EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1555

Cinneadh (AE) 2023/1555 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2023 maidir le rochtain ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna agus ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha a thabhairt d’údaráis na hEilvéise

C/2023/4487

IO L 188, 27.7.2023, p. 55–57 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1555/oj

27.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/55


CINNEADH (AE) 2023/1555 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Iúil 2023

maidir le rochtain ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna agus ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha a thabhairt d’údaráis na hEilvéise

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2017/2397, tá ar na Ballstáit teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse agus logleabhair a thaifeadadh go hiontaofa gan mhoill i mbunachair sonraí an Choimisiúin chun Treoir (AE) 2017/2397 a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi, chun sábháilteacht a chothabháil, chun loingseoireacht a éascú, agus freisin chun críocha staidrimh agus chun an malartú faisnéise a éascú idir na húdaráis a chuireann an Treoir sin chun feidhme. Chuige sin, bhunaigh an Coimisiún an Bunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna (‘ECDB) le haghaidh teastais cháilíochta agus leabhair taifid seirbhíse agus an Bunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha (‘EHDB’) le haghaidh logleabhar trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473 ón gCoimisiún a ghlacadh (2).

(2)

In Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2017/2397 agus in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473, déantar foráil bhreise maidir le faisnéis a bhaineann le teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse agus logleabhair a aithnítear de bhun Airteagal 10(2) de Threoir (AE) 2017/2397 a áireamh i mbunachair sonraí an Choimisiúin. In Airteagal 10(2) de Threoir (AE) 2017/2397, déantar tagairt do theastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse nó logleabhair arna n-eisiúint i gcomhréir leis na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin (3), ar doiciméid iad atá bailí ar uiscebhealaí intíre an Aontais má tá ceanglais na Rialachán sin comhionann le ceanglais Threoir (AE) 2017/2397 agus má aithníonn an tríú tír eisiúna, laistigh dá dlínse, doiciméid de chuid an Aontais de bhun Threoir (AE) 2017/2397.

(3)

Eisíonn an Eilvéis teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse nó logleabhair ar bhonn na Rialachán maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin faoi cheanglais atá comhionann leo siúd atá i dTreoir (AE) 2017/2397 agus glacann sí le doiciméid chomhfhreagracha an Aontais ina dlínse ionas go bhfuil teastais cháilíochta na hEilvéise bailí ar uiscebhealaí intíre an Aontais de bhun Airteagal 10(2) de Threoir (AE) 2017/2397.

(4)

De bhun Airteagal 2.01 de na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin, a glacadh i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/1912 ón gComhairle (4), tá sé d’oibleagáid ar an Eilvéis freisin gach teastas cáilíochta, leabhar taifid seirbhíse agus logleabhar a eisíonn údarás inniúil, agus na sonraí atá iontu, a áireamh sa chlár náisiúnta atá le coinneáil mar a cheanglaítear le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2017/2397 agus a cláir náisiúnta a nascadh leis an gclár a choinníonn an Coimisiún i gcomhréir le ceanglais Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473.

(5)

An 20 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Eilvéis iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun rochtain a fháil ar bhunachair sonraí an Choimisiúin.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 25(4) de Threoir (AE) 2017/2397, féadfar rochtain ar an mbunachar sonraí a dheonú do thríú tíortha a eisíonn teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse nó logleabhair ar bhonn na Rialachán maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin a mhéid is gá chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2017/2397 ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le cosaint sonraí atá in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), nach gcuireann an tríú tír teorainn le rochtain na mBallstát nó an Choimisiúin ar a bunachar sonraí comhfhreagrach agus go n-áirithíonn an Coimisiún nach n-aistríonn an tríú tír na sonraí chuig tríú tír eile nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta gan údarú sainráite i scríbhinn ón gCoimisiún agus faoi na coinníollacha a shonraíonn an Coimisiún.

(7)

Tá sé aitheanta ag an gCoimisiún go soláthraíonn an Eilvéis leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí (6). Thairis sin, dhearbhaigh an Eilvéis le litir oifigiúil go dtabharfaidh sí rochtain ar a bunachair sonraí chomhfhreagracha agus nach n-aistreoidh sí aon sonraí chuig tríú tír eile ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta gan údarú sainráite i scríbhinn a fháil ón gCoimisiún agus faoi na coinníollacha a shonróidh an Coimisiún.

(8)

Ar deireadh, ní mór rochtain ar bhunachair sonraí an Choimisiúin a bheith riachtanach chun na gcríoch a luaitear in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2017/2397 maidir leis an Treoir a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi, chun sábháilteacht a chothabháil, chun loingseoireacht a éascú, agus freisin chun críocha staidrimh agus chun an malartú faisnéise a éascú idir na húdaráis ábhartha.

(9)

Ós rud é go n-oibríonn baill chriú a bhfuil cáilíochtaí na hEilvéise acu go rialta in uiscebhealaí intíre an Aontais agus nach mór na teastais cháilíochta, na leabhair taifid seirbhíse nó na logleabhair a eisíonn an Eilvéis na ceanglais atá comhionann leo sin a cheanglaítear le Treoir (AE) 2017/2397 a chomhlíonadh, tá gá le malartú faisnéise ábhartha idir na Ballstáit agus an Eilvéis chun Treoir (AE) 2017/2397 a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi agus loingseoireacht ar bhealach sábháilte agus ceart gan bhriseadh á háirithiú in uiscebhealaí intíre an Aontais. Thairis sin, má thugtar rochtain don Eilvéis ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna agus ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha, beidh an Coimisiún in ann clár iomlán de shonraí ábhartha criú a choinneáil agus cuirfidh sé le cuspóirí staidrimh. Dá bhrí sin, chun na gcríoch a luaitear in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2017/2397, is gá rochtain ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna agus ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha a thabhairt d’údaráis inniúla na hEilvéise.

(10)

I ndiaidh dó measúnú a dhéanamh ar iarraidh na hEilvéise, measann an Coimisiún gurb iomchuí rochtain ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna agus ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha a thabhairt d’údaráis na hEilvéise,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tabharfar rochtain ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna (‘ECDB) agus ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha d’údaráis na hEilvéise.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 345, 27.12.2017, lch. 53.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin do bhunachair sonraí le haghaidh teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse agus logleabhair de chuid an Aontais (IO L 100, 1.4.2020, lch. 1).

(3)  Iarscríbhinn 2022-II-9 go CC/R 2022 II, V.

(4)  Cinneadh (AE) 2022/1912 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin maidir le glacadh na Rialachán athbhreithnithe maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin (IO L 261, 7.10.2022, lch. 48).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(6)  Féach https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32000D0518&from=GA.


Top