Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1573

    Cinneadh (AE) 2023/1573 ón gComhairle an 14 Iúil 2023 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir leis an gcinneadh ó Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite, an Mhaolaithe ar an Athrú Aeráide agus an Oiriúnaithe don Athrú Aeráide, agus Tionscadail Uisce atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Socrú sin

    ST/10121/2023/INIT

    IO L 192, 31.7.2023, p. 19–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1573/oj

    31.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 192/19


    CINNEADH (AE) 2023/1573 ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Iúil 2023

    lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir leis an gcinneadh ó Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite, an Mhaolaithe ar an Athrú Aeráide agus an Oiriúnaithe don Athrú Aeráide, agus Tionscadail Uisce atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Socrú sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Maidir leis na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) a forbraíodh faoi chuimsiú na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, lena n-áirítear an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite, an Mhaolaithe ar an Athrú Aeráide agus an Oiriúnaithe don Athrú Aeráide, agus Tionscadail Uisce (‘an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide’) atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Socrú, rinneadh iad a thrasuí agus, dá bhrí sin, tá siad ceangailteach ó thaobh dlí san Aontas iad le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

    (2)

    Tá na Rannpháirtithe sa Socrú (‘na Rannpháirtithe’) le teacht ar chomhaontú i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide agus é mar chuspóir acu raon feidhme an tSocraithe a mhéadú agus athbhreithniú a dhéanamh ar Fhoscríbhinn III a ghabhann léi. Ba cheart aon leasuithe a bheith i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais de bhun Chomhaontú Pháras agus bheartas aeráide an Aontais.

    (3)

    Faoi láthair, ní dhírítear sa Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide, a tugadh cothrom le dáta go deireanach in 2014, ach ar roinnt earnálacha a bhaineann le giniúint agus le tarchur fuinnimh. Le raon feidhme na Tuisceana Earnála maidir leis an Athrú Aeráide, cuirtear teorainn le tionchar na Tuisceana Earnála maidir leis an Athrú Aeráide agus ní thacaítear go héifeachtach le gealltanais na Rannpháirtithe faoi Chomhaontú Pháras ná le huaillmhianta an Aontais mar a chuirtear in iúl iad sa Chomhaontú Glas don Eoraip.

    (4)

    Leis na leasaithe atá beartaithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide, dhéanfaí a raon feidhme a leathnú chun onnmhairí ó earnálacha tionscail nach gcumhdaítear lena théarmaí faoi láthair a chur san áireamh. Dá réir sin, leis na leasuithe, cheadófaí d’onnmhairí a chomhlíonann na critéir infheidhme ó réimse is leithne fós d’earnálacha tionscail tairbhe a bhaint as na téarmaí agus na coinníollacha a bhunaítear faoin Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide. Dá réir sin, chuirfí ar chumas na ngníomhaireachtaí creidmheasanna onnmhairiúcháin ón Aontas agus ar chumas Rannpháirtithe eile ról níos mó a bheith acu maidir le tacú leis an aistriú glas agus rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

    (5)

    De bhun Airteagal 9 den Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide, tá na Rannpháirtithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar Fhoscríbhinn III faoi dheireadh 2020, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar na tionscnaimh idirnáisiúnta a bhaineann le hoiriúnú, le dálaí margaidh, agus leis an gcorpas taithí a fuarthas ón bpróiseas chun fógra a thabhairt, chun a chinneadh ar cheart na sainmhínithe, na critéir, na téarmaí agus na coinníollacha a choinneáil ar bun agus/nó a leasú. Mar chuid den athbhreithniú, maidir leis na critéir chun tionscadail oiriúnaithe a shainaithint, ar gá iad a oiriúnú faoi láthair chun gurb iad príomhchuspóir an tionscadail iad, ba léir nach raibh siad oiriúnach d’idirbhearta creidmheasa onnmhairiúcháin, a mbíonn gníomhaíochtaí tráchtála chun sreabhadh airgid a ghiniúint i gceist leo de ghnáth chomh maith. Dá bhrí sin, is iomchuí na critéir le haghaidh tionscadail oiriúnaithe a leagtar amach i bhFoscríbhinn III a ghabhann leis an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide a leasú, trína n-ailíniú níos dlúithe leis na caighdeáin arna n-úsáid ag na bainc forbartha.

    (6)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis an gcinneadh ó na Rannpháirtithe i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide a leasú, a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ina cheangal ar an Aontas agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart gurb é seasamh an Aontais tacú leis na leasuithe atá bunaithe ar an dréachtleagan comhdhlúite den Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide atá i gceangal leis seo,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis ‘an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide’ atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Socrú, tacú leis na leasuithe arna mbunú ar an dréachtleagan comhdhlúite den Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide atá i gceangal leis an gCinneadh seo (2).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    N. CALVIÑO SANTAMARÍA


    (1)  Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).

    (2)  Féach doiciméad ST 10121/23 ADD1 ar http://register.consilium.europa.eu.


    Top