Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1566

Cinneadh (CBES) 2023/1566 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/11607/2023/INIT

IO L 190I, 28.7.2023, pp. 21–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1566/oj

28.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 190/21


CINNEADH (CBES) 2023/1566 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Iúil 2023

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 23 Márta 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go gcáineann an tAontas go géar cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh atá ina shárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach freisin go bhfuil an tAontas tiomanta i gcónaí an brú comhchoiteann a choinneáil ar an Rúis agus é a mhéadú, lena n-áirítear, b’fhéidir, trí bhearta sriantacha breise a thabhairt isteach. Luaigh an Chomhairle Eorpach freisin go gcuirfidh an tAontas dlús leis an obair atá ar bun aige lena chomhpháirtithe chun cur i gcoinne bhréaginsintí agus bhréagaisnéis na Rúise i dtaobh an chogaidh.

(4)

I gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá gníomhaithe na Rúise i mbun feachtas um ionramháil ar fhaisnéis dhigiteach dar teideal ‘RRN’ (An Nuacht Iontaofa Is Déanaí), arb é is aidhm dó ionramháil a dhéanamh ar fhaisnéis agus bolscaireacht a scaipeadh chun tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá an feachtas sin, a bhfuil comhlachtaí rialtais nó comhlachtaí atá cleamhnaithe le Stát na Rúise tar éis páirt a ghlacadh ann, ag brath ar leathanaigh ghréasáin bhréagacha a ghabhann chucu céannacht na n-eagraíochtaí meán náisiúnta agus suíomhanna gréasáin rialtais agus ar chuntais bhréige ar na meáin shóisialta.

(5)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 7 nduine agus 5 eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

(6)

Ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

 

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1578.

Timofey Vladimirovitch VASSILIEV

Тимофей Bладимирович ВАСИЛЬЕВ

A.k.a: Timofey VI

Тимофей ВИ

Feidhm: Ceann na Roinne um threoir straitéiseach ANO Dialoge

Ait bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Timofey Vassiliev Ceann na Roinne um threoir straitéiseach ANO Dialogue, eagraíocht neamhbhrabúsach de chuid na Rúise a chruthaigh Roinn Faisnéise agus Teicneolaíochta Mhoscó (DIT) in 2019 agus a bhfuil nasc aici le riarachán na huachtaránachta, atá freagrach as scaipeadh bolscaireachta ar líne faoi na críocha sin de chuid na hÚcráine a ionghabhadh go neamhdhleathach. Is é Timofey Vassiliev a bhainistíonn an cuntas Telegram maidir le ‘seiceáil fíricí’ - cuntas a bhfuil an-tóir air - agus na fearainn a eascraíonn as maidir le ‘Bréaga a chomhrac’ a scaipeann bréagaisnéis faoi chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá Timofey Vassiliev freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

28.7.2023

1579.

Ilya Andreïevitch GAMBACHIDZE

Илья Андреевич ГАМБАЧИДЗЕ

Feidhm: Is é a bhunaigh Structura National Technologies [Teicneolaíochtaí Náisiúnta Structura] agus Social Design Agency [an Ghníomhaireacht um Dhearadh Sóisialta]

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Ilya Gambachidze a bhunaigh Structura National Technologies and Social Design Agency, dhá eintiteas de chuid na Rúise a bhí rannpháirteach san fheachtas um bréagaisnéis dhigiteach faoi stiúir na Rúise ‘RRN’ (An Nuacht Iontaofa Is Déanaí) arb é is aidhm dó ionramháil a dhéanamh ar fhaisnéis agus bréagaisnéis a chomhroinnt chun tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. D’oibrigh Ilya Gambachidze roimhe seo mar chomhairleoir do Leas-Uachtarán an Dúma, Piotr Tolstoi. Aithníodh gurb iad Teicneolaíochtaí Náisiúnta Structura agus an Ghníomhaireacht um Dhearadh Sóisialta na príomhghníomhaithe san fheachtas atá freagrach as suíomhanna gréasáin bréige a chruthú a dhéanann aithris orthu siúd atá ag eagraíochtaí rialtais agus na meáin dhlisteanacha san Eoraip (go príomha an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Úcráin agus an Ríocht Aontaithe) agus as borradh a chur faoin bhfeachtas ar son na Rúise ‘RRN’ ar na meáin shóisialta. Dá bhrí sin, tá Ilya Gambachidze freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

28.7.2023

1580.

Aleksandr Gennad’yevich STARUNSKY

Александр Геннадьевич СТАРУНСКИЙ

Feidhm: Is é a bhunaigh the Institute of the Russian Diaspora [Institiúid Dhiaspóra na Rúise]

Dáta breithe: 12.6.1970

Inscne: fireann

TIN: 771989171763

Is oifigeach faisnéise míleata de chuid na Rúise é Aleksandr Starunsky agus ba iarcheannasaí é ar aonad GRU PsyOps 54777. Is bunaitheoir d’Institiúid Dhiaspóra na Rúise é, eagraíocht chaoch GRU atá ina dlúthchuid den eagraíocht meán Inforos. Tá suíomh darb ainm russkie.org ag Institiúid Dhiaspóra na Rúise a scaipeann bréagaisnéis agus bolscaireacht na Rúise faoi cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá Aleksandr Starunsky freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

28.7.2023

1581.

Anastasia Sergeevna KIRILLOVA

Анастасия Сергеевна КИРИЛЛОВА

Feidhm: Ard-Stiúrthóir Inforos

Dáta breithe: 13.12.1986

Inscne: baineann

TIN: 771674318370

Is bunaitheoir agus Ard-Stiúrthóir Inforos í Anastasia Kirillova, gníomhaireacht nuachta ar líne atá freagrach as níos mó ná 270 seach-sholáthraí nuachta meán ar líne a chur ar bun a scaipeann bolscaireacht chun tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is eagraíocht chaoch í d’Aonad 54777 de chuid sheirbhís faisnéise míleata na Rúise GRU atá freagrach as oibríochtaí síceolaíocha. Dá bhrí sin, tá Anastasia Kirillova freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

28.7.2023

1582.

Nina Viktorovna DOROKHOVA

Нина Викторовна ДОРОХОВА

Feidhm: Ard-Stiúrthóir Inforos

Dáta breithe: 20.11.1965

Inscne: baineann

TIN: 505202442068

Is bunaitheoir agus Ard-Stiúrthóir Inforos í Nina Dorokhova, gníomhaireacht nuachta ar líne atá freagrach as níos mó ná 270 seach-sholáthraí nuachta meán ar líne a chur ar bun a scaipeann bolscaireacht chun tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is eagraíocht chaoch í d’Aonad 54777 de chuid sheirbhís faisnéise míleata na Rúise GRU atá freagrach as oibríochtaí síceolaíocha. Dá bhrí sin, tá Nina Dorokhova freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

28.7.2023

1583.

Sergey Yurievich PANTELEYEV

a.k.a PANTELEEV

Сергей Юрьевич ПАНТЕЛЕЕВ

Feidhm: Oifigeach faisnéise in aonad 54777 GRU

Dáta breithe: 15.3.1972

Áit bhreithe: Lugansk, an Úcráin

Inscne: fireann

TIN: 772916129659

Tá Sergey Panteleyev ina chomhalta d’aonad 54777 GRU agus is bunaitheoir an Institute of the Russian Diaspora (Institiúid Dhiaspóra na Rúise) é, eagraíocht fronta GRU atá ina dlúthchuid den líonra bréagaisnéise ar líne de chuid Inforos. Tá suíomh darb ainm russkie.org ag Institiúid Dhiaspóra na Rúise lena gcumasaítear feiceálacht sna meáin ar líne ina ndéantar bréagaisnéis agus bolscaireacht na Rúise faoi chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a scaipeadh timpeall an domhain. Dá bhrí sin, tá Sergey Panteleyev freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

28.7.2023

1584.

Denis Valerievich TYURIN

Денис Валерьевич ТЮРИН

Feidhm: Oifigeach GRU

Dáta breithe: 1.4.1976

Áit bhreithe: Moscó

Inscne: fireann

TIN: 772807385405

Is oifigeach faisnéise GRU é Denis Tyurin agus is bunaitheoir Inforos é, gníomhaireacht nuachta ar líne atá freagrach as níos mó ná 270 seach-sholáthraí nuachta meán ar líne a chur ar bun ina scaiptear bolscaireacht chun tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is eagraíocht fronta í d’Aonad 54777 de chuid sheirbhís faisnéise míleata na Rúise GRU, atá freagrach as oibríochtaí síceolaíocha. Dá bhrí sin, tá Denis Tyurin freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

28.7.2023’

 

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘245.

Social Design Agency

a.k.a

‘Agentsvo Sotsialnogo Proektirovania aka ASP’

Seoladh: Moscó Bolshoy Kislovsky per, 1, building 2

Cineál eintitis: Cuideachta Teicneolaíochta agus Faisnéise

Áit chlárúcháin: An Rúis

Dáta clárúcháin: arna bunú in 2001

Príomhionad gnó: An Rúis

Is cuideachta TF Rúiseach í Social Design Agency [an Ghníomhaireacht um Dhearadh Sóisialta] a bhfuil dlúthbhaint aici le cumhacht pholaitiúil na Rúise. Ó 2022 i leith, tá an chuideachta rannpháirteach san fheachtas um bréagaisnéis dhigiteach faoi stiúir na Rúise – ‘RRN’ (An Nuacht Iontaofa is Déanaí) – arb é is aidhm dó faisnéis a ionramháil agus bréagaisnéis a chomhroinnt chun tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Aithníodh gurb í Social Design Agency príomhghníomhaí san fheachtas. Tá sí freagrach as suíomhanna gréasáin bréige a chruthú a dhéanann aithris orthu siúd atá ag eagraíochtaí rialtais agus ag na meáin dhlisteanacha san Eoraip (go príomha an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Úcráin agus an Ríocht Aontaithe) agus as borradh a chur faoin bhfeachtas ar son na Rúise ‘RRN’ ar na meáin shóisialta. Dá bhrí sin, tá Social Design Agency ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

28.7.2023

246.

Structura National Technologies

A.k.a

‘Struktura’

Rúisis:

ООО ‘ГК СТРУКТУРА’

Seoladh: Ceantar bardasach Mhoscó Arbat per Bolshoy Kislovskii 1 building 2 premises/room. i/42

Cineál eintitis: Cuideachta Teicneolaíochta agus Faisnéise.

Áit chlárúcháin: An Rúis

Dáta clárúcháin: arna bunú in 2009

Cláruimhir: TIN 7703438908

Príomhionad gnó: An Rúis

Is cuideachta TF Rúiseach é Structura National Technologies [Teicneolachtaí Náisiúnta Structura] a bhfuil dlúthbhaint aige le cumhacht pholaitiúil na Rúise. Ó 2022 i leith, tá an chuideachta rannpháirteach san fheachtas um bréagaisnéis dhigiteach faoi stiúir na Rúise – ‘RRN’ (An Nuacht Iontaofa is Déanaí) – arb é is aidhm dó faisnéis a ionramháil agus bréagaisnéis a chomhroinnt chun tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Aithníodh gurb é Structura National Technologies príomhghníomhaí san fheachtas. Tá sé freagrach as suíomhanna gréasáin bréige a chruthú a dhéanann aithris orthu siúd atá ag eagraíochtaí rialtais agus ag na meáin dhlisteanacha san Eoraip (go príomha an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Úcráin agus an Ríocht Aontaithe) agus as borradh a chur faoin bhfeachtas ar son na Rúise ‘RRN’ ar na meáin shóisialta. Dá bhrí sin, tá Structura National Technologies ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

28.7.2023

247.

ANO Dialog

AHO Диалог

Seoladh:119021, st. Timura Frunze, d.11, p.1, BC Demidov, Moscó

Cineál eintitis: Eagraíocht neamhbhrabúis uathrialaitheach

Áit chlárúcháin: An Rúis

Dáta clárúcháin: 2019

Cláruimhir: TIN 9709056472

Príomhionad gnó: An Rúis

Is eagraíocht neamhbhrabúis Rúiseach í ANO Dialog a chruthaigh Roinn Faisnéise agus Teicneolaíochta Mhoscó (DIT) in 2019 a bhfuil dlúthbhaint aige le riarachán na huachtaránachta. Is é Alexey Goreslavsky atá i gceannas air, iar-leas-cheann ar Roinn Tionscadal Poiblí (OPS) an Uachtaráin. Tá ANO Dialog ag scaipeadh bolscaireacht ar líne faoi na críocha a ionghabhadh go neamhdhleathach san Úcráin. Tugann ANO Dialog treoracha don chainéal Telegram Readovka a fhoilsíonn bréagaisnéis faoin gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine chun tacú le bolscaireacht na Creimile. Tá ANO Dialog nasctha leis an gcuntas Telegram maidir le ‘seiceáil fíricí’ agus fearainn eile maidir le ‘Bréaga a Chomhrac’, atá faoi stiúir Timofey Vasiliev, Ceann roinne ANO ar Fhorbairt Limistéir Straitéiseacha ANO Dialog, ina scaiptear bréagnuacht agus bolscaireacht faoi chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá ANO Dialog ag tacú go hábhartha le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

28.7.2023

248.

Inforos OOO IA

ООО ИА ИНФОРОС

Seoladh: 117218, MOSCÓ, Intracity territory of the city of federal significance municipal district academic, 13 Krzhizhanovskogo str., k. 2, office 511

Cineál eintitis: Eagraíocht meán

Áit chlárúcháin: Moscó

Dáta clárúcháin: 2/6/2003

TIN: 7727214569

Príomhionad gnó: Moscó

Is gníomhaireacht nuachta ar líne é InfoRos atá freagrach as níos mó ná 270 seach-sholáthraí nuachta meán ar líne a chur ar bun a scaipeann bolscaireacht chun tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is eagraíocht fronta í d’Aonad 54777 de chuid sheirbhís faisnéise míleata na Rúise GRU, atá freagrach as oibríochtaí síceolaíocha.

Is é is aidhm don bholscaireacht a bhíonn á scaipeadh ag Inforos agus ag seach-sholáthraithe nuachta éagsúla an smaoineamh a chur chun cinn gur ‘stát de chuid na Naitsithe’ í an Úcráin agus é á mhaíomh acu gur ‘seach-chogadh’ de chuid ‘an iarthair’ ar an Rúis é cogadh foghach na Rúise, agus ar an gcaoi sin, déantar an bonn a bhaint de thacaíocht an iarthair don Úcráin. Dá bhrí sin, tá Inforos ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

28.7.2023

249.

Institute of the Russian Diaspora

ИНСТИТУТ РУССКОГО ЗАРУБЕЖЬЯ

Seoladh: 117218, CATHAIR MHOSCÓ, str. Krzhizhanovskoy, d.13, str.2

Cineál eintitis: ‘Comhairle a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí tráchtála agus bainistíocht’

Áit chlárúcháin: Moscó

Dáta clárúcháin: 3/11/2005

Cláruimhir: TIN: 7727536630

Príomhionad gnó: Moscó

Is eagraíocht fronta GRU í Institiúid Dhiaspóra na Rúise atá ina dlúthchuid den líonra bréagaisnéise ar líne de chuid Inforos. Is é bunaitheoir Inforos, Denis Tyurin, duine de na comhbhunaitheoirí. Ina theannta sin, is é Denis Tyurin a chláraigh suíomh gréasáin oifigiúil bolscaireachta na hInstitiúide féin, ag baint úsáid as seoladh ríomhphoist oifigiúil de chuid Inforos. Tá suíomh darb ainm russkie.org ag an Institiúid lena gcumasaítear feiceálacht sna meáin ar líne ina ndéantar bréagaisnéis agus bolscaireacht na Rúise faoi chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a scaipeadh timpeall an domhain. Dá bhrí sin, tá Institiúid Dhiaspóra na Rúise ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.’

28.7.2023’


Top