EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1518

Cinneadh (CBES) 2023/1518 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó

ST/8583/2023/REV/2

IO L 184, 21.7.2023, p. 41–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1518/oj

21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/41


CINNEADH (CBES) 2023/1518 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá an tSaoráid Eorpach Síochána le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú ar nós gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí tríú stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta maidir le cúrsaí míleata agus cosanta a neartú.

(2)

Léirítear leis an ngéarchéim atá i gcúigí oirthearacha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó go leanfar de bheith ag íoc an chostais thragóidigh dhaonna mura mbainfear síocháin bhuan chuimsitheach amach. Tá ceann de na géarchéimeanna daonnúla is measa agus is faide ar domhan ann mar thoradh ar éagobhsaíocht leanúnach, agus tá an baol ann go mbeadh an réigiún mar dhaingean ag an sceimhlitheoireacht agus ag líonraí coiriúla trasnáisiúnta.

(3)

Is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é an tsíocháin, an tslándáil, agus an chobhsaíocht agus an urraim do chearta an duine a áirithiú go fadtéarmach i gcúigí oirthearacha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus sa réigiún go forleathan, i gcomhréir le cur chuige comhtháite. Is eol don Aontas a thábhachtaí atá na holltoghcháin arna ngairm do mhí na Nollag 2023.

(4)

An 13 Feabhra 2023, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) iarraidh ar an Aontas ó Phoblacht Dhaonlathach an Chongó cuidiú le Fórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó príomhthrealamh a fháil agus bonneagar bunúsach a thógáil faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(5)

Cuirfear bearta cúnaimh chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(6)

Beidh an cur chun feidhme faoi réir freisin ag an measúnú leathbhliantúla ar fhorbairtí polaitiúla i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, i gcomhréir leis an gcreat modheolaíochta comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi Shaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

(7)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a shuíomh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (‘an tairbhí’) agus atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (‘an beart cúnaimh’).

2.   Is é is cuspóir don bheart cúnaimh cumais agus athléimneacht Fhórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó a neartú chun go mbeidh ar a gcumas iomláine chríochach agus ceannasacht Phoblacht Dhaonlathach an Chongó a chosaint ar bhealach níos fearr agus chun gur fearr a chosnófar an pobal sibhialta i gcoinne, go háirithe, grúpaí armtha i gcúigí oirthearacha na tíre.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar na comhpháirteanna seo a leanas leis an mbeart cúnaimh:

(a)

trealamh aonair, nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a thabhairt, do shaighdiúirí;

(b)

trealamh comhchoiteann, nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a thabhairt, ar leibhéal na briogáide, an chathláin agus na cuideachta;

(c)

bonneagar ar leibhéal cheanncheathrú na briogáide.

4.   Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 48 mí ón dáta a thabharfar an conradh i gcrích, arna shíniú ag an riarthóir um bearta cúnaimh, ag gníomhú mar oifigeach údarúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509. Ní thosóidh cur chun feidhme an chonartha roimh an 1 Márta 2024.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 20 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbaintear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéantar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme, ag teacht leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is Aireacht Cosanta Ríocht na Beilge a chuirfidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) chun feidhme.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar an tairbhí agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 á gcomhlíonadh aige. Leis an bhfaireachán sin, déanfar feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na haonaid Fhórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta na Saoráide Eorpaí Síochána a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú a dhéanamh, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh arna sholáthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na n-earraí ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh;

(c)

cigireachtaí ar an láthair, trína dtabharfaidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh nuair a bheidh an beart cúnaimh déanta chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a luaitear in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta don Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a chur ar fáil faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear rialacha comhchoiteanna chun onnmhairí de theicneolaíocht agus de threalamh míleata a rialú (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


Top