Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1551

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1551 ón gComhairle an 25 Iúil 2023 lena n-údaraítear don Ghearmáin beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    ST/11315/2023/INIT

    IO L 188, 27.7.2023, p. 42–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1551/oj

    27.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 188/42


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1551 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Iúil 2023

    lena n-údaraítear don Ghearmáin beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe d’Airteagal 395(1) di,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 10 Samhain 2022, d’iarr an Ghearmáin údarú le haghaidh beart speisialta de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE chun ríomhshonrascadh sainordaitheach a thabhairt isteach i gcás na n-idirbheart ar fad a dhéantar idir daoine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Gearmáine (‘an beart speisialta’).

    (2)

    Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 8 Feabhra 2023, shonraigh an Ghearmáin gurb é an 1 Eanáir 2025 an dáta iarrtha le haghaidh theacht i bhfeidhm an bhirt speisialta.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Ghearmáin chuig na Ballstáit eile i litreacha dar dáta an 22 Feabhra 2023. Le litir dar dáta an 23 Feabhra 2023, thug an Coimisiún fógra don Ghearmáin go raibh an fhaisnéis uile ba ghá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

    (4)

    Tá sé beartaithe ag an nGearmáin an beart speisialta a chur i bhfeidhm mar chéad chéim i gcur chun feidhme córais tuairiscithe idirbheart-bhunaithe. Bhainfeadh sochar le córas tuairiscithe den sórt sin i ndáil le calaois agus imghabháil cánach breisluacha (CBL) a chomhrac. Leis an mbeart speisialta, chuirfí ar chumas na n-údarás cánach slabhraí chalaois CBL a shainaithint níos luaithe agus chuirfí ar a gcumas dóibh fíoruithe tráthúla agus uathoibríocha a dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht idir an CBL a dearbhaíodh agus an CBL atá dlite. Leis an gcóras tuairiscithe idirbheart-bhunaithe, bheifí in ann neamhréireacht den sórt sin a bhrath agus a sheiceáil go luath. Ina theannta sin, measann an Ghearmáin go gcuirfí deireadh leis an ngá atá le hiarraidh níos maorlathaí ar shonraisc ó na húdaráis chánach le rochtain thráthúil ar shonraí sonraisc, agus dá réir sin go gcuirfí dlús leis an gcomhrac in aghaidh chalaois CBL agus go n-éascófaí an comhrac sin.

    (5)

    Measann an Ghearmáin nach n-eascródh ualach an-ard ar dhaoine inchánach as an mbeart speisialta a thabhairt isteach ós rud é gur cleachtas coiteann é an ríomhshonrascadh cheana in go leor earnálacha den gheilleagar agus go bhfuil sé sainordaitheach i réimse an tsoláthair phoiblí. Ina theannta sin, rachadh an beart speisialta chun tairbhe do dhaoine inchánach trí phróisis a dhigitiú agus tríd an ualach riaracháin atá orthu a laghdú. Ar deireadh, d’eascródh coigilteas fadtéarmach as úsáid ríomhshonrasc mar go gcuirfí deireadh le sonraisc pháipéir, agus ar an gcaoi sin laghdódh na costais a bhaineann le sonraisc a eisiúint, a sheoladh, a phróiseáil agus a stóráil.

    (6)

    An 8 Nollaig 2022, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach. Molann an Coimisiún go leasófaí Airteagal 218 agus go scriosfaí Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go nglacfaí Treoir lena leasaítear na hAirteagail sin, Treoir lena gceadófaí do na Ballstáit ríomhshonrascadh sainordaitheach a chur chun feidhme, agus lena gcuirfí deireadh leis an ngá maoluithe breise ar Threoir 2006/112/CE a iarraidh. Dá bhrí sin, ón dáta a cheanglófaí ar na Ballstáit aon fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir lena leasaítear na hAirteagail sin a chur i bhfeidhm, ba cheart don Chinneadh seo scor d’fheidhm a bheith aige.

    (7)

    I bhfianaise raon feidhme leathan agus úrnuacht an bhirt speisialta, tá sé tábhachtach meastóireacht a dhéanamh ar a thionchar ar chalaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus ar dhaoine inchánach. Dá bhrí sin, i gcás ina measann an Ghearmáin gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta, ba cheart di tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an iarraidh ar shíneadh, lena n-áirítear measúnú ar an mbeart speisialta maidir lena éifeachtacht sa chomhrac in aghaidh chalaois agus imghabháil CBL agus ó thaobh bailiú cánach a shimpliú de.

    (8)

    Níor cheart difear a dhéanamh do cheart na gcustaiméirí sonraisc pháipéir a fháil de thoradh an bhirt speisialta i gcás idirbhearta laistigh den Chomhphobal.

    (9)

    Ba cheart an beart speisialta a bheith teoranta ó thaobh ama ionas gur féidir breithmheas a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sé iomchuí éifeachtach i bhfianaise a chuspóirí.

    (10)

    Tá an beart speisialta i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú ós rud é go bhfuil teorainn ama agus raon feidhme leis. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n-aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile.

    (11)

    Ní bheidh tionchar diúltach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais chríochnaithigh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    De mhaolú ar Airteagal 218 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear an Ghearmáin gan glacadh ach le sonraisc, arna n-eisiúint ag daoine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Gearmáine, i bhfoirm doiciméad nó teachtaireachtaí i bhformáid leictreonach.

    Airteagal 2

    De mhaolú ar Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear an Ghearmáin foráil a dhéanamh nach mbeidh úsáid ríomhshonrasc arna n-eisiúint ag daoine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Gearmáine faoi réir ghlacadh an fhaighteora atá bunaithe i gcríoch na Gearmáine.

    Airteagal 3

    Tabharfaidh an Ghearmáin fógra don Choimisiún faoi na bearta náisiúnta lena gcuirfear an beart speisialta a leagtar síos in Airteagail 1 agus 2 chun feidhme.

    Airteagal 4

    1.   Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

    2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2025 go dtí an dáta is luaithe den dá dháta seo a leanas:

    (a)

    An 31 Nollaig 2027; nó

    (b)

    an dáta óna mbeidh ar na Ballstáit aon fhorálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm a cheanglaítear orthu a ghlacadh i gcás ina nglacfar treoir lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach, go háirithe Airteagail 218 agus 232 den Treoir sin.

    3.   Má mheasann an Ghearmáin gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta a legatar síos in Airteagail 1 agus 2, cuirfidh an Ghearmáin iarraidh ar shíneadh faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon lena tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus chun bailiú cánach a shimpliú. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin freisin ar thionchar na mbeart sin ar dhaoine inchánach agus go háirithe cé acu a mhéadaíonn nó nach méadaíonn na bearta sin a n-ualach riaracháin agus a gcostais riaracháin.

    Airteagal 5

    Is chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    L. PLANAS PUCHADES


    (1)  IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.


    Top