Seoladh: Grodno, sráid Soviet Border Guards 120, árasán 47

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4071073K000PB2

    Ina post mar bhreitheamh i gcúirt dúiche Leninsky, Hrodna, tá Hanna Liavusik freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as pianbhreith a fhorchur ar Alexander Tyelega. Tá fíneálacha agus téarmaí príosúin gearrtha aici ar dhaoine as labhairt suas i gcoinne an fhoréigin agus an chos ar bolg.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    219.

    Henadz Ivanavich KUDLASEVICH

    Gennady Ivanovich KUDLASEVICH

    Генадзь Iванавiч КУДЛАСЕВIЧ

    Геннадий Иванович КУДЛАСЕВИЧ

    Post/poist: Breitheamh i gCúirt Dúiche Ivanovsky

    Dáta breithe: 5.5.1973

    Áit bhreithe: Tereblychi, Ceantar Stolin, iar-Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise (an Bhealarúis anois)

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Ina phost mar bhreitheamh i gCúirt Dúiche Leninsky, tá Henadz Kudlasevich freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as pianbhreith a fhorchur ar Yuryi Holik. Tá pianbhreitheanna príosúnachta, coinneáil tí agus fíneálacha gearrtha aige ar dhaoine as agóid a dhéanamh i gcoinne an rialtais nó as tuairisciú neamhspleách.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór ón smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    220.

    Ina Leonidauna PAULOUSKAYA

    Inna Leonidovna PAVLOVSKAYA

    Iна Леанiдаўна ПАЎЛОЎСКАЯ

    Инна Леонидовна ПАВЛОВСКАЯ

    Post/poist: Breitheamh i gCúirt Dúiche Baranovichi

    Dáta breithe: 29.7.1975

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: baineann

    Seoladh: Baranovichi, sráid Mikolskaya 32

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4290775C016PB9

    Ina post mar bhreitheamh i gcúirt dúiche Baranovichi, tá Ina Paulouskaya freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as pianbhreith a fhorchur ar Vitaly Korsak agus Anatoly Pugach. Tá téarmaí príosúin agus fíneálacha gearrtha aici ar dhaoine as an Uachtarán Lukashenka a cháineadh agus as agóid a dhéanamh i gcoinne thoradh thoghcháin uachtaránachta 2020.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    221.

    Aliaksandr Mikalaevich TARAKANAU

    Alexander Nikolaevich TARAKANOV

    Аляксандр Мiкалаевiч ТАРАКАНАЎ

    Александр Николаевич ТАРАКАНОВ

    Post/poist: Cúirt Dúiche Shklov, Réigiún Mogilev, Breitheamh

    Dáta breithe: 19.5.1965

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is breitheamh Bealarúiseach é Aliaksandr Tarakanau a fhreastalaíonn i gCúirt Dúiche Shklov i Réigiún Mogilev. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é ar feadh tréimhse éiginnte in 2017. Den chuid is mó, d’fhorchuir sé pianbhreitheanna a mhéadaigh ar na pionóis i gcoinne freasúra polaitiúil údaráis na Bealarúise, go háirithe i gcomhthéacs athrú a dhéanamh ar na pianbhreitheanna a forchuireadh go príosúnacht iomlán nó go córas níos déine chun na pianbhreitheanna sin a sheirbheáil. Rinneadh cinneadh den sórt sin i gcás an fhealsaimh agus an iriseora Uladzimir Matskievich atá bainteach leis an gcainéal teilifíse neamhspleách Belsat. Tá Aliaksandr Tarakanau freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    222.

    Dzmitry Vitalevich BUBENCHIK

    Dmitry Vitalievich BUBENCHIK

    Дзмiтрый Вiтальевiч БУБЕНЧЫК

    Дмитрий Витальевич БУБЕНЧИК

    Post/poist: Cúirt Réigiúnach Grodno, Breitheamh

    Dáta breithe: 15.7.1985

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is breitheamh Bealarúiseach é Dzmitry Bubenchik a fhreastalaíonn i gCúirt Dúiche Grodno. Ba é Aliaksandr Lukashenka a cheap é. D’eisigh sé rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. An 8 Feabhra 2023 ghearr sé téarma príosúnachta 8 mbliana ar Andrzej Poczobut, iriseoir neamhspleách agus gníomhaí den mhionlach Polannach atá cáinteach ar rialtas Phoblacht na Bealarúise.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    223.

    Aleg Uladzimiravich KHOROSHKA

    Oleg Vladimirovich KHOROSHKO

    Алег Уладзiмiравiч ХОРОШКА

    Олег Владимирович ХОРОШКО

    Post/poist: Cúirt Réigiúnach Grodno, Breitheamh

    Dáta breithe: 22.5.1977

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is breitheamh Bealarúiseach é Aleg Khoroshka a fhreastalaíonn i gCúirt Dúiche Gomel. Ba é Aliaksandr Lukashenka a cheap é. D’eisigh sé rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise, lena n-áirítear iriseoir ón stáisiún teilifíse neamhspleách Belsat, Katsiaryna Andreyeva a ghearradh pianbreith 8 mbliana agus 3 mhí i gcoilíneacht phionósach di.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    224.

    Anastastasia Uladzimirouna BENEDZISIUK

    Anastasia Vladimirovna BENEDISYUK

    Анастасiя Уладзiмipаўна БЕНЕДЗIСЮК

    Анастасия Владимировна БЕНЕДИСЮК

    Post/poist: Ceann Roinn Tuairisceoirí an TV News Agency sa chainéal teilifíse stáit náisiúnta Belarus 1 TV

    Dáta breithe: 31.10.1992

    Áit bhreithe: Oshmyan, an Bhealarúis

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: baineann

    Tá Anastasia Benedzisiuk ar dhuine de phríomhbholscairí réimeas Lukashenka agus Ceann Roinn Tuairisceoirí an TV News Agency, a ullmhaíonn tuairiscí don chainéal Belarus 1 TV.

    Bíonn sí ina hóstach ar an gclár faisnéise ‘Plan B’ ar an gcainéal teilifíse ‘Belarus 1’ atá faoi úinéireacht an stáit. Ar a clár agus ina tuairiscí do chainéal teilifíse Belarus 1, scaipeann sí insintí bolscaireachta na Rúise faoin ‘réimeas Naitsíoch san Úcráin’, faoi Fhórsaí Armtha na hÚcráine, chomh maith le bolscaireacht Lukashenka i gcoinne fhreasúra na Bealarúise agus reisimint Kalinousky. Chomh maith leis sin, scaipeann sí bolscaireacht i gcoinne smachtbhannaí an Iarthair.

    In 2023, thug Lukashenka bonn oifigiúil le buíochas ar Anastasia Benedisyuk as ‘rannchuidiú suntasach le cur chun feidhme bheartas faisnéise an stáit, ardghairmiúlacht, clúdach oibiachtúil agus cuimsitheach ar imeachtaí shaol sochpholaitiúil agus soch-chultúrtha na tíre’.

    Tá sí, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.

    3.8.2023

    225.

    Yauhen PUSTAVY

    Yevgeniy PUSTOVOY

    Яўген ПУСТАВЫ

    Евгений ПУСТОВОЙ

    Feidhm: Bolscaire agus craoltóir Bealarúiseach

    Dáta breithe: 29.2.1984

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is bolscaire Bealarúiseach é Yauhen Pustavy atá ag obair do Stolichnoye Televideniye, ceann de na trí chainéal teilifíse náisiúnta sa Bhealarúis, agus do Minskaya Prauda, nuachtán stáit. Tá sé freagrach as bolscaireacht a scaipeadh mar thaca le beartais Lukashenka agus as údar a thabhairt le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Bhronn Lukashenka aitheantas air dá bhuanna i mbun bheartas faisnéise an Stáit a fhorbairt. Thairis sin, tá sé ina chomhalta den Choimisiún Stáit a bhfuil sé d’aidhm aige teifigh pholaitiúla ar mian leo filleadh ar an mBealarúis a fhíorú. Is é Lukashenka a chruthaigh an coimisiún sin agus é mar aidhm pholaitiúil na dídeanaithe atá ag filleadh ar an mBealarúis a chur i láthair mar dhaoine ar oth leo a gcuid gníomhaíochtaí i gcoinne réimeas Lukashenka.

    Tá sé, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.

    3.8.2023

    226.

    Alena Stanislavauna HARMASH

    Alena Stanislavovna GORMASH

    Алена Станiславаўна ГОРМАШ

    Елена Станиславовна ГОРМАШ

    Feidhm: Cúirt Dúiche Bobruisk agus Bobruisk, Breitheamh

    Dáta breithe: 10.9.1967

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: baineann

    Is breitheamh Bealarúiseach í Alena Harmash a fhreastalaíonn i gCúirt i nDúiche Bobruisk agus Bobruisk. D’eisigh sí rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Chiontaigh sí seisear de lucht tacaíochta agus gníomhaithe an fhreasúra ar chúiseanna polaitiúla. Tá neart fianaise ann de rialuithe dar siocair an pholaitíocht a d’eisigh sí i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise ó 2020.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    227.

    Andrei Ramanavich TARASEVICH

    Andrei Romanovich TARASEVICH

    Андрэй Раманавiч ТАРАСЕВIЧ

    Андрей Романович ТАРАСЕВИЧ

    Feidhm: Cúirt Dúiche Glubokoye, Breitheamh

    Dáta breithe: 10.11.1974

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is breitheamh Bealarúiseach é Andrei Tarasevich a fhreastalaíonn i gCúirt Dúiche Glubokoye. D’eisigh sé rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Chiontaigh sé 13 shaoránach ón mBealarúis ar fhorais pholaitiúla. Tá neart fianaise ann de rialuithe dar siocair an pholaitíocht a d’eisigh sé i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise ó 2017 go dtí 2023.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    228.

    Hanna Mikhailauna ASIPIENKA

    Hanna Mikhailovna OSIPIENKO

    Ганна Мiхайлаўна АСIПЕНКА

    Анна Михайловна ОСИПЕНКО

    Feidhm: Breitheamh i gCúirt Dúiche Bobruisk agus Bobruisk,

    Dáta breithe: 7.12.1982

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: baineann

    Is breitheamh Bealarúiseach í Hanna Asipienka a fhreastalaíonn i gCúirt i nDúiche Bobruisk agus Bobruisk. D’eisigh sí rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Idir 2020 agus 2023, ghlac sí páirt ghníomhach i bpianbhreith a ghearradh ar fhreasúra polaitiúil an réimis. Le linn na tréimhse sin, ghearr sí 13 phianbhreith ar a laghad, lena n-áirítear cásanna bheirt iriseoirí neamhspleácha sna meáin.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    229.

    Iryna Uladzimirauna PADKAVYRAVA

    Irina Vladimirovna PODKOVYROVA

    Iрына Уладзiмiраўна ПАДКАВЫРАВА

    Ирина Владимировна ПОДКОВЫРОВА

    Feidhm: Ionchúisitheoir

    Dáta breithe: 22.9.1972

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: baineann

    Is ionchúisitheoir Bealarúiseach í Iryna Padkavyrava. Tá baint aici leis na húdaráis ionchúisimh ó 2009 ar a laghad, nuair a d’fhreastail sí mar ionchúisitheoir sinsearach i réigiún Gomel. In 2022, ghníomhaigh sí mar ionchúisitheoir i dtriail iriseora neamhspleách atá cleamhnaithe le TVP agus Belsat TV. Ag an am, d’iarr sí téarma príosúnachta 4 bliana don iriseoir. Ghlac sí páirt freisin i mbreithniú na n-achomharc i gcoinne pianbhreitheanna a forchuireadh as iontrálacha a phostáil ar mheáin shóisialta na Bealarúise a bhí neamhfhabhrach don rialtas agus dá oifigigh. Mar ionchúisitheoir, thacaigh sí leis na pionóis, agus mheas sí go raibh siad leordhóthanach agus cothrom.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    230.

    Ludmila Stsiapanauna VASHCHANKA

    Ludmila Stiepanovna VASHCHENKO

    Людмiла Сцяпанаўна ВАШЧАНКА

    Людмила Степановна ВАЩЕНКО

    Feidhm: Breitheamh i gCúirt Dúiche Glubokoye,

    Dáta breithe: 22.9.1972

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: baineann

    Is breitheamh ón mBealarúis í Liudmila Vashchanka a fhreastalaíonn i gCúirt Dúiche Glubokoye. D’eisigh sí rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Tá neart fianaise ann de rialuithe dar siocair an pholaitíocht a d’eisigh sí i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise ó 2007 go 2023. Le linn na tréimhse sin, chiontaigh sí ar a laghad 9 saoránach ón mBealarúis, lena n-áirítear lucht tacaíochta agus gníomhaithe an fhreasúra, ar fhorais pholaitiúla.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    231.

    Uladzimir Aliaksandrovich DAVYDAU

    Vladimir Alexandrovich DAVYDOV

    Уладзiмiр Аляксандравiч ДАВЫДАЎ

    Владимир Александрович ДАВЫДОВ

    Feidhm: Breitheamh i gCúirt Uachtarach na Bealarúise

    Dáta breithe: 11.4.1967

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is breitheamh Bealarúiseach í Uladzimir Davydau a fhreastalionn i gCúirt Uachtarach na Bealarúise. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é ar feadh tréimhse éiginnte in 2014. Rialaigh an Breitheamh Davydau go príomha ar achomhairc maidir le pianbhreitheanna príosúnachta do ghníomhaithe polaitiúla agus d’iriseoirí. D’fhág sé na téarmaí príosúnachta sin gan athrú. Rinneadh cinneadh mar sin, i gcás an iriseora Belsat, Pavel Vinahradau.

    Tá Uladzimir Davydau freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    232.

    Viachaslau Uladimirovich YELISEENKA

    Vyacheslav Vladimirovich ELISEENKO

    Вячаслаў Уладзiмiравiч ЕЛIСЕЕНКА

    Вячеслав Владимирович ЕЛИСЕЕНКО

    Feidhm: Breitheamh i gCúirt Dúiche Dokshitsy

    Dáta breithe: 10.4.1979

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is breitheamh Bealarúiseach é Viachaslau Yeliseenka a fhreastalaíonn i gCúirt Dúiche Dokshitsy. D’eisigh sé rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Chiontaigh sé 10 saoránach ón mBealarúis ar fhorais pholaitiúla. Tá neart fianaise ann de rialuithe dar siocair an pholaitíocht a d’eisigh sé i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise ó 2018.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    233.

    Anton Uladzimiravich KALYAGA

    Anton Vladimirovich KOLYAGO

    Антон Уладзiмiравiч КАЛЯГА

    Антон Владимирович КОЛЯГО

    Feidhm: Príomh-imscrúdaitheoir - imscrúdaitheoir le haghaidh cásanna thar a bheith tábhachtach sa Phríomh-Stiúrthóireacht um Imscrúdú Coireanna i Sféar na Coireachta Eagraithe agus an Éillithe i bhFearas Lárnach Choiste Imscrúdaitheach, Maor Dlí agus Cirt

    Dáta breithe: 2.10.1989

    Áit bhreithe: Mionsc, Poblacht na Bealarúise

    Náisiúntacht: An Bhealarúis

    Inscne: fireann

    Is imscrúdaitheoir é Anton Kalyaga de chuid na Príomh-Stiúrthóireachta um Imscrúdú Coireanna i Sféar na Coireachta Eagraithe agus an Éillithe i Lároifig Choiste Imscrúdaitheach Phoblacht na Bealarúise. Tugann sé comhaltaí Viasna os comhair na cúirte. Áirítear go leor neamhrialtachtaí sna himeachtaí breithiúnacha i gcoinne Ales Bialiatski, Valianstin Stefanovich agus Uladzimir Labkovich agus chuir na húdaráis síneadh, mar dhea, leis an tréimhse imscrúdaithe chun iarracht a dhéanamh fianaise a chumadh agus sáraíodh an teorainn ama arna bunú le dlí na Bealarúise agus le caighdeáin idirnáisiúnta lena rialaítear an ceart chun triail chóir a fháil. Níor chloígh imscrúdú agus triail chás Viasna leis an smacht reachta.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    3.8.2023’

    (2)

    cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le tábla ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)’:

     

    Ainmneacha

    Traslitriú an litrithe Bealarúisise

    Traslitriú an litrithe Rúisise

    Ainmneacha

    (litriú Bealarúisise)

    (litriú Rúisise)

    Faisnéis Aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    ‘36.

    Cuideachta Comhstoic Oscailte (‘OJSC’) ‘MINSK ELECTROTECHNICAL PLANT NAMED AFTER V. I. KOZLOV’

    Адкрытае акцыянернае таварыства ‘МIНСКI ЭЛЕКТРАТЭХНIЧНЫ ЗАВОД IМЯ В.I.КАЗЛОВА’

    Открытое акционерное общество ‘МИНСКИЙ ЭЛЕКТРОТЕХНИЧЕСКИЙ ЗАВОД ИМЕНИ В.И.КОЗЛОВА’/ОАО ‘МЭТЗ ИМ. В.И.КОЗЛОВА’

    Seoladh: Room 502, 4, sráid Uralskaya, Mionsc 220037, Poblacht na Bealarúise

    An cineál eintitis: Cuideachta faoi úinéireacht stáit

    Áit chláraithe: 4, sráid Uralskaya,

    Mionsc 220037,

    Poblacht na Bealarúise

    Dáta clárúcháin: 1.3.1994

    Cláruimhir: 100211261(УНП)

    Príomhionad gnó: An Bhealarúis

    Suíomh gréasáin na cuideachta: www.metz.by

    Seoladh ríomhphoist na cuideachta: urist@metz.by

    Uimhir theileafóin na cuideachta: 8017 230 11 22

    Is fiontar faoi úinéireacht stáit é OJSC ‘Minsk Electrotechnical Plant named after V.I. Kozlov’, ceann de na táirgeoirí trealaimh leictreachais is mó san Eoraip agus ceann de na hollchuideachtaí tionsclaíocha sa Bhealarúis. Dá bhrí sin, is ceann de na foinsí móra ioncaim é do réimeas Lukashenka. Rinneadh bagairt ar fhostaithe OJSC ‘Minsk Electrotechnical Plant named after V.I. Kozlova’ a ghlac páirt i stailceanna agus in agóidí síochánta tar éis na dtoghchán calaoiseacha sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020, a leagan as a bpost agus rinne bainistíocht na cuideachta imeaglú orthu. Briseadh oibrithe as a bpost ina dhiaidh sin mar gheall ar a rannpháirtíocht sna stailceanna.

    Tá OJSC ‘Minsk Electrotechnical Plant named after V.I. Kozlov’, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis. Thairis sin, tá OJSC ‘Minsk Electrotechnical Plant named after V.I. Kozlov’ freagrach as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    37.

    Cuideachta Comhstoic Oscailte (‘OJSC’) “Byelorussian Steel Works – management company of “Byelorusssian Metallurgical Company” holding’ ar a dtugtar freisin OJSC ‘BSW (BMZ) - management company of “BMC” holding’

    Адкрытае акцыянернае таварыства ‘Беларускi металургiчны завод - кiруючая кампанiя холдынгу “Беларуская металургiчная кампанiя’ ar a dtugtar freisin ‘ААТ “БМЗ - кiруючая кампанiя холдынгу “БМК"’

    Открытое акционерное общество ‘Белорусский металлургический завод- управляющая компания холдинга ‘Белорусская металлургическая компания’ ar a dtugtar freisin ОАО ‘БМЗ- управляющая компания холдинга “БМК"’

    Seoladh: 37, Sráid Promyshlennaya, Zhlobin, réigiún Gomel, an Bhealarúis, 247210

    An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic oscailte

    Áit chláraithe: Zhlobin, réigiún Gomel, an Bhealarúis

    Dáta clárúcháin: 24.4.1991 mar ‘БЕЛОРУССКИЙ МЕТАЛЛУРГИЧЕСКИЙ ЗАВОД’,

    11.9.1996 mar ‘Государственное предприятие - Белорусский металлургический завод’,

    1.12.1997 mar ‘Белорусский металлургический завод’,

    3.11.1999 mar ‘Республиканское унитарное предприятие “Белорусский металлургический завод"’,

    1.1.2012 mar ‘Открытое акционерное общество “Белорусский металлургический завод"’

    Cláruimhir: 400074854

    Príomhionad gnó: Zhlobin, réigiún Gomel, an Bhealarúis

    ‘OJSC BSW - management company of “BMC" holding’ - is fiontar stáit uathúil é sa tionscal miotalóireachta sa Bhealarúis, agus ar cheann de na cuideachtaí is mó sa tír. Dá bhrí sin, is foinse thábhachtach ioncaim é do réimeas Lukashenka. Tá Stát na Bealarúise ag baint tairbhe go díreach as an méid a thuilleann ‘OJSC BSW - management company of “BMC" holding’. Thairis sin, faigheann an chuideachta deontais mhóra ón rialtas agus tacaíocht pholaitiúil ó réimeas Lukashenka. Cheap an tUachtarán Lukashenka stiúrthóir ginearálta ‘OJSC BSW - management company of “BMC" holding’ é féin.

    Fostaithe ‘OJSC BSW - management company of “BMC" holding’ a ghlac páirt sna hagóidí agus a chuaigh ar stailc tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020 sa Bhealarúis, briseadh as a bpoist iad. Ó shin i leith, leanann an fiontar de bhearta a ghlacadh i gcoinne fostaithe atá ag iarraidh stailceanna a eagrú, trí bhagairtí agus trí dhífhostú. Dá bhrí sin, tá ‘OJSC BSW - management company of “BMC" holding’ ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis. Thairis sin, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.

    3.8.2023

    38.

    Belneftekhim Gnóthas Stáit na Bealarúise maidir le hOla agus Ceimic

    Белнафтахiм — Беларускi дзяржаўны канцэрн па нафце i хiмii

    Белнефтехим, Белорусский государственный концерн по нефти и химии

    Seoladh: 73, Sráid Dzerzhinskogo, Mionsc, 220116

    An cineál eintitis: Gnóthas stáit

    Áit chláraithe: 73, Sráid Dzerzhinskogo, Mionsc, 220116

    Dáta clárúcháin: 21.7.1997

    Cláruimhir: 101272253

    Príomhionad gnó: Mionsc, an Bhealarúis

    Tá Gnóthas Stáit na Bealarúise maidir le hOla agus Ceimic (Belneftekhim) ar cheann de na coimpléisc thionsclaíocha is mó i bPoblacht na Bealarúise agus atá comhdhéanta d’iliomad cuideachtaí eile faoi úinéireacht an stáit; bunaíodh é i 1997. Measann Aliaksandr Lukashenka go bhfuil Belneftekhim ar cheann de na gnóthais is tábhachtaí agus is straitéisí sa Bhealarúis. Go háirithe, is sócmhainn bhunúsach í Belneftekhim do gheilleagar agus do bheartas eachtrach na Bealarúise, go háirithe i ndáil leis an gcomhar idir an Rúis agus an Bhealarúis maidir le cómhargadh ola a fhorbairt. Bíonn comhairliúcháin rialta ann idir an gnóthas agus an tUachtarán Lukashenka. Baineann Belneftekhim tairbhe as an tacaíocht a thug réimeas Lukashenka, go háirithe i bhfianaise éifeachtaí smachtbhannaí an Iarthair. Tá Belneftekhim, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.

    3.8.2023’


    Top