This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1528
Council Decision (CFSP) 2023/1528 of 20 July 2023 amending Decision (CFSP) 2018/907 extending the mandate of the European Union Special Representative for the South Caucasus and the crisis in Georgia
Cinneadh (CBES) 2023/1528 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia
Cinneadh (CBES) 2023/1528 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia
ST/10700/2023/INIT
IO L 185, 24.7.2023, p. 32–33
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/08/2024
24.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 185/32 |
CINNEADH (CBES) 2023/1528 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Iúil 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Iúil 2003, d’aontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta Aontais Eorpaigh (ISAE) a cheapadh do Chugas Theas. |
(2) |
An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/2071 (1) lena gceaptar Toivo KLAAR mar ISAE do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia. Cuireadh síneadh as a chéile le sainordú ISAE, an ceann is déanaí le Cinneadh (CBES) 2022/1237 ón gComhairle (2), agus tá sé le dul in éag an 31 Lúnasa 2023. |
(3) |
Ba cheart síneadh 12 mhí breise a chur le sainordú ISAE, agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 31 Lúnasa 2024. |
(4) |
Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh Cuirtear síneadh le sainordú Toivo KLAAR mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia (Cugas Theas) go dtí an 31 Lúnasa 2024. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí).’ |
(2) |
cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 5(1): ‘Is é EUR 2 763 000an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 31 Lúnasa 2024 a chumhdach.’; |
(3) |
in Airteagal 14, an chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: ‘Cuirfidh ISAE tuarascálacha rialta ar an dul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin agus cuirfidh sé tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoina mbráid faoin 31 Bealtaine 2024.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá tar éis lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2017/2071 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 lenar gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia (IO L 295, 14.11.2017, lch. 55).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/1237 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia (IO L 190, 19.7.2022, lch. 125).