Välj vilka experimentfunktioner du vill testa

Det här dokumentet är ett utdrag från EUR-Lex webbplats

Dokument 32023D1559

    Cinneadh (AE) 2023/1559 ón gComhairle an 14 Iúil 2023 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir leis an gcinneadh ó na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le leasuithe ar an Socrú sin

    ST/10117/2023/INIT

    IO L 190, 28.7.2023, s. 6–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Dokumentets rättsliga status Gällande

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1559/oj

    28.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 190/6


    CINNEADH (AE) 2023/1559 ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Iúil 2023

    lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir leis an gcinneadh ó na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le leasuithe ar an Socrú sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Maidir leis na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) a forbraíodh faoi chuimsiú na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, rinneadh iad a thrasuí agus dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach ó thaobh dlí san Aontas iad le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

    (2)

    Tá na Rannpháirtithe sa Socrú (‘na Rannpháirtithe’) le teacht ar chomhaontú i ndáil le leasuithe ar an Socrú, go háirithe i ndáil le forálacha lena rialaítear téarmaí uasta aisíocaíochta, próifíl aisíocaíochta agus préimhrátaí íosta.

    (3)

    Ó glacadh an Socrú in 1978, ní dhearnadh athbhreithniú cuimsitheach riamh ar leordhóthanacht fhoriomlán leanúnach na rialacha a leagtar amach an Socrú go dtí anois. Nochtar san athbhreithniú cuimsitheach gur gá an Socrú a nuachóiriú go substaintiúil chun a áirithiú go gcuirfear an t-athrú ar dhálaí domhanda san áireamh i rialacha an tSocraithe agus go mbeidh siad oiriúnach don todhchaí. Os a choinne sin, níor cheart na rialacha a bheith díréireach docht le hais chuspóirí an tSocraithe maidir le cothrom na Féinne a áirithiú idir na Rannpháirtithe agus plódú amach na hearnála príobháidí a sheachaint.

    (4)

    Leis na leasuithe atá beartaithe ar an Socrú, chuirfí ar chumas ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin na Rannpháirtithe téarmaí agus coinníollacha maoiniúcháin atá ailínithe le dea-chleachtais an mhargaidh a thairiscint do cheannaitheoirí agus iasachtaithe earraí agus seirbhísí onnmhairithe i dtríú tíortha, agus ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh agus bearnaí maoiniúcháin a líonadh gan an earnáil phríobháideach a bhrú amach. Ach sin a dhéanamh, neartófaí leis an Socrú nuachóirithe iomaíochas domhanda onnmhaireoirí de chuid an Aontais, agus dá bhrí sin chuirfí go mór le fás eacnamaíoch agus poist san Aontas.

    (5)

    Mar thoradh ar na leasuithe sin atá beartaithe, is gá tuilleadh athruithe a dhéanamh ar an Socrú freisin d’fhonn an Socrú agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis a chuíchóiriú tuilleadh agus d’fhonn an comhleanúnachais a áirithiú iontu, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na ceanglais ex ante chun fógra a thabhairt.

    (6)

    Ina theannta sin, leagadh béim san athbhreithniú cuimsitheach ar an Socrú ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta maidir le síneadh a chur le Línte Coiteanna, ar nósanna imeachta iad nach bhfuil nasctha le hidirbheart ar leith. D’eisiafaí leis na nósanna imeachta athbhreithnithe an fhéidearthacht do Rannpháirtithe aonair síneadh a chur go haontaobhach leis na Línte Coiteanna sin. Dá bhrí sin, chuirfí san áireamh ar bhealach níos fearr leis na nósanna imeachta athbhreithnithe sin an gá atá ann go dtiocfadh an tAontas ar chomhaontú foirmiúil maidir le seasamh sula bhféadfaí aon síneadh a chur leis na Línte Coiteanna sin.

    (7)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, maidir leis an gcinneadh ó na Rannpháirtithe i ndáil le leasuithe ar an Socrú a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ina cheangal ar an Aontas agus go beidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart gurb é seasamh an Aontais tacú leis na leasuithe atá bunaithe ar an dréachtleagan comhdhlúite den Socrú atá i gceangal leis seo,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, maidir leis an gcinneadh ó na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) i ndáil le leasuithe ar an Socrú, tacú leis na leasuithe, bunaithe ar an dréachtleagan comhdhlúite den Socrú atá i gceangal leis an gCinneadh seo (2).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    N. CALVIÑO SANTAMARÍA


    (1)  Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).

    (2)  Féach doiciméad ST 10117/23 ADD1 ar http://register.consilium.europa.eu.


    Upp