Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1553

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1553 ón gComhairle an 25 Iúil 2023 lena n-údaraítear don Rómáin beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    ST/11330/2023/INIT

    IO L 188, 27.7.2023, p. 48–50 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1553/oj

    27.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 188/48


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1553 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Iúil 2023

    lena n-údaraítear don Rómáin beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe d’Airteagal 395(1) di,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 14 Eanáir 2022, d’iarr an Rómáin údarú le haghaidh beart speisialta de mhaolú ar Airteagail 178, 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE chun ríomhshonrascadh sainordaitheach a thabhairt isteach le haghaidh na n-idirbheart uile a dhéantar idir daoine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Rómáine (‘an beart speisialta’). Iarradh an beart speisialta ar feadh tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 31 Nollaig 2025.

    (2)

    I litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2022, chuir an Rómáin in iúl don Choimisiún nach raibh gá a thuilleadh leis an maolú ar Airteagal 178 de Threoir 2006/112/CE arna iarraidh. Ina theannta sin, d’iarr an Rómáin go ndeonófaí an t-údarú le haghaidh tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2026, in ionad na tréimhse a iarradh i dtosach.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara mhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Rómáin chuig na Ballstáit eile, i litreacha dar dáta an 8 Nollaig 2022. Le litir dar dáta an 9 Nollaig 2022, thug an Coimisiún fógra don Rómáin go raibh an fhaisnéis uile ba ghá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

    (4)

    Áitíonn an Rómáin go rachadhan ríomhshonrascadh sainordaitheach le haghaidh idirbhearta idir daoine inchánach atá bunaithe sa Rómáin, mar aon leis an oibleagáid na sonraí maidir leis na hidirbhearta sin a thuairisciú do na húdaráis chánach, chun tairbhe chun calaois agus imghabháil cánach breisluacha (CBL) a chomhrac. Chuirfeadh sé ar a gcumas do na húdaráis chánach fíorú tráthúil agus uathoibríoch a dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht idir an CBL a dearbhaíodh agus an CBL atá dlíte agus idir na sonraisc a eisíodh agus na sonraisc a fuarthas. Chuirfeadh an ríomhshonrascadh sin feabhas mór ar scileanna anailíse údaráis chánach na Rómáine. Ina theannta sin, uirlis chumhachtach a bheadh sa ríomhshonrascadh sainordaitheach chun rianú fíor-ama a dhéanamh ar shlabhraí chalaois CBL, rud a chuirfidh ar a gcumas do na húdaráis chánach gníomhú láithreach chun daoine inchánach atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí calaoiseacha sin a shainaithint agus a stopadh.

    (5)

    Measann an Rómáin go rachadh tabhairt isteach an bhirt speisialta chun tairbhe do dhaoine inchánach freisin trí dhigitiú na bpróiseas sonrascaithe agus tríd a n-ualach riaracháin a laghdú, agus an tráth céanna áiritheofar timpeallacht chothrom iomaíoch idir daoine inchánach. D’eascródh íocaíochtaí níos tapúla, coigilteas costas tarchuir, próiseáil thapa agus shaor sonraí sonraisc agus costais laghdaithe maidir le cartlannú do dhaoine inchánach as digitiú na bpróiseas sonrascaithe. Ina theannta sin, mar thoradh ar an mbeart speisialta a thabhairt isteach, bainfear an oibleagáid atá ann faoi láthair faisnéis faoi sholáthairtí baile a thuairisciú, rud lena laghdófar an t-ualach riaracháin ar dhaoine inchánach.

    (6)

    An 8 Nollaig 2022, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach. Molann an Coimisiún go leasófaí Airteagal 218 agus go scriosfaí Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go nglacfaí Treoir lena leasaítear na hAirteagail sin, Treoir lena gceadófaí do na Ballstáit ríomhshonrascadh sainordaitheach a chur chun feidhme, agus lena gcuirfí deireadh leis an ngá maoluithe breise ar Threoir 2006/112/CE a iarraidh. Dá bhrí sin, ón dáta a cheanglófaí ar na Ballstáit aon fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir lena leasaítear na hAirteagail sin a chur i bhfeidhm, ba cheart don Chinneadh seo scor d’fheidhm a bheith aige.

    (7)

    I bhfianaise raon feidhme leathan agus úrnuacht an bhirt speisialta, tá sé tábhachtach meastóireacht a dhéanamh ar a thionchar ar chalaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus ar dhaoine inchánach. Dá bhrí sin, i gcás ina measann an Rómáin gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta, ba cheart di tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an iarraidh ar shíneadh, lena n-áirítear measúnú ar an mbeart speisialta maidir lena éifeachtacht sa chomhrac in aghaidh chalaois agus imghabháil CBL agus ó thaobh bailiú cánach a shimpliú de.

    (8)

    Níor cheart difear a dhéanamh do cheart na gcustaiméirí sonraisc pháipéir a fháil de thoradh an bhirt speisialta i gcás idirbhearta laistigh den Chomhphobal.

    (9)

    Ba cheart an beart speisialta a bheith teoranta ó thaobh ama ionas gur féidir breithmheas a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sé iomchuí éifeachtach i bhfianaise a chuspóirí.

    (10)

    Tá an beart speisialta i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú ós rud é go bhfuil teorainn ama agus raon feidhme leis. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n-aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile.

    (11)

    Ní bheidh tionchar diúltach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais chríochnaithigh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    De mhaolú ar Airteagal 218 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear an Rómáin gan glacadh ach le sonraisc, arna n-eisiúint ag daoine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Rómáine, i bhfoirm doiciméad nó teachtaireachtaí i bhformáid leictreonach.

    Airteagal 2

    De mhaolú ar Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear an Rómáin foráil a dhéanamh nach mbeidh úsáid ríomhshonrasc arna n-eisiúint ag daoine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Rómáine faoi réir ghlacadh an fhaighteora atá bunaithe i gcríoch na Rómáine.

    Airteagal 3

    Tabharfaidh an Rómáin fógra don Choimisiún faoi na bearta náisiúnta lena gcuirfear an beart speisialta a leagtar síos in Airteagail 1 agus 2 chun feidhme.

    Airteagal 4

    1.   Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

    2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2024 go dtí an dáta is luaithe den dá dháta seo a leanas:

    (a)

    31 Nollaig 2026; nó

    (b)

    an dáta óna mbeidh ar na Ballstáit aon fhorálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm a cheanglaítear orthu a ghlacadh i gcás ina nglacfar treoir lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach, go háirithe Airteagail 218 agus 232 den Treoir sin.

    3.   Má mheasann an Rómáin gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta a legatar síos in Airteagail 1 agus 2, cuirfidh an Rómáin iarraidh ar shíneadh faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus chun bailiú cánach a shimpliú. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin freisin ar thionchar na mbeart sin ar dhaoine inchánach agus go háirithe cé acu a mhéadaíonn nó nach méadaíonn na bearta sin a n-ualach riaracháin agus a gcostais riaracháin.

    Airteagal 5

    Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    L. PLANAS PUCHADES


    (1)  IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.


    Top