Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1350

    Cinneadh (CBES) 2023/1350 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 28 Meitheamh 2023 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (EU BAM Rafah/1/2023)

    ST/10536/2023/INIT

    IO L 168, 3.7.2023, p. 43–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/10/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1350/oj

    3.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 168/43


    CINNEADH (CBES) 2023/1350 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

    an 28 Meitheamh 2023

    lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (EU BAM Rafah/1/2023)

    TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

    Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES ón gComhairle an 25 Samhain 2005 maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (1), agus go háirithe Airteagal 10(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 10(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh d’fhonn rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh.

    (2)

    An 13 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2020/1548 (2), lena gceaptar Mihai-Florin BULGARIU mar Cheann Misin EU BAM Rafah ón 1 Samhain 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.

    (3)

    An 28 Meitheamh 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/1045 (3), lena gcuirtear síneadh le sainordú Mihai-Florin BULGARIU mar Cheann Misin EU BAM Rafah ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

    (4)

    An 26 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CFSP) 2023/1303 (4), lena gcuirtear síneadh le sainordú EU BAM Rafah ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.

    (5)

    Mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála síneadh a chur le sainordú Mihai-Florin BULGARIU mar Cheann Mhisean EU BAM Rafah ón 1 Iúil 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Mihai-Florin BULGARIU mar Cheann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) ón 1 Iúil 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2023.

    Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

    D. PRONK

    An Cathaoirleach


    (1)  IO L 327, 14.12.2005, lch. 28.

    (2)  Cinneadh (CBES) 2020/1548 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le ceapadh Ceann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (EU BAM Rafah/2/2020) (IO L 354, 26.10.2020, lch. 5).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2022/1045 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 28 Meitheamh 2022 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (EU BAM Rafah/1/2022) (IO L 173, 30.6.2022, lch. 75).

    (4)  Cinneadh (CBES) 2023/1303 an 26 Meitheamh 2023 ón gComhairle lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L 161, 27.6.2023, lch. 64).


    Top